Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go gcaithfear riachtanais shóisialta i dtraipisí that social needs will be cast aside
" Tá sé ráite ag ceardchumainn éagsúla go gcaithfear riachtanais shóisialta i dtraipisí má tharlaíonn sin.
Tig an cruatán i ndiaidh an chaite waste makes want
" ” “Tá a fhios agam, ní fhéadann tú a rá, ‘Tig an cruatán i ndiaidh an chaite’,” arsa Dara.
i gcaogaidí an chéid seo caite in the Fifties of the last century
" Imircigh a d’fhág Éire i gcaogaidí an chéid seo caite ab ea tuismitheoirí Joyce, Marr (Maher) agus Morrissey; glúin rompu siúd a thug athair Rourke an bád bán air féin.
ní chaithfear puinn níos fear leosan má ghabhtar iad i gcath they won't be treated any better if they're caught in battle
" A réasúnaíocht: má chuireann arm Mheiriceá Coinbhinsiún na Ginéive ar leataobh agus iad ag déileáil lena gcéilí comhraic, ní chaithfear puinn níos fear leosan má ghabhtar iad i gcath.
caithfidh mé dul i dtaithí air sin. I have to get used to that.
" Tá saol nua agam anois agus caithfidh mé dul i dtaithí air sin.
caithfimid dul i bpáirt le tíortha eile. we must do it in conjuntion with other countries
" Tá costais mhóra ag baint le satailít a chur sa spás agus, mar sin, caithfimid dul i bpáirt le tíortha eile.
a chaith seal i Nepal. who spent time in Nepal
" Roinnt de na daoine a buaileadh leis an ghalar seo, rinne siad dearmad go raibh aithne riamh acu ar dhuine ar bith a chaith seal i Nepal.
caitheadh an coincheap sin i dtraipisí we jettisoned that concept
" Ach caitheadh an coincheap sin i dtraipisí ar chúiseanna éagsúla agus shocraigh mé go luífinn isteach ar an tsraith faoin nGaeilge.
nár chaith RTÉ i gceart léi ag an am, that RTÉ didn't treat her properly at the time,
" Nuair a bhuail mé léi i mbruachbhaile na Carraige Duibhe i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath le gairid d’fhiafraigh mé di ar cheap sí nár chaith RTÉ i gceart léi ag an am, gur bhrúigh siad chun cinn barraíocht í.
caite i dtraipisí? cast aside?
" ” Agus céard ba chúis leis na pleananna sin a bheith caite i dtraipisí? “Ní raibh Foras na Gaeilge sásta maoiniú sa bhreis a chur ar fáil dúinn.
caitheadh an plean i dtraipisí the plan was consigned to the scrap heap
" Sa deireadh, caitheadh an plean i dtraipisí ar chúiseanna éagsúla, an feachtas ina choinne a bhí ar bun ag Roche agus daoine eile ina measc.
i ndiaidh phraiseach na seachtaine seo caite after the mess of last week
" Is léir go bhfuil inchreidteacht á cailleadh ag páirtí Gerry Adams, go háirithe i ndiaidh phraiseach na seachtaine seo caite.
caitheadh i dtír thrown ashore
" Tréigeadh cuid nach beag acu ar cibé oileán a dtéadh na longa i dtír ann, agus caitheadh go dona leo arís ag muintir dúchais cibé oileáin in ar caitheadh i dtír iad.
caite i dtraipisí scrapped
" A cháil titithe go mór ar na mallaibh, áfach, de dheasca na tubaiste a bhain le príosún Halla Uí Dhroighneáin a bheith caite i dtraipisí agus faoina chuid claonadh i dtreo na heite deise agus coir an Diamhaslú á dhleathú aige.
caitheadh i dtraipéisí was thrown out
" Ba shin an chéad mholadh i leith na teanga mar sin a caitheadh i dtraipéisí.
caite anois i dtraipisí flung on the dunghill
" Níor Chaill a Intinn Dearmaid ar Fad Is cúis mhór bhuartha é do Bhalor go bhfuil Teachta Dála chomh léannta sin, chomh cliste sin, chomh huasal sin, chomh híseal sin, agus chomh humhal sin, caite anois i dtraipisí cionn is gur chaith sé anuas ar a chéile iomaíochta i mbealach a bhí chomh dearmadach sin.
i ndiaidh dom a bheith caite amach after I had been thrown out
" Tusa a sheas liom i ndiaidh dom a bheith caite amach sa dorchadas; tusa a chreid ionam nuair a bhí lucht an lagmhisnigh ag bagairt orm; tusa a choinnigh an lóchrann lasta nuair a bhí dúluachair gheimhreadh shaol na polaitíochta ag reo mo chroí istigh i lár mo chléibh; tusa a thug Enda Álainn Aoibhiúil orm nuair a bhí iriseoirí eile ag magadh fúm agus ag scríobh fúm go scigiúil agus ag spochadh.
caithfear dul i gcomhrac go glic leo they’ll have to be tackled cleverly
" Fillfidh na míoltóga ar an gcathair seo, ar ndóigh, agus caithfear dul i gcomhrac go glic leo an athuair; ach fillfidh lucht na peile, leis, agus pé ar bith faoi chathanna caide a fhearadh orthu siúd amach anseo, cuirfear fáilte mhór rompu chomh maith leis!
caitheadh i bhfad an iomarca ama too much time was spent
" Chiallaigh an méid sin gur caitheadh i bhfad an iomarca ama le ceithre bliana anuas ag fí driseacha cosáin i dtithe rialtais Mheiriceá nuair ba cheart a bheith ag tabhairt faoin ghéarchéim gheilleagair.
caithfidh tú a bheith beo i rith an ama you have to live as well
" Ní ghlanfadh an t-airgead a thógann tú ó Fundit na costais uilig a bhaineann leis agus caithfidh tú a bheith beo i rith an ama.
i ndiaidh a bheith caite amach as has been thrown out
" Is cuma liom cén páipéar nó iris: Time Magazine nó an Boston Globe nó an Chicago Tribune fiú, fhad is nach gá dom fanacht le Beo Ar Éigean! Is í an deacracht atá agam, a Shanta, ná go bhfuil Leamh Ó Cuinneagáin i ndiaidh a bheith caite amach as a phost le hÚdarás na Galltachta.
chaith sé i gcuideachta eagraíochtaí carthanachta he spent along with charity organizations
" 
Bhí sé ag caint ar Good Morning Ulster agus chuir sé síos ar an oíche a chaith sé i gcuideachta eagraíochtaí carthanachta, Arm an tSlánaithe san áireamh.
chaith an Chúirt Chuarda amhras i dtaobh the circuit court doubted in regard to
" Ins an chás sin, chaith an Chúirt Chuarda amhras i dtaobh tosaíocht a bheith ag páistí de chuid iarscoláirí, ach nuair a deineadh achomhrac chun na hArd-Chúirte rialaíodh go raibh de chumhacht ag an scoil idirdhealú den chineál sin a chur i réim ina dúnghaois iontrála.
cur síos ar an seal a chaith sé i ngéibheann a description of the time he spent in jail
" D (atá le feiceáil i Chiesa di Sant Antonin) cur síos ar an seal a chaith sé i ngéibheann sa tSín i 2011.
agus tréimhse thorthúil caite i mbun traenála having spent a fruitful period training
" Aigne Foirne ===== Ach an mothú sin a bhí ag John Allen roimh an chluiche, is mothú é a bhraith mé féin ó am go ham agus mé i bhfeighil foirne agus tréimhse thorthúil caite i mbun traenála sna laethanta roimh chluiche mór.
caithfidh tú insíothlú i gceann you have to infiltrate
" Níl ach dhá pháirtí i gcóras na Stát Aontaithe, agus más mian leat breith ar chumhacht ansin, caithfidh tú insíothlú i gceann de na páirtithe sin.
a chaithimid i measc an phobail which we spend in the community
" Is tráth den bhliain é ina ndúisíonn muid an athuair na ceangail seanchairdis agus ghaoil sin a thugann brí agus teochroí isteach inár saol – saol a chaithimid i measc an phobail atá thart orainn.
i lár na míosa seo caite the middle of last month
" aspx)) Maidir leis an mhéid a bhí le rá ag an Bhanríon Eilís faoin Tuaisceart sa lá atá inniu ann, ar an drochuair chonaic muid i lár na míosa seo caite Tuarascáil Chomhairle na hEorpa ar an Ghaeilge ina bhfuil Rialtas na Breataine agus Tionól Thuaisceart Éireann cáinte go géar.
caite i gcarn ar a chéile thrown in a heap
" Ní feas dúinn, áfach, líon na mílte eile atá caite i gcarn ar a chéile i bhfoisceacht maithe na leac.
caithfidh tú dul i muinín teanga you must resort to the language
" **CMacS: An gá do phobal na Gaeilge dul i muinín an Bhéarla chun a gcás a chur in iúl do phobal uile na tíre?** AÓC: Nuair a bhíonn gnó le déanamh, caithfidh tú dul i muinín teanga an té a mbíonn tú ag plé leis.
Caithfidh muid dul i bhfad siar we have to go a long way back
" Caithfidh muid dul i bhfad siar le theacht ar na caidrimh chlainne sin féin,” arsa Guillermo.
Caithfear muinín a chur i one must trust
" Caithfear muinín a chur i lucht athbheochan na teangan chun an tsochaí nua seo a dhearadh as an gcloich.
Caithfear an mhaith atá i bhfiántas na tuaithe a aithint the benefits of the county’s wilderness must be recognised
" Caithfear an mhaith atá i bhfiántas na tuaithe a aithint mar ghné tharraingteach don turasóireacht agus gan srian ná smacht a chur air a deir Tony Birtill.