Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cheannaire leader
" Is "cara cáinteach" den cheannaire é anois, duine a bhíonn ag tabhairt amach go rialta sna meáin chumarsáide faoin treo a bhfuil an páirtí ag dul sa lá atá inniu ann.
ceannairí na bhfeilméaraí farming leaders
" Ach nuair a thosaigh oifigigh de chuid na hIaráice ag fiafraí cén fáth a mbeadh Astrálaigh ag troid san Iaráic, agus ag tagairt do chonarthaí cruithneachtan gur fiú na céadta milliún in aghaidh na bliana iad, dúirt ceannairí na bhfeilméaraí go sciobtha nár chóir don Rialtas aon bhlas a dhéanamh a chuirfeadh an margadh sin i mbaol.
ceannaire sinsearach senior leader
" Tógadh ceannaire sinsearach de chuid an UDA lá Chomhdháil na nAontachtach nuair a fuarthas gunna i gcarr a raibh sé ann.
chuid de na ceannairí eaglasta is sinsearaí some of the most senior church leaders
" " Dúirt an dlíodóir atá i mbun na cúise i gcoinne Shanley, Michael Dowd, le nuacht WB 11 an mhí seo caite gur cheart do chuid de na ceannairí eaglasta is sinsearaí san Oirthuaisceart - Daily i mBrooklyn, an Cairdinéal Law i mBostún, William Murphy i Long Island, agus fiú an tArdeaspag Egan - glacadh le cuid den mhilleán i gcás na scéalta atá á nochtadh faoin eaglais.
cheannaire na bPoblachtánach the Republican leader
" Níl sé de dhánacht ionam mórán a rá faoi cheannaire na bPoblachtánach sa Seanad, Trent Lott, a mhol páirtí uachtaránachta ó 1948, a raibh an chinedheighilt mar phríomhpholasaí aige, agus a chuir Strom Thurmond (atá fós ina sheanadóir, bíodh a fhios agat) chun cinn mar iarrthóir.
ceannaire an fhreasúra leader of the opposition
" Dúirt Simon Crean, ceannaire an fhreasúra, leis na fórsaí gur cheap sé nár chóir dóibh a bheith ag imeacht.
cheannairí an phobail aontachtaigh leaders of the unionist community
" In ionad a bheith ina shíorfhreasúra, gan ach an focal "No" ina bhfoclóir, beidh ar an DUP moltaí réadúla a chur chun tosaigh mar cheannairí an phobail aontachtaigh.
ceannaire an fhreasúra leader of the opposition
" Fuair Simon Crean, ceannaire an fhreasúra, é sin amach nuair a labhair sé leis an slua i mBrisbane, daoine nach raibh mórán measa acu ar pholasaí an Lucht Oibre - go mbeadh cogadh ceart go leor dá mbeadh na Náisiúin Aontaithe ag tacú leis.
ceannaire na nGlasach leader of the Greens
" Ach nuair a thug Bob Browne, ceannaire na nGlasach, dúshlán an rialtais reifreann a ghairm faoin gceist, ní raibh moill ar bith ar an rialtas a rá nach dtarlódh sé sin.
ceannaire oiriúnach suitable leader
" Fiú má mharaítear Saddam Hussein go luath, níl ceannaire oiriúnach aimsithe ag na comhghuaillithe le cur ina áit, duine a n-éireodh leis muintir na hIaráice a aontú le chéile faoi aon cheannasaíocht amháin.
cheannairí leaders
" Shíl mé gur athrú deas a bheadh ann ón ghnáthshaol anseo i Learpholl, agus mheas mé go mbeadh na scileanna úsáideach dom mar go bhfuil mé ag déanamh cúrsa teastais do cheannairí siúl sléibhe geimhridh le Bord Oiliúna Sléibhe na hAlban faoi láthair.
ceannaire an fhreasúra leader of the opposition
" Nuair a dúirt José Luis Rodríguez Zapatero, ceannaire an fhreasúra, sa Pharlaimint go raibh an rialtas ag tabhairt tacaíochta do chogadh mídhleathach agus go raibh sé ag cur leis an ngéarchéim sna Náisiúin Aontaithe, is é an freagra a thug Aznar air ná nach raibh an Páirtí Sóisialach ach ag iarraidh dochar a dhéanamh don rialtas.
ceannairí leaders
" An mhí seo tiocfaidh ceannairí na dtíortha is saibhre agus is cumhachtaí - an grúpa G8, mar a thugtar air - le chéile chun a gcuid spriocanna don bhliain seo romhainn a phlé.
cheannairí leaders
" Chuaigh seisean agus John Devoy, duine eile de cheannairí na bhFíníní sna Stáit Aontaithe, i mbun oibre.
ceannaire leader
" "Bíonn minseach ina ceannaire ar thréad gabhar i gcónaí.
cheannaire leader
" Scríobh mé i Meán Fómhair (*Beo!, *eagrán 29) faoi Ros Eoin, nó An Ros Mór, an áit is ansa liom i nGleann Cholm Cille, ceantar a mbím ag obair ann gach samhradh le hOideas Gael, mar cheannaire ar an chúrsa siúil sléibhe.
ceannaire nua a thoghadh to elect a new leader
" Ní hamháin sin, ach creidim gurb é an *Bertie Speak *freisin is cúis le daoine laistigh dá pháirtí féin a bheith ag rá go mb'fhéidir go bhfuil sé in am ag an pháirtí ceannaire nua a thoghadh.
an seachtú ceannaire the seventh leader
" Cibé bealach a tharlóidh sé, ná cuireadh sé iontas ar aon duine má bhíonn an seachtú ceannaire ag Fianna Fáil faoin am seo an bhliain seo chugainn.
ceannaire an fhreasúra leader of the opposition
" Tá sé ráite ó shin ag Mark Latham, ceannaire an fhreasúra, go dtabharfar sceimhlitheoirí na hAstráile abhaile ón Iaráic roimh an Nollaig má bhíonn athrú rialtais ann i dtoghchán na bliana seo.
a cheannairí tréadacha its pastoral leaders
" Cuirfidh daoine áirithe ina leith go bhfuil sé ag ionsaí na hEaglaise, ach tá a cháineadh, atá géar agus feargach go minic, dírithe ar a cheannairí tréadacha agus ar nósanna iompair na hinstitiúide, a ionsaíonn sé leis an chumhacht chéanna is a bheadh ag 'cúltortann trucaile', chun a fhrása féin a úsáid.
ina gceannaire in their leader
" B'fhéidir nach bhfuil aon duine go fóill i bhFianna Fáil tar éis aithris a dhéanamh ar thánaiste na Breataine John Prescott agus ráiteas poiblí a eisiúint ag léiriú easpa muiníne ina gceannaire, ach ní sin le rá go bhfuil tacaíocht an pháirtí uilig ag an an Uasal Ahern ach oiread, mar níl.
Leas-Cheannaire Deputy Head
" Sa tréimhse sin bhíos mar chlár-reachtaire, clár-reachtaire sinsearach, Eagarthóir Stiúrtha Nuachta, Eagarthóir Stiúrtha Cláracha agus Leas-Cheannaire.
ceannairí leaders
" Agus é i Nua-Eabhrac, tá sé i gceist ag Cochrane bualadh le réimse leathan ceannairí de chuid an phobail Éireannaigh, le grúpaí cultúrtha agus dreamanna eile.
cheannaire an fhreasúra leader of the opposition
" B'in bua don Taoiseach agus do cheannaire an fhreasúra, Enda Kenny, araon, ach anois tá orthu dul in iomaíocht lena chéile don phríomhdhuais.
ceannaire an fhreasúra the leader of the opposition
" Tá sé ráite ag Mark Latham, ceannaire an fhreasúra, go raibh a gcuid polasaithe ceart.
cheannaire colgach irascible leader
" Cé a d'fhéadfadh dearmad a dhéanamh ar cheannaire colgach an Transport Workers Union of America (TWU), Mike Quill, inimirceach Éireannach a raibh tuin láidir ar a chuid caintea chuir stop iomlán leis an chóras faoi thalamh sna 1960í, rud a chuir fearg as cuimse ar an Mhéara John Lindsay agus ar oifigigh shinsearacha eile.
ceannaire na Roinne Folláine Chomhshaoil head of Environmental Health
" Is ceannaire na Roinne Folláine Chomhshaoil i Learpholl é agus tá sé ina chathaoirleach ar an fheachtas SmokeFree Liverpool.
cheannaire leader
" De réir cheannaire an IRA, Billy McKee, a gortaíodh le linn na tréimhse seo, chuir an dóigh ar chosain na hÓglaigh an ceantar deireadh leis an mana *"IRA = I Ran Away"* a bhí le cluinstin ag tús na dTrioblóidí agus dhaingnigh an dearcadh gurbh iad na Sealadaigh cosantóirí an phobail.
ceannairí polaitiúla political leaders
" Ar an chéad dul síos, cuirtear an milleán ar fad ar na ceannairí polaitiúla - Gerry Adams, Martin McGuinness agus Gerry Kelly ach go háirithe - siocair gurb iad a chothaigh na fir chrua mar gur fhóir sé dóibh go mbeadh a leithéid ag déanamh póilíneachta ar na ceantair náisiúnacha.
cheannaire leader
" Scaradh Fraternité, bád an cheannaire, an Ginearál Hoche, ón chabhlach go luath agus idir sin agus an drochaimsir bhí rudaí trína chéile i mBá Bheanntraí.
cheannaire leader
" Agus mé i mbun taighde ar an Uasal Blaney, labhair mé le go leor daoine a chreid agus fós a chreideann ní hamháin go dtoghfaí Cathal Ó hEochaidh ina cheannaire ar an pháirtí murach gur sheas sé siar ar iarratas ó Shean Lemass, ach go raibh an rud céanna fíor i gcás Blaney freisin.
níos liobrálaí ná a gceannairí more liberal than their leaders
" Beidh le feiceáil, i ndiaidh ráiteas an IRA, an bhfuil an pobal aontachtach níos liobrálaí ná a gceannairí.
cheannaire leader
" Tá mé ar ais i nGleann Cholm Cille faoi láthair ag obair mar cheannaire ar chúrsa siúl sléibhe Oideas Gael.
cheannaire leader
" Níos tábhachtaí fós, áfach, ná moladh a fháil ó cheannaire ceann de na stáit is mó sna Stáit Aontaithe, fuair Bounds moladh ó na custaiméirí rialta bricliatha a bhíonn ag ól i Guinan’s, dream a dtugann sí “paróistigh” orthu.
ceannairí leaders
" Go minic, nuair a chuirtí agallamh teilifíse nó raidió ar a gcuid ceannairí, ní bhíodh Béarla ar bith ag cuid acu agus droch-Bhéarla ag an gcuid eile.
cheannaire leader
" “Baile Átha Cliath ag déanamh go maith agus easpa turasóirí san iarthar” - sin an scéal a bhí le cloisteáil an samhradh seo agus mé ag obair mar cheannaire ar chúrsaí siúl sléibhe Oideas Gael ((www.
Leas-Cheannaire Deputy Head
" ” (“*Doh*,” mar a déarfadh Homer Simpson!) Cúig bliana fichead a chaith Seán Ó Cuirreáin le Raidió na Gaeltachta, mar chlár-reachtaire ar dtús, mar Eagarthóir Stiúrtha Clár, agus, ar deireadh, mar Leas-Cheannaire ar an stáisiún.
an ceannaire réabhlóideach the revolutionary leader
" Seo mo chéad uair i Learpholl” agus d'inis sé dúinn gur labhair sé ag comóradh James Connolly i nDún Éideann i mí an Mheithimh i mbliana, sa chathair inar rugadh agus a tógadh an ceannaire réabhlóideach.
ceannairí ghluaiseacht na poblachta the leaders of the republican movement
" Faoi láthair, agus an DUP ag diúltú cumhacht a roinnt le Sinn Féin, is deacair a shamhlú go gceadódh ceannairí ghluaiseacht na poblachta d’aon ní tarlú a thabharfadh leithscéal breise don DUP gan cumhacht a roinnt agus, dá bhrí sin, a chuirfeadh brú breise ar an dá rialtas glacadh le seasamh an Dr.
cuid de cheannairí poblachtánacha na hÉireann some of Ireland's republican leaders
" (Dála an scéil, tháinig cuid de cheannairí poblachtánacha na hÉireann, Gerry Adams agus Martin McGuinness ina measc, go teach príobháideach anseo sa bhliain 1972 le sos cogaidh a phlé.
ceannaire ar an fhreasúra leader of the opposition
" Sa tríú sraith doiciméad, tá comhad ina bhfuil cur síos ar chomhrá a bhí ag Harold Wilson, Príomh-Aire na Breataine ag an am, Stát-rúnaí an Tuaiscirt, Mervyn Rees, agus Margaret Thatcher a bhí ina ceannaire ar an fhreasúra.
ceannaire an Aontais Shóivéadaigh the leader of the Soviet Union
" Ba thagairt í chomh maith don mhargadh a rinne ceannaire an Aontais Shóivéadaigh, Joseph Stalin, Uachtarán na Stát Aontaithe, Franklin Delano Roosevelt, agus Príomh-Aire na Breataine, Winston Churchill, i Yalta i 1945.
stíl an cheannaire ar na cliatháin the style of the leader on the wings
" Comhcheilg Bhí Haughey sa doircheacht lasmuigh agus dúshlán *gastronomique *“chamchuairt na sicíní rubair” a fhreagairt go fearúil aige le sraith de thiománaithe – PJ “dílis” Mara ina measc – sa Jaguar a bhronn Matt Gallagher ar a phrionsa óg chun stíl an cheannaire ar na cliatháin a mhaisiú le *mystique* an airgid.
ceannairí Éirí Amach 1916 leaders of the 1916 Rising
" Tagann buíonta eile atá ainmnithe as James Connolly agus ceannairí Éirí Amach 1916 anall le bheith ag seinm i bparáidí poblachtánacha agus tá Gaeil na hÉireann agus na hAlban ag teacht le chéile mar thoradh ar dhea-obair Cholmcille (nó Iomairt Cholmcille, mar a tugadh air).
a bheadh ina gceannairí pobail who would be community leaders
" Daoine iad seo a bheadh ina gceannairí pobail dá bhfanfaidís sa bhaile agus a bheadh gníomhach i gcúrsaí teanga, ealaíne, agus drámaíochta, b’fhéidir.
mar cheannaire as leader
" Ba é Haddock a bhí mar cheannaire ar an ghrúpa seo, ceann de na grúpaí UVF ba mhó foréigin sa tuaisceart.
mar cheannaire as leader
" Is dócha gur cinneadh chun feabhais é ceapachán Michael McDowell mar cheannaire sa mhéid is go bhfuil sé ag díriú ar an eite dheis – áit nach bhfuil róphlódaithe i bpolaitíocht na hÉireann faoi láthair.
go bhfóirfeadh sé don cheannaire úr that it would suit the new leader
" B’fhéidir go bhfóirfeadh sé don cheannaire úr printíseacht a chur isteach agus bail a chur ar bhuneagar an pháirtí ar an tuiscint go dtiocfaidís ar ais le móramh iomlán tar éis tréimhse ghairid a chaitheamh i mbun freasúra.
ceannaire na nGlasach the leader of the Greens
" Tá sé ráite ag ceannaire na nGlasach, Trevor Sargent, mar shampla, nach mbeadh sé sásta a bheith sa rialtas céanna leis an Aire Stáit, Frank Fahey.
ceannaire na tíre is cumhachtaí ar domhan the leader of the most powerful country in the world
" Ó tharla gur thug ceannaire na tíre is cumhachtaí ar domhan (agus an tír is mó is cúis leis an fhadhb, más fíor d’iar-Leas Uachtarán Stát Aontaithe Mheiriceá, Al Gore, ina scannán *An Inconvenient Truth*) droim láimhe do Kyoto, cad is fiú do thír bheag cosúil linne tabhairt faoi chéimeanna le dul i ngleic le téamh domhanda? Deirtear nach bhfuil in iarrachtaí suaracha s’againne ach sop in áit na scuaibe i bhfianaise aschur gáis na hIndia agus na Síne.
ceannaire leader
" Ach bhí ceannaire a pháirtí féin, Sir Reg Empey, ag seinm phort an DUP fosta.
ceannaire an fhreasúra, the leader of the opposition,
" Dúirt an Chéad Aire, Morris Iemma, nach dtugann sé mórán airde ar a leithéid agus dúirt ceannaire an fhreasúra, Peter Debnam, gurb é an vóta ar an 24ú den mhí seo an t-aon cheann a bhfuil aon suntas ag baint leis.
ceannaire poiblíochta head of publicity
" Chaith muid an-dúthracht ag iarraidh Ian Paisley a thabhairt isteach i rialtas inár gcuideachta,” a dúirt Richard McAuley, ceannaire poiblíochta Shinn Féin, liom.
an ceannaire the leader
" Cuireann an ceannaire oighearscriúnna ann nuair a dhreapann sé suas agus ceanglaíonn sé an rópa orthu mar chosaint.
na ceannairí polaitíochta, the political leaders,
" Agus cén spórt atá i gceist ag Balor Bladhmannach? Cén spórt eile ach an tOlltoghchán? Chuaigh Laoch na Litríochta chun cainte leis an bheirt is mó le rá de na ceannairí polaitíochta, féachaint cén dearcadh atá acu féin ar an spórt náisiúnta seo, agus cad é a bhí le rá acu faoi na feachtais toghchánaíochta a bheadh dá stiúradh acu féin.
ceannaire an Acadaimh, the head of the Academy,
" Dúirt Keith Wyness, ceannaire an Acadaimh, agus é ag seoladh an tsuímh, go bhfuil siollabas iomlán an Acadaimh ar an suíomh.
an Ceannaire Corporal
" Ag labhairt leis na meáin, dúirt saighdiúir amháin, an Ceannaire Craig Lundberg (21) as Aintree, a chaill a dhá shúil nuair a bhuail RPG é, go raibh sé níos fearr a bheith dall ná a bheith marbh: “I won't lie to anyone.
Ceannaire Theach na dTeachtaí the leader of the House of Commons
" Vótáil 139 Feisire ó Pháirtí an Lucht Oibre in aghaidh an rúin, Ceannaire Theach na dTeachtaí Robin Cook ina measc.
ceannairí tíortha eile leaders of other countries
" Tagann ceannairí tíortha eile ar cuairt go fóill, ach bíonn drochnuacht leo.
ceannairí na bPalaistíneach the Palestinian leaders
" Más cuimhin leat blianta deireanacha an Uachtaráin Clinton, caitheadh iad i mbun diantaidhleoireachta a thug síocháin do Thuaisceart Éireann agus a chuir Iosrael agus ceannairí na bPalaistíneach ag caint lena chéile.
Ba cheannaire tábhachtach a iníon his daughter was an important leader
" Ba cheannaire tábhachtach a iníon chomh maith.
duine de na ceannairí ba bhrúidiúla one of the most brutal leaders
" Ba go caithréimeach a fógraíodh don domhan mór ar chasadh na bliana 2007 gur crochadh Saddam Hussein, duine de na ceannairí ba bhrúidiúla san fhichiú haois.
ceannaire láidir strong leader
" Agus bhí Thatcher ina ceannaire láidir tar éis an bhua sa chogadh ar na hOileáin Fháclainne sa bhliain 1982 agus buanna sna holltoghcháin ina dhiaidh sin.
mar cheannaire ar an bhfreasúra as leader of the opposition
" Cuireadh tús leis an "bhfeachtas bréige" ón uair a ceapadh Kevin Rudd mar cheannaire ar an bhfreasúra - ar a dtugtar an Australian Labor Party (ALP) - i Nollaig na bliana seo caite.
ceannaire nua fuinniúil new energetic leader
"ceannaire nua fuinniúil acu agus, de réir dealraimh, tá na baill uilig dá pháirtí ar aon intinn lena chéile maidir le tacaíocht a thabhairt dó.
gur cháin a gceannairí polaitiúla that their political leaders criticised
" Chuir sé isteach ar Pholannaigh gur cháin a gceannairí polaitiúla an homaighnéasacht breis is uair amháin agus gur mhol a n-uachtarán go mba chóir pionós an bháis a thabhairt ar ais.
mar cheannaire ar chúrsaí siúl sléibhe as the leader of mountain-walking courses
" Tá teastas garchabhrach de dhíth orm mar cheannaire ar chúrsaí siúl sléibhe agus déanaim athnuachan air gach trí bliana.
ó aimsir an cheannaire ghoirm since the time of the black leader
" Má tharlaíonn a leithéid, ardófar ceisteanna nár ardaíodh i Meiriceá ó aimsir an cheannaire ghoirm Martin Luther King.
Thacaigh ceannaire an fhreasúra, the leader of the opposition supported
" Thacaigh ceannaire an fhreasúra, Brendan Nelson, leis an rún agus dá bharr sin ritheadh é d'aon ghuth.
ceannairí na réabhlóide. the leaders of the revolution.
" Ba bhaill de CAUSA, eagraíocht fhrithchumannach eile de chuid Moon, ceannairí na réabhlóide.
ceannaire an fhreasúra leader of the opposition
" Cheap Kerr ceannaire an fhreasúra mar phríomh-aire sealadach ar an gcoinníoll go ngairfí olltoghcháin láithreach le seanad agus parlaimint nua a thoghadh.
ceannairí an domhain world leaders
" An bhfuil sé cothrom go bhfuiltear ag iarraidh go bhfeidhmeoidh an lucht spóirt mar chaomhnóirí morálta na cruinne le linn do dhaoine eile a bheith ag déanamh gach iarrachta – ar chúla téarmaí – an caidreamh tráchtála agus trádála leis an tSín a threisiú? Is léir go bhfuil ceannairí an domhain ag iarraidh an craiceann is a luach a bheith acu – tá cáineadh géar i gceist óna dtaobhsan de, ach easpa gnímh chomh maith.
ceannaire spioradálta spiritual leader
" I rith na seascaidí, fuair an ceannaire spioradálta $186,000 as an $1.
Ceannaire leader
" Ceannaire an RPF is ea Kagame, a tháinig i réim i Ruanda sa bhliain 1994 agus atá i gcumhacht go fóill.
ceannaire an fhreasúra the leader of the opposition
" Faoi láthair, is monarcaí láidir é ceannaire an fhreasúra, Brendan Nelson, agus tá go leor daoine eile i gceannaireacht an fhreasúra atá ar aon intinn leisean maidir le ceist na poblachta.
seasamh cheannairí na hEorpa attitude of the leaders of Europe
" Níor spreag seasamh cheannairí na hEorpa dea-thoil i measc mhuintir na tíre seo ach an oiread.
na ceannairí the leaders
" AmhrasIs dóigh liom féin gur tháinig amhras ar dhaoine faoin AE de bharr go ndearnadh é a bhogadh ar aghaidh go róghasta agus de bhrí nár thug na ceannairí an pobal Eorpach leo.
ceannairí ghluaiseacht na gcomhshaolaithe leaders of the environmental movement
" Ach an bhfuil aon chontúirt ann go bhfuiltear ag teacht i dtír ar ár n-imní? An féidir muinín iomlán a bheith againn as ceannairí ghluaiseacht na gcomhshaolaithe? Nó an bhféadfadh aidhmeanna folaigh a bheith ag cuid acu? Ina óráid ag tús Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Chomhshaol agus Forbairt (UNCED) sa bhliain 1992, dúirt an fear a bhí ag feidhmiú mar ard-rúnaí ar an gcomhdháil, Maurice Strong: “*.
cheannaire leader
" " Tá Gleann Cholm Cille, an áit a bhfuil mé ag obair faoi láthair mar cheannaire ar chúrsa siúl sléibhe in Oideas Gael, ina LfCS.
ceannairí leaders
" Níl ach dhá mhí fágtha idir seo agus an 4 Samhain, an lá a bheidh an toghchán úd ar siúl – seo chugainn an bús! Agus súile na mílte ball dá bpáirtithe dírithe orthu, tabharfaidh ceannairí agus iarrthóirí óráidí spreagúla a bhrúfaidh na toghthóirí i dtreo amháin nó i dtreo eile.
ceannaire leader
" Ag cruinniú poiblí i gContae an Chabháin ar an 24 Lúnasa, dúirt an Teachta Dála agus ceannaire Shinn Féin sa Dáil, Caoimhghin Ó Caoláin, mura mbeadh athrú poirt ag an DUP ar réimse polasaithe, nach mbeadh rogha ar bith ag Sinn Féin ach a gcuid airí a tharraingt amach as an Tionól agus brú a chur ar na baill sin de chuid Rialtas na Breataine atá freagrach as cúrsaí an Tuaiscirt.
ceannairí na tíre seo leaders of this country
" Le roinnt blianta anuas, tá sé mar aidhm ag ceannairí na tíre seo an eacnamaíocht a bhunú ar shaineolas.
cheannaire leader
" Mar sin, nuair a fuair mé cuireadh ó Raidió na Gaeltachta le bheith páirteach i ndíospóireacht faoi Shliabh Liag le fear áitiúil, Eoghan Ó Curraighin**, **arb as Teileann dó, agus le Breandán Delap, a bhíonn ag obair mar cheannaire ar mo chúrsa, d’iarr mé ar na húdaráis gan an áit a scriosadh.
ceannairí leaders
" Ba bheag dream a bhí ní ba ghlóraí ag cáineadh na Rúiseach ná ceannairí na Stát Aontaithe agus na Breataine, na tíortha céanna a raibh baint acu le bás na gcéadta míle duine de dheasca an ionraidh a rinneadh ar an Iaráic, tír atá i bhfad i gcéin uathu agus nach raibh ina bagairt ar bith dóibh.
Feallmharú ceannaire assassination of a leader
" Feallmharú ceannaire Tríocha bliain níos déanaí bhí an duine gorm fós in umar na haimléise go heacnamaíoch agus go sóisialta i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
dea-cheannaire good leader
" Níor léirigh Brian Cowen fós gur ábhar dea-cheannaire atá ann.
ceannairí leaders
" Lá an Ionraidh Tugann cuid de na ceannairí i measc na mbundúchasach ‘Lá an Ionraidh’ nó ‘Lá Marthanais’ ar 26 Eanáir.
ceannaire cumannach communist leader
" Gheall an ceannaire cumannach ó Oirthear Bheirlin, Erich Honecker, i 1989 go mbeadh an balla, a dhealaigh pobal na cathrach lena chéile le 30 bliain, ina sheasamh go ceann 100 bliain eile.
ina cheannaire as leader
" Tá Ging ina cheannaire ar Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Lucht Dídine agus Oibreacha (UNRWA) agus ba mhinic é ar an scáilean mar dhuine den bheagán coimhthíoch taobh istigh den limistéar a bhí in ann cuntas neamhspleách a thabhairt ar a raibh ag titim amach ann le linn an ionsaithe 22-lá.
Cháin ceannaire (the) leader criticised
" Cháin ceannaire an Pháirtí Liobrálaigh an beartas nua anuraidh de dheasca gur léirigh sé go raibh Páirtí an Lucht Oibre ‘lag ó thaobh teorannacha a chosaint’ a dúirt sé.
ceannairí leaders
" Ní minic a chloistear a dtaobhsan den scéal, ach labhair duine de na ceannairí, Sugule Ali, le Johann Hari, iriseoir de chuid Independent Shasana ar na mallaibh: “*We don’t consider ourselves sea bandits,”* a dúirt sé.
ceannaire leader
" Mar luach saothair i leith seirbhíse Harman, gheall an gníomhaire Iosraelach go gcuirfeadh sé brú ar Nancy Pelosi, ceannaire an Phairtí i dTeach na nIonadaithe, Harman a ainmniú mar chathaoirleach ar Choiste an Tí um Fhaisnéis.
ceannairí leaders
" I dtús, ghlac úinéirí agus ceannairí na bpáipéirí droch-chinnidh, sna Stáit Aontaithe ach go háirithe.
cheannaire charcraithe imprisoned leader
" Tá ainm an cheannaire charcraithe, Aung San Suu Kyi, comhchiallach ar fud an chuid is mó d’iarthar domhain le Burma, an tír ina bhfuil sí faoi chois ag na húdaráis mhíleata atá i réim ann ó 1962.
Cheannaire leader
" In oifigí úra an Taoisigh os cionn an bheáir Tigh Doheny agus Nesbitt’s a chuir Balor an t-agallamh ar Cheannaire Fhianna Fáil, nó tá Tithe an Rialtais díolta ag Bord Snip Nua le Bord Snip Nua ar phraghas an-íseal mar oifigí don iliomad iar-státseirbhíseach atá fostaithe anois ar tuarastal an-ard ag Bord Snip Nua.
ceannaire leader
" “*We had a full call-out*,” a dúirt ceannaire Fhoireann Tarrthála a’ Chairn Ghoirm, Willie Anderson, leis an Strathspey and Badenoch Herald .
ceannairí leaders
" Measann Noel Pearson, duine de na ceannairí mhuintir dhúchais is clúití sa tír, go bhfuil an cineál aigne a bhaineann le leas sóisialach ag déanamh an-dochar dá mhuintir.
cheannairí leaders
" php?page=ff&tid=17) Faoi láthair tá Brian ag obair ar chlár faoin Athair Joe Mallin, Íosanach agus mac le Michael Mallin, duine de cheannairí 1916 a cuireadh chun báis i ndiaidh an Éirí Amach.
ceannairí leaders
" Bhí níos mó ceannairí acu i gConamara.
cheannairí leaders
" Tháinig sé chun solais ní ba dhéanaí nach raibh sé ar intinn cheannairí na Seapáine ionradh a dhéanamh ar an Astráil, ach gan amhras bhí an-imní ar mhuintir na hAstráile roimhe ag an am.