Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an tollán caithimh aimsire the hobby tunnel
" Tá réimse polaithollán ann, ina measc ceann beag darb ainm "an tollán caithimh aimsire" agus ceann níos mó, "tollán an teaghlaigh", inar féidir glasraí a fhás don teaghlach.
caitheamh aimsire an-fholláin very healthy pastime
" Nuair a bhreathnaím ar gharmhic s’againne agus ar a gcairde, idir bhuachaillí agus chailíní, ag imirt peile amuigh faoin aer, measaim go bhfuil caitheamh aimsire an-fholláin acu.
mar chaitheamh aimsire: as a hobby
" Ach is léir go bhfuil cuid mhór daoine i mBaile Átha Cliath ar spéis leo a bheith ag plé leis an gcraoltóireacht mar chaitheamh aimsire: tá céad duine bainteach leis an tseirbhís faoi láthair ar bhonn deonach.
Ba chaitheamh aimsire it was a past time
" Ba chaitheamh aimsire coitianta é fiche bliana ó shin i Sléibhte Cuimbria (i gCeantar na Lochanna), sna Sléibhte Pennine i Sasana agus i Sléibhte Coimre, sa Bhreatain Bhig, ach thógadh sé mí nó dhó chun staid na sléibhte a bheith i gceart, leis an timthriall 'seaca-coscairt.
chaitheamh aimsire a pastime
" Domingo a bhunaigh an cumann sa chéad dul síos, mar chaitheamh aimsire d’oibrithe in ionad an teach tábhairne Dé Sathairn.
áiseanna caitheamh aimsire leisure facilities
" Chomh maith le sin ní bheadh sé in ann airgead na Gaeltachta a chaitheamh, mar a rinne, ar áiseanna caitheamh aimsire taobh thoir de Ghaillimh dá mbainfí stádas Gaeltachta ón gceantar thart ar Bhaile Chláir na Gaillimhe, áit ina bhfuil an Ghaeilge imithe le fada mar theanga pobail.
caitheamh aimsire pastime
" Is caitheamh aimsire costasach é: cosnaíonn cluichí ar a laghad €20, nó thart fá’n méid sin ar cíos.
caithimh aimsire pastime
" Cibé cén gaol atá ag spórt, ceol agus caithimh aimsire le sásamh, agus ní beag an méid é, chaithfeadh sé go mbaineann siad le misniú an duine nuair a theagmhaíos sé le drochscéala nó nuair a bhuailfear mír den mhí-ádh anuas air.
mar chaitheamh aimsire as a pastime
" Sách Buartha ===== Sa dara áit don duine is sine tá leitheoireacht agus dá dhearthair, tá teilifís mar chaitheamh aimsire.
Caitheamh aimsire ciúin socair a quiet steady pastime
" Caitheamh aimsire ciúin socair a bhí ann, gné a thaitin liom, gan a bheith os comhair an tsaoil, mar a déarfá.
ba caitheamh aimsire an-taitneamhach was a very pleasant pastime
" Le bheith fírinneach, ba caitheamh aimsire an-taitneamhach an agóidíocht: bhí taobh sóisialta ag baint leis agus ba dheas an mothúchán a cheapadh go bhfuil tú ag seasamh don rud atá ceart, dar leat féin agus ní raibh aon ghá ualach na freagrachta a théann le cumhacht a iompar.
nach raibh de chaitheamh aimsire aige his only pastime was
" I ndiaidh an leabhar theacht amach, rinne Sasanach teagmháil leis agus dúirt nach raibh de chaitheamh aimsire aige ach a bheith ag léamh taifid phinsin Arm na Breataine.
caitheamh aimsire past time
" **SMM: Cén caitheamh aimsire is fearr leat?** RM: Cur is cúiteamh is caint le mo chairde.
caitheamh aimsire de gach cineál all kinds of pastime
" An-samhradh ab ea é ó thaobh cúrsaí spóirt in Éirinn i ngeall ar an aimsir bhreá agus deiseanna go leor ag daoine a bheith amuigh faoin aer is faoin spéir, ar muir is ar tír, i mbun spóirt is caitheamh aimsire de gach cineál.
ar chaithimh aimsire gan mhaith at useless pastimes
" Ní dhéanfadh sé rud ar bith a thabharfadh le fios go raibh sé tugtha do shaol an tsómais, nó go gcaithfeadh sé a chuid ama ar chaithimh aimsire gan mhaith.
ba é an caitheamh aimsire ba mhó a bhí acu it was their greatest pastime
" Is Iomaí Cor sa Saol ========== Anuas air sin, ba é an caitheamh aimsire ba mhó a bhí acu agus iad ina ngasúir ná iomrascáil, castaíocht nó coraíocht, iad i ngleic lena chéile ar urlár cré an tí nó taobh amuigh sa gharraí.
caitheamh aimsire náisiúnta a national pastime
" Is caitheamh aimsire náisiúnta in Éirinn é an féinbhreithniú.
caitheamh aimsire pastime
" **CMacS: Cén caitheamh aimsire atá agat agus cén chaoi a gcaitheann tú do shaoire?** AÓC: Leis an gceathrar clainne tógtha, tá mé in ann breis ama a chaitheamh ar rudaí a thaitníonn liom - an drámaíocht agus an ceol.
ní raibh ann ach caitheamh aimsire it was just a pastime
" “Ní thiocfadh liom é a chreidiúint i ndáiríre, is breá liom gnóthaí pócair, níl mé á rá gur tháinig sé gan stró ach ní raibh ann ach caitheamh aimsire ag an tús.
caitheamh aimsire past-time
" **SMM: Maidir le caitheamh aimsire, céard is fearr leat a dhéanamh?** NFarrell: Téim chuig halla aclaíochta agus téim ag rith.