Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chur ar ceal to cancel
" Bhí sé i gceist againn a bheith i gCeantar na nOileán anuraidh ach bhí orainn gach rud a chur ar ceal de bharr na ndeacrachtaí a bhí ann ag an am leis an ngalar crúibe is béil.
a chuir ar ceal who cancelled
" Tá turasóirí eile ann, áfach, a chuir ar ceal a saoire in Cogne (ionad scíála a dtarraingníonn na sluaite air), agus eagla orthu go bhfuil an dúnmharfóir fós ansin ag maireachtáil i measc ghnáthdhaoine na háite.
é a chur ar ceal to cancel it
" Rinne muid coinne a shocrú cúpla babhta ach bhí uirthi é a chur ar ceal de bharr go raibh brú oibre chomh mór sin ar Ó Céidigh.
curtha ar ceal cancelled
" Gan ann ach fanacht agus fanacht go ciúin sa dorchadas ansin i bpluais neodrach, ina raibh an t-am reoite nó curtha ar ceal.
go gcuirfí na toghcháin ar ceal that the elections be cancelled
" Inniu (30 Aibreán) tá sé le bualadh le Príomh-Aire na Breataine Tony Blair agus meastar go n-iarrfaidh sé go gcuirfí na toghcháin ar ceal.
a chur ar ceal to cancel
" Oakley Hall - an tuairim in iúl gur cheart an pharáid a chur ar ceal ar mhaithe le sábháilteacht phoiblí.
curtha ar ceal cancelled
" Chomh maith leis sin, tá leabhar eile leis an údar a bhí le foilsiú níos deireanaí i mbliana curtha ar ceal.
Ó chealaigh sí an bunreacht since she cancelled the constitution
" Ó chealaigh sí an bunreacht tá an tír seo ina raic.
curtha ar ceal cancelled
" An bhfuil mise corr nó an gcreideann sibhse fosta gurb é jab an rialtais é bheith ag tabhairt aire dá chuid saoránach? Páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ag fanacht uair an chloig mar go bhfuil an tseirbhís tacsaí curtha ar ceal.
curtha ar ceal cancelled
" Bíonn fadhb ann i gcónaí leis an eitleán - bíonn sé mall nó bíonn an eitilt curtha ar ceal, mar shampla.
a chur ar ceal to cancel
" “Nuair nach mbíodh airgead agam, bhíodh orm téarma a chur ar ceal – rinne mé é sin go minic, go háirithe an bhliain a chuaigh mé ar ais go hÉirinn.
hobráidí a chur ar ceal cancelling operations
" Meastar fosta go gcaitheann an earnúil sláinte corradh le €150m gach bliain ag dul i ngleic leis an tinneas, idir an costas breise a bhaineann le hobráidí a chur ar ceal, cógaisí frithbheathacha a cheannach agus síneadh ama a chur leis an tréimhse a chaitheann othair in ospidéil.
nach gcuirfidh na haerlínte mífhoighneacha a n-orduithe ar ceal that the impatient airlines won't cancel their orders
" Tá na hinnealtóirí ag iarraidh réiteach a fháil, agus tá an lucht díolacháin ag súil nach gcuirfidh na haerlínte mífhoighneacha a n-orduithe ar ceal.
an reachtaíocht ar ceal. the legislation was cancelled
" Tar éis roinnt cainte, ghéill an rialtas an mhí seo caite agus cuireadh an reachtaíocht ar ceal.
a chuir Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath ar ceal that Dublin County Council cancelled
" Is bailiúchán é de na físeáin a chuireadar amach leis na singlí, cúpla amhrán as ceolchoirm agus scéal amháin nuachta faoin gceolchoirm a chuir Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath ar ceal – gan aon fáth.
nach gá go gcealódh ceachtar den dá ní a chéile, that the two things don't need to cancel each other out,
" Ní gá duit a bheith i do bhall de Mensa le teacht ar an tuiscint nach gá go gcealódh ceachtar den dá ní a chéile, ach teacht ar chomhréiteach sásúil eatarthu.
ar ceal cancelled
" Fianaise ar an méid atá thuas ná an tslí ar fhoghlaim Irial ceacht faoi thábhacht an tsean-*clíche* gnó “*diversify or die*” in 2001 nuair a cuireadh an t-iliomad urdhálaí spóirt ar ceal timpeall na tíre ar feadh sé seachtaine.
in éagmais rún a bheith rite ag Tithe an Oireachtais le hiad a chur ar ceal. in the absence of a mention being table by the Houses of the Oireachtas to cancel them
" Thiocfadh na rialacháin i bhfeidhm i ndiaidh 21 lá in éagmais rún a bheith rite ag Tithe an Oireachtais le hiad a chur ar ceal.
curtha ar ceal. cancelled.
" Níos measa ná sin, bhí an coláiste i dTeach Cholm Cille curtha ar ceal.
chur ar ceal to cancel
" Ciallaíonn na seirbhísí seo gur féidir na costais a bhaineann le pacáistí bogearraí a cheannach a sheachaint (caithfidh tú íoc astu ar ndóigh, ach ní íocfaidh tú ach méid beag gach mí - agus is féidir leat an síntiús a chur ar ceal aon uair is mian leat).
chur ar ceal to cancel
" Ní mór seirbhísí áirithe a chur ar ceal.
chealaigh cancelled
" Thuig an BNP go raibh meancóg mhór déanta acu agus chealaigh siad an mórshiúl.
ar ceal cancel(ed)
" Is cosúil gur beag scéim Gaeltachta arbh fhiú a choinneáil agus go hindíreach tá cibé aitheantas a bhí ag an Ghaeltacht mar cheantar sonrach le stádas ar leith, le cur ar ceal nach mór, d’aon ráib amháin.
Cealaíodh cancelled
" Scéimeanna nár Cealaíodh Ní léir ach an oiread go mbeidh deireadh curtha le Scéim Labhairt na Gaeilge (nó Scéim na Deich bPuntaí mar a thugtaí air tráth) ina n-íoctar €260 in aghaidh an teaghlaigh Ghaeltachta, ach líofacht Ghaeilge na clainne a chruthú do chigire scoile.
ar ceal cancel(led)
" Níl deireadh curtha leis an gcóras sainaicmí go fóill ach sa bhunreacht a achtaíodh i 1950 i ndiaidh don India neamhspleáchas a bhaint amach, ní hamháin gur cuireadh ar ceal stádas an aosa sheachanta ó thaobh an dlí de, ach maidir le fostaíocht, oideachas is ionadaíocht toghcháin, tugadh an t-idirdhealú dearfach isteach.
chur ar ceal to cancel
" Cuid acu ag rá go gcaithfear tuilleadh cíoradh a dhéanamh ar na leasuithe atá beartaithe agus teacht ar chomhréiteach; cuid eile, go háirithe iad siúd atá ar eite chlé an pháirtí, ag éileamh gur cheart moltaí an rialtais a chur ar ceal láithreach agus an próiseas idirbheartaíochta a thosú arís as an nua.
gcealófaí would be cancelled
" Ó na hochtóidí i leith, bhí ceardchumainn na seirbhíse poiblí ag iarraidh go gcealófaí córas na marcanna breise d’arduithe céime siocair go raibh cuid dá mbaill nach raibh cáilithe do na marcanna seo den bharúil go raibh leatrom á imirt orthu.
chuir siad ar ceal they cancelled
" Is léir gur thuig Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, a eisíonn na bannaí ar son an stáit, nach mbeidis in ann bannaí a dhíol ar phraghas measartha nuair a chuir siad ar ceal na ceantanna a bhí le bheith acu i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna.
ar ceal cancelled
" In áit club siamsaíochta, bhí scata daltaí ag cleachtadh amhrán do cheoldhráma an fhómhair, Grease, díreach mar a bheadh daltaí i scoil ar bith in Éirinn, agus a bhformhór as tiúin! Bhí sé ag gleadhradh báistí agus mar sin bhí ócáidí spóirt an lae curtha ar ceal.
ar ceal cancelled
" Agus ó tharla na mic léinn imithe, cuireadh na ranganna ar ceal.
aon ní a chur ar ceal to cancel anything
" Ach, mar a deirim go minic, níor chóir dúinn in Éirinn go háirithe aon ní a chur ar ceal mar gheall ar chúpla braon báistí.
chur ar ceal to cancel
" Tá Balor bocht brúite ag guí chun Chroim Dhuibh go bhfágfaidh Crom smidín céille de shórt éigin ag Enda Aoibhinn, agus go ndéanfaidh an Taoiseach an ceapachán seo a chur ar ceal.
a bhí beartaithe ansin ar ceal which was planned was cancelled
" Bhí áirithintí do mhí Lúnasa chomh íseal i gColáiste Chonnacht sa Spidéal, is gur cuireadh an cúrsa a bhí beartaithe ansin ar ceal.
curtha ar ceal cancelled
" Níos measa ná sin, ní féidir an t-aitheantas Gaeltachta atá bronnta go héagóireach ar na heastáit tithíochta seo i gCathair na Gaillimhe a athrú, gan reachtaíocht nua! An chumhacht a bhíodh ag an rialtas, i dtaobh theorainneacha na Gaeltachta a athrú, do réir mar ba ghá, tá sé curtha ar ceal ag Mír 7 de Acht na Gaeltachta 2012.
cuireadh ar ceal an chumhacht the power was cancelled
" Ba shin a gheall Dinny Mc Ginley roimhré, ceart go leor, ach tá ’ fhios againn anois gur a mhalairt a rinne sé: deimhníodh san Acht na teorainneacha mar a bhí, fágadh 15,000 in eastáit tithíochta i gCathair na Gaillimhe sa Ghaeltacht agus cuireadh ar ceal an chumhacht a bhíodh ag an Rialtas, faoin reachtaíocht a bhí i bhfeidhm, aon cheo a dhéanamh faoi.
Cealú Guthanna cancelling votes
"Cealú Guthanna ======= “Is próiseas leanúnach é”, dúirt Collins linn, agus labhair sé faoin obair a dhéanann The British-Irish Council agus The British-Irish Parliamentary Assembly.
an cinneadh seo ar ceal cancelled this decision
" Chuir bord an Bhord Pleanála an cinneadh seo ar ceal, áfach, agus rialaíodh i Lúnasa, 2001 nár cheart an cead pleanála a bhronnadh ar an bhonn go millfeadh sé áilleacht an tírdhreacha.
Cealú Maoinithe funding being cancelled
" Cealú Maoinithe ====== Sa chás seo, tá bille nua sláinte an Uachtaráin Obama, a gheallfaidh árachas sláinte do chách, le teacht i bhfeidhm ar an gcéad lá d’Eanáir, 2014, agus tá cead ag daoine cur isteach air ón 1 Deireadh Fómhair na bliana seo.
chur ar ceal to cancel
" Chaith siad go leor caipiteal polaitiúil amú air seo, agus ar bhealach níor éirigh leo fós an scéal seo a réiteach mar bhí orthu an plé faoina rátaí a chur ar ceal go dtí tar éis na dtoghchán áitiúil.
cuireadh an toghchán ar cheal the election was cancelled
" (Tá trí shuíochán le líonadh i Muineachán fós, áit ar cuireadh an toghchán ar cheal, de dheasca bás duine de na hiarrthóirí.