Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
pionós báis capital punishment
" Tá sé coitianta go maith, go stairiúil agus sa lá atá inniu ann, go ngearrtar pionós báis ar dhuine dubh a dhúnmharaíonn duine geal, ach is annamh a ghearrtar an pionós céanna ar dhuine geal a mharaíonn duine dubh.
chiste caipitil capital fund
" Tá an tsuim sin ann mar chiste caipitil agus ó tharla gur Iontaobhas muid caithfear an t-ús ar bhisiú na hearnála.
chiste caipitil capital fund
" Tá an tsuim sin ann mar chiste caipitil agus ó tharla gur Iontaobhas muid caithfear an t-ús ar bhisiú na hearnála.
i bpríomhchathair na hEorpa in the capital city of Europe
" An té a cheapfadh nach bhfuil a lán Gaeilgeoirí anseo i bpríomhchathair na hEorpa, an Bhruiséil, ní bheadh an ceart aige in aon chor! Ní thógann sé ach duine amháin chun labhairt na Gaeilge a spreagadh agus is iontach an rud é an "*domino effect*" a fheiceáil.
maoiniú caipitil capital funding
" Struchtúr maoinithe an Árais a bhuanú; maoiniú caipitil a bheith faighte d'fhorbairt an chlóis ar chúl an Árais; agus glúin úr a bheith ag plé le himeachtaí agus riar an Árais.
ag tachtadh na príomhchathrach choking the capital city
" D'fhéadfaí athrú as cuimse a dhéanamh ar chuid de na fadhbanna móra struchtúrtha atá ag tachtadh na príomhchathrach agus ag bánú na tuaithe.
príomhchathair riaracháin nua a new administrative capital
" Bunaíodh príomhchathair riaracháin nua sa mBrasaíl chun dul i ngleic le hollfhás Rio de Janeiro.
príomhchathair capital city
" *Anseo i bpríomhchathair na Fraince, bíonn ar dhaoine fanacht uair an chloig in amanna chun stampa a cheannach.
d'fhóntais na hardchathrach of the capital city's utilities
" Mar chuid den dílárú mór seo, tá cuid mhaith d'fhóntais na hardchathrach le dáileadh ar mhuintir na tuaithe.
Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa European Cultural Capital
" Ach anois tá imní sa chathair go bhfuil dochar déanta ag *Léargas *don turasóireacht áitiúil, mar bíonn a lán Éireannach ag an *Grand National *i mí an Aibreáin de ghnáth, agus bhí dóchas ann go dtiocfadh níos mó daoine trasna i 2008, nuair a bheidh Learpholl mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa.
ceannlitreacha capital letters
" * Gluais • Glossary áilleagántrinket farasbarrsurplus seoidjewel conúsrubbish go cúil an spruadairto the refuse dump giollaí na leisceidle people gamailllouts glugaithesoft, flabby people ceannlitreachacapital letters cuidsúlachtbeauty scéimhebeauty A Rí na bhfeart!O, almighty God! caifeachwasteful ba í mo thríú huaireadóir íit was my third watch glacgrasp mo chuislemy pulse bhuaileadh mo chroí níos gaistemy heart used to beat more quickly nuair a mhothaínnwhen I used to feel mo phusmy face cad chuige a mbacfadh sí .
lucht iomána na hardchathrach the hurling people of the capital city
" Ach comhghairdeas leo as a ngaisce, rud a chuidigh le cuid den ghruaim a ardú de lucht iomána na hardchathrach tar éis bhliain na hainnise ag na sinsir.
príomhchathair ársa ancient capital city
" Ar an bhealach, bhuail siad isteach chuig Guernica, an sráidbhaile Bascach agus príomhchathair ársa Thír na mBascach, a d’fhulaing an bhuamáil uafásach aerga a rinne na Naitsithe sa bhliain 1937, buamáil a d’fhág 1,600 duine marbh.
maoiniú caipitil capital funding
" AÓF: Céard ba mhaith leatsa a fhorbairt san áit amach anseo? SMP: Bhuel, beidh maoiniú caipitil againn an bhliain seo chugainn.
príomhchathair aerach na hEorpa the gay capital of Europe
" Ó am go chéile, tógaim an traein amach go Sitges, príomhchathair aerach na hEorpa (de réir dealraimh!) agus áit ina bhfuil trá fhíorálainn.
príomhchathair na beorach the capital of beer
" Gan aon agó, is é Milwaukee príomhchathair na beorach i Meiriceá go fóill, agus is inti a ghrúdaítear beoracha mar Miller, Pabst, Schlitz, Blatz, agus Heileman.
príomhchathair aerach na hEorpa the gay capital of Europe
" Ó am go chéile, tógaim an traein amach go Sitges, príomhchathair aerach na hEorpa (de réir dealraimh!) agus áit ina bhfuil trá fhíorálainn.
príomhchathair na Catalóine the capital of Catalonia
" Is é iontas súiloscailte an pháiste a mhothaíonn an té a chaitheann aon am ar shráideanna spleodracha ildaite Barcelona, príomhchathair na Catalóine.
dul i ngleic le hollchumhacht na hardchathrach to tackle the massive power of the capital city
" Déarfadh an té atá idéalach gur iarracht chróga a bhí ann dul i ngleic le hollchumhacht na hardchathrach.
Scriosadh cuid mhaith de lár na príomhchathrach, much of the centre of the capital city was destroyed
" Scriosadh cuid mhaith de lár na príomhchathrach, Nuku’alofa.
mar phríomhchathair chultúrtha an hEorpa as cultural capital of Europe
" Ach ná déan dearmad gur leagadh an sean-Cavern Club sna 1970í, agus in ainneoin go mbeidh Learpholl mar phríomhchathair chultúrtha an hEorpa in 2008, bíonn deacrachtaí go fóill ag láithreacha ceoil san áit – Parr Street Studios, mar shampla.
mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa as European Capital of Culture
" ” Is maith le Derek saol na healaíne i Learpholl, “an chathair is cóngaraí d’Éirinn”, mar a thug sé air, agus tá sé ar an choiste atá ag ullmhú do thréimhse Learphoill mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa in 2008.
príomhchathair na Maláive, the capital of Malawi,
" Lilongwe, príomhchathair na Maláive, a bhí mar cheann scríbe agam an uair seo.
mórthionscadail éagsúla chaipitiúla big various capital projects
" Mar shampla, i gcás suíocháin amháin in aice linne, tá mórthionscadail éagsúla chaipitiúla sa toghcheantar atá á maoiniú ag an rialtas.
mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa. as European Capital of Culture.
" Reáchtálfaidh Conradh na Gaeilge ócáid ar leith i mí Feabhra mar chuid den cheiliúradh a bheas ar siúl i gcaitheamh na bliana le linn do Learpholl a bheith mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa.
príomhchathair capital city
" I rith na bliana, bíonn imeachtaí éagsúla ar siúl in Sydney, príomhchathair New South Wales, a mheallann na mílte duine chuig an gcathair.
phríomhchathair, capital
" Meastar go forleathan go bhfuil saol an mhadra bháin againn sa phríomhchathair, agus go mbíonn ar cháiníocóirí eile sa tír íoc as ár saol sómasach.
ceist na príomhchathrach the question of the capital city
" Stair Nuair a tháinig na sé choilíneacht Astrálacha le chéile sa bhliain 1901 le tír neamhspleách a bhunú, cuireadh ceist na príomhchathrach ar an méar fhada.
go dtógfaí príomhchathair úrnua that a brand new capital would be built
" Faoi dheireadh, tar éis díospóireachta naimhdí, rinneadh cinneadh go dtógfaí príomhchathair úrnua in áit éigin intíre idir Sydney agus Melbourne.
ón phríomhchathair from the capital city
" **Buntáistí**: Tá sé tábhachtach fear maith ón phríomhchathair a bheith ar an fhoireann.
mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa as European Capital of Culture
" Gan amhras, d’Éireannaigh na cathrach seo, ba í cuairt Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, buaicphointe na bliana seo ina bhfuil Learpholl mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa.
san ardchathair in the capital
" Deir sé liom gurbh é athair Joe a chuir tús le siopaí ceirníní san ardchathair ag deireadh na seascaidí agus borradh ag teacht faoi rac is roll in Éirinn – Murray’s Discs ar Bhóthar na Trá Thuaidh ba ainm don siopa a bhí aige.
tosaíochtaí nuachta na hardchathrach news priorities of the capital
" Locht atá ar go leor de na meáin Ghaeilge ná go mbíonn siad ró-Ghaillimheach ina gcur chuige agus go meastar nach gá ach tosaíochtaí nuachta na hardchathrach a bhogadh siar leis an tsúil eile a aimsiú.
príomhchathair na hÓiséite Theas capital of South Ossetta
" Ar an gcéad dul síos, bunoscionn leis na fíricí, ba mar ionsaitheoir sa choimhlint seo a chuir meáin an Iarthair an Rúis i láthair, cé gurbh í an tSeoirsia a d’ionsaigh Tskhinvali, príomhchathair na hÓiséite Theas, ar an 8 Lúnasa.
phríomhchathair capital city
" An chéad phríomhchathair san Iorua a bhí inti, agus leoga, is ansin a mbíodh na ríthe á ngairm agus á bhfeisiú i bhfad ó shin.
ealaí sóisalta social capital
" Cuireann siad béasa, cleachtais, taithí agus ealaí sóisalta ar ais go dtí a dtíortha dúchais chomh maith.
bhunairgead capital sum
" I gcionn trí chéad bliain beidh Éire fós ag iarraidh an t-ús a íoc ar ais gan trácht ar aon chuid den bhunairgead.
radacach caipitil radical capital
" D'fhág sé scoil i Learpholl i 1979, an bhliain inar tháinig Margaret Thatcher i gcumhacht sa Bhreatain agus clár oibre radacach caipitil aici.
ceannlitreacha capital letters
" Is iad siúd an dream a thuigeann an tábhacht a bhaineann le teidil agus le ceannlitreacha.
borradh amhantrach venture capital
" Ní raibh ann ach borradh amhantrach agus thit an tóin as sa bhliain 2000 nuair a theip ar chuid mhór cuideachtaí idirlín.
in ann an t-ús agus an caipiteal a íoc able to pay the interest and capital
" Na Leiciméirí Morgáiste =========== Richie: Ar dtús, a Bhaloir, níor chóir do dhaoine morgáistí móra a thógáil amach mura raibh siad in ann an t-ús agus an caipiteal a íoc ar ais.
ACT Australian Capital Territory
" Is féidir leis na lánúineacha ádhúla seo fanacht sa bhaile anois, ámh, mar gur ritheadh bille sa tionól áitiúil in Canberra le déanaí a thugann cead dóibh pósadh san *Australian Capital Territory* (ACT), an chríoch bheag ina bhfuil an phríomhchathair.
an chaipitil dhaonna human capital
" Aréir bhíos ag léamh leabhair a foilsíodh sna 1960í faoi choincheap an chaipitil dhaonna agus b'ionadh liom an dul chun cinn atá déanta againn mar shochaí ach b'ionadh liom níos mó an easpa dul chun cinn ar bhealaí eile.
mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa. as European Capital of Culture.
" Reáchtálfar clár leathan imeachtaí i mbliana le ceiliúradh a dhéanamh ar stádas Learphoill mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa.
phríomhchathair, capital
" Ach tá Bearnaí Ó Doibhlin den tuairim gur áit ar leith í an phríomhchathair, Canberra, chomh maith.
mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa as European Capital of Culture
" Tá Learpholl go mór faoi anáil an chultúir Ghaelaigh agus, san alt seo, déanann Tony Birtill cur síos ar chuid de na himeachtaí a bhí ar siúl i mbliana – agus Learpholl mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa – leis na naisc seo a cheiliúradh.
Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa. European Cultural Capital
" Leanann Tony Birtill den tsraith altanna atá scríofa aige i mbliana faoin cheiliúradh atá ar siúl i Learpholl agus an chathair sin mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa.
Chlár Caipitil capital program
" Céard is fiú na leasaithe atá molta sa tuarascáil faoin nGaeltacht, i bhfianaise ar tugadh le fios san athbhreithniú ar Chlár Caipitil an Rialtais: ní bheidh acmhainní feasta ag Údarás na Gaeltachta!