Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cead pleanála planning permission
" Tá an Chomhairle Contae i ndiaidh ocht dteach a thógáil sa cheantar agus tá siad ag lorg cead pleanála do cheithre theach déag eile.
cead pleanála imlíneach outline planning permission
" Níor fhéad An Bord Pleanála a mhacasamhail de choinníoll a leagan síos le haghaidh scéim tithíochta a bhí beartaithe do Bhothúna i gceantar an Spidéil siocair nach raibh a leithéid leagtha síos nuair a tugadh cead pleanála imlíneach don scéim.
iad na cúiseanna a ndiúltófar cead pleanála dóibh what reasons they'll be refused planning permission
" I dtíortha eile, bíonn srianta iontach soiléir leagtha síos agus bíonn a fhios ag an díoltóir agus ag an cheannaitheoir cad iad na cúiseanna a ndiúltófar cead pleanála dóibh.
sa chead pleanála in the planning permission
" Ar an drochuair, agus cé go bhfuil costas de €30 milliún ar an stáisiún sin, ní bheidh sé ann ach go ceann deich mbliana: deirtear sa chead pleanála go gcuirfear deireadh leis tar éis na tréimhse sin, go dtógfar árasáin agus oifigí ina áit, mar aon le stáisiún nua.
ag tabhairt cead pleanála giving planning permission
" * Ní thuigeann sé cén fáth a bhfuil na comhairlí contae ag tabhairt cead pleanála do na céadta teach nach labhrófar Gaeilge go deo iontu le linn do Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta a bheith ag doirteadh airgid isteach sna ceantair Ghaeltachta leis an teanga a bhuanú.
ag bronnadh cead pleanála. granting planning permission.
" Bíonn an céatadán seo bunaithe ar úsáid na Gaeilge sa cheantar mar theanga laethúil agus dúirt sé nár thuig sé ó thalamh an domhain tuige nach leagann Comhairle Contae na Gaillimhe síos na paraiméadair maidir leis an choinníoll teanga agus iad ag bronnadh cead pleanála.
cead pleanála planning permission
" Tagann Gusaí Gaimbín – “an tógálaí mór le rá” – chuig Lios na gCat agus cead pleanála á lorg aige chun casino, ionad dramhaíola agus monarcha don phróiseáil seithí a thógáil.
chead pleanála planning permission
" Cuireann siad ar an eolas sinn faoi aon chead pleanála ins an chathair agus rachaimid i dteangmháil leis an té atá ag iarraidh cead pleanála agus díolaimid an teanga leis an duine sin.
an cead pleanála planning permit
" Chuir pobal na nGleannta in aghaidh an iarratais phleanála i dtús, ach níor ghlac an Chomhairle Chontae lena n-achainí agus thug siad an cead pleanála do *Straboy Wind Energy*.
chead pleanála planning permission
" Cuireadh ina leith nach raibh aon chead pleanála aige i leith teach soghluaiste a bhí pairceáilte i mBaile an Droichid, Gaoth Dobhair.
cead pleanála ar an togra the project planning permission
" Bhronn Comhairle Contae na Gaillimhe cead pleanála ar an togra ach rinne roinnt daoine áitiúla mar aon le An Taisce achomharc ina éadan.
ar bronnadh cead pleanála planning permission was granted
" Tá an tírdhreach breac le fógraí agus le comharthaí agus gan a fhios ag éinne ar bronnadh cead pleanála ar aon cheann acu ariamh.
cead pleanála planning permission
" Bhí baint mhór aige le bunú Theilifís na Gaeilge agus tá sé ar a dhícheall faoi láthair ag iarraidh a chinntiú nach féidir le daoine gan Ghaeilge cead pleanála a fháil sna ceantair Ghaeltachta.