Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chead aici a bealach féin a dhéanamh she could look after herself
" Chuirfeadh sé deireadh ar an tábla agus a chead aici a bealach féin a dhéanamh.
cead raide leave to do as they please
" " "Tá, is dócha," arsa Tadhg, "ach bheir muid cead raide daofa ar na bronntanais lá Nollag nó ní bhíonn siad beag óg ach an seal gairid.
nach bhfuil sé de chead ag éinne that no one has the right
" Measann sé nach bhfuil sé de chead ag éinne, áfach, brú a chur ar dhuine teanga a labhairt mura bhfuil sé ag iarraidh í a labhairt, ach, mar sin féin, ós rud é go bhfuil siad ag fáil airgead rialtais, gur cheart dóibh an iarracht a dhéanamh.
cead a cinn permission
" Cúis iontais dúinn uilig gur thug an t-eagarthóir, Éamonn Ó Doornail, cead a cinn don chailleach cháidheach a cuid barúlacha binbeacha a scaipeadh fríd an liarlóg leamh seo.
cead pleanála planning permission
" Tá an Chomhairle Contae i ndiaidh ocht dteach a thógáil sa cheantar agus tá siad ag lorg cead pleanála do cheithre theach déag eile.
fuarthas cead uathu permission was obtained from them
" Fear é Alec McFadden a bhfuil taithí aige ar a bheith ag déileáil leis na póilíní agus tar éis tamaill fuarthas cead uathu dul ar aghaidh leis an pharáid.
le cead an úinéara with the owner's permission
" Dar leis an gcomhlacht Overview Mapping i Sasana, is féidir suíomh gutháin a aimsiú (le cead an úinéara, a deir siad, ar ndóigh) le cruinneas chomh maith le 100 méadar.
ag diúltú ceada refusing permission
" Tá na póilíní ag diúltú ceada dóibh níos minicí, áfach, de bharr easpa daonchumhachta, a deir siad.
cead a gcomhairle féin their own discretion
" Ag tagairt don eachtra áirithe sin, dúirt Cunningham leis an nuachtán *The Irish Voice *go raibh cead a gcomhairle féin ag póilíní maidir le heisiúint toghairmeacha bainteach le hólachán poiblí.
cead foirmiúil formal permission
" Chuir cúntóirí de chuid Ridge in iúl ina dhiaidh sin nach raibh cead foirmiúil faighte aige ón Teach Bán a leithéid a rá.
cead a chinn permission to do as he pleased
" Maidir lenár dTaoiseach faoi láthair, ní léir an le Boston nó Berlin a sheasann sé, an bhfuil sé i bhfábhar an phríobháidithe nó tacú le comhlachtaí stát-urraithe, nó an bhfuil sé ar an eite chlé nó dheas i bhFianna Fáil cead a chinn do McDowell ======= Má chuir ráitis agus iompar an Taoisigh féin as don phobal i gcoitinne in 2003, tá go leor de chosmhuintir Fhianna Fáil ag lochtú an Taoisigh as cead a chinn a thabhairt don Aire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, le linn 2003.
cead dá oifigigh permission to his officers
" I gcás an óstáin seo, atá á thógáil chomh cóngarach sin do phríomhchaisleán Normannach na tíre, níor thug an tAire cead dá oifigigh cás a dhéanamh ina choinne, cé go raibh sé ráite ag an tSeirbhís Oidhreachta go raibh sé "adverse and unacceptable" agus "inappropriate in this highly-sensitive location".
cead saorántachta right to citizenship
" Is iarracht é an reifreann seo a chinntiú nach mbeidh cead saorántachta a thuilleadh ag páistí inimirceach a shaolófar in Éirinn ach nach mbeidh ach tréimhse ghearr caite ag na tuismitheoirí sa tír.
cead isteach saor in aisce free admission
" An rud a tharlaíonn i dTuaisceart Éireann ná go n-osclaítear a lán áiteanna suimiúla ar feadh deireadh seachtaine gach Meán Fómhair agus bíonn cead isteach saor in aisce i gceist.
cead pleanála imlíneach outline planning permission
" Níor fhéad An Bord Pleanála a mhacasamhail de choinníoll a leagan síos le haghaidh scéim tithíochta a bhí beartaithe do Bhothúna i gceantar an Spidéil siocair nach raibh a leithéid leagtha síos nuair a tugadh cead pleanála imlíneach don scéim.
cead fánaíochta right to roam
" ) Ach i ndeireadh thiar thall má tá an rialtas dáiríre faoi chúrsaí sláinte is turasóireachta níor mhór “cead fánaíochta” a achtú, a chiallódh nach mbeadh aon srian ar chearta an tsiúlóra.
cead imeartha permission ot play
" Is mar gheall ar an moill sin a bhain imreoirí leas as cúirteanna na tíre chun iachall a chur ar CLG cead imeartha a thabhairt dóibh sula raibh an gnáthphróiseas curtha i gcrích.
cead tuirlingthe permission to land
" Deir an Roinn Gnóthaí Eachtracha gurb iondúil go dtugtar cead tuirlingthe d’eitleáin mhíleata ar an choinníoll nach mbíonn armlón nó ábhar pléascach á n-iompar acu.
Ní raibh cead raide ag an bhfear seo this man was not above the law
" Faoi phictiúr Nixon bhí an mana "Ní raibh cead raide ag an bhfear seo" le feiceáil agus faoin phictiúr eile bhí na focail "Agus níl ag an bhfear seo ach oiread".
cead isteach entrance
" Ní bheidh na húdaráis áitiúla ag soláthar scoileanna níos mó, ach beidh “ról straitéiseach” acu, mar dhea! Beidh cead isteach sna scoileanna nua faoi smacht na scoileanna féin.
cead isteach entry fee
" £150 an cead isteach a bhí i gceist go dtí an beár seo agus fuair na custaiméirí Pimms ag an doras agus bia blasta i rith an tráthnóna.
cead a gcinn permission to do as they pleased
" ” Dá dtabharfaí cead a gcinn d’Éireannaigh ní bheadh aon drogall orainn Parthas a scrios ar an dóigh a bhí Joni Mitchell a thuar san amhrán “Big Yellow Taxi”.
iad na cúiseanna a ndiúltófar cead pleanála dóibh what reasons they'll be refused planning permission
" I dtíortha eile, bíonn srianta iontach soiléir leagtha síos agus bíonn a fhios ag an díoltóir agus ag an cheannaitheoir cad iad na cúiseanna a ndiúltófar cead pleanála dóibh.
cead fánaíochta wandering rights
" Ar ndóigh, ní raibh aon imní orainn faoi fhadhbanna rochtana nuair a thosaigh muid ár dturas – tá léarscáil le fáil saor in aisce ón oifig turasóireachta a bhfuil na bealaí eagraithe siúlóide air agus tá cead fánaíochta sna sléibhte.
thugtar cead duit if you're allowed
" Abair seo liom: cé a thug cead duit dul ag máirseáil; cén fáth go bhfuil tú ag máirseáil agus cá háit a mbeidh tú ag máirseáil – má thugtar cead duit ar chor ar bith.
sa chead pleanála in the planning permission
" Ar an drochuair, agus cé go bhfuil costas de €30 milliún ar an stáisiún sin, ní bheidh sé ann ach go ceann deich mbliana: deirtear sa chead pleanála go gcuirfear deireadh leis tar éis na tréimhse sin, go dtógfar árasáin agus oifigí ina áit, mar aon le stáisiún nua.
cead isteach saor in aisce free admittance
" Tá an teach sin i seilbh scoile anois, ach is féidir cuairt a thabhairt air ag an deireadh seachtaine i mí Mheán Fómhair, nuair a bhíonn cead isteach saor in aisce go dtí a lán áiteanna suimiúla in Albain (www.
nach raibh cead acu a phlé, that they weren't allowed to discuss,
" Ba léir go raibh rudaí áirithe nach raibh cead acu a phlé, nó nach raibh siad ag iarraidh a phlé.
ag lorg ceada looking for permission
" Ag deireadh an chluiche tháinig siad trasna chugainn, ag lorg ceada chun Liam a thabhairt chuig an ionad traenála atá acu.
a thabharfadh cead do phoitigéirí coiscíní a sholáthar which would give pharmacists permission to provide condoms
" Tagairt cháiliúil CJ Haughey don leasú a bhí á mholadh aige siúd ar an dlí, leasú a thabharfadh cead do phoitigéirí coiscíní a sholáthar – do lánúineacha pósta amháin – ar oideas! Is fada ó Ré Dhorcha na n-ochtóidí anois sinn, buíochas le Dia.
cead permission
" Agus an chúis a bhí lena chinneadh? Cuireadh in iúl dó nach mbeadh cead aige a thurban a chaitheamh agus é ar dualgas.
cead permission
" Bhíodh cead ag an am sin, murab ionann agus an lá inniu, an liathróid a chur thar an taobhlíne ó áit ar bith ar an bpáirc.
cead permission
" Ó tharla go raibh aithne againn ar a chéile, thug sé cead dom déanamh amhlaidh.
ag tabhairt cead pleanála giving planning permission
" * Ní thuigeann sé cén fáth a bhfuil na comhairlí contae ag tabhairt cead pleanála do na céadta teach nach labhrófar Gaeilge go deo iontu le linn do Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta a bheith ag doirteadh airgid isteach sna ceantair Ghaeltachta leis an teanga a bhuanú.
cead follasach explicit permission
" Is amhlaidh gur tugadh gealltanas ar leith nach bhféadfadh Aer Lingus aon chinntí a dhéanamh, maidir le hathrú coinníollacha oibre a bhfostaithe nó maidir le hathlonnú a gcuid mol, gan cead follasach a bheith faighte acu ón Rialtas.
cead permission
" Cén fáth go gceanglaím an bheirt sin le chéile i m’aigne? Cuimhnigh anois a Bhaloir! I bhfad siar! Ard Fheis Fhine Gael! Ó sea! Ach níl cead againn labhairt faoi sin níos mó.
nach mbeadh cead ag foghlaimeoirí a ngluaisteáin a thiomáint that learners wouldn't be allowed to drive their cars
" Mar bharr ar an donas, bhí clampar sna meáin chumarsáide an mhí seo caite – gan trácht ar anbhá i measc daoine nach bhfuil ach ceadúnas sealadach tiomána acu – nuair a d’fhógair an tAire Iompair, Noel Dempsey, nach mbeadh cead ag foghlaimeoirí a ngluaisteáin a thiomáint a thuilleadh ach amháin dá mbeadh tiománaí láncháilithe in aice leo.
cead permission
" Níl mé ag rá, gan amhras, nach bhfuil cead ag ceoltóir a chuid ceoil a thaifeadadh agus a dháileadh ina bhealach féin agus, leis an bhfirinne a rá, níl fadhb ar bith agamsa leis na ceoltóirí atá ag iarraidh na lipéid cheirníní a thréigean.
as cead a bheith againn because we have permission
" Tá go leor tíortha eile in éad linn as cead a bheith againn ár nguth a chaitheamh ar cheist chomh tromchúiseach agus chomh bunúsach i dtaobh an treo ina bhfuil an tAontas ag gluaiseacht.
cead vótála permission to vote
" Is de bharr foráil i mBunreacht na hÉireann a bheas cead vótála againne.
go raibh aon chead agam that I had any right
" Níor airigh mé go raibh aon chead agam é sin a dhéanamh.
cead permission
" Tá an ceart ag tíortha eile a bheith páirteach san imscrúdú chomh maith – mar shampla, an tír ar léi an t-eitleán, an tír inar tógadh é, an tír inar tógadh a innill, agus uaireanta, más saoránaigh de chuid tíre faoi leith iad formhór na bpaisinéirí, tabharfar cead don tír sin a bheith páirteach san imscrúdú freisin.
cead vótála permission to vote
" Bhí conspóid faoi cé aige a bheadh cead vótála agus ní mó ná sásta a bhí an pobal taobh thiar den Daingean nuair a teorannaíodh an daonlathas go muintir an bhaile amháin.
mura dtabharfaí cead dá tuismitheoirí if her parents weren't given permission
" Dúirt sí leis an slua a bhí i láthair nach mbeadh sí sásta leanúint ar aghaidh lena cuid seanma mura dtabharfaí cead dá tuismitheoirí teacht ar ais go dtí a gcéad rogha suíochán – a bhí chun tosaigh – i ndiaidh gur tugadh a suíocháin do dhaoine geala.
cead permission
" Rinne Wallace bocht dearmad go raibh cead ag Caitlicigh dul isteach in Ardeaglais Phrotastúnach Phádraig i mBaile Átha Cliath, agus go raibh cead ag an Déan MacCarthy paidríní a chur ar díol ann ar mhaithe le cúpla euro a chur isteach i gciste na hArdeaglaise, dá mba mhaith leis.
tá cead isteach saor in aisce i gceist, there is free entry
" Cuirfear tús le himeachtaí na hoíche ar a seacht a chlog agus tá cead isteach saor in aisce i gceist, ach d’áit a chur in áirithe roimh ré (tá sonraí teagmhála ar fáil do gach rud a luaitear san alt seo ag bun an leathanaigh).
ag bronnadh cead pleanála. granting planning permission.
" Bíonn an céatadán seo bunaithe ar úsáid na Gaeilge sa cheantar mar theanga laethúil agus dúirt sé nár thuig sé ó thalamh an domhain tuige nach leagann Comhairle Contae na Gaillimhe síos na paraiméadair maidir leis an choinníoll teanga agus iad ag bronnadh cead pleanála.
cead a dhiúltú do pholaiteoirí refuse to allow politicans
" I ndeireadh ama, is é an dóigh is fearr lena chinntiú nach dtiocfaidh an pholaitíocht agus an spórt salach ar a chéile ná cead a dhiúltú do pholaiteoirí seilbh a ghlacadh ar imeachtaí spóirt.
cead pleanála planning permission
" Tagann Gusaí Gaimbín – “an tógálaí mór le rá” – chuig Lios na gCat agus cead pleanála á lorg aige chun casino, ionad dramhaíola agus monarcha don phróiseáil seithí a thógáil.
cead a gcinn a thabhairt do pháistí to let children do as they pleased
" Is rud nádúrtha é – bíodh is gur ceapadh lá den saol gur rud nádúrtha é cead a gcinn a thabhairt do pháistí agus sos beag a thabhairt don athair a chaith an tseachtain ar fad ag sclábhaíocht.
cead speisialta special permission
" Cé go bhfuil léarscáil foilsithe ag Suirbhéireacht Ordanáis Éireann, mar is gnách i gcás gach áite in Éirinn, caithfidh tú cead speisialta a fháil chun an léarscáil sin a úsáid.
go dtugtar cead a chinn don duine the person is given his own way
" ’ Is éard atá i gceist leis sin ná go dtugtar cead a chinn don duine is mó a bhfuil barúil láidir aige faoi cheist ar leith.
cead agóide permission to protest
" B’éigean d’easaontóirí iarratas a chur faoi bhráid na n-údarás le cead agóide a fháil i gceann de na páirceanna.
diúltaíodh cead isteach refused entry
" Dúirt seisean ina bheathaisnéis gur chaith sé an bonn Oilimpeach a bhuaigh sé i 1960 amach in abhainn an Ohio mar agóid nuair diúltaíodh cead isteach i mbialann dó.
Cead Taistil travel permit
"Cead Taistil Deir Ging go ndearnadh ionsaí, ní ar bonneagar na sceimhle ach ar bonneagar geilleagar Ghaza.
cead permission
" Cé go raibh an seanchosán in aice leis, ní raibh cead ag siúlóirí dul suas ar an bharr mar thalamh phríobháideach, le Diúc Devonshire, a bhí ann, Bhí caismirtí idir na siúlóirí agus na maoir ar an lá sin, agus gabhadh cumannach óg, Benny Rothman agus ceathrar eile agus gearradh téarma phríosúin orthu.
cead permission
" Ní raibh cead ag inimircigh, nár den chine geal iad, faoin mbeartas seo, teacht chun na hAstráile.
gan chead without a permit
" Gabhadh an té a tháinig i dtír gan chead.
cead a gcinn complete freedom
" Bíonn cead a gcinn, i ndáiríre, ag an rialtas agus níl ar chumas an Fhreasúra cuntas a iarraidh ar an rialtas.
cead permission
" Cé nach bhfuil cead agat mórán a ól (agus nach greannmhar gurbh “øl” an focal Ioruais fá choinne beoir – go díreach thit an “fada” ag déanamh dhá leath den “o”) – tá nightlife iontach acu.
cead siúil right of way
" Ná cuirfeadh sé iontas orainn mar sin gur ag tarraingt ar thíortha eile atá siúlóirí an domhain mura bhfuil rompu anseo ach brú ar an doicheall, in áit cead siúil agus fáilte.
gan cead without permit
" Tá formhór na ndaoine easáitithe seo gan ceadanna cónaithe is fostaíochta.
cead a gcinn full permission
" I mí Aibreáin, maíodh gur thug baill den PSNI cead a gcinn do scaifte dílseoirí san ionsaí inar maraíodh Kevin McDaid i gCuil Raithin; i mí Iúil, lig an PSNI do 200 dílseoir siúl thart i gceantar Protastúnach i nDoire i léiriú nirt.
ceadanna permits
" D’eiseodh an rialtas ceadanna le haghaidh na ngás do na tionscail éagsúla faoin scéim, gan talmhaíocht ná foraoiseacht a áireamh, agus bheadh deis acu chomh maith ceadanna sa bhreis a cheannach.
cead oibre work permit
" Ní dhearna siad faic, a deir sé, agus de réir ráitis ón Athair Michael Murtagh ó Theach Pobail Chluain Ard, thug an RUC cead oibre le páistí dó i ndiaidh iad cúlra Liam Adams a iniúchadh.
cead na gceithre gcos freedom
" Nára fada go bhfaighidh a chapall aonstábla ‘*Cool Hand Luke*’ (*Warner Brothers*, 1967 arís) cead na gceithre gcos ar scáileán iardhearcach éigin freisin.
cead permission
" M a bhriseadh suas agus nuair a diúltaíodh cead cainte a thabhairt don drámadóir John B.
cead permit
" Ní coirpeach é duine a fhanann i dtír gan cead sa tslí chéanna nach coirpeach é duine a fhaigheann ticéad páirceála nó a sháraíonn an luasteorainn.
cead permission
" Tugann siad cead agus saoirse dúinn uile tuairimí agus teoiricí a nochtadh ina dtaobh agus, mar sin, olc, maith nó díchéillí, tugaim anseo mo chuidse teoiricí i dtaobh na cruacheiste casta, tromchúisí faoi cad é traidisiún i gcomhthéacs chluichí na nGael.
gan chead unpermitted
" Rinne Morrison iarracht láidir ina ráiteas cáinteach ceangal a dhéanamh idir dearcadh an phríomhaire i dtaca le fás an daonra agus dúnghaois an rialtais i ndáil le hinimirce gan chead: *Just like illegal boat arrivals, Mr Rudd believes population growth is just another global tectonic force outside his control that he is not responsible for.
i gcead do as (HMM) said
" Ach i gcead do Harold MacMillan b’fhéidir nach dtuigeann muid chomh maith as is atáimid.
gan cead without permission
" Síscéal i gCead Mon Dieu! ========== **BD: Ba thú a d'fhoilsigh cuid mhaith de shaothair Chathal Uí Shearcaigh agus ní mó ná sásta a bhí tú nuair a baineadh úsáid as a chuid dánta sa chlár ‘Fairytale of Kathmandu’ gan cead a fháil uait?** MÓC: Bhuel bhain siad úsáid as na dánta gan chead th’éis dúinn a rá leo gan iad a úsáid agus th’éis dúinn a rá le RTÉ gur againn a bhí na cearta.
cead permission
" San áireamh sa smacht seo, is féidir srian a chur ar na bogearraí is ar na suíomhanna a bhfuil cead ag an bpáiste a úsáid.
cead fostaíochta work permit
" Nuair a chuala Rita caint go raibh a fostóir ag smaoineamh ar í a chur abhaile go Srí Lanca, rud a bheadh le haimhleas a teaghlaigh a bhí ag brath ar airgead as Éirinn, lorg sí a clóichead is a cead fostaíochta.
cead a gcinn iomlán complete freedom
" Ba cheart, de réir a shoiscéil, cead a gcinn iomlán a bheith ag lucht ghnó.
cead permission
" Le linn na tréimhse sin bhí buachaillí cois fharraige faoi bhrú go mór mar bhí sé i bhfad níos deacra orthusan an sliotar a thiomáint i gcoinne na gaoithe toisc nach raibh cead acu breith air agus é a thiomáint mar ba dhual dóibh i dtreo na sprice.
cead cumarsáide permission to contact
" Bí cinnte go mbailíonn tú seoltaí r-phoist agus cead cumarsáide ó gach éinne a líonann isteach an suirbhé.
cead permission
" Sa Fhrainc, áit a raibh neart ‘teangacha ceantair’, cuireadh béim ar an bhFraincis mar theanga oifigiúil náisiúnta, agus feiceadh ar an Occitanais, an Bhascais agus ar an mBriotáinis mar chanúintí gan mhaith nach n-oirfeadh don saol nua-aimseartha.
cead a gcinn complete freedom
" Fágann sé fosta go mbíonn cead a gcinn ag airí an rialtais sa Dáil, rud a chuireann bac mór ar Theachtaí Dála cuntas a iarraidh ar an rialtas.
cead permission
" Fuair siad cead ó Edelfrida ansin, banríon Mercia i dtuaisceart Shasana, dul i dtír ag Wirral.
ní roinnfidh an Rialaitheoir cead the Regulator won't give permission
" Is é sin, is féidir oscailt ón tús ach ní roinnfidh an Rialaitheoir cead leat, ‘stádas buan' más maith leat, go dtí go mbeidh an 18 mí curtha isteach ag an gcomhar.
Fuarthas cead permission was obtained
" Fuarthas cead ón Stát an píopa a leagan mar chuid den phríomháidiú leanúnach atá á dhéanamh acu ar acmhainní aiceanta na tíre.
cead permission
" Gan é ach cúpla seachtain san oifig, d'fhógair sé go ngearrfaí siar go mór ar thuarastal múinteoirí, agus go mbainfí an cead de na ceardchumainn idirbheartaíocht chomhargála a dhéanamh thar a gceann.
cead a fháil in obtaining permission
" Tar éis teip cóilíneachta darbh ainm ‘Avalon’ i dTalamh an Éisc, d'éirigh leis cead a fháil ón rí ceann nua a bhunú ar chuan Chesapeake.
chead pleanála planning permission
" Cuireann siad ar an eolas sinn faoi aon chead pleanála ins an chathair agus rachaimid i dteangmháil leis an té atá ag iarraidh cead pleanála agus díolaimid an teanga leis an duine sin.
gcead permission
" Bhí meas i gcónaí agam ar an gcead a thug siad dom - bhí mise óg ag an am - a bheith ina gcomhluadar agus ceapaim go gcuidíonn sé sin leat mar dhuine óg, ag fás aníos.
cead permission
" Tá formhór mór na bpóilíní armtha, tá cead ag fir shlándála phríobháideacha gunna a iompar agus is iomaí gnáthdhuine a bhfuil gunna ina sheilbh.
cead á lorg aige seeking a permit
" Déantar tástáil shiceolaíoch ar dhuine ar bith san Fhionlainn a bhfuil cead á lorg aige arm a iompar.
Níl cead acu they don’t have permission
" Mar shampla, ní féidir leat conradh a shíniú agus tá srianta fostaíochta ort maidir le *"hazardous work !!!"* Níl cead acu dul isteach i bhfórsa póilíní nó sa bhriogáid dóiteáin agus Níl cead acu amharc ar scannáin cogaidh *'X rated.
Cead Amháin Siúil one chance to leave
" Cead Amháin Siúil nó Fuireach Blianta ====================== Tá ‘cead siúil’ ag páistí ina gcéad sé mhí traenála, ach tar éis sin ní féidir leo an t-arm a fhágáil go dtí 22 bliana d'aois.
cead siúil right of discharge
" Cead Amháin Siúil nó Fuireach Blianta ====================== Tá ‘cead siúil’ ag páistí ina gcéad sé mhí traenála, ach tar éis sin ní féidir leo an t-arm a fhágáil go dtí 22 bliana d'aois.
cead athbhreithniú permission of review
" Cé gur shínigh siad an conradh mar pháistí, níl cead athbhreithniú a dhéanamh acu agus iad ina ndaoine fásta, is é sin, ag aois 18 bliana.
Cead Báis death permit
" Cead Báis á Síniú ag Máthair ============ Mar chuid den chúrsa, bhí orthu dul suas ar na cnoic in éineacht liom le hairdrianú agus cleasanna den chineál sin a chleachtadh.
foirm cheada parental consent form
" Os rud é go raibh siad 17 bliana d'aois ag an am, bhí ar a dtuismitheoirí foirm cheada a shíniú.
cead permission
" I mbunreacht Mheiriceá, a ritheadh i 1788, deirtear nach bhfuil cead ag éinne ach "saoránach nádúrbheirthe" a bheith ina uachtarán ar Mheiriceá.
cead permission
" Bhí fásra mara agus an mhórsceir le feiceáil go soiléir faoin uisce freisin ach níl cead ag na turasóirí lámh a leagan orthu toisc a leochailí is atá siad.
Tugtar cead a gcinn are given full control
" Tugtar cead a gcinn do na pobail eitneacha a gcuid teangacha féin, a gcuid cultúr féin agus a gcuid creideamh féin a bhuanú.
Cead isteach entry
" Cead isteach €13 - €40 Tuilleadh eolais : (Abbey Theatre)(http://www.
Cártaí Ceada permit cards
" Cártaí Ceada ======= Chuir tuarascáil an Choimisiúin moltaí éagsúla faoi bhráid an rialtais chónaidhme, ach tá aird an phobail dírithe ar mholadh amháin ach go háirithe.