Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gairme career
" • An Ghaeilge ar chlár oiliúna gach gairme atá ag plé le páistí.
slí bheatha career
" Bhí dream óg fuinniúil i mbun oibre ann agus é mar bhrionglóid ag go leor acu slí bheatha a bhaint amach sna meáin chumarsáide.
gairm vocation, career
" Is ionann gairm an mhadaidh rua agus mo ghairm féin, níl ionainn beirt ach lucht glanta na sráideanna, ní bhaineann uaisleacht ar bith le ceachtar againn nó, chomh luath agus a éiríonn muid sotalach, buaileann taomanna ocrais muid agus glacann an nádúr an lámh in uachtar ar an intleacht.
ghairm bheatha occupation, career
" Ullmhúchán do ghairm bheatha ======= Is mian leis an Aire Moratti athruithe a chur i gcrích a chinnteoidh go mbeidh scoileanna ansin chun daltaí a ullmhú do ghairm bheatha seachas chun saibhriú a dhéanamh ar a saol.
ghairm career
" Tá beagnach tríocha bliain caite aige anois ag plé leis an iriseoireacht agus braitheann tú go bhfuil sé chomh tógtha céanna leis an ghairm sin anois is a bhí an chéad lá riamh.
go dtógfainn sos gairme that I'd take a career break
" Chuir sé sin as dom agus shocraigh mé lá amháin go dtógfainn sos gairme.
sos gairme career break
" * I 1994 agus mé ar thuras domhanda, "sos gairme", mar a déarfá, chuaigh mé go hÉirinn ar feadh coicíse mar dhualgas - chuir mo mháthair brú orm dul ann fad is a bheinn thar sáile.
shos gairme career break
" Chinn sí ansin ar shos gairme a ghlacadh ach ní raibh a fhios aici cad é a dhéanfadh sí.
sos gairme career break
" Ach, in ainneoin go bhfuil sí ag tógáil sos gairme sa bhliain atá amach romhainn, mothaím nach bhfuil sí réidh le slán a fhágáil ag Fiontar go fóill.
sos gairme career break
" An samhradh ina dhiaidh sin thóg mé sos gairme ó IBM chun dul ag seinm ceoil agus chaith mé trí mhí i mBaile Átha Cliath; nuair a bhí mé ansin, d'éirigh liom dul i dteagmháil le Clodagh.
mar shlí bheatha as a career
" Sa chomhthéacs seo is éasca a thuiscint cén fáth nach raibh daoine óga ag roghnú ghairm an iascaire mar shlí bheatha.
slí bheatha career
" Sa deireadh b'éigean do Emerson a phost a fhágáil agus slí bheatha mar scríbhneoir a thriail.
mar shlí bheatha as a career
" "Bhí an dá cheol *compatible*, chroith siad lámha áit éigin i mo chloigeann, ach níor thoisigh mé a smaoineamh ar an cheol mar shlí bheatha go dtí go raibh mé in Ollscoil na Ríona.
sos gairme career break
" Tá cónaí air in California i láthair na huaire, agus tá sos gairme dhá bhliain tógtha aige óna phost mar léachtóir le Gaeilge agus mar Stiúrthóir ar Ionad an nAmhrán in Ollscoil Luimnigh.
mar shlí bheatha as a career
" Ach leis an fhírinne a rá, tá dúil mhór againn a bheith ag seinm ceoil mar shlí bheatha.
In ainneoin a ghnóthaí is a bhí sé ina shlí bheatha despite how busy he was in his career
" " In ainneoin a ghnóthaí is a bhí sé ina shlí bheatha, deir Whitaker nach raibh sé chomh deacair sin cothromaíocht a fháil idir saol an teaghlaigh agus cúraimí stáit.
gairme career
" "Bím ag insint scéalta dóibh faoi Thuaim agus is minic anois iad ag fiafraí faoin 'scoil uafásach' sin ar a fhreastail mé!" Níor chuir taithí a chéad bhliana sa mheánscoil isteach ar an rogha a rinne sé ó thaobh gairme de agus cháiligh sé féin mar mhúinteoir bunscoile.
slí bheatha career
" AÓF: An éiríonn tú tuirseach den cheol ariamh? An bhfuil tú in ann an saol a shamhlú gan an ceol? SJW: Ní éirím! Níl mé in ann an saol a shamhlú gan an ceol! AÓF: Dhá mbeadh do shaol le caitheamh agat arís agus rogha agat teacht ar ais mar a theastaigh uait, an dtiocfá ar ais mar cheoltóir arís nó an bhfuil aon ealaín nó slí bheatha eile ba mhaith leat a thriail? SJW: Theastaigh uaim i gcónaí a bheith i mo thréidlia, mar is maith liom ainmhithe, ach chun an fhírinne a rá, tá mé breá sásta mar atá mé.
ghairm bheatha career
" Tá dream eile ann, gur mionlach iad, a bhfuil an spórt mar ghairm bheatha acu i slí amháin nó i slí eile.
mar ghairm bheatha as a career
" Tá an t-ádh dearg liom go bhfuil sé de sheans agam a bheith ag déanamh ceoil mar ghairm bheatha.
sos gairme career break
" Thóg mé sos gairme i mbliana chun an dlúthdhiosca a chríochnú.
sos gairme career break
" Thóg mé sos gairme sa bhliain 2000, agus d'fhan mé i gConamara agus i nGaillimh ar feadh sé mhí chun mo chuid Gaeilge a fheabhsú.
slite beatha careers
" Go dtí seo, tá beannachtaí, slite beatha, tíreolaíocht, cúpla amhrán agus uimhreacha déanta againn - gan trácht ar Oíche Shamhna.
gairm bheatha career
" "Meastar, de shíor, gur gairm bheatha na mban í an mhúinteoireacht, fiú sna hollscoileanna.
lena ghairm bheatha with his career
" Is léir fosta gur fear é atá sásta lena ghairm bheatha, cé go maíonn sé go modhúil nach bhfuil “cumas speisialta nó tallann aige”.
le slí bheatha a bhaint amach to have a career
" “Cheapas ag an am go mbeadh orm dul thar lear le slí bheatha a bhaint amach.
tslí bheatha career
" ” Bhí an-suim ag Seán riamh anall sa mhúinteoireacht ach, mar gheall ar chúrsaí airgid, níor éirigh leis dul leis an tslí bheatha sin.
ghairm career
" ” Ní dheachaigh sé leis an mhúinteoireacht mar ghairm ach fuair sé deis sa deireadh, mar sin féin, bheith ag múineadh na Gaeilge, teanga nach raibh aon teagmháil aige léi ar feadh daichead bliain.
slí bheatha career
" Níorbh í an chraoltóireacht an chéad réimse a roghnaigh sí chun slí bheatha a bhaint amach ann, áfach.
nach bhfanfainn sa ghairm sin that I wouldn't stay in that career
" “Chuaigh mé le bunmhúinteoireacht, is dócha, toisc go raibh sé san fhuil ach bhí a fhios agam nach bhfanfainn sa ghairm sin.
slí bheatha career
" Is cosúil go raibh/go bhfuil tuairimí láidre, cáinteacha aige freisin faoi imreoirí eile, faoi bhainisteoirí agus faoi dhaoine éagsúla eile a raibh baint acu leis an spórt a thug slí bheatha dó.
ina ngairm bheatha in their career
" D’fhéadfaidís a mhaíomh gur cuireadh cor leatromach ina gcinniúint ó tharla b’fhéidir nach bhfuair siad dóthain pointí le tabhairt faoina rogha cúrsa ollscoile, nach bhfuil siad sona sásta ina ngairm bheatha agus nach dtuilleann siad an oiread is a d’fhéadfaidís dá mba rud é gur bronnadh na marcanna orthu a bhí dlite dóibh.
réim career
" Ba chluiche reatha den chuid is mó an cluiche luath seo, ach tar éis gur athraíodh rialacha áirithe sa 20ú haois, leagadh níos mó béime ar shlacaíocht, agus cuireadh tús le réim na “Sluggers” mar Babe Ruth, Lou Gehrig, Joe Di Maggio, agus Mickey Mantle.
gairm bheatha thaitneamhach, nuálach, ardteicneolaíochta an enjoyable, innovative, high-technology career
" “Sílim gur seo ceann de na rudaí is mó a thugann ardú misnigh domsa, go bhfuil anois glúin óg tagtha ar an bhfód a fheiceann go bhfuil gairm bheatha thaitneamhach, nuálach, ardteicneolaíochta le baint amach sa nGaeilge agus gur féidir leat, nuair a thograíonn tú, imeacht ón nGaeilge agus siúl isteach in aon stáisiún teilifíse eile in aon áit ar domhan agus a mhacasamhail de phost a fháil.
réim career
" Cé go bhfuil sé ar shlí na *fírinne *(!) le ceithre bliana is fiche tá an-mhargadh ann, ní hamháin dá chuid pictiúr bréagach ach margadh chomh bríomhar céanna do na bréagphictiúir bhréagacha! An comhartha é seo go bhfuil deireadh le réim ealaíontóirí ar nós Hirst ó thaobh smaointe úra spreagúla a bheith acu nó ar chóir go mbeadh cead ag ealaíontóirí smaointe a thógáil ó shaothar daoine eile ar mhaithe le healaín “úr” a chruthú? An seadánachas agus gliceas mí-onórach atá ann nó gné nádúrtha de phróiseas na cruthaitheachta?*Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.
réimse leathan gairmeacha, a wide range of careers,
" Bhí cúrsaí athnuachana á reáchtáil san institiúid do dhaoine a bhain le réimse leathan gairmeacha, oibrithe sóisialta, múinteoirí agus daoine a bhí ag plé leis an leigheas ina measc.
slí bheatha rathúil a successful career
" ” Is iomaí duine nach n-éiríonn leis dhá thrá a fhreastal ach dealraíonn sé gur bean í Justine McCarthy a bhfuil éirithe léi slí bheatha rathúil a bhaint amach gan neamart a dhéanamh ina saol pearsanta ná sna daoine atá tábhachtach di.
gairmeacha beatha spreagúla agus fiúntacha stimulating and worthwhile careers
" Tá freagracht orainn a chinntiú go mbeidh gairmeacha beatha spreagúla agus fiúntacha ar fáil don chéad ghlún eile iarchéimithe, an dream sin atá díreach tar éis foirmeacha an CAO a chomhlánú.
slí bheatha den chineál céanna a similar career
" Tá a dheartháir Eli ag imirt mar *Quarterback* do na New York Giants, agus bhí deartháir eile, Cooper, ag pleanáil slí bheatha den chineál céanna go dtí gur leagadh é le tinneas.
sos gairme career break
" Tá seacht mbliana rite ó bhí sos gairme aige óna chuid cúraimí in Ollscoil Auckland, áit a bhfuil cúrsaí sa scríbhneoireacht chruthaitheach, agus litríocht na Nua-Shéalainne agus an Aigéin Chiúin á mbainistiú aige.
a shlí bheatha his career
" Is féidir a shlí bheatha agus cúrsaí thuas seal thíos seal a shaoil a fheiceáil sna féinphortráidí a rinne sé suas go dtí an deireadh.
mar ghairm as a career
" Ach níor bhreathnaigh Martin ar an cheol mar ghairm – bhí suim aige i gcúrsaí acadúla.
ag tógáil sos gairme, taking a career break,
" Agus múinteoirí ag dul ar scor, ag tógáil sos gairme, ag filleadh ar an staidéar nó ag imeacht le gairm eile, is cinnte go mbeidh idir céad agus 150 múinteoir de dhíth gach bliain sa chóras scolaíochta lán-ghaelaí.
ag imeacht le gairm eile, opting for another career,
" Agus múinteoirí ag dul ar scor, ag tógáil sos gairme, ag filleadh ar an staidéar nó ag imeacht le gairm eile, is cinnte go mbeidh idir céad agus 150 múinteoir de dhíth gach bliain sa chóras scolaíochta lán-ghaelaí.
an ghairm sin. that career.
" Tosaíonn de Barra ar an oilithreacht i ndiaidh dó éirí as an ghairm sin.
ar a suaimhneas ar fad lena slite beatha. totally at ease with their careers.
" Castar daoine gairmiúla air atá ina suí go te ach nach bhfuil ar a suaimhneas ar fad lena slite beatha.
ina shlí bheatha, in his career,
" Thosaigh sé ag péintéireacht go lánaimseartha dhá bhliain ina dhiaidh sin agus cuideoidh an deontas $25,000 atá faighte aige ó Fhondúireacht Pollock-Krasner go mór leis ina shlí bheatha, chomh maith le haitheantas tábhachtach a thabhairt dó i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ar fud an domhain.
slí bheatha career
" ” **Neamhspleách mar dhuine**Cé nár rith sé le hIzabela Zabkowice Slaskie a fhágáil le linn a hóige bhí tréithe aici a bheadh ag teastáil ó dhuine chun a thír a thréigean agus slí bheatha a bhaint amach sa teilifís.
gairm bheatha eile another career
" Bhí gairm bheatha eile aige chomh maith, mar léiritheoir amharclainne a léirigh saothair ardchaighdeáin.
deireadh brónach le gairm amhra. a sad end to a distingushed career.
" An bhfuil an rud céanna i ndán do Bertie Ahern tar éis dó an cineál céanna ráitis a dhéanamh? Dealraíonn sé anois go mbeidh ar Ahern éirí as a phost agus é a fhágáil faoi scamall – deireadh brónach le gairm amhra.
ina gcuid gairmeacha. in their careers
" Dáréag atá i gceist, ar mná ar fad iad - mná a raibh ardoideachas orthu, mná de chuid na meánaicme, mná a raibh roghanna acu agus mná atá, den chuid is mó, níos sine ná daichead bliain d’aois agus socair ina gcuid gairmeacha.
mar ghairm bheatha! as a career!
" Níl mórán daoine sa saol seo ar féidir leo a rá gur thaistil siad an domhan ar luamh, agus ansin, tar éis dóibh filleadh óna gcuid eachtraíochta, go ndeachaigh siad leis an bpuipéadóireacht mar ghairm bheatha!Ach sin mar a tharla do Dharach.
go rachainn leis an bhfuirseoireacht mar ghairm that I would go with comedy as a career
" “Bhí mé an-tógtha le drámaíocht agus mé ar an ollscoil, ach fós féin ní raibh a fhios agam ag an am sin go rachainn leis an bhfuirseoireacht mar ghairm bheatha.
ina ghairm in his career
" ** ** **Ceannródaí**Rugadh Julian Opie i Londain agus is céimí é de chuid choláiste ealaíne Goldsmiths, áit ar bhain sé aitheantas amach dó féin go luath ina ghairm as ucht a chuid ceannródaíochta.
dá sheal imeartha féin his own playing career
" Cén duine ciallmhar a bheadh ag iarraidh a bheith ina bhainisteoir ar fhoireann peile nó iománaíochta nó a leithéid ar na saolta seo? Cén cineál duine nár mhiste leis dá ndéanfaí mionanailís agus plé ar a raibh déanta aige gach seachtain sna meáin chumarsáide – na saineolaithe ar an bpainéal, na hiománaithe ar an gclaí, blagodóirí na ríomhairí glúine agus téacsóirí an domhain mhóir ag caint faoi? Amadán, b’fhéidir, nó fealsamh nó fanaiceach, nó gnáthdhuine, seans, ar mian leis a bheith páirteach i gcúrsaí spóirt i ndiaidh dá sheal imeartha féin teacht chun críche.
an phríomhghairm the main career
" ” Is í an aisteoireacht an phríomhghairm a bhfuil Carrie ag díriú uirthi le dornán blianta anuas agus tá sé i gceist aici cloí leis an obair sin san am atá romhainn fosta.
an ghairm sin that career
" ” Tar éis di trí bliana a bheith tugtha aici mar mhúinteoir, d’fhág Carrie an ghairm sin ina diaidh i 1988 agus fuair post in *pizzeria*.
slí bheatha dheas an phinn the nice career of the pen
" Tá airgead mór ag a céile, tá bréagán de pháiste aici féin agus slí bheatha dheas an phinn aici lena cuid ama a mheilt.
gairmeacha taitneamhacha dúshlánacha enjoyable challenging careers
" Tá iarchéimeanna lán-Ghaeilge Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, deartha le forbairt leanúnach ghairmiúil agus le scileanna praiticiúla agus acadúla na rannpháirtithe a threisiú agus iad a ullmhú do na gairmeacha taitneamhacha dúshlánacha atá ar fáil dóibh.
deiseanna fostaíochta agus gairme employment and career opportunities
" Tá na deiseanna fostaíochta agus gairme atá ar fáil do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu ag leathnú de shíor, go háirithe mar gheall ar an bhfás sa Ghaelscolaíocht agus sna healaíona trí mheán na Gaeilge, gan trácht ar an stádas breise atá ag an nGaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus san Aontas Eorpach.
gairm bheatha career
" ” Cibé ar bith, chuaigh gairm bheatha Strong ó neart go neart i ndiaidh dó bualadh le David Rockefeller.
gairm chiallmhar sensible career
" Rachaidh siad chun na hollscoile; bainfidh siad céimeanna amach; rachaidh siad le gairm chiallmhar inphinsin.
mar ghairm as a career
" Toisc go raibh traidisiún láidir saorálaíochais ina teaghlach, níor smaoinigh Roche riamh ar dhul le hobair shóisialta mar ghairm i ndiaidh di an scoil a fhágáil.
rogha ghairme a career choice
" Tá ag teip fosta le haon iarracht atá ar bun ag an Roinn Oideachais agus ag na Coláistí Oiliúna íomhá na bunmhúinteoireachta a athrú mar gur léir go n-amharctar air go fóill mar rogha ghairme do mhná amháin.
ghairmthreorach of career guidance
" Seans gur cheart clár cuimsitheach ghairmthreorach a bhunú le hiarracht a dhéanamh an bhunmhúinteoireacht a dhéanamh níos tarraingtí do scoláirí dara leibhéil.
gairm bheatha a career
" D’imir Aisake Aussie Rules, díreach mar atá á dhéanamh ag Setanta ó d’fhág sé Éire tuairim is sé bliana ó shin chun gairm bheatha sa spórt sin a bhaint amach dó féin.
sos gairme career break
" “Mar a bhí á rá agam, táim chun saoire gan phá a thógáil – tá sos gairme á mholadh acu san earnáil phoiblí faoi láthair agus is maith an chiall dom é sin a dhéanamh anois fad is atá na cailíní óg agus suíochán agam sa Seanad.
sos gairme career break
" Tar éis fiche bliain a chaitheamh i mo mhúinteoir i mBaile Átha Cliath, shocraigh mé sos gairme a ghlacadh sa bhliain 2000 agus teacht go Páras.
ghníomhréim career, projections
" Maraíodh na céadta míle duine; chuaigh an fhuath i dtaobh na Breataine sna tíortha Ioslamacha i méid; rinneadh dochar don chomhaontas idir an Bhreatain agus an Eoraip; Agus tarraingíodh míchliú ar oidhreacht Blair agus ar ghníomhréim a pháirtí.
tslí bheatha career
" Chomh maith leis an méid sin, is deis mhór foghlamtha ó thaobh an oideachais é, ar ndóigh, inar féidir leis an duine óg neart a fhoghlaim faoin tslí bheatha ar mhaith leis a bhaint amach ar ball.
tslí bheatha career
" 
Ba léir nach raibh a fhios ag Collins óg cad é an tslí bheatha a bhí de dhíobháil air.
ina slí bheatha in their careers
" Is mór an t-aitheantas a thugann an gradam seo d’ealaíontoirí óga chomh maith le céim chun tosaigh ina slí bheatha.
A Saol Gairmiúil her professional career
" Is rud an-deacair é seo a dheánamh agus mothaím go bhfuil sé ar nós a dialann phearsanta a oscailt don saol mór agus go léann sí na sonraí uile amach os ard do gach éinne! A Saol Gairmiúil ======== Ó shin i leith, tá dhá cheirnín taifeadta aici.
raibh a sheal pócair was his poker career
" Coinnigh an Cloigeann ======== Agus an bhua seo aige bhí mé fiosrach an raibh a sheal pócair tugtha aige anois nó an bhfuil níos mó pócar ar intinn aige? “Bhuel is dóigh le dhá bhliain anuas tá mé ag feidhmiú go leathphroifisiúnta ach leis an bhua dochreidte seo tá i bhfad níos mó deiseanna curtha ar fáil dom páirt a ghlacadh i gcúrsaí pócair go hidirnáisiúnta agus a bheith fostaithe go lánaimseartha le cluiche a chuireann gliondar i mo chroí i gcónaí.
shos gairme career break
" Tá Neasa Ní Chinnéide ar shos gairme faoi láthair óna post mar Cheannasaí Rannóg na gClár Gaeilge in RTÉ.
go n-éireoidh leis gairm a bhaint amach that he'll mangage to get a career
" Tá mac óg Tony Birtill ag traenáil le foireann phroifisiúnta sacair faoi láthair ach tuigeann Tony nach ionann sin is a rá go n-éireoidh leis gairm a bhaint amach sa spórt sin.
Caidréim the football career
" Caidréim Johnny Giles, nó Caidréim Uí Ghlaisne atá dá moladh ag Colm Mac Séalaigh san alt seo, adhmholadh a tuilleadh go breá ar pháirc na himeartha agus ar an líne sleasa in imeacht na mblianta.
saol an oide his career in teaching
" Cheistigh sé é faoin bhreac-Ghaeltacht, a chnuasach béaloidis agus ceoil, An Cumann Lúthchleas Gael, saol an oide agus faoi Fhéile an Oireachtais go háirithe.