Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar maos go caol na láimhe drenched to the wrists
" Ní raibh fonn ar bith air a bheith ar maos go caol na láimhe san uisce lofa a d'fhágfadh an t-urlár sin ina dhiaidh.
siocair go bhfuair sé an ceann caol den mhargadh because he got the poor end of the bargain
" Bhí suim ag Féilim i gcónaí san éadach agus bhí siad siúd ann a shíl gur chothaigh sé an tsuim sin siocair go bhfuair sé an ceann caol den mhargadh ó thaobh na dóighiúlachta de.
caol díreach straight
" Siúd faoi dhéin an óstáin sinn, an Howard Johnson, agus as sin caol díreach go dtí an lárionad siopadóireachta atá láimh linn, é gránna go maith ar an dtaobh amuigh, galánta istigh.
ceangal na gcúig gcaol air bound hand and foot
" Príosúnach bocht ceangailte de stáca, ceangal na gcúig gcaol air.
caol díreach straight
" Anuas air sin, is cosúil go mbíonn ar na heitleáin 5,000 galún breise breosla d'iompar má bhíonn orthu eitilt caol díreach go dtí an Bhreatain agus, dá bharr seo, ní féidir leo an oiread céanna saighdiúirí agus arm a iompar.
Caol díreach abhaile straight home
" Caol díreach abhaile ansin arís go ngabhfadh sé a chodladh, go mbeadh sé réidh don lá arna mhárach.
ar chaol a droma on the small of her back
" Bhí fáinne beag a raibh cloch dhearg crochta as ag caochadh i bpoll an imleacáin agus nuair a shiúil sí thart leis, bhí tatú ar chaol a droma fosta.
ar Chaol Tunga. on the Kyle of Tongue.
" Tá baile Tunga é féin suite ar Chaol Tunga.
an chuid is caoile den oileán the most narrow part of the island
" **Seancheantair Ghorma**Is é tuaisceart Manhattan an chuid is caoile den oileán agus ó na Clabhstraí ó dheas leathnaíonn sé amach go dtí na seancheantair Ghorma – Washington Heights agus Harlem.
stráicí caola talaimh, narrow strips of land,
" Fionnachtana seandálaíochta Fuair na seandálaithe amach gur cruthaíodh stráicí caola talaimh, ar tógadh tithe agus gairdíní orthu.
lúfar, caol, matánach, láidir agile, thin, muscular, strong
" Bhí féith sa chailín seo agus bhí sí go maith ag bogadh, ach tá pléisiúr ar leith ag baint le bheith ag amharc ar dhamhsóir lúfar, caol, matánach, láidir (maith dom an tuairim seo – ná scaoil mé!).
caol díreach ar ais straight back
" Seoladh na teachtaireachtaí uilig a bhailigh Mars Express caol díreach ar ais chuig GSA agus chuir saineolaithe de chuid na heagraíochta sin an t-eolas ar aghaidh chuig NASA.
oileán fada caol long narrow island
" Is ar oileán fada caol atá an chathair suite agus ní féidir dul ann ach trasna tóchair agus droichid atá ceithre mhíle ar fhad.
oileán fada caol long narrow island
" Is ar oileán fada caol atá an chathair suite agus ní féidir dul ann ach trasna tóchair agus droichid atá ceithre mhíle ar fhad.
chomh caol le cú as slender as a greyhound
" Tá nós eile acu fosta: fágann siad leathghloine Rosé ar an bhord agus bailíonn siad leo chun an bhaile! Scannalach agus an méid sin ocrais agus gorta sa domhan! Ar scor ar bith, ní hiontas go bhfuil gach duine acu chomh caol le cú! **Pétanque** Oíche amháin d’imir muid Boules, nó Pétanque mar a deir siadsan.
a théann caol díreach isteach who go directly into
" Cuireann na hollscoileanna agus na hInstitiúidí Teicneolaíochta oiliúint ar na céadta míle mac léinn a théann caol díreach isteach san earnáil ghnó.
caol díreach immediately
" Bhí orm a rá leis caol díreach gur roghnaigh sé an duine contráilte – gur mise duine acu sin a bhíos ag rothaíocht.
caol slim
" Is iad na rudaí beaga a choinníonn aclaí agus caol muid.
caol díreach straight away
" Dhúisíomar ag leathuair tar éis a seacht, an mhaidin dar gcionn agus thiomáin caol díreach chuig aerphort Bhleá Cliath.
gcoimeanna caola narrow waists
" Lena bhfolt snasta is a gcoimeanna caola, is ar éigean a chreidfeá scaití gur fíordhaoine iad seo in aon chor.
chomh caol as thin
" Chonaic mé líon mór cailíní i mo rang féin ar an meánscoil ag cloí le haistí dochta bia is dá bhfolach féin i slaodanna smididh, d’fhonn a bheith chomh caol le gáinne is chomh dóighiúil le bandéithe an phreasa.
caol díreach directly
" ‘Antichrist’, le Lars Von Trier Ná himigh i ngiorracht scread asail do ‘Antichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, má cheapann tú nach bhfuil seans dá laghad, ‘dá laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart míreanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, nó siosúr maintín, ní fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid sí - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball; an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág sí gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite.
caol thin
" Géaga móra fada dubha; coirp fhoirfe; chomh caol le cúanna; gach matán le feiceáil; Adonises; gan pioc geire ar ’nduine acu.
caol díreach chuig straight towards
" Ní hamháin sin, a thúisce a fuair Giles an liathróid ag tús an chluiche, caol díreach chuig an mBrádach a chuir sé í.
stiall chaol narrow strip
" Is baile beag é Gunnedah, lonnaithe ar bhruach na habhann Namoi, ar an taobh thiar den Imleach Mór, a scarann an stiall chaol ar chósta thoir na hAstráile ó na machairí ollmhóra intíre.
caol díreach straight to
" Go deimhin, tá sé soiléir fosta go ndearna sé iarracht tionchar a imirt ar roghnú na gcomhaltaí boird agus go ndeachaigh sé caol díreach chuig an Taoiseach lena achainí seachas chuig Aire na Gaeltachta, Máire Geoghegan Quinn.
síos dorchla caol down a narrow corridor
" Shiúil mé síos dorchla caol ag cuardach an tseomra.
thug sé aghaidh caol díreach ar he headed straight for
" ” Ar chloisteáil an scéil seo do Bhalor, thug sé aghaidh caol díreach ar a chreag dhúchais i lár na farraige chun an scéal a fhiosrú agus chun cúpla ceist eile a chur ar Phatsaí Dan.
bhfuil ceangal na gcúig gcaol orainn we’re completely restricted
" An é anois go bhfuil muintir na hÉireann ag an phointe go bhfuil ceangal na gcúig gcaol orainn agus nach féidir linn éalú uaidh cuma cad a tharlaíonn?
brabaigh caol profits slim
" Bisiú Airgid agus Bochtú Saoil =========== Ach bhí an comórtas géar idir na soláthróirí, agus bhí na brabaigh caol.
díreach, caol-díreach straight, dead straight
" Bíonn cuid acu ard, cuid eile íseal; bíonn siad fada agus gearr, díreach, caol-díreach, leathan, agus is minic a bhriseann siad nuair a dhéanann scata imreoirí iarracht breith orthu.
a dhá lorga chaola ar taispeáint don domhan mór his two skinny tibialis anticus displayed to the world
" Bhí Leamh Ó Cuinneagáin féin gléasta mar a bheadh peileadóir Conallach ann: na stocaí bána thíos fána rúitíní tanaí agus a dhá lorga chaola ar taispeáint don domhan mór.
ba shlán gach caol agus leathan acu every palatal and non-palatal (consonant) was perfectly so
" Duine ar bith díobh sin ar chuir mé caidéis orthu, ní bheadh a fhios agam nach le bean nó fear Gaeltachta a bhí mé ag comhrá: ba shlán gach caol agus leathan acu, gach fada agus gearr, gach séimhiú agus urú.
gas ard caol a tall narrow stem
"gas ard caol air agus ispín ar a bharr.
comhréireanna caola a chuid dealbh the slender proportions of his statues
" Dúirt Giacometti, agus é ag caint leis an léirmheastóir David Sylvester gur rud neamhdheontach a bhí ina mhodh oibre agus gur mheas sé féin go raibh fírinne agus beocht ag baint le comhréireanna caola a chuid dealbh nár mhothaigh sé nuair a d'amharc sé ar dhealbhóireacht chlasaiceach.
go nimhe neanta caol gach díreach i ndiaidh ferociously straight for
" Chuaigh Balor go nimhe neanta caol gach díreach i ndiaidh ceannaire an Lár-Ghníomhaíocht Faisnéise i Ros Comáin lena chiapadh le ceisteanna.