Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chinn mé decided
" Chuaigh an ceol agus na dathanna iontacha go mór i gcion orm agus chinn mé ag an phointe sin gur go Cúba a rachainn ar mo chéad saoire eile.
a thóg ceann that paid attention to
" Bhí sé seo suimiúil, dar léi, mar "b'í seo an chéad fhéile in iarthar na hEorpa a thóg ceann agus a thug tús áite d'ilteangachas na réigiún agus na limistéar Ceilteach.
dul chun cinn progress
" Is é an dóigh is fearr le dul chun cinn a dhéanamh ná níos mó saothair a chaitheamh in áiteanna mar seo, sa dóigh is go mothóidh daoine go bhfuil siad páirteach sna rudaí atá ag tarlú.
ceann beag wee one
" "An mbeidh ceann beag agat lena chois, a Chiain?" arsa Dónall.
ormsa an ceann seo it's my round
" "Suí ar do thóin anois," arsa Síle, "ormsa an ceann seo" agus suas léithi i dtreo an bheáir.
nuair a bheadh a ceann ramhar when she'd be hungover
" Is cinnte nach ag déanamh trua dithe a bheadh sí ar maidin amárach nuair a bheadh a ceann ramhar agus tinneas bhéal an ghoile uirthi.
teangacha agus cultúir a chur chun cinn to promote languages and cultures
" D'fhoilsigh institiúid oideachais agus taighde sa Ghearmáin tuairisc i 1999 ar obair Ghaillimh le Gaeilge; dar leo go bhfuil an dara cur chuige is éifeachtaí ag an eagraíocht i measc iarrachtaí atá á ndéanamh ar fud na hEorpa teangacha agus cultúir a chur chun cinn.
chinn sé ar he decided
" Ag an am sin, chaith sé tréimhse ag obair go lánaimseartha leis na príosúnaigh phoblachtánacha a bhí ar stailc ocrais agus ansin chinn sé ar dhul isteach i Sinn Féin.
ceann beag wee one
" "An mbeidh ceann beag agat lena chois, a Chiain?" arsa Dónall.
ormsa an ceann seo it's my round
" "Suí ar do thóin anois," arsa Síle, "ormsa an ceann seo" agus suas léithi i dtreo an bheáir.
nuair a bheadh a ceann ramhar when she'd be hungover
" Is cinnte nach ag déanamh trua dithe a bheadh sí ar maidin amárach nuair a bheadh a ceann ramhar agus tinneas bhéal an ghoile uirthi.
Bhí do dhá shúil sáite thiar i do cheann you were sunken-eyed
" Bhí do dhá shúil sáite thiar i do cheann.
a gceann scríbe their destination
" Tá teachtaireachtaí ríomhphoist ar nós cártaí poist - tá siad oscailte agus is féidir le haon duine iad a léamh toisc go dtéann siad tríd a lán ríomhairí sula mbaineann siad a gceann scríbe amach.
ag fáil an chinn is fearr getting the better of
" Faraor, is cuma cén sampla a thógann an FAI ó Rosenborg, beidh muid ag fanacht tamall eile sula bhfeicfidh muid Shelbourne ag bualadh AC Milan sa San Siro, nó Bohemians ag fáil an chinn is fearr ar Real Madrid in Dalymount.
Bhí do dhá shúil sáite thiar i do cheann you were sunken-eyed
" Bhí do dhá shúil sáite thiar i do cheann.
Dul chun cinn suntasach noticeable progress
" Dul chun cinn suntasach déanta maidir le soláthar seirbhísí do phobal na Gaeilge.
idir dhá cheann na meá undecided, not knowing which way to jump
" Bheadh sí ar uibheacha i rith an lae, í ag luascadh idir dhá cheann na meá - a bheith ciúin caoin ach gan luí fúthu san am céanna.
ach ann ach go dtiocfadh léi a ceann a thógáil she could barely lift her head with the embarrassment
" " "Rita," arsa an bhean eile ach ann ach go dtiocfadh léi a ceann a thógáil.
gur chinn siad that they decided
" ) Chuir Príomh-Chonstábla an RUC, Sir Ronnie Flanagan, in iúl don Státrúnaí "gur thuig an UDA an damáiste a bhí an foréigean á dhéanamh do dhaoine aonair, agus an damáiste a bhí sé á dhéanamh do phróiseas na síochána, agus gur chinn siad ar stop a chur leis an fhoréigean.
an ceann tuáilleach the towelled one
" Le gach croitheadh dá cheann chroith ceann Bhrains fosta; an dá chloigeann, an ceann gruagach agus an ceann tuáilleach, ag dul anonn agus anall, mar a bheadh luascadán, iad beirt ar aon bhuille," dar leis an Chioclóp Scéalach.
nach mbeadh uchtach aige dul ina ceann he wouldn't have the courage to tackle it
" Thosaigh sé ar an chisteanach nó bhí a fhios aige mura dtabharfadh sé aghaidh air sin ar tús nach mbeadh uchtach aige dul ina ceann tráthnóna.
dul chun cinn progress
"dul chun cinn dochreidte déanta ón am a d'fhág mé ach is féidir liom a rá nach mbeadh sé ann ar chor ar bith murach an obair a rinne muid á thosaí.
cur chun cinn the promoting of
" Tá na coistí páirteach i gcur chun cinn oideachas lán-Ghaeilge ina gceantair.
Níl tú ina cheann i bhfad You haven't been at it long
" Níl tú ina cheann i bhfad.
cliabhán cinn muzzle
" Dar leis go bhfuil tuigbheáil mhaith aige do na bronntanais Nollag is fearr a dhéanfadh leas daoine: Don Teachta Dála Neamhspleách, Tomaisín Ó Good Day, thabharfadh sé cliabhán cinn, ceann doscaoilte ar eagla go n-íosfadh sé ceann ar bith eile de na taibléidí sin a chuireann dallach dubh ar dhaoine.
níl caill ar é seo ina cheann he's not bad at it (i.e. he does it well)
" "Is deacair á shárú lá fuar geimhridh agus níl caill ar é seo ina cheann.
cruinniú cinn bhliana AGM
" Rogha na n-imreoirí ======= Cuireadh tús le foireann iománaíochta Choláistí Átha Cliath sa bhliain 1994 de bharr rúin ar glacadh leis ag cruinniú cinn bhliana Chomhairle Choláistí Laighean, is é sin go mbeadh cead ag foireann thar ceann Choláistí Átha Cliath páirt a ghlacadh i gCraobhchomórtas Choláistí Laighean 'A'.
an ceann is fearr a fháil ar lucht na sceimhlitheoireachta defeat the terrorists
" Ar ndóigh, déanann daoine an neamhaird seo ar an Bhunreacht a chosaint trí thagairt a dhéanamh don tslándáil náisiúnta agus an dóigh a gcaithfear an ceann is fearr a fháil ar lucht na sceimhlitheoireachta.
dul chun cinn progress
" Tá sí ag déanamh dul chun cinn sna meáin chumarsáide anois (TG4, Raidió na Gaeltachta, an t-idirlíon, etc.
ceann ar cheann one by one
" Thug an fear a thug na ceachtanna tiomána treoirliosta dó agus bhí sé ag dul fríd ceann ar cheann.
a gceann scríbe their destination
" B'éigean do pháistí Protastúnacha dul chun an bhaile i *Land Rovers* na bpóilíní ar eagla go n-ionsódh scaifte Caitliceach iad a bhí ina seasamh idir iad agus a gceann scríbe.
cheann scríbe destination
" Go stairiúil bhí DC ina cheann scríbe do go leor inimirceach, ach tháinig méadú ar an líon daoine a bhí ag triall ar an chathair de réir mar a chuaigh an cogadh cathartha in El Salvador in olcas sna hochtóidí.
Cheann Comhairle Speaker
" Ag preasócáid i Westminster mí ina dhiaidh sin (21 Eanáir), nuair a tháinig ceathrar feisirí Shinn Féin go dtí a n-oifigí nua den chéad uair, dúirt Gerry Adams go raibh an cosc a chuir an t-iarCheann Comhairle, Betty Boothroyd, ar fheisirí de chuid Shinn Féin i 1997 leithchealach agus éagórach.
An ceann is túisce a rithfeadh leat the first one that would occur to you
" An ceann is túisce a rithfeadh leat ná go bhfuilimid i dtaobh le foclóir Béarla-Gaeilge a ullmhaíodh go gearr i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.
siocair go bhfuair sé an ceann caol den mhargadh because he got the poor end of the bargain
" Bhí suim ag Féilim i gcónaí san éadach agus bhí siad siúd ann a shíl gur chothaigh sé an tsuim sin siocair go bhfuair sé an ceann caol den mhargadh ó thaobh na dóighiúlachta de.
a bhainfeadh blaosc do chinn duit that would blow your head off (loud)
" Leis sin lig cailleach inteacht racht a bhainfeadh blaosc do chinn duit.
ár ndul chun cinn our progress
" Tugann na grianghrafanna léargas dúinn ar chomh gasta is atá an timpeallacht ag athrú agus ar an mhéid a bhraitheann ár ndul chun cinn go fóill ar obair fhisiciúil láimhe.
chinn sí ar she decided
" Tar éis cúig bliana sa Tuirc, áfach, bhraith sí go raibh an Ghaeilge "ag éalú uaithi" agus chinn sí ar fhilleadh go hÉirinn.
an ceann is fearr the better
" Bhí na Brianaigh ina dtiarnaí ar thrí oileán Árann ar feadh 450 bliain go dtí 1585, tráth a bhfuair na Flaitheartaigh an ceann is fearr orthu.
moill a chur ar an dul chun cinn polaitiúil to hold up political progress
" **PM:** Cén fáth? **ANO:** Le tríocha bliain anuas tá tionchar mailíseach ag an scata fear seo - 100 faoin chéad Protastúnach a bhfuil dlúthbhaint acu leis na Máisiúin - atá saor ó smacht, atá ina "fhórsa taobh istigh de fhórsa" a bhfuil líomhaintí seanbhunaithe agus forleathana curtha ina leith gur chuidigh siad le dúnmharaithe agus le coireanna eile, gur úsáid siad paramílitigh dhílseacha le hionsaithe a dhéanamh agus go ndearna siad a ndícheall moill a chur ar an dul chun cinn polaitiúil.
fá cheann míle dúinn within a mile of us
" "Duine ná deoraí," arsa Lillian "agus ina mhullach sin tá scoil bhreá fá cheann míle dúinn.
cheann scríbe destination
" Ag an am céanna, tá Éire i gcónaí chun tosaigh sa nuacht ó thaobh cúrsaí reatha de agus mar cheann scríbe do laethanta saoire.
a chur chun cinn to promote
" Táimid ag súil le tuilleadh tacaíochta ó na heagraíochtaí Stáit agus deonacha in Éirinn a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a chur chun cinn.
cheann scríbe destination
" Ag an am céanna, tá Éire i gcónaí chun tosaigh sa nuacht ó thaobh cúrsaí reatha de agus mar cheann scríbe do laethanta saoire.
a chur chun cinn to promote
" Táimid ag súil le tuilleadh tacaíochta ó na heagraíochtaí Stáit agus deonacha in Éirinn a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a chur chun cinn.
cheann scríbe destination
" Agus é ag caint faoin nós a bhí ag Bus Átha Cliath "The Pillar" a chur mar cheann scríbe ar na busanna a bhí ag dul isteach go lár na cathrach, mhol sé gur chóir do Luas an sampla sin a thógáil agus ainm úr a chumadh don chóras iompair a bheas ag dul isteach go dtí an tsráid.
ceann scríbe gan aithne unknown distination
" Chonaic sé grianghraf san *Irish Times* de theaghlach ón Afganastáin agus iad ag siúl trasna an fhásaigh go dtí ceann scríbe gan aithne, agus a sealúchas uilig leo i mbara rotha.
Chinn Rob ar Rob decided
" Chinn Rob ar rud inteacht a dhéanamh le cuidiú a thabhairt daofa.
ceann scríbe polaitiúil political goal
" Ní scoirfidh an IRA go dtí go bhfuil ceann scríbe polaitiúil - é éiginnte faoi láthair - bainte amach.
dul chun cinn féideartha possible progress
"dul chun cinn féideartha Shinn Féin ó dheas - ainneoin go bhfuil go leor *hype* ag baint leis - ag cur eagla ar eite dheas na Breataine agus na hÉireann.
cheann scríbe destination
" Ní gá don tiománaí ach a mhapa leictreonach a chur ar siúl agus beidh do cheann scríbe le feiscint air chomh maith leis an mbóthar is saoráidí chun tú a thabhairt ann.
mé a fhágáil ina cheann leave me in charge
" Dá stróicfeadh sé leis agus mé a fhágáil ina cheann dhéanfainn féin gnaithe breá.
dul chun cinn progress
" Ní raibh ach meánscoil amháin sa Ghaeltacht ag an am - scoil buachaillí sa Daingean agus í á rith trí mheán an Bhéarla! Mar go raibh cáilíocht mheánscoile ag teastáil leis an jab is ísle fiú a fháil sa státseirbhís, ní raibh aos óg na Gaeltachta i dteideal dul ag obair sna postanna a raibh na deiseanna dul chun cinn is fearr iontu.
Oíche Chinn Bliana New Year's Eve
" 'Téana ort is ólfaidh muid deoch sa Lodge ós í Oíche Chinn Bliana í.
ní fheicfeá an dá shúil ina ceann leis an chaoineadh her eyes were swollen because of crying
" Bhí Bríd bheag sa tseomra ó tháinig an corp agus ní fheicfeá an dá shúil ina ceann leis an chaoineadh.
dul chun cinn progress
" Ní raibh aon choinne, áfach, leis an dul chun cinn a rinne na daonlathaithe Críostaí sa toghchán céanna.
eagna chinn understanding
" Tá foirgneamh úr acu, tá siad ag cruthú caitheamh aimsire agus eagna chinn i measc daoine óga na háite, agus ag tabhairt féiniúlachta do bhunadh an cheantair.
dul chun cinn progress
" Labhair sé fosta faoi streachailt Chonradh na Gaeilge, an dul chun cinn a bhí déanta ag an eagraíocht agus an tionchar a bhí ag athbheochan na teanga ar gheilleagar na hÉireann.
ó cheann ceann na bliana from one end of the year to the other
" Daoine nach bhfeiceann a chéile b'fhéidir ó cheann ceann na bliana.
chinn mé ar I decided
" Nuair a bhí mé ansin ag an Cháisc, níorbh fhéidir liom gan géilleadh don chathú, agus chinn mé ar lá a chaitheamh ar Inis Meáin.
teach ceann tuí thatched house
" Níos faide ar aghaidh, tháinig mé ar Theach Synge, teach ceann tuí inar fhan Synge agus é ag tabhairt cuairte ar an oileán idir 1898 agus 1901.
Chinn sé he decided
" Chinn sé ina dhiaidh sin ar dhíriú ar an cheol den chuid is mó.
chothú agus cur chun cinn na teanga the preservation and the advancement of the language
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Go mbeadh dearcadh comhaontaithe bródúil ag pobal na Gaeilge agus na hÉireann faoi chothú agus cur chun cinn na teanga.
dul chun cinn progress
" Cé nach raibh Gaeilge líofa acu is mór an dul chun cinn a chonaic mé ag teacht orthu ón am a labhair mé leo den chéad uair i mí Mheán Fómhair agus deireadh na bliana acadúla.
chinn mé ar I decided
" Ní shílim go bhfuil mo leithéidí féin ábalta dul i bhfeidhm ar dhóigh úsáideach ar chúrsaí sa Tuaisceart na laethanta seo, dá bhrí sin chinn mé ar níos mó ama a chaitheamh taobh amuigh den réigiún.
dul chun cinn progress
" An é go bhfuil caighdeán na bhfoirne sin tite go sealadach nó an bhfuil géarchéim sna contaetha sin maidir le dul chun cinn na hiomána? Na scéalta atá ag teacht as Corcaigh is measa, sé sin, go bhfuil caighdeán na gclubanna íslithe an oiread sin nach bhfuil ar a gcumas dul san iomaíocht i gceart i gcraobhchomórtas chlubanna na Mumhan agus go bhfuil clubanna cáiliúla na cathrach, Naomh Fionnbarra, An Charraig Dhubh agus Fánaithe an Ghleanna tite i léig ar fad de bharr athruithe daonra agus thionchar an tsacair.
fá cheann cúpla mí de phósadh within a couple of months of marrying
" "Cha ndéanfadh sí a leithéid sin agus í fá cheann cúpla mí de phósadh.
chinn sé ar he decided
" Bhí an deis aige fanacht in RTÉ agus tuilleadh oibre a dhéanamh ar an teilifís ach chinn sé ar dhíriú isteach ar an scríbhneoireacht.
cead a cinn permission
" Cúis iontais dúinn uilig gur thug an t-eagarthóir, Éamonn Ó Doornail, cead a cinn don chailleach cháidheach a cuid barúlacha binbeacha a scaipeadh fríd an liarlóg leamh seo.
ag teacht chun cinn emerging
" Beidh scríbhneoirí nua ag teacht chun cinn i gcónaí agus réimsí nua i saol na foilsitheoireachta le treabhadh.
ceann scríbe destination
" Ní fhaca mé comhartha ar bith do Phort an Chlóidh, an ceann scríbe a bhí agam féin.
macasamhail an chinn seo like this one
" Tá gá ann le graiméar deifnídeach Gaeilge chomh maith le cinn eile, macasamhail an chinn seo, a shíolróidh ón cheann údarásach.
chun cinn nua a chumadh to compose new ones
" Le córas *webmail*, bíonn na teachtaireachtaí ríomhphoist ar ríomhaire lárnach i gcónaí agus úsáidtear brabhsálaí idirlín chun teacht ar na teachtaireachtaí sin agus chun cinn nua a chumadh.
chinn sí air she decided
" I 1982, chinn sí air sin a dhéanamh.
sleamhnóidh go leor coireanna cainte isteach i do cheann gan fhios duit a lot of language crimes will slip into your head unbeknown to you
" Ní hamháin go méadóidh do stór focal, ach sleamhnóidh go leor coireanna cainte isteach i do cheann gan fhios duit.
Athosclaíodh ceann acu one of them was re-opened
" Athosclaíodh ceann acu, Coláiste na gCruach, arís cúpla bliain ó shin agus Breandán Ó Dufaí as Muineachán mar phríomhoide air.
Gach ceann beo every single one
" ) a d'úsáid tú agus tú ag foghlaim na teanga? AH: Gach ceann beo atá i gcló, ceapaim! Na cinn ba mhó tairbhe domsa, ceapaim, ná *Learning Irish *le Micheál Ó Siadhail agus *Teach Yourself Irish*.
dul chun cinn progress
" Ina dhiaidh sin féin, is i bhfeilméireacht na mara atá an dul chun cinn is fearr feicthe le fiche bliain anuas.
dul chun cinn progress
"dul chun cinn sa dá chuid den tír riachtanach don Ghaeilge agus tá na pobail éagsúla ag brath ar a chéile ar go leor bealaí.
bhí mé in éadán achan uile cheann acu I was against every one of them
" "Chonaic," arsa an seanduine, "agus bhí mé in éadán achan uile cheann acu.
cá bhfios cad é a thiocfas chun cinn who knows what will emerge
" Ach má bhíonn mí eile mar mhí Dheireadh Fómhair ann, cá bhfios cad é a thiocfas chun cinn le linn tríocha lá na Samhna.
moltaí a chur chun cinn to make recommendations
" Is é gnó an ghrúpa seo, a bhfuil an t-abhcóide sinsearach Hugh Mohan ina chathaoirleach air, staidéar a dhéanamh ar an dlí, ar chleachtais agus ar fhasaigh sa stát seo agus i dtíortha eile, agus moltaí a chur chun cinn maidir le slite inar féidir dlí na hÉireann ar an gceist seo a fheabhsú le go mbeidh sé ar chaighdeán chomh hard is atá ar fáil i dtír ar bith.
chinn sé ar he decided
" D'éirigh sé bréan den obair sin sa deireadh agus chinn sé ar fhilleadh ar an mhúinteoireacht.
chinn sé ar fhilleadh ar an mhúinteoireacht he decided to return to teaching
" D'éirigh sé bréan den obair sin sa deireadh agus chinn sé ar fhilleadh ar an mhúinteoireacht.
chinn sé ar he decided to
" Ar ndóigh, d'ainneoin an mhothúcháin sin, chinn sé ar shacar idirnáisiúnta a imirt le Sasana, agus bhí sé go hiontach i gCorn an Domhain i Meicsiceo i 1986.
ceann a chur ar bun to start one
" An bhfuil éinne amuigh ansin atá sásta ceann a chur ar bun? Idir an dá linn, lig dom fógra beag uaim féin a chraobhscaoileadh: ná bac leis na siopaí an Nollaig seo, cuir bronntanas fiúntach chuig do ghrá geal agus cabhraigh le teaghlaigh bhochta sna tíortha neamhfhorbartha.
cur chun cinn na hiomána the promoting of hurling
" An príomh-mholadh atá déanta acu sa *Blueprint *ná go gceapfaí stiúrthóir iomána do Bhaile Átha Cliath agus go mbeadh freagracht agus cumhachtaí aige/aici maidir le cur chun cinn na hiomána sa chontae.
maidir le cur chun cinn na hiomána as regards the promoting of hurling
" An príomh-mholadh atá déanta acu sa *Blueprint *ná go gceapfaí stiúrthóir iomána do Bhaile Átha Cliath agus go mbeadh freagracht agus cumhachtaí aige/aici maidir le cur chun cinn na hiomána sa chontae.
ann ach go raibh sí ag cur cos amháin roimhe an cheann eile she was barely able to put one foot in front of the other (i.e. she was walking with difficulty)
" " Ní raibh Gerry ina shuí i gceart nuair is seo anuas an staighre Aoife, ann ach go raibh sí ag cur cos amháin roimhe an cheann eile.
Chuaigh an dá shúil siar i gceann Gerry Gerry's eyes rolled back
" Chuaigh an dá shúil siar i gceann Gerry agus chroith sé a cheann.
Chinn Balor ar Balor decided
" Chinn Balor ar a Shúil Nimhe a chaitheamh siar ar an Bhliain 2002.
ó cheann ceann na cathrach from one end of the city to the other
" Tá radharc ar an adharc ó cheann ceann na cathrach.
Chinn mé ar I decided
" "Chinn mé ar phost a fháil i scoil stáit," a deir sí, "mar d'fhreastail mé féin ar scoil phríobháideach, agus ba mhian liom dearcadh níos leithne a fháil.
ceann scríbe destination
" "Níl rudaí ach ina dtús … Nuair a bhíonn rath ar chúrsaí, turas a bhíonn i gceist agus ní ceann scríbe," a dúirt Keough.
Chinn Balor ar Balor decided
" Chinn Balor ar a Shúil Nimhe a chaitheamh siar ar an Bhliain 2002.
ó cheann ceann na cathrach from one end of the city to the other
" Tá radharc ar an adharc ó cheann ceann na cathrach.
thit sí i gceann a cos she collapsed
" Cuireadh bindealán ar a glúin san otharlann, agus nuair a d'fhill sí ansin Dé Máirt le haghaidh scrúdú eile, thit sí i gceann a cos.
cur chun cinn promotion
" Leagtar amach plean oibre faoi thrí cheannteideal ag An Údarás um Ard-Oideachas: (a) múineadh ábhar eile seachas Gaeilge trí mheán na Gaeilge; (b) cur chun cinn na Gaeilge i measc na mac léinn agus i measc na foirne; (c) athchló a chur ar sheantéacsanna.
ceann tuí thatched roof
" Fuair mé seanteachín ceann tuí (gan seomra folctha) ar cíos in Inis Mór agus é ar intinn agam fanacht ar feadh cúpla mí agus ansin imeacht tar éis dom amhrán nó dhó a fhoghlaim ó Threasa.
ceann scríbe destination
" Is é an turas agus an cuardach féin an ceann scríbe.