Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Chartlann Náisiúnta National Archives
" Ach ní i mí an Aibreáin a aimsíodh an fhianaise seo sa Chartlann Náisiúnta agus ní hé Michael Heney a d'aimsigh í.
Cartlann cheoil Music archive
" Cartlann cheoil ollmhór a chruthaítear i ndáiríre agus tá na comhlachtaí ceoil anois ag iarraidh airgead a ghnóthú as an gcoincheap seo.
cartlann ceoil music archives
" Chuir an clár sin scanradh ar na comhlachtaí ceirníní toisc gur chuir sé ar chumas daoine a gcuid cartlann ceoil a roinnt agus ceol a chur ar fáil saor in aisce.
cartlann ollmhór scannán a major film library
" I 1979, bhunaigh sé cartlann ollmhór scannán agus thug deis do stáisiúin teilifíse teidil a fháil ar cíos ar an choinníoll go gcraolfadh siad fógraí a cheannódh siad trí fhochuideachta dá chuid, Publitalia.
cartlann archive
" Is forbairt an-tábhachtach dar linn an suíomh gréasáin nó tugann sé deis dúinn freastal níos fearr a dhéanamh ar phobal na Gaeilge - tá an clár raidió laethúil ar fáil ansin 24 uair sa lá, tá cartlann de na míreanna raidió is fearr agus réimse maith d'ábhar nach iad.
chartlann archive
" Tá a cuid eolais agus a cuid foinsí faighte aici ón leabharlann, ón chartlann, ón traidisiún béil, óna bailiúchán príobháideach féin, ó thaifeadtaí, ó nuachtáin áitiúla, agus ó roinnt foilseachán.
an gCartlann Náisiúnta The National Archives
" I 1986 thug Garret Fitzgerald bille maidir leis an gCartlann Náisiúnta isteach sa Seanad, seachas sa Dáil, ach ar an iomlán is go heisceachtúil a dhéantar é seo.
cartlann archive
"cartlann thar a bheith luachmhar curtha ar fáil againn do na glúnta Gael amach anseo.
chartlann archive
" Shocraigh mé dul ar ais sa chartlann agus gach teachtaireacht a bhí seolta roimhe sin a léamh.
chartlann fuaime sound archive
" Tá dhá chlár á reáchtáil againn i láthair na huaire, ceann amháin acu clár fostaíochta pobail atá ag déanamh digitiú ar chartlann fuaime Raidió na Gaeltachta agus, chomh maith leis an obair a dhéanann na rannpháirtithe, cuirtear cúrsaí oiliúna ar fáil dóibh atá dírithe ar na riachtanais fhostaíochta agus shóisialta atá acu.
cartlann archive
" "Tá saghas taisce nó cartlann curtha le chéile againn.
chartlann archive
" Faigheann siad a lán fiosrúchán ó Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi shinsir daoine agus beidh na rollaí agus an chartlann uilig ar ríomhaire san ionad nua, agus beidh cartlannaí ann le cuidiú a thabhairt do chuairteoirí.
an chartlann mionteanga is mó ar domhan the biggest minority language archive in the world
" Is ag RTÉ Raidió na Gaeltachta freisin atá an chartlann mionteanga is mó ar domhan.
chartlann archive
" AÓF: Na grianghrafanna ar fad, an as Taisce Cheol Dúchais Éireann a tháinig siad sin? AÓC: Ní hea, ó chartlann Ghael Linn.
an tÚdarás Náisiúnta Cartlann agus Taifead The National Archives and Records Administration
" " Tá na seoda seo, agus tuilleadh, curtha faoi bhráid an phobail ag an scoláire uachtaránachta James Warren, atá ag scríobh amach an ábhair atá ar na téipeanna seo de chuid Nixon, a bhí rúnda tráth, ó thosaigh an tÚdarás Náisiúnta Cartlann agus Taifead á gcur ar fáil don phobal ó bhí 1996 ann.
cartlann luachmhar a valuable archive
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis AnBL? Is iad cumas, saineolas, agus breithiúnas na foirne na nirt is tábhachtaí atá ag an Bhrainse; tá beagnach ochtó bliain de thaithí taighde ar logainmneacha ann agus cartlann luachmhar ina bhfuil na mílte foirmeacha stairiúla de logainmneacha as gach contae sa tír, theas agus thuaidh.
stoc cartlainne archive stock
" Ar nós "Family at War" bhí an tsraith ar Ó hEochaidh snasta agus baineadh úsáid dheas as stoc cartlainne.
cartlann pictiúr archive of pictures
" Tá an fhadhb seo furasta go leor a réiteach le treoir, b’fhéidir, ach cad a dhéantar leis na céadta grianghraf seo ansin? An fiú iad uilig a choinneáil? Gan amhras tá cartlann pictiúr tábhachtach agus is stór luachmhar atá ann ar go leor cúiseanna, ach tá sé riachtanach scagadh a dhéanamh ar chartlann agus grianghraif laga a scrios.
cartlann pictiúr archive of pictures
" Tá an fhadhb seo furasta go leor a réiteach le treoir, b’fhéidir, ach cad a dhéantar leis na céadta grianghraf seo ansin? An fiú iad uilig a choinneáil? Gan amhras tá cartlann pictiúr tábhachtach agus is stór luachmhar atá ann ar go leor cúiseanna, ach tá sé riachtanach scagadh a dhéanamh ar chartlann agus grianghraif laga a scrios.
ábhar cartlainne archive material
" Tá idir ábhar cartlainne, agallamh leis an aoi féin agus léirmheasanna ó chéilí comhraic agus ó thráchtairí i ngach clár.
Cartlann Cheol Thír Chonaill the Donegal Music Archive
" Tá sé mar sprioc ag Cartlann Cheol Thír Chonaill go mbeidh daoine in innimh dul isteach chucu roimh i bhfad agus am a chaitheamh go socair ag éisteacht leis na seancheoltóirí nó na seanchaithe agus iad i mbun a gceirde.
Cartlann Cheol Thír Chonaill the Donegal Music Archive
" Tá sé mar sprioc ag Cartlann Cheol Thír Chonaill go mbeidh daoine in innimh dul isteach chucu roimh i bhfad agus am a chaitheamh go socair ag éisteacht leis na seancheoltóirí nó na seanchaithe agus iad i mbun a gceirde.
chartlann archive
" Chaith go leor de na grianghrafadóirí tréimhsí, idir ghairid agus fhada, sa tír seo agus thóg siad na mílte pictiúr, atá anois sa chartlann seo.
cartlann de gach uile dhlúthdhiosca a eisíodh riamh an archive of every CD ever released
" Ar ár siúl dúinn síos an halla rinne sé iontas den mhéid dlúthdhioscaí a bhí sa teach, ar sheilfeanna ar an dá thaobh dínn, sa chistin freisin, tuilleadh seilfeanna lán leo, cófraí, seastáin greamaithe den bhalla, bhí siad carntha ar an gcuisneoir—thug me gloine bhainne dó agus rinne sé ceapaire dó féin—agus ar an inneall níocháin, leath an bhoird tógtha acu, dhá stól, go fiú ar leac na fuinneoige sa leithreas—rinne sé mún—agus túrbhloic díobh i ngach cúinne sa chistin, ar dhá thaobh an dorais, taobh istigh agus taobh amuigh sa halla, sa spás faoin staighre agus sa seomra suí—bhí siad i ngach áit, gan an balla le feiceáil acu ach anseo is ansiúd, dlúthdhioscaí, a dúirt sé agus shéid sé anáil amach le teann sásaimh, dlúthdhioscaí, nach iontach é? Ina shuí ar an tolg—bhí air scíth a thabhairt do na seanchnámha, mar a deir sé féin—dúirt sé gur chuimhin leis a óige, gurbh é a aisling leabharlann cheoil a bheith aige, sa bhaile, cartlann de gach uile dhlúthdhiosca a eisíodh riamh, in aon seomra amháin aige, seomra stórais nó garáiste mór ar chúl an tí.
ag tógáil leabharlainne agus cartlainne building a library and an archive
" Tá muid ag reáchtáil cúrsaí ar gach gné den chultúr agus ina theannta sin tá muid ag tógáil leabharlainne agus cartlainne faoin gcultúr céanna.
geallta don chartlann nua promised to the new archive
" AÓF: An bhfuil ábhar bailithe agaibh cheana féin lena haghaidh? DdeB: Tá cuid de na bailiúcháin seo geallta don chartlann nua cheana féin agus tá fochoiste ag obair ar an mbailiúchán ar an mbonn sin.
ábhar ón gcartlann seo material from this archive
" AÓF: An bhfuil aon seans go mbeidh ábhar ón gcartlann seo ar fáil ar an idirlíon amach anseo? Chabhródh sin le lucht taighde, ar ndóigh, agus shroichfeadh sé pobal níos leithne.
ábhar a thairiscint don chartlann to offer material to the archive
" AÓF: An féidir leis an bpobal tacú leis an tionscadal ar aon bhealach nó ábhar a thairiscint don chartlann? DdeB: Fáiltíonn muid i gcónaí roimh gach cúnamh agus tá an-spéis againn cloisteáil ó éinne a bhfuil ábhar cartlainne aige, nó fiú seoltaí daoine ar cheart dúinn teagmháil a dhéanamh leo.
ábhar cartlainne archival material
" George Morrison a bhí ina léiritheoir agus bhain sé úsáid fhorleathan as ábhar cartlainne chun an scéal a ríomh.
cartlann na hiarsmalainne archives of the museum
" Bhí Drewe chomh maith sin ag cur dallamullóg ar dhaoine gur éirigh leis fáil isteach chuig cartlann na hiarsmalainne Victoria agus Albert, agus cartlann na hiarsmalainne Tate, le tuairiscí bréagacha ar a gcuid pictiúr a chur isteach i measc na gceann dlisteanach.
idirghníomhaíocht agus cuardach cartlainne interactivity and arhive searching
" Is iomaí buntáiste atá ag seirbhísí ar líne nach bhfuil ag an nuachtán clóite – idirghníomhaíocht agus cuardach cartlainne ina measc.
sa chartlann fuaime agus físe in the sound and vision archive
" Maireann lorg a láimhe ní hamháin sa chartlann fuaime agus físe a choimisiúnaigh sé ach, níos tábhachtaí fós, i misean Gael Linn, an t-eagras a chomhbhunaigh sé agus lenar chaith sé a shaol oibre.
sa gcartlann fuaime in the sound archive
" Tá mé thar a bheith buíoch, mar sin, de Catherine McGuinness, thar a bheith buíoch de Chathal Goan, Malachy Moran sa gcartlann fuaime istigh ansin (in RTÉ) agus go leor leor daoine eile.
ag cur cartlann luachmhar ar fáil providing a valuable archive
" An rud is iontaí faoi shraith mar *Sé mo Laoch* ná go bhfuilimid ag cur cartlann luachmhar ar fáil i rith an ama; cartlann de mhuintir na hÉireann agus de cheoltóirí na hÉireann.
Chartlann archive
" Is féidir dul i dteagmháil leis an Chartlann: cartlann@yahoo.
chartlann archive
" Bíonn an nuachtán ar fad ar fáil beo chuile mhaidin agus tá a chartlann ar fáil ar praghas.
cartlanna archives
" It’s all they have, the only mirror where they can see the other who might be a stranger to them…* Rinne Mary go leor taighde sna leabharlanna agus sna cartlanna don scéal ríspeisiúil seo.
seancharn cartlainne réigiúnda éigin some old local archival heap
" Mhaígh Foucault os ard ina staidéar cáiliúil ar an gcarcair go bhféadfaí anam síoraí an duine dhaonna a fheiceáil i measc seancharn cartlainne réigiúnda éigin.
chartlann archive
" Tá feidhmchláirín 4OD ann atá go hálainn ar fad a ligfidh duit breathnú siar ar chartlann a stáisiúin idir CHannel 4, More4 agus e4.
gcartlanna archives
" Mar gheall air sin, d’fhág sé bailiúchán luachmhar ina dhiaidh, a bhfuil leabhair Ghaeilge ann nach bhfuil ar fáil i gcartlanna ná i leabharlanna na hÉireann – leabhair do pháistí, mar shampla.
Chartlann archive
" **SÓC: An raibh mórán lámh agat i mbunú Chartlann Cheoil Chill Chartha?** MMGE: Is mé féin a bhunaigh Cartlann Cheoil Chill Chartha.
Saibhreas na Cartlainne the wealth in the archive
" Saibhreas na Cartlainne ============ **SMM: Bhí cláracha i bhfad siar ar nós Fios Farraige, Leagan Cainte, Cláracha an Oireachtais, Léachtaí Uí Chadhain, Léachtaí Chumann Merriman atá sa Chartlann anois.
ina bhfuil cartlann mhór oideas where there’s a large archive of menus
Chartlann Náisiúnta national archve
" Caithim trí lá sa Chartlann Náisiúnta i mí na Nollag gach bliain ag treabhadh fríd cáipéisí stáit a scaoiltear saor tríd an riail 30 bliain.
cartlann chuimsitheach d'agallaimh a comprehensive archive of interviews
"cartlann chuimsitheach d'agallaimh, de dhíospóireachtaí, de bhéaloideas agus de thuairiscí nuachta bailithe ag Raidió na Gaeltachta le dhá scór bliain anuas.
chartlanna na nuachtán Béarla the English language newspaper archives
" Cumarsáid Eile ar Fad ========= Tá cuid den locht ar scoláirí agus ar thráchtairí na Gaeilge ar ndóigh a bhíonn ag brath cuid mhaith ar chartlanna na nuachtán Béarla.
Cartlann Thoirtiúil Ábhair a substantial archive of material
" Cartlann Thoirtiúil Ábhair ======== Tá todhchaí na meán Gaeilge idir dhá cheann na meá agus an t-alt seo á scríobh agam.
sa Chartlann Náisiúnta in the national archive
" Chonaic mé léiriú eile de shiléig Roinn na Gaeltachta ina gcuid dualgais i leith nochtadh faisnéise i mí na Nollag seo caite nuair a bhí mé ag obair sa Chartlann Náisiúnta ag scrúdú cáipéisí stáit a bhain le 30 bliain ó shin.
Ní mó ná sásta a bhí foireann na cartlainne the archive staff were not too pleased
" Ní mó ná sásta a bhí foireann na cartlainne faoi seo.
cartlann an archive
" aspx) atá san áis nua, chomh maith le cartlann den Irish Post ó bhliain a bhunaithe, 1970.
i gcartlann ar líne na hirise in the magazine’s online archive
" Tá tuairim is 3,339 alt ar fáil ar iompú do bhoise i gcartlann ar líne na hirise.
ag tochailt sna cartlanna digging in the archives
" Bhain mé sásamh as an gcúram a bhí orm le roinnt blianta anuas, a bheith ag tochailt sna cartlanna le haghaidh míreanna spéisiúla sna meáin chlóite i nGaeilge agus bhíodh fáilte i gcónaí roimh an íocaíocht a thugtaí dom as mo chuid oibre.
feasta ar an chartlann luachmar in future to the precious archive
" Fágfar Beo! ar líne don am atá romhainn sa chruth go mbeidh fáil ag cách feasta ar an chartlann luachmar atá cnuasaithe thar na blianta ann.
chartlann abhus the archive on this site
" Is buíoch beannachtach sinn de, siocair fáil a bheith ar an saibhreas sin feasta sa chartlann abhus.
Chartlann archive
" Léiríonn comhaid stáit atá díreach scaoilte saor anois faoin ‘riail tríocha bliain’ ag an Chartlann Náisiúnta go raibh seachadadh litreacha le seoltaí Gaelacha ina chonspóid idir údaráis phoist na hÉireann is na Breataine ag deireadh na seachtóidí.
Chartlann Náisiúnta National Archive
" Nochtann Breandán Delap a bhfuil i gcomhaid an rialtais sa Chartlann Náisiúnta mar gheall ar chás stairiúil dlí a reáchtáladh tríocha bliain ó shin.