Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
caitear casadh ar an mBéarla one must resort to English
" Is féidir gach gnó a dhéanamh san oileán trí mheán na Gaolainne, ach caitear casadh ar an mBéarla chun aon ghnó a dhéanamh lasmuigh den oileán nó leis an rialtas.
caithfear an t-ús ar bhisiú na hearnála the interest will be spent on improving the sector
" Tá an tsuim sin ann mar chiste caipitil agus ó tharla gur Iontaobhas muid caithfear an t-ús ar bhisiú na hearnála.
caithfear an t-ús ar bhisiú na hearnála the interest will be spent on improving the sector
" Tá an tsuim sin ann mar chiste caipitil agus ó tharla gur Iontaobhas muid caithfear an t-ús ar bhisiú na hearnála.
caithfear freastal ar riachtanais an phobail seo the needs of this community must be catered for
" Níl aon dabht ach go bhfuil pobal na Gaeilge ag neartú de réir a chéile ach caithfear freastal ar riachtanais an phobail seo.
caithfidh sé a bheith ar ár gcumas ár n-aidhmeanna a leathnú fosta we have to be able to broaden our aims as well
" Má fhásann an tionscadal, caithfidh sé a bheith ar ár gcumas ár n-aidhmeanna a leathnú fosta.
caithfear gach cóip de EasyReader a chlárú ar an idirlíon each copy of EasyReader must be registered on the Internet
" Chun stop a chur le cóipeanna mídhleathacha, caithfear gach cóip de EasyReader a chlárú ar an idirlíon laistigh de thrí seachtaine nó stopfaidh sé de bheith ag feidhmiú.
ar caitheadh go héagórach leo who were unjustly treated
" Ní fios, fiú anois, cé mhéad a chaithfidh an Stát a aisíoc le teaghlaigh na ndaoine seo ar caitheadh go héagórach leo.
sa gcaoi ar caitheadh le dúchasaigh na tíre in the way the aboriginals of the country were treated
" Ar ndóigh, tá sé le feiceáil le fada sa gcaoi ar caitheadh le dúchasaigh na tíre ar chuile bhealach agus níl deireadh tagtha leis sin go fóill.
Tá tú mar a bheadh fear ann a bhfuil a sheal ar shéala a bheith caite. You look like someone who's about to kick the bucket.
" Tá tú mar a bheadh fear ann a bhfuil a sheal ar shéala a bheith caite.
an bealach ar caitheadh le hiománaithe Thír Eoghain agus an Chabháin how the hurlers of Tyrone and Cavan were treated
" Cáineann an GPA an bealach ar caitheadh le hiománaithe Thír Eoghain agus an Chabháin.
ar chora crua na haimsire atá caite of the hard turns of times gone by
" I bhfianaise an dearcaidh seo tá seans go mbeadh Polannaigh gach pioc chomh híogair maidir lena stair fiú muna mbeadh beo fós daoine a bhfuil taithí phearsanta acu ar chora crua na haimsire atá caite.
faoin gcaoi ar caitheadh le pobail dhúchasacha na tíre about how the native communities of the country were treated
" Bhí tuairim éigin agam faoi chultúr agus stair na mBundúchasach sula ndeachaigh mé go dtí an Astráil, agus fós féin chuir an méid a fuair mé amach faoin gcaoi ar caitheadh le pobail dhúchasacha na tíre déistin agus uafás orm.
fán dóigh ar caitheadh leis mar dhuine about the way he was treated as a person
" Tá sé binbeach fán dóigh ar caitheadh leis mar dhuine agus fán treo ina bhfuil Sinn Féin ag dul.
a chaitear ar spórt that is spent of sport
" Formhór an airgid a chaitear ar spórt sa tír seo caitear é ar áiseanna, agus faigheann cumainn spóirt an t-airgead (deontais agus araile) chun foirgnimh a thógáil.
ar theicneolaíocht na haoise seo caite. on the technology of the last century.
" Cé go maítear go minic go bhfuil an tír seo ceannródaíoch maidir le gach gné d'fhorbairt na teicneolaíochta nua-aimseartha, is cosúil go bhfuil na gardaí ag brath fós ar theicneolaíocht na haoise seo caite.
Caitear an dúrud airgid ar chaidreamh pobail, a lot of money is spent on community relations,
" Caitear an dúrud airgid ar chaidreamh pobail, rud nach mbeadh (agus nach mbeidh?) de dhíth dá mbeadh an dá phobal sásta comhoibriú lena chéile.
a caitheadh ar son Pháirtí an Lucht Oibre which were cast on behalf of the Labor Party
" 6 faoin gcéad faoi líon na vótaí a caitheadh ar son Pháirtí an Lucht Oibre ón olltoghchán deireanach – an méadú is mó idir olltoghchán amháin agus ceann eile le 32 bliain anuas.
caithfear freastal ar lot ar bith atá ag cur fola. any wound which is bleeding must be attended to
" Ó thaobh na garchabhrach de, agus an “ABC” déanta, caithfear freastal ar lot ar bith atá ag cur fola.
a chaithfear a fhágáil ar leataobh that have to be left aside
" Dúirt an Cigire Sinsearach Pleanála Kevin Moore go bhfuil fasaigh shoiléire leagtha síos ag an Bhord i gcásanna faoin chéatadán tithe a chaithfear a fhágáil ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.
an chaoi ar chaith na póilíní leo the way the police treated them
" Mar threibh uaibhreach mhaorga, goilleann sé ar na *Tūhoe* an chaoi ar chaith na póilíní leo.
mar thoradh ar an tréimhse a chaith sé as a result of the period he spent
" Labhróidh sé faoin tionchar a fágadh ar a chuid smaointe mar thoradh ar an tréimhse a chaith sé i mbun staidéir in Ollscoil Londan.
an dóigh ar caitheadh le daoine éagsúla the way in which various people were treated
" Cé gur éirigh leis na Sínigh cuid mhór a dhéanamh le linn na gCluichí lena n-íomhá a chur chun cinn ar ardán idirnáisiúnta, rinne siad an-dochar dá gcáil féin chomh maith mar gheall ar an dóigh ar caitheadh le daoine éagsúla ar theastaigh uathu agóid shiocánta a dhéanamh i gcoinne polasaithe áirithe de chuid na tíre.
a chaithfidh an rialtas a chur ar leataobh the government must set aside
" Mar bharr ar an donas, dá bhoichte an tír is ea is mó talaimh a chaithfidh an rialtas a chur ar leataobh don fhiadhúlra chun iasachtaí nó cúnamh airgid a fháil ón mBanc Domhanda agus ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.
Caitheadh amhras ar fhíoraidhm na hoibríochta the real aim of the operation came under suspicion
" Caitheadh amhras ar fhíoraidhm na hoibríochta, áfach, nuair a tháinig sé chun solais gur baill den ANC a bhí i go leor de na póitseálaithe a maraíodh.
cuma chaite thuirseach ar a tired spent appearance
" "Bhí cuma chaite thuirseach ar Mikey, ceart go leor.
Caitheadh amhras ar was doubted
" Caitheadh amhras ar iontaofacht an phictiúir roimhe seo, 34 bliain ó shin nuair a mheabhraigh Philip Kingsley ina leabhar, The First Casualty, gur chuidigh saighdiúirí poblachtacha leis an pictiúr a chruthú nuair a bhí siad i bhfad ar shiúl ón chath.
ar caitheadh go dona leis was he badly treated
" SMM: Meas tú ar caitheadh go dona leis? DÓS: Caitheadh go han-dona leis, is dóigh liom.
Caitear na clocha gearáin ar fad it's all heaped on
" Caitear na clocha gearáin ar fad le Ó Cuív faoin gconspóid sin, ach céard faoi na daoine a vótáil don Acht gan a thionchar a thuiscint? Pléadh an Bille sa Dáil agus sa Seanad.
chaith mé súil ar I looked at
" Le meastúchán a dhéanamh ar chomhdhéanamh na chéad Dála eile, chaith mé súil ar na 43 Dáilcheantair.
caith súil ar watch
" Tabhair cuairt ar bhlag Chois Life agus caith súil ar an fhíseán ann (sa nasc anseo thíos) chun freagra na ceiste seo a aimsiú: Céard “a bhí in intinn” an údair, Liam Ó Muirthile, “seachas who dunnit” san úrscéal ‘Sceon na Mara’? ======================================== Nasc anseo: (Blag Cois Life)(http://blagcoislife.
caith súil ar take a look at
" com/> Is é an Duine an t-Léine ============= Is ag caint ar éadaí, má bhíonn tú ag smaoineamh orthu mar bhronntanas caith súil ar ayearoftees.
chaith sé a dhúthracht ar he devoted himself
" Chuaigh sé go Meiriceá i ndiaidh na Gaillimhe, fuair sé deis a bheith ag éisteacht le muintir Chonamara agus le bunadh Árann agus in áit Gaeilge na Leabhar, chaith sé a dhúthracht ar Ghaeilge bheo bheathach na ndaoine a chleachtadh.
Caith súil go háirithe ar take a look particularly at
" Caith súil go háirithe ar <http://www.
má chaitheann tú súil ghéar ar if you look sharply at
" Bíonn mo chuid Gaeilge ceart go leor is mé ag caint ach má chaitheann tú súil ghéar ar an chomhréir - an structúr - tá sé go holc! Arís, tá na deacrachtaí sin agam de bharr nach raibh mé tumtha sa teanga.
aimsir chaite a cur ar leataobh to put the past aside
" 
Agus fáilte chroíúil á cur roimh Eilís II (tuilleadh faoi san am atá le theacht), is cosúil go bhfuil stát na 26 Chontae sásta an aimsir chaite a cur ar leataobh, agus ainneoin drochamhras a bheith ar náisiúnaithe ó thuaidh, aithníonn siad nach bhfuil buntáiste ar bith i bheith ag síoramharc ar chúl.
ar caitheadh le bundúchasaigh aboriginals were treated
" Tugtar le fios freisin go ndéanann na húdair seo ionannú idir cruachás an chultúir Ghaelaigh agus an chaoi ar caitheadh le bundúchasaigh na hAstráile go stairiúil.
caitheadh ar an fhoirgeamh spent on the building
" Tá an éiginnteacht seo bunaithe ar an mhéid airgid a caitheadh ar an fhoirgeamh go dtí seo roinnte faoin líon cuairteoirí a bheidh ag teacht, agus meastar go mbeidh sé níos costasaí le dul ar cuairt ann ná le dul chuig áiteanna eile ar nós Disneyland i bPáras, an London Eye nó an Guggenheim i mBilbao.
mar ar chaith mé blianta m’óige where I spent my youth
" Tá mé ag cur fúm sa Rinn le hocht mbliain anois, mar ar chaith mé blianta m’óige agus is breá le Joe, mo mhac, an Rinn.
ar caitheadh léi she was treated
" Níl an tAontas Eorpach (AE) sona sásta leis an mbealach ar caitheadh léi, ná baol air, agus bhíothas ag bagairt go ndéanfadh 27 coimisinéir an AE baghcat ar an gcomórtas dá dheasca.
caitheadh chun ollchóiriú a dhéanamh ar spent to repair
" Is é a mhalairt de scéal atá ag titim amach, faraor, de bharr chás Tymoshenko, d'ainneoin na mílte milliún a caitheadh chun ollchóiriú a dhéanamh ar bhóithre, aerfoirt agus ar staideanna sacair na tíre.
beag beann ar an aimsir chaite despite the past times
" Cuid de na daoine a d'fhulaing, níl siad sasta maithiúnas a thabhairt cionn is nach bhfuil (an focal doiléir sin) ‘clabhsúr’ acu agus daoine eile ann atá ar theann a ndíchill dul chun cinn a dhéanamh, beag beann ar an aimsir chaite.
Na Milliúin Caite ar Beagán Tairbhe millions spent for little benefit
" Na Milliúin Caite ar Beagán Tairbhe ================ Gheall Gillard go dtabharfadh an Astráil $100 milliún do rialtas na hAfganastáine in aghaidh na bliana go ceann trí bliana, agus $250 milliún gach bliain as sin amach, de réir foráil amháin den chomhaontú thuasluaite.
ar uairibh san am a caitheadh in times past
" Thuigeamar leis go bhféadfadh an córas moltóireachta a bheith lochtach faoi mar a bhí ar uairibh san am a caitheadh.
Caitheadh dímheas go leor ar mhodh peile Dhún na nGall Donegals style of football was slated
" Caitheadh dímheas go leor ar mhodh peile Dhún na nGall faoi stiúir Mhic Géibheannaigh, modh a leag béim ar chosaint seachas ar an ionsaí, ar fhreasúra a chosc in ionad scór a aimsiú go minic.
ar caitheadh mé isteach ann riamh which I was ever ‘thrown into’
" Tháinig an bainisteoir bocht brúite amach agus d’impigh sé orainn dul isteach agus a bheith ag ól sa bheár – an chéad bheár ar caitheadh mé isteach ann riamh.
an dóigh ar caitheadh go dona le muintir dhúchais na tíre how the native people were treated
" Bhí ciníochas follasach le sonrú san Astráil um an dtaca sin, cuir i gcás an dúnghaois inimirce, an White Australia Policy, agus an dóigh ar caitheadh go dona le muintir dhúchais na tíre i réimsí áirithe sa saol abhus.
nach ndearna paidir chapaill den dóigh ar caitheadh leis who didn’t ‘go on about’ how he was treated
" Ba dhuine umhal ciúin é Norman nach ndearna paidir chapaill den dóigh ar caitheadh leis tar éis na gcluichí i Meicsiceo.
caitheadh ar was spent on
" 75% den ioncam ón gceadúnas, a caitheadh ar an nGaeilge i 2008.
caite ar thaighde spent on research
" Ón mbliain 2002 i leith, bhí na milliúin euro caite ar thaighde, ar shaineolaithe agus ar thuarascálacha, a cuireadh os comhair Roinn na Gaeltachta.
Caithfear aird a thabhairt ar note must be taken of
"Caithfear aird a thabhairt ar chaint duine ar nós Mhic Sheáin a thuigeann ar tharla agus atá in ann a bheith fadbhreathnaitheach.
caithfidh an áit freastal ar the place has to serve
" Tógadh an otharlann áitiúil do dhaonra cúig mhíle duine, sna 1980í, ach caithfidh an áit freastal ar chéad míle duine sa lá inniu.
de mo shaol caite ar fhód of my life spent in the land
" An Tír Aduain ===== Le scór bliain anuas agus tuilleadh, chuir mé roinnt aithne ar Ghearmáinigh go leor, na scoláirí Ceilteacha, cuir i gcás, agus tá trí bliana de mo shaol caite ar fhód na Gearmáine agam.
caite ar bhealach sách seafóideach spent in a fairly foolish way
" Ar an meán má chaitheann gach ceann acu €2,000 (meastúchán íseal, déarfainn) gach bliain ag aistriú na dtuarascálacha, na gcuntas airgeadais agus na doiciméidí ina ‘leagtar amach tograí beartais phoiblí’ mar a thugtar orthu san Acht, is ionann san agus €1,200,000 in aghaidh na bliana d’airgead stáit caite ar bhealach sách seafóideach ag cur cáipéisíocht ar fáil i nGaeilge nach léitear.
gcaithfear na forais atá ar an oileán seo the institutions on this island have to be
" Cuid de na dreamanna a luaigh tú, tá cuid mhaith de na bunphrionsabail ag na daoine sin, ach feictear dúinn go gcaithfear na forais atá ar an oileán seo a úsáid leis an bhfeachtas sin a chur chun cinn.
a chaitheann anuas ar bhotúin who comments disparagingly on the mistakes
" Ach ag an ndeireadh thiar thall, is féidir linn an ceol glórach sotalach de chuid New Orleans a aithint mar phearsantacht eile ann féin sa chlár, pearsantacht ar leith a labhraíonn linn leis an muinín chéanna a chloistear ón ollamh radacach feargach a chaitheann anuas ar bhotúin President Bush gach oíche ar *Youtube* (John Goodman) agus a labhraíonn ón gcócaire oilte a dhéanann iarracht éalú óna chathair thnáite (Kim Dickens ó *Deadwood*).
ag caint ar oíche a chaith sé le daoine a bhí gan dídean talking about a night he spent with homeless people
" Mhothaigh mé riamh gur aontachtach caolaigeanta den tseandéanamh a bhí ann agus níl amhras ar bith ann go seasfaidh sé an fód ar son an Aontais ach ag tús na bliana seo, chuala mé an tUasal Copeland ag caint ar oíche a chaith sé le daoine a bhí gan dídean.
a chaitear ar which is spent on
" Léirigh taighde de chuid an TUC go síleann an pobal go bhfuil calaois i gceist le 27% den airgead a chaitear ar leasa shóisialaigh.
nár chaith anuas ar a luaíocht didn’t disparage its worth
" Níorbh ann do ghlúin ar bith le ceithre chéad bliain anuas nár cháin daoine fiúntas na Gaeilge agus nár chaith anuas ar a luaíocht.
Seachtain a chaith muid ar an láthair we spent a week there
" Seachtain a chaith muid ar an láthair, ag cleachtadh agus ag reacaireacht.
Caith do shúil ar take a look at
" (Caith do shúil ar Alan Greenspan sna naisc ar dheis: ní shéanfaidh páipéar dúch) Más san AE atá tú á léamh seo, thug tú faoi deara an nóta úr €5 ar na mallaibh.
cur síos ar an seal a chaith sé i ngéibheann a description of the time he spent in jail
" D (atá le feiceáil i Chiesa di Sant Antonin) cur síos ar an seal a chaith sé i ngéibheann sa tSín i 2011.
deargmhasla agus drochmheas caite uair amháin eile ar grave insult and contempt caste once more at
" Bhí na míreanna ag teacht aníos ar an Smutleabhar: deargmhasla agus drochmheas caite uair amháin eile ar dhream na Gaeilge ag an journal.
mar ar chaith an t-údar where the author spent
" Foilsíodh na haltanna don chéad uair ar an iris idirlín Beo! mar ar chaith an t-údar cúig bliana ina cholúnaí i gcúinne na healaíne.
caithfear aird a thabhairt ar attention must be paid
" “Sin gné amháin den Ghaeilge í féin, tá go leor iarrachtaí á ndéanamh taobh amuigh den Ghaeltacht ach caithfear aird a thabhairt ar an nGaeltacht anois.
caitheadh ar were cast on
" Bhí na buamaí seo 260 oiread ní ba láidre ná iad siúd a caitheadh ar Hiroshima sa bhliain 1945.
caithfidh muid aghaidh a thabhairt ar we must face up to
" Má tá muid dáiríre faoin cheart, caithfidh muid aghaidh a thabhairt ar an chlaonpháirteachas.
ar mo ríomhaire agus caithim súil ar on my computer and I look at
" Éistim leis an gclár ‘An Saol ó Dheas’ ar Raidió na Gaeltachta ar mo ríomhaire agus caithim súil ar www.
caitheadh ar shiúl cuid mhór acu many of them were thrown out
" I ndiaidh an Reifirméisin sa 16ú haois d’éirigh daoine éiginnte faoi fhíordheimhneacht na dtaisí agus caitheadh ar shiúl cuid mhór acu.
an dream is mó ar ar caitheadh airgead those on whom more money was spent
" Ár gcuid eisimircigh, an dream is mó ar ar caitheadh airgead á n-oiliúint, ní hiad is mó a chuaigh ar deoraíocht.
caite ar an ollscoil spent at university
" Cúig bliana caite ar an ollscoil agus an ghéarchéim gheilleagrach ag dul in olcas lá i ndiaidh lae.
caite ar thuarastal daoine spent on peoples’ wages
" “Tá 18, 19 billiún euro caite ar thuarastal daoine a bhíonn ag múineadh na Gaeilge chuile bhliain.
Chaith mé an drogall ar leataobh I dispensed with reluctance
" Chaith mé an drogall ar leataobh, cheannaíos éadaí agus bróga reatha maithe, chuas ar aiste bia, agus chloígh mé le cleachtadh rialta do mharatón.
caithfidh go mbaineann sé ar bhealach éicint must pertain in some way
" An íomhá iomrallach seo ar fad, caithfidh go mbaineann sé ar bhealach éicint leis an teoiric a luaigh an tUachtarán agus gur thagair an Coimisinéir Teanga dó: nach dtig leis an Ghaeilg a bheith marbh go leor do roinnt daoine.
a chaitheann fíorsholas ar which casts real light on
" Greanndráma a chaitheann fíorsholas ar indreach casta aigneolaíoch an duine, scannán den scoth.
caite i gcarn ar a chéile thrown in a heap
" Ní feas dúinn, áfach, líon na mílte eile atá caite i gcarn ar a chéile i bhfoisceacht maithe na leac.
gcaithfidh sé díriú ar he has to concentrate
" Deir gach bainisteoir chomh maith go gcaithfidh sé díriú ar fhoireann amháin nó b’fhéidir ar dhá cheann ach níl aon duine acu tar éis a rá leis éirí as an bhfoireann a bhfuil sé féin mar bhainisteoir uirthi.
ar chaith sé a shaol where he spent his life
" Oíche i ndeireadh Márta seo caite, thug mé léacht in onóir dó seacht míle ón áit ar chaith sé a shaol.
an dóigh ar caitheadh le daoine tinne how sick people were treated
" Bhí scéal na n-ionad um chúram príomhúil, agus, le tamall anuas, an dóigh ar caitheadh le daoine tinne a raibh cárta leighis acu.
caite ar leataobh caste aside
" I dtír ar bith forbartha, bheadh siad caite ar leataobh chuig imeall na mire.
chaith siad seal ar they spent a while
" Mhínigh sé dúinn gur chaith siad seal ar Eilean Íle le chéile i 2000 nuair a nochtadh leacht cuimhneacháin do na hÉireannaigh a cailleadh ansin nuair a briseadh *The Exmouth of Newcastle* 28/4/1848.
Caithfear iad a mhealladh ar ais they must be encouraged back
" Caithfear iad a mhealladh ar ais, tré a bheith le feiceáil go bhfuil an Lucht Oibre ag labhairt ar son an ‘*crushed bottom*’ seachas an ‘*squeezed middle*’.
chaith sé ar he spent on (the bench of)
" Agus é ag iomrascáil le pionós an bháis i Meiriceá, admhaíonn sé go ndearna sé botún tubaisteach i rith an chéid téarma a chaith sé ar an gCúirt Uachtarach i 1976 nuair a thug sé cead dosna caoga stát an éiric sin a ghearradh ar dhúnmharfóirí speisialta dá mba rud é gur chuir na stáit rialacha speisialta i bhfeidhm chun ciontuithe éagóracha a sheachaint.
gcaithfidh siad aird a thabhairt ar an phobal they have to pay attention to the people
" Ní raibh an Vatacáin ag éisteacht le cosmhuintir na heaglaise agus tá Ciarán Mac Aonghusa den bharúil go gcaithfidh siad aird a thabhairt ar an phobal.
San alt seo caitheann sé súil siar ar he looks back in this article
" San alt seo caitheann sé súil siar ar na hathruithe a tharla sa cheantar Ghaeltachta is mó agus is láidre sa tír agus ceistíonn sé an fiú a bheith ag iarraidh an Ghaeilge a tharrtháil, mar a labhartar anois í sa Ghaeltacht.
chaithfear a chur ar shúile do have to be made known to
" Tá líomhaintí déanta ag Ciarán Mac Aonghusa san alt seo a chaithfear a chur ar shúile do chaon duine den eite chlé ar spéis leis aon dul chun cinn a fheiceáil á dhéanamh ag a leagan amach san am atá le theacht.
a chaithfear a fháil ar ais nó ar éigean which one must acquire one way or the other
" Tá comhairle mhaith ag Roseanne Smith don té a bhfuil a (h)aghaidh ar an ollscolaíocht i mbliana, comhairle faoi áis nó dhó a chaithfear a fháil ar ais nó ar éigean.