Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Casadh na séasúr The turning of the seasons
" Casadh na séasúr, an nádúir, an dúchais agus an chultúir ina roithleán ar thuirne na beatha! Tá an oiread sin féilte ceoil anois ann is go bhféadfá an samhradh ar fad a chaitheamh ag dul ó cheann go ceann agus tá daoine ann a dhéanann a leithéid.
caitear casadh ar an mBéarla one must resort to English
" Is féidir gach gnó a dhéanamh san oileán trí mheán na Gaolainne, ach caitear casadh ar an mBéarla chun aon ghnó a dhéanamh lasmuigh den oileán nó leis an rialtas.
ag casadh coirnéil turning a corner
" Nár mhill sí ceann de na gúnaí liathchorcra áille sin (na cinn a chaitheann sí os comhair na gceamaraí i nDáil Éireann) nuair a dhoirt sí a pionta agus í ag casadh coirnéil? Tá muid thar a bheith buíoch den Aire as aird mhuintir na hÉireann a tharraingt ar an chontúirt seo.
ach go bé gur casadh Máire uirthi only for she met Máire
" Ní raibh post faighte ag Dervla go fóill agus ach go bé gur casadh Máire uirthi bheadh sí ina suí suas ina tóiteog agus gan focal aici le héinne ó dhubh go dubh.
Casadh saoithiúil eile another peculiar twist
" Casadh saoithiúil eile atá ann ná gur as tuaisceart Shasana cuid den dream seo.
casadh twist
" (Is cuimhin liom go maith ollamh de chuid na háite a casadh orm sna hochtóidí a bheith ag tabhairt amach faoi Ó Searcaigh de bharr, dar leis, go raibh sé an-leisciúil.
Ba ghnách linn casadh le chéile we used to meet
" "Ba ghnách linn casadh le chéile ag cruinnithe d' eaglaisigh agus bhí seirbhís mhór idireaglasta sa Hyde Parish Church of England nuair a tháinig an scéal faoi Shipman amach ar dtús.
casadh ar a chéile muid we met
" Cuireadh chun dinnéir a thug sé dom agus casadh ar a chéile muid sa bhialann is ansa leis in Éirinn: TGI Friendly.
casadh twist
" Nó mar a d'fhógair Jan, bean Ivor, tar éis daoibh an casadh áirithe seo a phlé, seo díoltas Dé as an Droichead mallaithe sin a thógáil! Is go mear ocrach a leanann tú ar aghaidh ar Bhealach a Sé, thart le Rainbow Valley, páirc mhór siamsaíochta a baisteadh as teideal leabhair eile de chuid Montgomery.
castaí úra new turns
" * Gluais • Glossary fáilteachwelcoming iontach fiafraitheachvery inquisitive lochtblame a mhalairt ar fadquite the opposite le haoibh an gháirewith a smile fial lena ndáimhgenerous with their affection croíúilcordial cumannfriendship luachmharvaluable tá dúil mhór agamI really like saoithiúlachtoddness snagcheol preabach an tráchtathe throbbing jazz of the traffic mo chéadfaímy senses ricseánnarickshaws gíoscánsqueaking uchtógabumps ag spréachadhspluttering pléascántaexuberant dordándrone siamsánhumming crónánmurmuring rosc ceoilrhapsody clapsholastwilight mheasfáyou would think searradhstretch fonn súchaitetrite melody solúbthaflexible spleodrachboisterous castaí úranew turns tromchúiseachimportant, weighty ag súgaíochtmaking merry gan spionnadhwithout vigour spreang spreagthaimpulse to inspire a dtiúin dhiamhair féintheir own mysterious tune rúndasecret léargasinsight mo thriallmy journey gaosánnose i dtólamhalways do chuid rámhaí a ligean le sruthletting your oars go with the flow i mbéal na séibesuddenly ní aimseoidh duine é féin go deoa person will never find himself balcóiníbalconies glas olóigeolive green stainnínístands síodasilk cadáscotton glébright gleoitepretty seodajewels tráchtáilcommerce dronggang an dubh a chur ina gheal ortto bamboozle you stuaicsullen appearance dreach diúltacha negative appearance a ndíograistheir enthusiasm a gcuid pionsúr amplachtheir greedy pincers téann siad i bhfostú ionatthey become entangled in you deilín na mbacachthe rigmarole of the tramps ag margáil leatbargaining with you ag dréim leatexpecting you a athrachany better bratógrag in aicearracht aimsirein a short period of time amhrasachsuspicious tuahatchet mangairísellers seálta ollawool shawls fidileachafiddles saoltachtwordliness spioradáltachtspiritiuality neamhchoireachinnocently manaslogan teachtairímessengers smailcmouthful dúidíní draíochtamagical clay pipes smálblemish clúreputation eiteogawings áras mórluachachimportant dwelling beadaíconceited tíorántatyrannical ceannsmachtupper hand daonlathasdemocracy éileamhdemand go slachtmharneatly neartplenty giollaservant ordúilorderly fairsingspacious fionnuarcool babhta trom meitifisicea heavy session of metaphysics toiteachsmoky mífholláinunhealthy truaillithe go holcbadly polluted galsteam ag sceitheadh ina scamaill dhubha ghalrachaescaping in black sickly clouds stúrdust ina phlá phlúchtachin a suffocating plague sceadamáinthroats scamhógalungs cársánachwheezy screamh ghlas sheileogachgreen salivary scum ag spaisteoireacht thartstrolling around gnúisface gnaíúilcomely ag rúscadhrummaging i gcarn bruscairin a pile of rubbish áilleagántrinket séarachassewerage bradaílpilfering lena ruaigeadh as bealachto drive them out of the way seilbh shaoltaworldly possessions burlabundle níos tibhethicker go bhfóirfeadh na bróga i gceart dóthat the shoes would suit him fine Tír Tairngire na féilethe Promised Land of generosity miantadesires Úll Mór na bhféidearthachtaíthe Great Apple of possibilities brioscbrittle tnáiteweary dílleachtaorphan brúidiúlachtbrutality gluaiseachtaímovements go míorúilteachmiraculously méithrich cothaitheachsustaining gealbhan binnehouse-sparrow broiddistress dia an áidh agus an rachmaisthe god of luck and wealth gaoiswisdom coimirceprotection bratógachragged barróghug
bhínn ag casadh I used to be playing
" "Thosaigh club i mBaile Átha Cliath, an Café Gorm, agus bhínn ag casadh mo chuid amhrán ansin go rialta.
ag casadh beo playing live
" Bhí sé tábhachtach dúinn an fhuaim chéanna agus an bheocht chéanna a bheith againn is a bhíonn againn agus muid ag casadh beo.
casadh sa nóiméad rpm
" Ceirníní 78 casadh sa nóiméad a bhí iontu ag an am agus 20 ceann ar fad a d'eisigh siad idir na blianta 1957-1961.
casadh na taoide seo this turning of the tide
" Cá bhfágann casadh na taoide seo muid don tréimhse atá romhainn? Tá ionadaithe ag Sinn Féin anois ar chomhairlí contae, sa Dáil agus i bParlaimint na hEorpa.
ag casadh an ghiotáir playing guitar
" Tá Pádraig liom fosta air sin agus tá sé ag casadh an ghiotáir fosta ar cheann eile.
ag casadh playing
" Chuireamar oíche bhreá isteach i dTaigh Dhonnachaidh i gcomhluadar leithéidí Thormod Caimbeul - file a ghlac páirt sa Turas go hÉirinn i mí na Bealtaine - an t-amhránaí mór le rá Mary Smith, gan trácht ar sheisear fear ag casadh a gcuid boscaí ceoil.
casadh Bob Quinn orainn we met Bob Quinn
" “An lá a d’fhill muid, bhí an triúr againn ar an traein anuas ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh, agus casadh Bob Quinn orainn.
thoiligh Hain casadh leis Hain agreed to meet him
" I 1987, i bhfad sula raibh Rialtas na hÉireann sásta casadh le Gerry Adams, thoiligh Hain casadh leis i Londain.
ag casadh singing
" Fonnadóirí agus lucht éisteachta dílis a bhíonn ann agus tugtar ómós iomlán don té atá ag casadh, faoi mar ba chóir, ar ndóigh.
ag casadh os comhair daoine playing in front of people
" AÓF: Dá gcuirfinn ceist ort cén fáth a seinneann tú ceol, céard a déarfá? MNíE: Tá mé an-tógtha leis an gceol agus is maith liom a bheith ag casadh os comhair daoine.
casadh twist
" Is cuma fosta cén casadh a chuireann an Roinn ar an scéal, ní bheidh aon ghlacadh acu siúd gur cás leo cúrsaí teanga leis.
cor agus casadh twist and turn
" Riochtaí éagsúla Is iomaí cor agus casadh a tháinig idir chéad chruinniú Fhianna Fáil i halla an La Scala, Sráid Uí Chonaill, ar an 23 Márta 1926, agus bualadh amach Bertie is a chairde sa Spa galánta sa Chaisleán Fraoigh, in iarthar Chorcaí, agus iad ar ais i gcumhacht arís leis an bPáirtí Daonlathach.
ag casadh le coistí áitiúla meeting local committees
" Lena chois sin, rinne sé suirbhé sna monarchana éagsúla a raibh Gaeltarra ag plé leo sna Gaeltachtaí go léir; chaith sé tréimhsí ar an mbóthar, ag casadh le coistí áitiúla agus go háirithe le lucht bainistíochta na monarchan, féachaint cén chaoi a raibh cúrsaí Gaeilge sna ceantair éagsúla.
lán le gleannta is sléibhte is castaí cosáin full of valleys and mountains and twists in the path
" Tosaíonn Martin agus Dennis ar an bpíosa – píosa an-fhada atá ann, lán le gleannta is sléibhte is castaí cosáin.
an oiread sin cnaipí le casadh agus le brú so many buttons to turn and to bush
" Sa seomra suí chrom sé go staidéarach os comhair an chórais cheoil, an oiread sin cnaipí le casadh agus le brú, focail greanta os a gcionn, fuinneoigíní breactha le figiúirí beaga—bhain sé scil as tamall sular shleamhnaigh tarraiceán go mall as agus log ciorclach ann, áit ar leag sé an dlúthdhiosca go cúramach.
eochair á casadh a key being turned
" D’éirigh muid chun imeacht, chuaigh amach go dtí an halla ach ar éigean greim aige ar an scáth báistí nó gur chuala muid coiscéim ar bharr an staighre agus an eochair á casadh sa doras.
casadh dearfach positive spin
" Rinne sé iarracht an dubh a chur ina gheal ar phobal na tíre, mar shampla, agus casadh dearfach a chur ar rialú na Cúirte Eorpaí gur sháraigh Rialtas na hÉireann dlí na hEorpa nuair a thóg siad a gcás i leith Sellafield chuig na Náisiúin Aontaithe.
ag casadh ceoil le chéile go sóisialta playing music together socially
" Bhí muid ar fad ag déanamh iarchéime sa gceol ansin agus bhíodh muid ag casadh ceoil le chéile go sóisialta.
atá an taoide ag casadh. that the tide is turning.
" Ní in Florida amháin, mar sin, atá an taoide ag casadh.
casadh eile another twist
" Is casadh eile sa scéal é, áfach, nuair a thosaíonn falsaitheoirí ag déanamh aithrise ar obair falsaitheoirí eile.
iarradh orainn casadh ag an gceolchoirm we were asked to play at the concert
" Bhí Féile Cheoil Thraidisiúnta Chora Finne ar siúl i mí an Mhárta agus iarradh orainn casadh ag an gceolchoirm ar an Satharn.
áit ar casadh a pháirtí William Hannah air den chéad uair. where he met his partner William Hannah for the first time.
" Fuair sé post i Stiúideo MGM ansin agus bhog sé ó Nua-Eabhrac go California, áit ar casadh a pháirtí William Hannah air den chéad uair.
nár casadh mórán Astrálach orm in aon chor that I didn't meet many Australians
" Rud amháin a chuir as dom go mór faoin gceantar seo ná nár casadh mórán Astrálach orm in aon chor - ach casadh go leor Francach, Gearmánach, Sasanach, Éireannach, Sualannach agus Meiriceánach orm! Nuair a bhímse i dtír, is mian liom aithne a chur ar a muintir, ach bhí orm dul sa tóir ar na hAstrálaigh sa tonn mhór cúlphacálaithe a raibh an áit faoina smacht.
gach casadh every turn
" Siosarnach ard ag teacht ó liáin na muilte, an fhuaim ag méadú agus ag laghdú le gach casadh den lann.
na daoine a casadh air, they people he met,
" Pléann gach caibidil sa leabhar le gach lá a chaith sé ar an *camino*, cuireann sé síos ar na daoine a casadh air, ar na radhairc a chonaic sé agus ar a chuid mothúchán féin.
ag casadh ar chladhairí agus ar chneámhairí, meeting rogues and crooks,
" Chaith Balor an Bleachtaire trí mhí dá shaol ar a chamchuairt fud fad na tíre, ag bualadh le bligeaird agus le bithiúnaigh, ag casadh ar chladhairí agus ar chneámhairí, ag raimleáil agus ag bacaíl a bhealaigh ó thábhairne go hósta.
ag casadh trí na sléibhte glasa. twisting through the green mountains.
" Thaistil mé suas ar eitleán beag an chomhlachta – an-ghalánta i gcomparáid le bheith suite ar chúl sean-*pickup* éigin! Bhí an turas go hálainn; bhí Loch na Maláive le feiceáil thíos fúinn, bailte beaga scaipthe i ngach áit, agus bóithríní cúnga dearga ag casadh trí na sléibhte glasa.
ag casadh ar dheis, turning right,
" Ach tá formhór na bpaisinéirí ag casadh ar dheis, i dtreo suíochán atá i bhfad níos lú agus i bhfad níos míchompordaí.
casadh cinntitheach decisive turn
" D'fhéadfaimis casadh cinntitheach a fheiceáil sa toghchán in Iowa, mar sin, i dtreo iarrthóra nár chualathas mórán faoi go dtí seo.
casadh íorónta ironic twist
" Is í an cheist a bhí á hardú acu ná an raibh sé ceart an cineál céanna pionóis a ghearradh ar ealaíontóirí graifítí agus a ghearrtar – i gcásanna áirithe – ar éigneoirí nó ar dhaoine dainséaracha foréigneacha? I bhfocail eile, an raibh an breithiúnas cothrom? Bhí casadh íorónta sa scéal le déanaí sa mhéid is go bhfuil an t-ealaíontóir graifítí Banksy i ndiaidh saothar a rinne sé ar bhalla ar Bhóthar Portobello i Londain a dhíol ar ebay.
tá na Francaigh ar an dream is measa a casadh orm riamh, the French are the worst group I have ever met
" Admhaím nach bhfuil mé rómhaith ag teangacha, ach tá na Francaigh ar an dream is measa a casadh orm riamh, ó thaobh teangacha de, agus mé ag plé le heachtrannaigh agus a dteangacha dúchais.
má tharlaíonn dóibh casadh áirithe if certain turns of events come about in their lives
" Ní fheadar an é sin an fáth a raibh sé ag iarraidh a bheith páirteach in “Work Experience” agus “Joy in the Hood”? An é go dtuigeann sé cás na n-íochtarán agus go dtuigeann sé go maith má tharlaíonn dóibh casadh áirithe ina saol go mbeidh bealach a leasa i ndán dóibh? “Mar is eol duit, tá gaolta agam in Éirinn, agus dúirt mé le mo thuismitheoirí gur dheas liom teacht anseo chun mo chuid oideachais a chríochnú.
cor agus casadh twists and turns
" Is iomaí cor agus casadh a tharla sa scéal ó chuir na hiarrthóirí na lámhainní dornálaíochta orthu ar dtús.
cor agus casadh twist and turn
" (Paragraf 2) Is iomaí cor agus casadh sa scéal seo, ach i ndeireadh báire fuarthas amach gurbh é an “Josh” a raibh Megan i dteagmháil leis ar líne ná bean mheánaosta darb ainm Lori Drew.
ag casadh ceoil playing music
" “Bhíodh dream againn ag casadh ceoil in áiteanna mar Toner’s ar Shráid Bhagóid – mé féin, Sonny Condell, Freddie White, Mick Daly, Dan Fitzgerald agus Eamon Doyle – thart faoin am san.
ag casadh i dtreo na nDaonlathach agus an liobrálachais turning towards the Republicans and liberalism
" Más ea, ámh, tá an léarscáil ag athrú agus tá cuid de na stáit tuaithe ag casadh i dtreo na nDaonlathach agus an liobrálachais – Colorado, Nua-Mheicsiceo agus Nevada, cuir i gcás.
ag casadh singing
" Bhí sí ag casadh le déanaí san Academy ar Shráid na Mainistreach i mBaile Átha Cliath agus cé nach bhfuil bomaite agam ar na laethanta seo leis an MA atá ar bun agam, chuaigh mé féin agus cara de mo chuid go dtí an cheolchoirm.
casadh ar dheis turning right
" Má thugann tú comhartha agus a ghabháil isteach sa lána deas le casadh ar dheis, cuireann sin corraí orthu.
ag casadh ceoil playing music
" Chuaigh sí isteach sa chór, i gceoldrámaí, nó in aon áit a mb’fhéidir léi teannadh leis an cheol agus is breá léi an saol atá aici anois, deir sí, a bheith ag casadh ceoil timpeall an domhain nó sa bhaile.
casadh timpeall to turn around
" Faoin am sin tá sé ródhéanach casadh timpeall ar an mótarbhealach chun dul ar ais agus an páiste a fháil.
casadh aigne disgust
" Is í an fhírinne lom a chuireann casadh aigne orainn: is duine cosúil linn féin é an t-ainbheartach oilc seo.
Casadh orm I met
" Casadh orm “Torunn” in Osló blianta fada ó shin agus choinnigh muid i dteagmháil.
casadh úr another twist
" ” Nó le casadh úr a chur ar an sean-nath: “*Language rights are rights forever, not just for Christmas*!” Ní hionann sin is a rá nár cheart a bheith stuama faoin chostas a bhaineann le seirbhísí dátheangacha a sholáthar a choinneáil faoi smacht.
castaí twists
" Ní loitfead an scannán ort agus castaí uilig an phlota a sceitheadh anseo.
casadh an chéid the turn of the century
" Anois go bhfuil fás rábach casadh an chéid fuar san uaigh, is ceart agus is cóir dúinne, d’aos óg na tíre, breathnú siar ar an saol splancúil úd.
Casadh met
" Casadh bean as Ciarraí ar Charlie agus phósadar.
casadh orm I met
" ‘Nach deas sin?’ arsa mise liom féin, ‘Tá Gaeilge ag muintir Mheiriceá fiú!’ An chéad bhoc ar casadh orm é d’fhiafraigh mé de cárbh as é.
casadh úr new turn
" Ach le casadh úr a chur i sean-nath de chuid Gerry Adams: ‘*It won’t go away, you know*.
le casadh to meet
" Bhuail mé isteach in RTÉ Montrose dhá lá ina dhiaidh sin le casadh le bean Ráth Cairn, nó leis an ‘gcaorthanach lasánta’ mar is nós le corrliarlóg a thabhairt ar Bhláthnaid.
casadh met
" Bhuail mé isteach in RTÉ Montrose dhá lá ina dhiaidh sin le casadh le bean Ráth Cairn, nó leis an ‘gcaorthanach lasánta’ mar is nós le corrliarlóg a thabhairt ar Bhláthnaid.
casadh turning
" Timpeall orm bhí na scórtha ag scaoileadh na mionnaí móra, ag dealú leis an diallait agus á shiúl! Bhí cuid eile ag éirí as ar fad agus ag casadh timpeall! Nuair a thagann tú amach as an mbóithrín arís (atá faoi chrainn), bíonn radharc iomlán nua romhat.
casadh aigne disgust
" Ní raibh sé coincheapúil cosúil le hiarbhuaiteoirí na duaise cáiliúla seo: ní raibh uafás nó polaitíocht ar bith ag baint leis agus níor éirigh leis casadh aigne a chur ar dhaoine ach oiread.
casadh aigne revulsion
" Ach an rud a chur casadh aigne amach is amach orm ná go raibh an clár cáise fágtha díreach taobh amuigh den leithreas céanna.
castaí turns
" Idir sin agus na castaí uilig sa script scannáin, bheadh lá sna n-airde ag Freud féin déarfainn, dá bhféadfadh sé Jung, a phríomhchomórtas, a choimeád ó dhoras an scéil fada a dhóthain chun a mhíniú féin a oibriú amach.
casadh an chéid the turn of the century
" Albanach mórtasach agus múinteoir corpoideachais ab ea McLaren agus ar feadh caoga bliain nach mór suas go dtí casadh an chéid, ba é a ghuthsan a bhí inaitheanta mar ‘ghuth an rugbaí’ ar an mBBC.
Casadh turn
" An mbeidh Camshrón/Clegg nios fearr ? An Casadh ar Chlé ó Learpholl na gCoimeádach === Cé go bhfuair Steve Rotheram PLO 71.
casadh a twist
" Ag Bualadh Bóthair ======== Creideann Ó Tuairisg go bhfuil daoine óga breá ábalta dul i ngleic le hàbhair dhúshlánacha agus go bhfuil siad ábalta casadh dá gcuid féin a chur ar scéal nó tuiscintí éagsúla a bhaint amach as – mar a chonaic sé féin le linn na seisiúin cainte a bhí acu i ndiaidh An Rón Dall.
ag casadh singing
" Count Mac Cormack agus Chairman Mao Tse Tung ========================== Labhraíonn Seosamh faoin méid a chonaic sé ag an Eucharistic Congress i 1932, ina measc John McCormack ag casadh Panis Angelicus, agus eachtra leis an Ginearál Éoin Ó Dufaigh a bhí i láthair freisin.
ar tí casadh about to turn
" Bhí fúm teacht amach arís go luath ina dhiaidh sin, ach bhí mo shaol féin ar tí casadh i dtreo eile ar fad.
casadh scine a turn of a knife
" Baintear an t-oisre den charraig, osclaítear í le casadh scine, agus itear ar iompú na boise í, fuar agus úr.
ag casadh i dtreo turning towards
" Tharla an t-athrú is mó mar gheall go raibh ar dhaoine Fraincis a úsáid san airm, agus leis na hathruithe eile sóisialta ag an am (raidió, aistriú go cathracha in ionad fanacht faoin tuaith), thosaigh daoine ag casadh i dtreo na Fraincise.
casadh a dhroim leis turning away from him
" Are you coming for a cuppa tae”*, ag casadh a dhroim leis agus ag siúl uaidh suas an ché, *“come on, ya fecker ye, you’ll come up for a cuppa tae”.
a casadh dúinne whom we met
" Is daoine cairdiúla, fáilteacha iad na daoine a casadh dúinne agus bhraith mé an-sábháilte ar oileán Raro le linn na saoire ar fad.
casadh leis to meet
" An saibhreas aisteach Gaeilge sin a tharraing scoláirí isteach an taobh tíre sin le casadh leis na sárchainteoirí, John hInnéirí agus Seán Ó Dochartaigh (Pumps) i gCill Ghallagáin, Johnny Burns, Stanton agus daoine nach iad, grásta ó Dhia orthu, caithfidh sé go dtuigeann tusa an cailleadh saibhris atá ag imeacht le gach glúin mar sin agus an gcuireann sé cumhaidh ort?** BNC: Cuireann.
casadh mothálach na taoide the momentus turning of the tide
" B’shin casadh mothálach na taoide domhsa, ar bhán Áras an Uachtaráin.
ag casadh turning over
" Tiocfaidh na cathracha slán de réir a chéile: nuair a thosóidh an t-inneall geilleagrach ag casadh arís, tiocfaidh méadú ar an éileamh ar sheirbhísí airgeadais, ar earraí breisluacha, agus ar fhoirgníocht.
casadh dom I met
" Nuair a casadh dom an file Mile Pesorda i Mainistir Eimhin i 2009, is beag a shíl mé go mbeadh sé ag socrú lóistín dom i Sarajevo an bhliain dár gcionn.
casadh gan mhoill ar an scéal matters changed
" An gcronaíonn tú saol an tsuaimhnis a bheadh agat fá Thír Chonaill anois ach a’b é gur thit sé ar do chrann arís seasamh san olltoghchan ar son Fhine Gael?** DMFh: Is cinnte go dtearn mé cinneadh i 2006 go raibh mé ag gabháil a éirí as an pholaitíocht, ach tháinig casadh gan mhoill ar an scéal ina dhiaidh sin agus bhí mé páirteach ins an toghchán in 2007.
ag casadh singing
" Agus timpeall ar bhord caol fada san ionad pobail, comhluadar de chineál eile, deichniúr nó mar sin ina suí uillinn le huillinn ag casadh amhráin Nollag na Polannaise agus iad ag baint súmóga fada blasta as a gcuid muigíní.
casadh le to meet with
" Bhí sé socraithe agam casadh le Krzysztof i gcarrchlós na hOllscoile ag a leath uair tar éis a hocht ar maidin.
Is fada an bóthar nach bhfuil casadh ann it’s a long road that has no turn
" Is fada an bóthar nach bhfuil casadh ann agus is cinnte gur sin mar a mhothaigh craobh Dhoire de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, nuair a bhris an scéal ar na mallaibh gur éirigh lena n-iarratas, faoi dheireadh thiar, Fleadh Cheoil na hÉireann a thabhairt chuig a gcathair i 2013.
nó go mb’éigean dom casadh ar ais until I had to turn back
" Shiúil mé céad slat go glúin san uisce glégeal ar deireadh, na beanna scáfara chaon taobh díom, nó go mb’éigean dom casadh ar ais.
ag casadh ar an iarann meirgithe winding around the rusty iron
" Bhí an dufair ag smachtú na háite ar ais, le crainnte agus lusanna ag dreapadh na mballaí, ag spré amach ar an urlár agus ag casadh ar an iarann meirgithe.
casadh m’intinn ar my thoughts turned to
" Is mé ag ullmhú do mo shos bliaintúil ón teicneolaíocht, casadh m’intinn ar cheist laethanta saoire agus ar an tionchar atá ag an teicneolaíocht orthu.
ag casadh turning,
" Mo shúile dúnta, feicim breacnú de línte ar dhathanna éagsúla á lúbadh féin isteach ina chéile, ag casadh, ag spraoi, timpeall agus timpeall orthu féin.
ag súil go mór le casadh ar a chéile arís looking forward to meeting again
" Bhí seisiún eile againn sular fhág muid an Gleann Dé Domhnaigh, agus muid ar fad ag súil go mór le casadh ar a chéile arís in Inis, Co.
a casadh linn ansiúd that met us there
" Samhlaímis muintir na leabhar sin, an tOileánach, nó Allagar na hInise, ba dhaoine deisbhéalacha bríomhara iad a casadh linn ansiúd! Ar an láimh eile, feictear Ciaran Mc Cauley agus is féidir liom a rá gur bhuaicphointe an dráma é Mc Cauley mar an seanlad.
ag casadh tuathal turning anticlockwise
" Bhí an stoirm seo ag casadh tuathal, agus ó bhí croí na stoirme ag teacht i dtír i gceantar Atlantic City, bhí taobh thuaidh na stoirme ag brú uisce na farraige isteach i gCuan Nua-Eabhrac.
aon uair a casadh an dá fhoireann ar a chéile whenever the two teams met
" Le linn tréimhse na coimhlinte géire idir foireann peile Átha Cliath agus foireann peile Chiarraí a mhair ar feadh deich mbliana ó 1975 go dtí 1985, bhí Páidí Ó Sé ar na pearsana ba mhó agus ba shuaithinsí sna drámaí éagsúla a thit amach aon uair a casadh an dá fhoireann ar a chéile.
Bhínn ag casadh sa gcór I used to sing in the choir
"Bhínn ag casadh sa gcór anseo,’ a deir sé go han-nádúrtha, ‘ach chaith mé san aer é píosa ó shin.
casadh ar dhaoine agus a thaispeáint dóibh to meet with people and to show them
" I gcás ‘An Bród Club’, daoine a mhealladh leis an méid Gaeilge atá acu a úsáid an aidhm agus na próisis ná casadh ar dhaoine agus a thaispeáint dóibh go raibh mé féin sásta an iarracht a dhéanamh an teanga a fhoghlaim agus gur thosaigh mé amach ag leibhéal an-íseal.
níor mhór casadh siar ó thuaidh one had to turn north west
" Le teacht chucu níor mhór casadh siar ó thuaidh thar thalamh clochach, droimneach.
Casadh duine de na maoir orm I met one of the stewards
" Casadh duine de na maoir orm ansin agus cuma an-bhuartha air.
Casadh dom é ag sochraid I met him at a funeral
" Casadh dom é ag sochraid breis is deich mbliain ó shin.
nuair a chastaí ar a chéile iad when they’d meet
" Ag caint is ag olagón faoin nGaeilge is mó a bhíodh lucht na Gaeilge i mBleá Cliath nuair a chastaí ar a chéile iad go sóisialta.
gur féidir le haon duine casadh i dtreo eile that anyone can turn another way
" Thuig siadsan gur féidir le haon duine casadh i dtreo eile agus ionsaí dá leithéid a dhéanamh, ní gá gur duine de chuid an Al Qaeda a bheas iontu.
ag casadh singing
" “Mar sin féin, thosaigh mé ag scríobh, ag cumadh is ag casadh i nGaeilge agus na blianta ina ndiaidh sin, bhunaigh mé an grúpa Rís in éineacht leis na leaids – agus bíonn an-chraic go deo againn” a deir sé go bródúil.
ag casadh amhráin s’againne singing our songs
" Tá daoine ann atá in ann jab i bhfad níos fearr a dhéanamh d’amhráin daoine eile, ach níl éinne ag casadh amhráin s’againne seachas muid féin! Is breá linn a bheith ag casadh amhráin atá iomlán nuachumtha agus a tháinig glan amach as ár gcloigne féin – tá an-spóirt ag baint leis sin” a deir sé.
casadh sa bhealach rompu turn(s) in the road ahead of them
" D’fhás grá idir an bheirt acu sa timpeallacht dhearóil ghruama seo ach, ar nós scéal grá maith ar bith eile, bhí cúpla casadh sa bhealach rompu.
u-casadh ar ardluas a dhéanamh do a u-turn at speed
" “Oíche amháin, b’éigean don ghrianghrafadóir a bhí liom u-casadh ar ardluas a dhéanamh ar Bhóthar Dhún na nGall agus drong léirseoirí ag rith inár n-airricis,” arsa Allison, a fuair bagairt bháis ón UVF ar na mallaibh.