Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lucht díolta carranna athláimhe second-hand car sellers
" Ach sin ráite, tá ceisteanna le freagairt ag an triúr, agus bíonn cuma lucht díolta carranna athláimhe ar urlabhraithe Shinn Féin bunús an ama agus iad faoi agallamh faoin chás.
ag scriosadh carranna destroying cars
" Thugadar ruathar faoi chuid de na bruachbhailte cois trá in oirthear agus i ndeisceart Sydney, ag scriosadh carranna agus ag ionsaí daoine.
fir cromtha ar chúl carranna men bent behind cars
" Go tobann bhí póilíní ar fud na háite, fir cromtha ar chúl carranna le raidhfilí agus teileascóip orthu, na comharsana ag gliúcaíocht trí bhearnaí sna cuirtíní, daoine ag siúl thart le ceamaraí, ní mé ar iriseoirí iad—bhí siadsan ann ina dtáinte, ar ndóigh, lucht teilifíse agus araile.
bheadh rás carranna buaite a car race would be won
" Mar shampla, bheadh rás carranna buaite nó bheadh na heachtráin ar fad dúnmharaithe.
agus gur báistíodh ainmneacha aite ar na carranna bochta and that the poor cars were christened strange names
" Is cinnte nach bhfuil na figiúirí seo ach go measartha (agus gur báistíodh ainmneacha aite ar na carranna bochta), ach is leor iad le mórán gearrthuras laethúil a dhéanamh.
rud a mheallfaidh tuilleadh carranna which will attract more cars
" Níl seachtain ann nach mbíonn scéal nuachta ann faoin mhótarbhealach seo nó an seachbhóthar siúd bheith á oscailt – rud a mheallfaidh tuilleadh carranna ar na bealaí agus a chuirfidh lenár n-aschur carbóin.
carranna ar a dtaobh deas cars on their right-hand side
" Bíonn scátháin fheithicil roth stiúrtha ar chlé curtha in oiriúint do na bóithre thall san Eoraip, agus mar sin de, bíonn sé deacair do na tiománaithe carranna ar a dtaobh deas a fheiceáil agus iad ag tarraingt amach le dul thar fheithiclí eile.
chun a gcuid carranna a threorú to direct their cars
" Ní hamháin go bhfuil úsáid mhíleata á baint astu le haghaidh spiaireachta, ach tá siad á n-úsáid go forleathan ag an bpobal sibhialtach chun a gcuid carranna a threorú leis an gcóras suite domhanda (GPS).
dhíoltóirí carranna athláimhe second-hand car salesmen
" Más fíor do na suirbhéanna faoi dhearcadh na nAstrálach i leith na ngairmeacha éagsúla – a fhoilsítear sna meáin abhus go rialta – tá drochmheas ag muintir na tíre seo ar pholaiteoirí, mar atá acu ar dhlíodóirí, ar dhíoltóirí carranna athláimhe agus, sa lá atá inniu ann, ar lucht na teileamhargaíochta.
carranna armúrtha. armoured cars
" Níorbh fhada go raibh an teach paidreoireachta timpeallaithe ag tancanna agus carranna armúrtha.
cnap carranna very many cars
" Ag a cúig a chlog ar an phointe, líontar na sráideanna le cnap carranna.
carranna dóite cars burned
" Nuair a bheadh na carranna dóite, bheifeá ag tiomáint tríd an luaithreach agus iad te.
carranna le thine cars which are on fire
" Bhí an dá choinín seo dallta, ní ag ceannsoilse cairr ach ag an solas a éiríonn as carranna le thine, le pléascadh na mbuamaí peitril agus le solais ghorma jípeanna an PSNI.
neart carranna plenty of cars
"neart carranna 4x4 ar na bóithre nach bhfuil mórán maitheasa iontu le tiomáint easbhóthair a dhéanamh.
carranna athláimhe secondhand cars
" Ní bhíonn mórán difir eatarthu sa luach, ach tagann titim bheag ar luach carranna athláimhe a mbíonn cláruimhir 131D orthu.
roinnt mílte carranna some thousands of cars
" Beidh roinnt mílte carranna i gceist as gach cearn den tír.
tharla go mbíonn carranna siúlach cars are on the move
" B’fhéidir, chomh maith leis sin, gur feiceálaí an carr ná an siopa, an caifé nó an oifig chomhlachta, tharla go mbíonn carranna siúlach, ag imeacht thart ó áit go háit, feicfidh daoine go leor é, cúl an chairr go háirid.
bhfuil ag teip ar dhíolacháin carranna nua new car sales are failing
" An fáth gur baolach áirid é an branda a thabhairt ar ais go hÉirinn, go bhfuil ag teip ar dhíolacháin carranna nua de gach aon chineál sa tír seo agus ar fud an domhain faoi láthair.
carranna gréine solar cars
"carranna gréine ag éirí níos éifeachtaí ach beidh sé tamall maith sula mbeidh siad á n-úsáid go forleathan, dar le Dáithí Ó Colchúin.
a gcuid carranna a fhágáil sa chabhsa to leave their cars in the driveway
" Ach fós féin, dar le Brian Ó Broin, níl na Meiriceánaigh sásta – nó in ann – a gcuid carranna a fhágáil sa chabhsa.