Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cál ceannann colcannon
" Bagún agus cál ceannann a ordaímse san Irish Village agus faighim sluaiste de.
an bheirt cheannann chéanna the selfsame pair
" Bhí oíche airneáin ann ceann de na hoícheanta, agus ba muide an bheirt dheireanach a d'fhág an chistineach fháiltiúil sin le dul abhaile ag leathuair tar éis a seacht ar maidin! Agus ar ndóigh cé a bhí ar an gcéad bheirt a shroich an baile an lá dár gcionn le haghaidh tuilleadh den scléip chéanna? Sea go deimhin, an bheirt cheannann chéanna! As áit darb ainm Bun Dorcha do Shéamus, cúpla míle taobh amuigh de Chluain Cearbán, áit atá luaite san amhrán "Bruach na Carra Léith": *Is chuala mé a Bhideoigín go raibh do chleamhnas réidh, Le Búrcach as Bun Dorcha, is go deimhin ní maith liom é.
na rudaí ceannann céanna the very same things
" Seirbhís trí Ghaeilge ======= An rud is mó a chuireann díomá orm ná go raibh ar choimisiún na bliana seo na rudaí ceannann céanna a rá maidir le seirbhísí poiblí, an státchóras agus cúrsaí oideachais.
na tréithe ceannann céanna the exact same traits
" Tírdhreach álainn, fiáin, fileata atá sa gceantar seo agus tá na tréithe ceannann céanna le brath sa cheol agus sna hamhráin atá ar an diosca seo.
sa cheist cheannann chéanna in the selfsame question
" Cá bhfuil tú an t-alt seo á léamh agat? An bhfuil tú ag do dheasc in oifig, nó ar do chompord sa bhaile? Agus má tá tú i d'ionad oibre, an bhfuil a fhios ag d'fhostóir go bhfuil tú ar an idirlíon? Sin ceist gur gá de níos mó agus níos mó oibrithe a chur orthu féin toisc go bhfuil comhlachtaí - agus dlíodóirí - ag cur spéise sa cheist cheannann chéanna.
an rud ceannann céanna a éileamh to demand the exact same thing
" Spreag an feachtas seo cuid póilíní an NYPD leis an rud ceannann céanna a éileamh.
ceannann céanna selfsame
" Bhí an-eolas aici ar na Ceiltigh freisin, agus bhí sí cinnte dearfa gurbh iad na *Danaoi*, tuath na Sean-Ghréige, agus Tuatha De Danann na finscéalaíochta an dream ceannann céanna in anallód! Tuigeadh dom sa deireadh, blianta ina dhiaidh sin, le linn mo chéad chuairte ar Éirinn agus ar an Ghaeltacht (Samhradh 1998) go mb'fhéidir nár de shliocht *Danaoi *na Gréige iad na Gaeil ná na Tuatha Dé Danann; mar sin féin, chonacthas dom gur dream iontach ab ea na Gaeil, a raibh croí misniúil agus uasal acu, agus thuig mé go raibh a ndearcadh féin ar an saol acu.
an rud ceannann céanna the exact same thing
" "Níl aon ghá go mbeadh sé seo i nGailearaí an Tate nuair atá an rud ceannann céanna ar siúl ar an teilifís.
an socrú ceannann céanna the exact same arrangement
" Ba é an pointe a bhí acu, agus pointe réasúnta dar liom, ná gur dhá chluiche éagsúla iad an pheil agus an iománaíocht agus má dhéantar socrú i leith ceann acu ní gá an socrú ceannann céanna a dhéanamh i dtaca leis an gceann eile.
an rud ceannann céanna the exact same thing
"an rud ceannann céanna fíor ar an gCeathrú Rua le Comhairle Contae na Gaillimhe.
an toradh ceannann céanna the exact same result
" Cuimhnigh gur triúr a rinne moltóireacht ar an oíche, ach tar éis marcanna 18 moltóir a bhí i láthair a chomhaireamh thángthas ar an toradh ceannann céanna.
den radharc ceannann céanna of the exact same view
" Stopamar ar chúinne amháin agus taispeánadh grianghraif dúinn den radharc ceannann céanna le linn Chath Passchendale i 1917.
coinníollacha ceannann céanna the exact same conditions
" An mbeidh na coinníollacha ceannann céanna i bhfeidhm do na hoibrithe seo a bhogfaidh ó earnáil go hearnáil? Más buncheisteanna iad seo do dhaoine aonair, tá ceist ollmhór á tógáil ag na ceardchumainn fosta.
mhothaigh mé an rud ceannann céanna I felt the exact same thing about Belfast
" Mar dhuine a chaith bunús a chuid ama fá thithe tábhairne thart ar Pháirc an Chrócaigh roimh chluichí móra Chumann Lúthchleas Gael, oscailt súl a bhí sa turas céanna, ach mhothaigh mé an rud ceannann céanna fá Bhéal Feirste, cathair a bhfuil mé i mo chónaí inti ar feadh mo shaoil.
na mothúcháin cheannann chéanna the exact same emotions
" AÓF: Cén t-amhrán is fearr leat féin ar an albam? LMacM: "Johnny Seoighe", mar ceapaim gur léirigh Mícheál Ó Briain, an ceoltóir a sheinn liom, na mothúcháin cheannann chéanna a theastaigh uaim féin a chur in iúl.
an cheist cheannann chéanna the exact same question
" Ach saoithiúil go leor, níor dhúirt an tAire gur i bPobalscoil Chorca Dhuibhne a chaithfí an freastal sin a dhéanamh orthu siúd gan Ghaeilge nó a bhí lag sa teanga! Ceist bhunúsachMaidir leis an suirbhé agus na ciallachais a bhainfear aisti, tá ceist an-bhunúsach le cur: An dtig torthaí as suirbhé áitiúil a úsáid le polasaí náisiúnta a shocrú? Óir thiocfadh go mbeadh an cheist cheannann chéanna ag teacht chun cinn i nGaeltachtaí eile amach anseo.
ceannann céanna exactly the same
" D’fhéach mé ar an gcúigear a bhí ar aon bhord liom is bhí an rud ceannann céanna á dhéanamh acusan.
ceannann céanna exact same
" An é, mar sin, gur altanna i nGaeilge faoi na hábhair ceannann céanna atá de dhíth orainn, sin, nó nuachtán ina mbeadh níos mó den tuairimíocht agus gné altanna ann, seachas cúrsaí reatha an lae? Ceann de tréithe ba láidre a bhí ag Foinse ná go raibh caighdéan na Gaeilge réasúnta ard agus simplí go leor a léamh.
ceannann exact, same
" Tharla an rud ceannann céanna i gcás an rialaitheoir airgeadais, a chlis go tubaisteach i mbun a chúraim.
cheannann chéanna exact same
" Níl aon dá phinneog dhaonna mar a gcéanna, ach tá an fheidhm cheannann chéanna acu - minicíochtaí áirithe a threisiú agus minicíochtaí eile a mhaolú.
ceannann céanna exact same
" Thíos le Bua nó Céim Suas as an gCailleadh =============== Cé nach bhfuil an scéal ceannann céanna le ríomh maidir le cúrsaí iomána, tá sé thar a bheith soiléir nach ndearna sé dochar do fhoireann Thiobraid Árann an chéad bhabhta de chraobhchomórtas na Mumhan a chailliúint i gcoinne Chorcaí.
ceannann céanna exact same
" Ní fhaigheann aon cheamara an radharc ceannann céanna.
ceannann céanna exact same
" Rinne DeValera an rud ceannann céanna nuair a tháinig sé i gcumhacht don chéad uair sa bhliain 1932.
ceannann céanna exact same
" I bhformhór na n-ardscoileanna, freastalaíonn na páistí ar na ranganna ceannann céanna a d’fhreastalóidis orthu in Éirinn, agus má bhíonn aon rud ar siúl tar éis scoile, gnáthspórt atá ann, dála peil Mheiriceánach, cispheil, nó daorchluiche.
an urnaí cheannann chéanna the very same prayer
" Oibríonn gach éinne san áit iargúlta sin sa bhearna bhaoil, ach déanann siad an urnaí cheannann chéanna.
ceannanna céanna exact same
" Tá sé íorónta go bhfuiltear ag baint feidhme anois as na dea-thréithe ceannanna céanna le dearbhú go bhfuil inimirce ón Áise bailí.
na húdaráis cheannanna chéanna the exact same authorities
" Cháin na húdaráis spóirt Mheiriceánacha go géar iad, ag maíomh nach raibh sé ceart ná cóir cúrsaí spóirt agus polaitíochta a mheascadh – na húdaráis cheannanna chéanna a d’imir baghcat polaitiúil ar na Cluichí Oilimpeacha i Moscó sa bhliain 1980! Tá grianghraf den triúr ar an bpóidiam, Smith agus Carlos cromcheannach le dorn in airde agus lámhainn dhubh orthu fad is a seinneadh amhrán náisiúnta SAM, ar na pictiúir is íocónaí riamh i stair spóirt.
ceantair cheannanna chéanna exact same areas
" Tá na ceantair seo sna cathracha móra, in iarthar Sydney ach go háirithe, na ceantair cheannanna chéanna ina bhfuil toghcheantair imeallacha go leor.
isteach sa dol ceannann céanna into the same trap in
" Thit Cruise O Brien isteach sa dol ceannann céanna in Katanga agus nuair a thit, bhí an-chuid daoine mórthimpeall air chun a chliseadh a cheiliúradh.
an rud ceannann céanna romhainn the very same thing facing us
" Ó thuaidh, músclaíonn muid gach maidin agus an rud ceannann céanna romhainn.
ar an ealaín cheannann chéanna at the exact same thing
" An Nós is Annamh is Iontach ============ Nuair a bhain mé an ollscoil amach, cuireadh mo sháith iontais orm nuair a chonaic mé oibrí de chuid na hollscoile amuigh chomh luath céanna le fear an Bhardais agus é ar an ealaín cheannann chéanna.
Mar sin, déanaim an rud ceannann céanna so I do the exact same thing
" Mar sin, déanaim an rud ceannann céanna le Gaeilge.
ag rá an rud ceannann céanna saying the exact same thing
" Má bhí poblachtachaí in ann an dlí a sheachaint, nár chóir go bhfaigheadh Paratrúpaí Dhomhnach na Fola deis an rud céanna a dhéanamh? An Sprioc: Síth do Shaighdiúirí Shasana ================= Níorbh fhada go raibh Peter Hain ar an teilifís agus ar an raidió ag rá an rud ceannann céanna.
an dúshaothrú ceannann céanna the exact same exploitation
" Is éard atá á rá ag Muingu ná seo: Tá Ceaușescu imithe, tá an euro i bhfeidhm mar airgead reatha, ach tá an domhan laethúil chomh duairc agus chomh leatromach agus a bhí riamh, é ar maos le saint, cruálacht agus an dúshaothrú ceannann céanna agus a bhí ann faoin seanchóras.
an eolas cheannann chéanna the exact same information
" Tá clár plaisteach, leis an eolas cheannann chéanna air is atá ar an leacht chloiche crochta ann! ‘*The introduction of man-made artefacts into the natural environment*’ Sin an rud a dhéanann gach páirc náisiúnta iarracht a sheachaint, ach tarlaíonn sé san LCS seo gan stró! Dá mbeadh áit mar seo i dtír ar bith eile san Eoraip, dhéanfaí iarracht é a chaomhnú, chan é a scrios.