Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Nuair a ghéilleann tú do chuid ceart ar mhaithe leis an tslándáil, ní bhíonn ceachtar agat sa deireadh When you give up your rights for security, you wind up having neither
" Chun casadh a bhaint as cuid focal duine de "aithreacha bunaithe na tíre": Nuair a ghéilleann tú do chuid ceart ar mhaithe leis an tslándáil, ní bhíonn ceachtar agat sa deireadh".
ceachtar either
" "Dheineas ana-chuid oibre ar 'Éist do Bhéal' le Declan agus ar 'Rugadh orm i gCorcaigh' ach níor éirigh le ceachtar acu, *really*.
ceachtar either
" Cé gur fógraíodh sa dá chás nach bhfuarthas aon fhianaise de mhí-iompar i measc na nGardaí, níor foilsíodh ceachtar den dá thuarascáil.
ceachtar acu either of them
" Ní fada gur ag caitheamh aníos an Chianti céanna a bheas an bheirt acu, nó is beag an taithí atá ag ceachtar acu ar rud ar bith eile a ól seachas pórtar dubh na hÉireann i gcás Bhalor, agus fíon milis na haltóra i gcás an bhoic eile.
ceachtar againn either of us
" Rinne mé amhlaidh ach ní fhaca ceachtar againn an cluiche.
ar cheachtar acu on either of them
" Ní raibh mé ábalta béim cheart a chur ar cheachtar acu.
ceachtar either
" Chuir sé áthas orm nach raibh ceachtar den dá rud sin fíor.
ceachtar either
" Cé acu a n-aontaíonn tú leis na tuairimí thuas nó nach n-aontaíonn, rud amháin atá ag éirí soiléir i Nua-Eabhrac ná nach bhfuil ceachtar den dá thaobh sásta géilleadh.
ceachtar either
" Ach ní bheidh ceachtar den dá fhoireann sin sa chraobh i mbliana ach péire an-neamhchoitianta ar fad: Gaillimh agus Port láirge.
ní hionann ceachtar tiún neither tune is the same
" Tá sé ag ceol anois le Dana, ach ní hionann ceachtar tiún Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.
do cheachtar teanga to either language
" Tá sé deacair a thuiscint nach bagairt é an dátheangachas nó nach ndéantar damáiste do cheachtar teanga.
ceachtar either
" Dár ndóigh, níor thug ceachtar acu a leithéid le fios go poiblí, ach mar sin féin caithfidh go raibh Rialtas na hÉireann agus fiú Sinn Féin an-sásta le ceapadh Peter Hain mar Stát-Rúnaí nua Thuaisceart Éireann.
i gceachtar teanga in either language
" Níor labhair sé mórán i gceachtar teanga go dtí go raibh sé ocht mí dhéag ach ansin rinne sé an-dul chun cinn.
ceachtar don dá sprioc sin a bhaint amach to achieve either of the two targets
" Déarfadh an té atá réadúil, áfach, gur theip orthu ceachtar don dá sprioc sin a bhaint amach.
nach gá go gcealódh ceachtar den dá ní a chéile, that the two things don't need to cancel each other out,
" Ní gá duit a bheith i do bhall de Mensa le teacht ar an tuiscint nach gá go gcealódh ceachtar den dá ní a chéile, ach teacht ar chomhréiteach sásúil eatarthu.
i gceachtar den dá theanga. in either of the two languages.
" Mar chomhlacht de chuid stát na hÉireann, foilsítear gach rud i nGaeilge agus i mBéarla agus is féidir iarratais a sheoladh isteach i gceachtar den dá theanga.
ceachtar dá bheirt mhac either of his two sons
" ” Ní fhaca an t-athair ceachtar dá bheirt mhac ag imirt go dtí lá amháin nuair a bhí Seán seacht mbliana déag d’aois.
ach lena chinntiú nach maslóidh sé ceachtar den dá chomhlacht, but to ensure that he wouldn't insult either of the two companies
" Ghlac Mick leis an dá phéire, ach lena chinntiú nach maslóidh sé ceachtar den dá chomhlacht, chaith sé branda amháin ar chos amháin agus branda ar an gcos eile!Duine uasal ab ea Mick Holden, agus daoine uaisle is iad a mhuintir ar fad.
i gceachtar páirtí. in either party
" Tá iomaíocht ghéar i gceist in Iowa faoi láthair mar sin, go háirithe mar go bhfuil a fhios ag an saol mór nach bhfuil aon duine róthógtha leis na móriarrthóirí i gceachtar páirtí.
ní fhéadfadh ceachtar acu áit Christy a ghlacadh. but neither of them could take Christy's place
" Chaith Mick Hanly seal mar amhránaí an ghrúpa agus Flo McSweeney ina dhiaidh sin ach ní fhéadfadh ceachtar acu áit Christy a ghlacadh.
ceachtar acu either of them
" Ní bhfuair ceachtar acu go leor vótaí go fóill leis an dlaoi mhullaigh a chur ar an scéal, agus is léir anois go leanfar den choimhlint ghéar go bun an angair.
ceachtar acu either of them
" Caithfear a rá nach raibh mórán tráchta ar chúrsaí sceimhlitheoireachta ag ceachtar acu nuair a mhínigh siad cúiseanna an ionraidh.
ceachtar acu either of them
" "Cén fáth," a d'fhiafraigh Mikey agus é ag caint faoin toghchán, "go mbeadh ceachtar acu ag iarraidh an phoist? Níl rompu ach trioblóid agus tarcaisne.
ceachtar rannpháirtí either of the participants
" Ag deireadh mhí na Samhna, áfach, bhí cruinniú COAG ar siúl agus, aisteach go leor, ní raibh gearráin le déanamh i ndeireadh báire ag ceachtar rannpháirtí.
cheachtar either
" Is ar éigin d’fheicfeá leithéid Earnán de Blaghad ar cheachtar den dá chlár teilifíse sin.
ceachtar neither
" Iarmhairt na Bánmhartra Nuair a tháinig an tsraith de stailceanna ocrais i 1981, ní raibh ceachtar taobh sásta géilleadh.
ní bhacann ceachtar acu neither of them bothers
" Cé gur ceantar láidir peile é Cois Fharraige, ní bhacann ceachtar acu le peil ghaelach a imirt, ach tá siad an-tógtha leis an iománaíocht.
ceachtar either
" Nuacht ná leabhair ní bheidh ag ceachtar acu: ní bheidh á ndíol acu ach irisí agus milseáin.
cheachtar either
" Siúlann sé is siúlann leis,Gan neach ar cheachtar taobh de,Scaipeann samhnas béil na hoíche,Gáire calcaithe na teilifíse.
ceachtar either
" Gheall mé féin $100 ar an rás nuair a d’fhreastail mé ar Chalcúta ag mo ghalfchúrsa, ach níor éirigh rómhaith le ceachtar de na capaill a cheannaigh mo shindeacáit ann.
ceachtar either
" San áit nach raibh cúinsí geilleagair is fógraíochta sách folláin le nuachtán amháin a bheathú, cad chuige go mbeadh muid ag dréim go mairfeadh dhá cheann agus na cúinsí airgeadais céanna imithe chun donais? Is minicí go dtagann scéala chugainn na laethanta seo faoi chomhlachtaí a bheith ag druidim, ach seo chugainn dhá thogra úra atá ag cur tús le gnó agus go deimhin ag dul in iomaíocht lena chéile agus iad lonnaithe i ngiorracht scread asail dá chéile! Dá olcas a bhí imeacht Lá Nua is an seanleagan de Foinse, is tubaisteach i bhfad é mura mbeadh ceachtar den dá nuachtán nua i mbun trádála cothrom an lae seo an bhliain seo chugainn.
ceachtar either
" “Ní raibh ceachtar againn riamh sa Ghaeltacht” a deir Frank “ach rinneamar a lán taighde agus labhraíomar le roinnt daoine a bhí ann agus an tuairim a bhí againn ná go rabhamar chun iniúchadh a dhéanamh ar na ceisteanna coitianta a bhaineann le déagóirí atá 13, 15 agus 16 bliana d’aois agus go rabhamar chun an Ghaeltacht a úsáid mar ionad chun iniúchadh a dhéanamh ar na ceisteanna ag baint leis an teacht in aois seo.
cheachtar either
" Ach bheadh duine ar bith a cheapann go mbeidh cúrsaí Gaeilge is Gaeltachta ar bharr liosta siopadóireachta cheachtar pháirtí thar a bheith soineanta.
gceachtar either
" I gceachtar cás, b'fhearr liom a bheith faoi dhíon an tí! An rud is suntasaí faoin aerphort agus tú ag tuirlingt ann ná go bhfuil na comharthaí go léir as Béarla agus Seapáinis.
ceachtar either
" Rinne Ruairí Quinn pointe maith, ar chlár Vincent Brown le gairid, nuair a dúirt sé go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh níos mó Teachtaí Dála ón eite chlé sa chéad Dáil eile ná mar a bheadh ag ceachtar den dá pháirtí eile.
níor mhínigh ceachtar acu neither of them explained
" D’fhág an bheirt acu litir ina ndiaidh chun slán a fhágáil leis an saol, ach níor mhínigh ceachtar acu fáth ar bith leis an ár a bhí beartaithe acu.
gan ceachtar neither of
" Dúirt an péintéir Beilgeach, Luc Tuymans, gur thug sé comhairle d’Ai Weiwei roimhe seo a chloigeann a choinneáil síos nó an tSín a fhágáil, ach shocraigh sé gan ceachtar acu sin a dhéanamh.
cheachtar either
" An bádóir a thriomódh ar cheachtar den dá chósta, bheadh gaisce déanta aige.
cheachtar either
" Níor mhair an comhrialtas a d’eascair as Sunningdale ach cúig mhí mar nach raibh sé inghlacaithe ag na paraimílitigh ar cheachtar den dá thaobh sa gcoimhlint.
ceachtar acu either of them
" Thugtaí na Fritíortha ar an Astráil agus an Nua-Shéalainn nuair a bhí mé ag déanamh staidéir ar an tíreolas agus ar an stair le linn m’óige in Éirinn, cé nach raibh ceachtar acu antapódach go beacht uainn.
cheachtar againn either of us
" ) Fós féin bhí an idirbheartaíocht seo ciotach go leor: bhí orainn seoltaí r-phost a roinnt; bhí orainn beirt cuntais *PayPal* a bheith againn; ní raibh aon cinnteacht nó sabháilteacht ann do cheachtar againn.
i gceachtar den dá chás sin in either of those cases
" Ach níl sliabh ar bith i ngar don chladach i gceachtar den dá chás sin.
gan fís ag ceachtar páirtí acu none of the parties having a vision
" Tá an DUP agus an UUP ag tochailt poll dóibh féin - an Unionist Forum, fágaim - agus gan fís ag ceachtar páirtí acu; tá an SDLP ag éirí níos neamhábhartha lá i ndiaidh lae ach an ghné is suimiúla, dar liom féin, nó cad é mar a thiocfaidh an Alliance amach as an ghéarchéim seo.
nár laga Dia ceachtar acu riamh more power to them
" Is cuid thábhachtach dár n-oidhreacht é Cornwall, an dtuigeann tú, a Bhaloir? Bhí sé an-tábhachtach sa stair – é féin agus a bhandiúc, nár laga Dia ceachtar acu riamh.
Nil mórán speise ag ceachtar acu neither of them has much interest
" Nil mórán speise ag ceachtar acu i spórt, idir rannpháirteacht nó féachaint air.
ag ceachtar den dá fhoireann by either of the two teams
" Bhí sé oibrithe amach go stairiúil agam go mbíonn cluiche amháin as gach 12 cluiche, thart air, a chríochnaíonn gan aon liathróid a bheith curtha go dleathach san eangach ag ceachtar den dá fhoireann.
ceachtar den phéire seo either of this two
" Ar ndóigh, is féidir ceachtar den phéire seo a leanúint ar Twitter, Facebook nó ar Pinterest nó is féidir nuachtlitir a fháil go rialta le smaointí breátha fá choinne dinnéir nó d’ócáidí ar leith atá ag teacht aníos.
Ní dhearna ceachtar acu dearmad ar a chéile neither forgot the other
" Ní dhearna ceachtar acu dearmad ar a chéile áfach agus choinnigh Luigi grianghraf Mokryna i gcónaí chomh maith le ribí gruaige dá cuid.
glan in éadan margadh a dhéanamh le ceachtar dead set against making a deal with either
" Ar ndóigh, beidh go leor dá gcuid lucht tacaíochta glan in éadan margadh a dhéanamh le ceachtar den dá pháirtí de chuid na heite deise.
gan cónaí déanta ag ceachtar acu neither of them having lived
" Céard is teanga dhúchais ann más ea? Fear óg a rugadh sa mBreatain Bheag, mac le Gaeilgeoir nach de chuid na hÉireann é, agus gan cónaí déanta ag ceachtar acu in Éirinn riamh: nach cuid dá ndúchas san atá i dteanga Chéitinn agus Aogáin Uí Rathaille ach oiread le beirt ar bith as Dún Chaoin nó as Oileán Thoraí? Is ea, sa saol atá i ndán, sílim.
nach baill iad de cheachtar who aren’t members of either
" Ag an am céanna beidh leisce ar an rialtas an reachtaíocht a úsáid in éadan baill den ASTI, mar go bhféadfadh sin deacrachtaí a chruthú, ní hamháin sa ghearrthéarma ach sa bhfadthéarma chomh maith, má tá coinníollacha oibre níos measa ag baill an ASTI seachas mar atá ag múinteoirí gur baill iad den cheardchumann eile, an TUI nó nach baill iad de cheachtar cheardchumann.
le ceachtar den dá bhialann to either of the two restaurants
" Má ghiolctar am, dáta agus an haischlib seo le ceachtar den dá bhialann, tá seans ann go bhfaighfear béile do bheirt in aisce, má bhíonn bord ar fáil.
níl ceachtar díobh sin neither of them are
" Is fearr uimhreacha scáileán ríomhaire ná ór na cruinne feasta agus níl ceachtar díobh sin san eastát seo.
leath chomh lofa le ceachtar half as rotten as either
" Níl siad, SF, leath chomh lofa le ceachtar díobh sin a fhad is a fhanfaidh siad ar €34,000 sa bhliain.
ceachtar acu thar mholadh beirte neither of them praiseworthy
" Rinneadh corrscannán den scéal, agus cé nach raibh ceachtar acu thar mholadh beirte, bhí an-éileamh orthu abhus.