Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
castacht mhorálta moral complexity
" " "Whaaaaaaaaaa?" Tá cúpla agam atá ag fágáil na bunscoile lán-Ghaeilge a bhfuil siad ag freastal uirthi le seacht mbliana anuas agus castacht mhorálta na *snog*ála ar a n-intinn.
chastacht an phróisis the complicated nature of the process
" B’fhéidir go mbeifear ábalta teicneolaíocht nua a úsáid chun níos mó ola a bhaint amach as na holacheantair atá aimsithe anois – ach de bharr chastacht an phróisis beidh praghas na hola seo níos airde.
chastacht complexity
" Ach is de chastacht agus de chontrárthacht an chine dhaonna é nach dual do na cluichí céanna a bheith i mbéal an phobail i ngach cearn den domhan: ní mór dúinn a bheith buíoch den bhraonán aistíle sin nó bheimis go léir ag imirt cruicéid! Níl éirithe leis an sacar proifisiúnta greim a fháil ar shamhlaíocht Mheiriceá Thuaidh.
an chastacht sin a aithint to recognise that complexity
" An ionann an David Ervine, “sceimhlitheoir” de chuid an UVF a bhí ag bogadh buama ar Bhóthar Ard Mhic Nasca i 1974 – ní fios cá háit – agus an David Ervine a bhí ina lóchrann i saol dorcha na polaitíochta ó thuaidh 30 bliain ina dhiaidh sin? An ionann ceannaire óg an IRA i dTaobh an Bhogaigh ag tús na dTrioblóidí agus LeasChéad-Aire an lae inniu? Caithfidh Coimisiún na nÍospartach agus na híospartaigh iad féin an chastacht sin a aithint ach níl dóigh ar bith ann go maolóidh sé a bpian.
de chastacht na dtrioblóidí of the complexity of the troubles
" Taobh istigh de sheachtain, fuair muid léargas ar an pholaitíocht úr agus macalla de chastacht na dtrioblóidí a réab an chuid seo d’Éirinn ar feadh 40 bliain.
nach ligfimis do chastacht an leasaithe seo that we don't allow the complexity of this amendment
" Tá sé tábhachtach nach ligfimis do chastacht an leasaithe seo sinn a chur ar mhíthreoir mar is é an toradh is mó a bheadh ar ghlacadh le Conradh Liospóin ná níos mó smachta a thabhairt do na hInstitiúidí Eorpacha ar chúrsaí laethúla anseo in Éirinn agus níos lú cumhachta a fhágáil ag muintir na hÉireann ar chinntí tábhachtacha a bhaineann le leas ár muintire féin.
chastacht na polaitíochta intricacy
" “Mholfainn do gach duine an fhírinne a aimsiú i measc chastacht na polaitíochta agus na bolscaireachta aontaobhaigh,” ar sé.
castacht intricacy
" Ní thuigeann Sinn Féin castacht an phobail ó dheas go fóill.
ar a chastacht due to its intricacies
" Ní fhéadfadh an reacht sin oibriú, dar leo, ar a chastacht.
castacht intricacies
" Grá mall agus bás borb; fuil an chatha agus fuil na broinne; timpeallacht chúng an chogaidh agus réimse fhairsing leathan na cuimhne daonna; castacht an ghrá agus diúide na himeagla os comhair na n-urchar.
Anuas ar an chastacht as well as the complicated fashion
" Anuas ar an chastacht a tháinig ar riaradh na tíre seo, tá scéal an Aontais Eorpaigh.
dtagann an chastacht agus an deifir salach ar a chéile intricacy and rushing are in conflict with each other
" Tuigeann gach innealtóir go dtagann an chastacht agus an deifir salach ar a chéile.
chastacht an domhain laethúil the intricacy of daily life
" Seasamh i gcoinne chastacht an domhain laethúil lena n-áirítear an iomad teachtaireachtaí agus gléasanna cumarsáide atá ann, is dócha, ach tá níos mó i gceist ná sin.
chastacht scéal an Chongó how complicated the Congo matter
" Mheabhraigh cláir stair ear TG4 le déanaí do John-Paul Mc Carthy an cuntas a scríobh Conor Cruise O Brien ar chastacht scéal an Chongó sna 1960aidí.