Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ceamara aonúsáide disposable camera
" Ach má tá ceamara uait do do chuid laethanta saoire b'fhéidir go ndéanfadh ceamara aonúsáide an gnó ina ionad.
cheamaraí digiteacha digital cameras
" An rud is fearr faoi cheamaraí digiteacha ná gur féidir an t-uafás grianghraf a ghlacadh leo.
an fhoireann cheamara the camera crew
" B'éigean dom áiteanna áille a aimsiú don léiritheoir a bheadh an fhoireann cheamara ábalta a bhaint amach.
cheamara digiteach digital camera
" Nascann sé a cheamara digiteach leis an ríomhaire, agus ceann ar cheann preabann na grianghraif ar fad a ghlac sé ar laethanta saoire an tsamhraidh suas ar an scáileán.
ceamaraí slándála security cameras
" De réir na ndeirfiúracha, scrios an IRA cibé fianaise a bhí ar fáil taobh istigh den phub, bhris siad na ceamaraí slándála taobh amuigh ar an tsráid, bhagair siad ar cibé duine a chonaic an t-uafás agus d'imigh leo - gan scairt a chur ar otharcharr féin don fhear a bhí ag imeacht ar shlí na fírinne, athair beirt pháistí, a sháith siad le scian agus a chiceáil siad sa chloigeann.
ceamara digiteach digital camera
" An bhfuil aon rud níos measa ná daoine a fheiceáil ag glacadh grianghraf ag coirmeacha ceoil lena nguthán? Dúisígí agus éistigí leis an gceol a chairde! Tá sé ródhorcha chun grianghraif a ghlacadh agus tá do lámh i mo shlí! Is beag is fiú na ceamaraí saora atá le fáil sna gutháin – má tá ceamara digiteach uait téigh amach agus ceannaigh ceamara digiteach - lánstad.
ceamara spiaireachta spy camera
" Chuir Jenkins ceamara spiaireachta os comhair chlár fógraí an NATFHE le súil a choinneáil ar ghníomhaithe an cheardchumainn (*Guardian Eduaction*, 17 Feabhra 1998).
ceamara gréasáin webcam
" Baineadh úsáid as ceamara gréasáin le scrúdú a dhéanamh ar aghaidh duine chun príomhthréithe na haghaidhe a aithint – cruth an bhéil, mar shampla, malaí cruinnithe nó éadan rocach – agus an t-eolas sin a sheachadadh chuig bogearra speisialta a dhéanann anailís air agus a dhéanann íomhá dhigiteach de.
ceamaraí luais speed cameras
fearais nua cheamara new camera equipment
" Leis na scórtha ceamaraí, agus fearais nua cheamara agus micreafóin a chrochtar ar shreangáin speisialta cúpla méadar os cionn na páirce féin, is féidir leis an mbreathnóir a shamhlú go bhfuil sé féin i lár na páirce leis na himreoirí.
mar gur cuireadh na ceamaraí slándála as le linn dó bheith sa bheairic. because the security cameras were turned off during his time in the barracks.
" Mhaígh Barrett le linn a thrialach go raibh a fhios ag na húdaráis cad é bhí ar bun aige mar gur cuireadh na ceamaraí slándála as le linn dó bheith sa bheairic.
Theip ar chadhnraí mo cheamara the batteries in my camera failed
" Forais PuketiTheip ar chadhnraí mo cheamara agus mé ar thuras timpeall an tuaiscirt – mo léan! Stadamar i bhforaois Puketi chun breathnú ar na kauri móra atá ag fás inti.
ar cheamaraí físe on video cameras
" Go deimhin, is ar cheamaraí físe amháin a bhíonn grianghrafadóirí de chuid nuachtáin áirithe i SAM ag glacadh a gcuid pictiúr anois.
na cnaipí ar cheamaraí digiteacha the buttons on digital cameras
"na cnaipí ar cheamaraí digiteacha á mbrú gan tairiseamh agus roinnt de na déagóirí ag spraoi agus ag suairceas mar a bheidís i bpáirc aonaigh nó in iarsmalann ina bhfuil stair ársa á léiriú nach bhfuil aon bhaint acu in aon chor léi.
triail ceamara. audition.
" Ní fheadar cén fáth ar chuir siad scairt ormsa ach fuair mé glaoch agus chuaigh mé chuig triail ceamara.
bíonn sé i mbun an cheamara agus na n-agallamh, he does the camera and the interviews
" Is furasta a mhíniú céard is "físiriseoireacht" ann: déanann an físiriseoir chuile rud! Déanann sé an taighde agus an tiomáint; bíonn sé i mbun an cheamara agus na n-agallamh, agus go minic, na heagarthóireachta.
in éindí le mo cheamara with my camera
" Agus an t-alt seo á chur i gcló, beidh cúig mhí caite agam sa Favela in éindí le mo cheamara – an Sony HVR A1E, ar gléas é atá réabhlóideach ar dhá chúis.
ceamara digiteach proifisiúnta professional digital camera
" Níl aon amhras faoi ach go gcuirfear ceamara digiteach proifisiúnta ar fáil roimh i bhfad a bheidh ar comh-mhéid le ceamara digiteach baile ach lena bhféadfar caighdeán an cheamara teilifíse a bhaint amach.
ach lena bhféadfar caighdeán an cheamara teilifíse a bhaint amach. but with which the standard of a TV camera can be achieved
" Níl aon amhras faoi ach go gcuirfear ceamara digiteach proifisiúnta ar fáil roimh i bhfad a bheidh ar comh-mhéid le ceamara digiteach baile ach lena bhféadfar caighdeán an cheamara teilifíse a bhaint amach.
fear ceamara cameraman
" Ní raibh Jim bainteach leis an tionscadal ag an tús; ba é fear ceamara darb ainm dó Ken Fogarty a chuir tús leis an gclár in éineacht linn.
lucht ceamara camera crews
" Sílim i ndáiríre go bhfuil baint ag TG4 leis: sé sin, go bhfuiltear ag cur fostaíocht mhaith ar fáil do dhaoine a bhfuil spéis acu sna healaíona – ó thaobh scriptscríbhneoirí, aisteoiri, cumadóirí ceoil, lucht ceamara.
Tharraing Súil Ceamaraí drew camera
" Imreoir a Tharraing Súil Ceamaraí ================= Mar is iondúil i gcás leabhair den chineál seo, tá na grianghraif tábhachtach.
ceamara an ghutháin the phone camera
" (Cuireann an dea-aimsir spionnadh ceamradóra orainn ar fad agus bhí a leithéid againn in Éirinn cheana féin i mbliana, creid é nó ná creid!) Úsáidim féin ceamara an ghutháin don chuid is mó ach mar a scríobh tráchtaire amháin ar alt faoi fógairt críoch Flip, ceamara beag físe, “Go minic ní fiú na táillí fánaíochta le fóin nuair atá tú ar saoire.
gceamaraí gutháin phone cameras
" ” Níl aon cheist go bhfuil feabhas na gceamaraí gutháin tar éis an margadh a alpadh.
mar a bhfaighidh tú ceird an cheamara where you obtain camera work
" Tá cúrsa acu a mbeidh sé mhí acu sa choláiste mar a bhfaighidh tú ceird an cheamara agus dearadh ar an ríomhaire, agus bíonn sé mhí taithí oibre ann.
An Ceamara Glibe the forehead camera
" An Ceamara Glibe =========== Ní bheidh mé ar mhullach sléibhe ar bith le péire ski i mbliana.
bhíodh ceamara ag duine ar bith would anyone have a camera
" Nuair a thosaigh mé ag sléibhteoireacht agus mé i mo stócach, ní minic a bhíodh ceamara ag duine ar bith amuigh ar na cnoic mar go raibh siad mí-áisiúil.
ceamara beag méarach a small digital camera
" Sa lá atá inniu ann, áfach, bíonn daoine ag tarraingt grianghraf i gcónaí, ar an ghuthán póca nó le ceamara beag méarach agus iad a chrochadh ansin ar Facebook.
ag caitheamh ceamaraí cinn wearing cameras
" Buanú na Meancóige ======= Níos measa fós, tá roinnt daoine ag caitheamh ceamaraí cinn anois, agus mar sin níl éalú ar bith ón tsúil santach má dhéanann éinne meancóg.
caoineadh os comhair ceamara crying on camera
" Forbairt na Tuisceana ========== I ndiaidh do Bhean Mhic Róibín caoineadh os comhair ceamara sa tSomáil, thug sí ar aghaidh ar na meáin chumarsáide agus ar árais áirgiúla ‘an Iarthair’ agus labhair amach go láidir.
Lonnú Fada Ceamara ar an Láthair the camera remaining for a long spell on spot
" Lonnú Fada Ceamara ar an Láthair ============== Fear mór an “*show*” seachas an “*tell*” ab ea Simon sa chlár mór le rá eile aige freisin, The Wire, clár fíormhall a dhéanann mioniniúchadh mall réidh ar chliseadh na bhforas sóisialta ba bhunúsacha i mBaltimore.
láimhseáil cheamara agus eagarthóireacht using a camera and editing
" 
Bhí suim riamh aici sa taobh theicniúil den tionscal, láimhseáil cheamara agus eagarthóireacht, srl.
ceamaraí digiteacha digital cameras
" Féachann Diarmaid Mac Mathúna ar na buntáistí agus ar na míbhuntáistí a bhaineann le ceamaraí digiteacha.
cheamara digiteach digital camera
" Tá comhairle ag Diarmaid Mac Mathúna don té a bheadh ag smaoineamh ar cheamara digiteach a cheannach.
tá an ceamara cinn san áireamh sin the head camera included
" Bíonn a místuaim féin ag baint le háiseanna iontacha ár linne dar le Tony Birtill, agus tá an ceamara cinn san áireamh sin dar leis.
ceamaraí spéire agus sráide sky and street cameras
" Bíonn an deartháir mór ag faire i dtólamh, cluasáin na ngníomhairí dírithe ar ár gcuid guthán baile agus oifige agus bíonn ceamaraí spéire agus sráide dár siarleanacht ar an talamh, ach bhí Brian Ó Broin ag faire fosta.