"Buíochas le Dia, le Bertie agus le Máirtín Ó Coillín (san ord sin)," a ghuíonn Balor, "gur caitheadh an vótáil leictreonach amach ar an charn aoiligh.
Nuair a labhair Balor Fáidh leo níor éist siad lena fhírinne ghlan, agus ní dhearna siad beart de réir a bhriathair, agus chruaigh siad a gcroí agus chaith maslaí leis agus clocha agus cnagáin cháidheacha as cairn aoiligh.
Seo an dóigh ar tharla sé: Samhradh amháin d’iarr sé orm aire a thabhairt dá chuid cabáistí orgánacha a bhí ag fás aníos as carn aoiligh taobh thiar dá theach, ’fhad agus a bheadh sé féin ar shiúl ar saoire ag déanamh staidéir ar éifeacht na muilte gaoithe i nGaineamhlach an Ghobi.