Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ceapaithe captured
" "Beidh a guth ceapaithe go síoraí ar dlúthdhiosca," arsa Tadhg.
ghabh na Sasanaigh é the English captured him
" Uair dá raibh Aodh Rua Ó Domhnaill ag tabhairt cuairte ar chlann Mhic Shuibhne, ghabh na Sasanaigh é agus chuir siad i bpríosún i mBaile Átha Cliath é.
físghabháil video capture
" Toisc gur féidir eolas a scaipeadh ag luasanna suas go dtí 400 Mbit/s le FireWire, tá sé indéanta físghabháil ar ardchaighdeán a dhéanamh in am réasúnta gairid.
a ghabháil his capture
" Tá tagairt déanta do Pháis Íosa a théann chomh fada siar leis an cheathrú haois ina bhfuil íomhánna dá laethanta deireanacha le feiceáil ar *saracophagi *- conraí cloiche ag déanamh cur síos ar a bhrath, a ghabháil agus a thriail.
iad a ghabháil to capture them
" Dhreap cuid de na daoine thar an sconsa slándála a bhí thart ar an pháirc agus rinne na póilíní iarracht iad a ghabháil! Rith siad isteach ar an pháirc chun an cluiche a stopadh, rud a tharla faoi dheireadh mar gur thug na póilíní faoi deara go raibh fadhb ann.
longa a ghabháil to capture ships
" Bhí líon mór príosúnach (b'as Éirinn a bhformhór) i mbeairic in iarthar Sydney a chinn ar éalú, máirseáil ar Sydney, longa a ghabháil agus filleadh ar Éirinn.
a ghabháil to capture
" Cé gur ghread na Sasanaigh iad, léirigh “Bliain na bhFrancach” go mbeadh sé furasta do naimhde na Breataine Éire a ghabháil.
faigheann an áit greim ar do chroí the place captures your heart
" Ach faigheann an áit greim ar do chroí agus ní féidir scaoileadh léi.
nuair a ghabh na Naitsithe an Ostair when the Nazis captured Austria
" Tháinig deireadh tobann le saol grástúil na mBauers nuair a ghabh na Naitsithe an Ostair i 1938 agus níos lú ná mí ina dhiaidh seo rinneadh slad ar shaibhreas Ferdinand Bauer (saothar Klimt san áireamh) agus fágadh gan phingin é ag lorg dídine san Eilvéis – áit a bhfuair sé bás i 1945.
ó amhrasaigh a ghabhtar i Meiriceá from suspects that are captured in America
" Ní cheadaítear céasadh ainrialta ar thalamh na Stát Aontaithe féin i láthair na huaire, agus dá réir sin, chun eolas a bhrú ó amhrasaigh a ghabhtar i Meiriceá, ní mór iad a sheoladh thar lear.
gaibhte captured
" Ach ní thiocfadh liom gan smaoineamh agus mé ag amharc ar an phictiúr sin de Paisley ina shuí in aice le Gerry Adams go raibh an focal “Gotcha” ag dul fríd intinn Adams, go raibh Ian Paisley agus an t-aontachas gaibhte san áit gur mian le Sinn Féin iad a bheith.
Ghabh captured
" Ghabh long de chuid Chabhlach Ríoga na hAstráile an bád ar 15 Aibreán, chomh luath is a tháinig sé taobh istigh dár gcuid uisce teorann.
Gabhadh were captured
" Gabhadh agus tugadh ar láimh don CIA go leor daoine neamhurchóideacha agus cuireadh ar longa SAM amach ó chósta na Somáile iad le haghaidh ‘ceistiúcháin.
ghabh captured
" D’fhógair ceannaircigh Thuirciceacha bunú Poblacht Ioslamach na Turcastáine Thoir i 1933, ach an bhliain dar gcionn ghabh Poblacht na Síne seilbh ar an tír in athuair.
ceaptha captured
" Tá cíoradh le déanamh agam ar na caiséadai lán ceoil atá bailithe agam le bliain anuas - iad lán le ghiotaí ceoil ceaptha ós na hamanntaí a d'airíos an draíocht ag bogadh timpeall orm.
gabhadh were captured
" Cuireadh go mór leis an ionsaí seo nuair a tháinig an-bhorradh faoi líon na mbád neamhúdaraithe a gabhadh ar a mbealach chun na hAstráile i mbliana.
ngabháil capture
" Má theip orthu, ní fios cén fáth, seachas a n-amaidí féin, ach tar éis dóibh filleadh abhaile chun na Rúise, bhuail Vlaidimir Púitin, príomhaire na Rúise (agus iarspiaire é féin), leo, agus thug le fios do na meáin gur "tréas" ba chúis lena ngabháil.
gafa captured, restrained
" Ach má fhéachann tú ort mar neach ar leith tá tú gafa ansin.
gcreach captured food
" Bánn siad na hainmhithe talún a mbeireann siad orthu, ag baint úsáide as cleas darb ainm únfairt an bháis, agus ansin téann siad ar an talamh lena gcreach a ithe.
a cheapadh to capture
" Is dolmen faoi leith é Maen ar Boudiged (i bhFraincis La Roche aux Fées; Leacra an tSlua Sí), i ngar do Raozhon/Rennes, atá leagtha amach mar Bhrú na Bóinne le ga gréine na ngrianstad a cheapadh isteach isteach trína lár.
a cheapadh ar fhís to capture on film
" Éiríonn leis blaiseadh dá saol pearsanta teaghlaigh agus dá gcaidreamh leis an bpobal áitiúil a cheapadh ar fhís, iad sásta labhairt amach go neamheaglach gan náire ar an mbriseadh croí agus ar an íobairt phearsanta atá fulaingthe acu.
gaibhte captured
" An Cholóim ====== I ndiaidh sé bliana de bheith ag plé leis an fheile agus í ag iarraidh bogadh ar aghaidh, go tobann, bhí Caitríona Ruane le feiceáil ar scáileáin ar fud na cruinne i ndiaidh do thriúr fear, Niall Connolly, James Monaghan agus Martin McCauley a bheith gaibhte ag aerfort Bogatá ar an 11ú Lúnasa 2001 agus pasanna bréagacha acu.
a ngabhála their capture
" Tá beartas coinneála éigeantach i bhfeidhm (ar bonn tacaíochta dépháirtí) le beagnach fiche bliain anuas i dtaca le daoine atá sa tír gan chead, ach tá deighilt ghéar idir na páirtithe maidir leis an dóigh a gcaitear leis na daoine seo tar éis a ngabhála.
le hiasc a cheapadh to capture fish
" Is é an gainéad an t-éan is ansa liom ansin - tá sé an-mhór, an-deartha is maorga agus tá sé go hiontach é a fheiceáil ag tolgadh anuas ó airde an aeir síos díreach ingearach ag 90 céim isteach san fharraige le hiasc a cheapadh faoin fharraige.
ghabháil capturing
" Ní hamháin go staonfaidh na húdaráis inimirce de na hinimircigh seo a ghabháil d’fhonn iad a dhíbirt, ach féadfaidh na hinimircigh iarraidh ar na húdaráis inimirce a ndíbirt as an tír a iarchur ar feadh dhá bhliain agus cead oibre a thabhairt dóibh ar feadh na tréimshe sin.
lucht déanta na coire a ghabháil capture the offenders of this crime
" Chuir an teip seo go mór le himeagla agus le báiní mhuintir Darwin agus thairg na húdaráis $100,000 mar luaíocht ar eolas a chuideoidh leo lucht déanta na coire a ghabháil.
Seisear de shliocht chomhphobal eitneach gafa six members of an ethnic group captured
" Is ea seo cnámha scéil an cháis cúirte inar dearna an t-iomrall ceartais thuasluaite: • Comhcheilg bhuamáil sceimhlitheoireachta sna seachtóidí; • Seisear de shliocht chomhphobal eitneach gafa, ciontaithe agus pianbhreith daortha orthu; • Na húdaráis in amhras faoin gcomhphobal seo as siocair iad a bheith ag tacú le feachtas ina dtír dhúchais neamhspleáchas a bhaint amach; • Admhálacha faighte faoi bhagairt, gan dlíodóirí i láthair agus gan síniú; • Fianaise bhréagach sa chúirt agus fianaise eile coinnithe siar ag na húdaráis; • Na seirbhísí rúnda lárnach sa chás; • Póilíní sa chás os comhair na cúirte ní ba dhéanaí; agus • Feachtas sna meáin leis an bhfíorasc a chur ar neamhní.
a shú isteach go hiomlán to capture the moment in its entirety
" Léiríonn sé seo an teannas idir an dá fhéin, rud a mhothaím féin agus mé ar saoire nó ag baint suilt as ócáid ar leith – ar chóir dom an seal beag sona seo a chaitheamh ag féachaint fríd an cheamara, le go mbeidh “cuimhní” agam amach anseo, nó ar chóir dom an ceamara a chur síos agus an ócáid a shú isteach go hiomlán.
Tá siad ceaptha they're captured
" Tá siad ceaptha san alt seo leis.
cheapas obtains, captures
" Tráthúlacht a cheapas iad ag an am a mbíonn fáil orthu.