Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ó chealaigh sí an bunreacht since she cancelled the constitution
" Ó chealaigh sí an bunreacht tá an tír seo ina raic.
nach gá go gcealódh ceachtar den dá ní a chéile, that the two things don't need to cancel each other out,
" Ní gá duit a bheith i do bhall de Mensa le teacht ar an tuiscint nach gá go gcealódh ceachtar den dá ní a chéile, ach teacht ar chomhréiteach sásúil eatarthu.
cealú negation
" B’fhéidir nach n-athródh cealú an dá chúil sin toradh an chluiche, ach is cinnte gur chabhraigh siad le bua na gCorcaíoch.
chealaigh cancelled
" Thuig an BNP go raibh meancóg mhór déanta acu agus chealaigh siad an mórshiúl.
cealú cancelation
" I measc na mbeartas eile a chuir na Fionlannaigh i bhfeidhm, tá arduithe ar an mhuirear chánach, béim ar an onnmhairiú a chothú, ciorruithe ar chaiteachas, agus cealú ar arduithe sna híocaíochtaí leasa shóisialaigh.
Cealaíodh cancelled
" Scéimeanna nár Cealaíodh Ní léir ach an oiread go mbeidh deireadh curtha le Scéim Labhairt na Gaeilge (nó Scéim na Deich bPuntaí mar a thugtaí air tráth) ina n-íoctar €260 in aghaidh an teaghlaigh Ghaeltachta, ach líofacht Ghaeilge na clainne a chruthú do chigire scoile.
gcealófaí would be cancelled
" Ó na hochtóidí i leith, bhí ceardchumainn na seirbhíse poiblí ag iarraidh go gcealófaí córas na marcanna breise d’arduithe céime siocair go raibh cuid dá mbaill nach raibh cáilithe do na marcanna seo den bharúil go raibh leatrom á imirt orthu.
cealú na muintire absenting of the people
" Is ionann oireachtas ann féin agus cealú na muintire óir is trí fheidhmiú na muintire iad féin a chruthófar an daonlathas agus ní trí fheidhmiú a gcuid teachtaí.
le cealú an díchreidimh with the neutralizing of disbelief
" Chuas go fonnmhar, áfach, le cealú an díchreidimh.
chealú na sclábhaíochta the ending of slavery
" Sclábhaíocht ár Linne ========= Cé go léimid faoi chealú na sclábhaíochta sna leabhair staire, is ionann an gháinneáil ar dhaoine agus cineál sclábhaíochta.
cealú na sclábhaíochta abolishment of slavery
" Bhí Daniel O Connell, an Fuascailteoir, go láidir i bhfách le cealú na sclábhaíochta agus nuair a tháinig daoine dubha ó Mheiriceá san 18ú céad le labhairt ar an sclábhaíocht sna hIndiacha Thiar - a chuir go mór le rath phoirt na hÉireann - cuireadh fearadh na fáilte rompu.
Cealú Guthanna cancelling votes
"Cealú Guthanna ======= “Is próiseas leanúnach é”, dúirt Collins linn, agus labhair sé faoin obair a dhéanann The British-Irish Council agus The British-Irish Parliamentary Assembly.
Cealú Maoinithe funding being cancelled
" Cealú Maoinithe ====== Sa chás seo, tá bille nua sláinte an Uachtaráin Obama, a gheallfaidh árachas sláinte do chách, le teacht i bhfeidhm ar an gcéad lá d’Eanáir, 2014, agus tá cead ag daoine cur isteach air ón 1 Deireadh Fómhair na bliana seo.