Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i gcurach canbháis in a canvas currach/coracle
" Thaispeáin sé daoine ag cur chun farraige i gcurach canbháis agus an dainséar a bhí ag dul leis seo.
canbháis ghealdaite a brightly-coloured canvas
" Thuas staighre, tarraingíodh súile an chuairteora i dtreo canbháis ghealdaite: *collage *dar teideal *Mauritian Woman*.
100 canbhás a smuigleáil to smuggle 100 canvases
" Ba dhúshlán é 100 canbhás a smuigleáil as an Iaráic trí chóras poist arm na Stát Aontaithe agus, lena chinntiú go dtiocfaidís ar fad slán sábháilte go Nua-Eabhrac, níor inis Brownfield an fhírinne iomlán agus é ag comhlánú na bhfoirmeacha custaim.
i lár an chanbháis in the middle of the canvas
" Maraíodh deartháir al-Hamdany faoi réimeas Saddam Hussein agus léiríonn sé an dealbh den deachtóir a leagadh chun talaimh i mBagdad i lár an chanbháis mar chomhartha go bhfuil deireadh tagtha leis an tseanré.
oll-léaráid a massive canvas
" Dearann Angelopoulos oll-léaráid chun suaithí móra na linne sin ar na Gréagaigh a díbríodh as Odessa na Rúise ag Arm na Sóibheide i 1919 a nochtadh, pobal a shocraigh faoi dheireadh ar an móinéar taoidmhear ar imeall Salonika - ‘*Weeping Meadow’* an teidil.
curacha beaga small canvas boats
" Bhí siad ag brath ar an fharraige agus gan acu ach curacha beaga.
déanta d’adhmad agus anairt constructed of timber and canvas
" Reáchtáladh cuid mhaith de na ceolchoirmeacha i speigeltent (puball na scáthán), puball ollmhór déanta d’adhmad agus anairt maisithe go gleoite ar an taobh istigh le scátháin, soilse agus gloine dhaite agus suite i gceartlár chearnóg na cathrach, rud a chuir cuma aduain, beagnach allúrach, ar an áit agus a thug le fios go raibh rud éigin iontach ar leith á thairiscint ann.
de dhéantús anairte made of canvas
" ” Tá na bróga éadroma, de dhéantús anairte, foirfe don té ar laetha saoire a théann cois trá go cois bheair.