Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
caithfear vótaí a chomhaireamh de láimh. votes must be counted by hand.
" Mar nach bhfuilimid dulta leis an vótáil leictreonach, caithfear vótaí a chomhaireamh de láimh.
go gcaithfidís vóta dó, that they'd vote for him,
" “Gheall gach aon duine acu istigh i Sráid Fhearchair go gcaithfidís vóta dó, ach is é an rud nár thuig Dáithí Bocht nach bhfuil an Ardteist féin ag an chuid is mó de na liúdramáin sin, gan trácht ar chéim ó Ollscoil na hÉireann.
mura gcaithfidís vóta dó. if they didn't vote for him.
" “Is é an t-arm is géire in armlann Gharage, an bhagairt is mó a d’fhéadfadh Ó Mórghuth a chur ar dhuine ar bith, ná go gcaithfeadh sé uair a chloig ag caint leis nó léi mura gcaithfidís vóta dó.
ach é a atheisiúint a luaithe is a bhí na vótaí caite. and to re-issue it as soon as votes were cast
" Bhí ceisteanna fosta faoin chinneadh an ciorclán a eisíodh roimh an olltoghchán a tharraingt siar, ach é a atheisiúint a luaithe is a bhí na vótaí caite.
gcaithfidís vóta they’d vote
" Labhraíonn na buíonta seo Béarla don chuid is mó agus mar sin is beag seans go gcaithfidís vóta ar son páirtí gur mhaith leis neamhspléachas don Stát Francach a bhaint amach, agus cearta teangan daigne ar son na Fraincíse a chur i bhfeidhm.
gcaithfinn mo vóta would I use my vote
" Dá mbeinn in Albain ar an 18ú lá den mhí seo chugainn cén chaoi a gcaithfinn mo vóta sa reifreann? Leis an fhírinne a rá níl a fhios agam, agus ag amharc ar na hargóintí ar son agus in aghaidh na cúise, is léir go bhfuil an scéal fíorchasta agus is dóiche, sa deireadh thiar thall, gur mó an tionchar a imreoidh cúrsaí staire ná cúrsaí geilleagair, agus gur i gcroí na ndaoine a bheidh an freagra in áit ina gcloigne.