Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ceannteideal headline
" Bhí mórán ceannteideal eile den chineál céanna ar na nuachtáin éagsúla i gcaitheamh na laethanta i ndiaidh Chomhdháil Bhliantúil an CLG a tionóladh le déanaí.
ceannteidil headlines
" Gach bliain bíonn eachtra de chineál éigin ann a chinntíonn go mbaintear ceannteidil na bpáipéar nuachta amach - smaoinigh siar ar Madonna ag an ócáid bhronnta anuraidh ag mallachtú mar a bheadh seansaighdiúir ann.
cheannteideal heading
" In áit eile ar an suíomh, faoi cheannteideal a thagraíonn d'imeachtaí reatha, tá liosta cruinnithe a tionóladh an samhradh seo caite.
thrí cheannteideal three headings
" Leagtar amach plean oibre faoi thrí cheannteideal ag An Údarás um Ard-Oideachas: (a) múineadh ábhar eile seachas Gaeilge trí mheán na Gaeilge; (b) cur chun cinn na Gaeilge i measc na mac léinn agus i measc na foirne; (c) athchló a chur ar sheantéacsanna.
gceannteideal caithréimeach triumphant headline
" Faoin gceannteideal caithréimeach "We are all Iraqis now", scríobh Shukrallah faoin athrú meoin a tharla san Éigipt nuair a thuig daoine nach cogadh cúig lá a bheadh ann, agus go raibh muintir na hIaráice ag troid go calma i gcoinne lucht an ionraidh.
dhá cheannteideal two headings
" * Ansin thuas tá dhá cheannteideal a chonacthas le déanaí.
mar cheannteidil as headlines
" Cé go raibh na drochscéalta seo mar cheannteidil sna meáin chumarsáide, bhí scéal gaolmhar as an ngnách eile sna meáin le déanaí freisin.
mar cheannteideal air. as a headline on it
" “Féach air seo,” a deir sé agus é ag taispeáint ailt ón nuachtán Sasanach *The Telegraph* dom a bhfuil “*The UK’s population could almost double within a lifetime to more than 100 million, new figures have shown*” mar cheannteideal air.
ceannteideal headline
" “Chuala iriseoir éigin de chuid an *Evening Herald* faoin scéal le linn dom a bheith san ospidéal agus an chéad rud eile, bhí an ceannteideal “*RTÉ star in cancer shock*” le feiceáil ar chéad leathanach an nuachtáin.
gceannteidil headlines
" Tá sin i measc na gceannteidil a shantaím, ach nár chumas, ceannteideal a chuireann éad orm.
seat fada na gceannteideal the title lead-in long shot
" Reilly – Michael Longstreet Kate Winslet – Nancy Cowan Christoph Waltz – Alan Cowan Fuil i bpáirc shúgartha i Manhatten le linn seat fada na gceannteideal – buachaill óg deich mbliana d’aois a thugann sceilp de bhata do bhuachaill óg eile a bhaineann dhá déad as a charbad.
ceannteideal headline
" Long an Bháis ====== *‘The Death Ship Will Arrive At Noon’*, ceannteideal nuachtán na cathrach, maidin 30 Aibreán 1912, cúig lá déag tar éis na tubaiste.
ceannteideal headline
" Anois céard déarfá! Más amhlaidh atá, tá cás íontach láidir déanta ag na ‘Irish language broadcasters’ céanna le gearradh siar mór millteach a dhéanamh ar uaireanta craolta na gcraoltóirí céanna! Mura bhfuil aon tionchar rathúil ar chraolacháin i nGaeilge ó thaobh cur le líon na gcainteoirí Gaeilge nó ó thaobh a bheith úsáideach do fhoghlaimeoirí na teanga, is deacair an cás a dhéanamh go mba cheart €60 milliún in aghaidh na bliana d’airgead poiblí a thabhairt do na craoltóirí céanna le cláracha i nGaeilge a chraoladh! Caoinfhulaingt na Gaeilge: ============ ‘Caoinfhulaingt dhea-mhéiniúil na Gaeilge in RTÉ’ an ceannteideal atá ar an tarna chuid den tuarascáil.
ceannteideal headline
" ‘68% de mhuintir na Beilge buailte ag an ngéarchéim’ an ceannteideal a bhí i bpáipéar nuachta Le Soir ar an suíochán le mo thaobh sa tacsaí.
cheannteideal title
" Tháinig John-Paul Mc Carthy ar lón domhain-mhachnaimh, leabhar a bhfuil aon fhocal tromchúiseach amháin ina cheannteideal, Mortality, le Christopher Hitchens.