Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
grágán catach mop of curly hair
" Bhí grágán catach rua, bruitíneach bhréige agus dhá phluc chruinne dhearga ar Chaitríona.
girseach bheag chatach bhán a little curly-haired blond girl
" Bhrúigh sí cnaipe an chloig agus ní raibh sé i bhfad gur oscail girseach bheag chatach bhán an doras.
chatach curly
" D'fhéach sí ar a chúl leathan, ar a ghruaig chatach dhubh, ar a chosa fada agus ar a thóin.
folt tiubh catach thick curly mop
" Dá bhfeicfeá an ghruaig a bhí uirthi fosta; bhí folt tiubh catach uirthi agus nuair a bhí sin dírithe agus slíocaithe agam bhí an dá lámh síos liom, tá mé ag inse duit.
a chuid gruaige cataí ciardhuibhe his curly jet-black hair
" Cé a bhí ina sheasamh idir mé agus maidneachan ach Éamonn Ó Doornail, an tEagarthóir Téagartha; clogad crua na ceartaiseachta fána cheann, sciath nuachtán crochta lena thaobh, claíomh géar na fíréantachta ina láimh dheas agus péire peann ina láimh eile, agus nuair a chonaic mé é gléasta mar a bhí agus solas niamhrach na húrmhaidine ag lonrú fríd a chuid gruaige cataí ciardhuibhe, dúirt mé gur mhór an trua nach raibh mo Canon EOS Digital liom nó nach gcreidfeadh duine ar bith ar chlár an domhain an chuma churata, oscartha, laochta a bhí air an mhaidin sin.
catach curly
" Bhí sí ag feitheamh san fhorhalla mar a bhí aontaithe againn agus níorbh aon fhadhb í í a aithint mar go bhfuil cúl gruaige fada catach uirthi agus í ard tanaí, leis.
gruaig chatach fhada long curly hair
" Cén fáth go bhfuil sé ag iarraidh labhairt linn? Cad atá á lorg acu? Níl muid chun aon chonradh a shíniú! Agus cé hé an duine deas séimh seo a bhfuil gruaig chatach fhada air agus a shúil dheas amscaí ait.
fear na gruaige cataí duibhe the man with the curly black hair
" Insím dóibh mar gheall ar an gcomhrá a bhí agam le fear na gruaige cataí duibhe in Mojo Records – go ndúirt sé liom go raibh samhradh an-dian acu sa siopa toisc go raibh an dollar lag i gcomparáid leis an euro agus go raibh Meiriceánaigh míshásta le praghas na gceirníní dá bharr; go mbraitheann sé go bhfuil íoslódáil ag baint de ghnó an tsiopa; go síleann sé go bhfuil sé deacair ceol Gaelach a íoslódáil, ach go bhfuil sé buíoch as sin nó bíonn tóir leanúnach ar an gceol Gaelach sa siopa dá thairbhe! Fágaim slán le Mark agus é ag rith chuig cruinnithe eile – fear iontach gnóthach is ea é anois agus é ag iarraidh an gnó a fhorbairt.
gruaig chatach curly hair
" Fear óg gléasta mar a bheadh Ché Guevara ann, gruaig chatach, féasóg mhór dhubh agus cóta míleata air i gcuideachta cúpla ógánach ón cheantair na Lorgan agus Craigavon a bhí ag gearán go raibh an PSNI “heavy-handed" le linn cuartaíochta sa cheantar.
chatach curly
" Tá feasóg agus gruaig chatach niamhrach ar an dealbh agus súile déanta as eabhar agus adharc dhubh atá ábalta bogadh ina chloigeann! Níl an dealbh seo cruthaithe ar bhonn réalaíoch ach cuireann sé in iúl tréithe tarchéimnitheacha an naoimh.
Mullach catach dubh curly black-haired
" Mullach catach dubh orthu, agus a gcneas chomh buí le céir na mbeach.