Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chearrbhachas gambling
" Arís, i gcás Barings, ba chearrbhachas sa mhargadh airgeadais ba chúis leis an tubaiste.
dianchosc ar chearrbhachas ban on gambling
" (Ní gá dóibh a bheith buartha: dianchosc ar chearrbhachas sa tír seo… ainneoin gur i nDúbai a ritear an rás capall is luachmhaire ar domhan).
cearrbhachas gambling
" Dúirt sí go raibh lear mór imeachtaí mídhleathacha ar siúl i dteach buí seo an droch-chlú - cearrbhachas, drugaí á dtógáil, uisce beatha *moonshine* á ól, agus striapachas.
theach cearrbhachais betting shop
" Mar shampla, rialaíodh sa chúirt ar na mallaibh go dteastaíonn ceadúnas theach cearrbhachais uait, má tá caife idirlín agat.
ciorcal cearrbhachais gambling ring
" Ach tar éis do líomhaintí a bheith ann go raibh lámh ag bean chéile Gretzky i gciorcal cearrbhachais a chuireadh geallta mídhleathacha ar imeachtaí spóirt phroifisiúnta agus tar éis do Gretzky féin páirt stiúrtha a bheith aige san fhoireann mhírathúil Cheanadach nár thug an bonn cré-umha féin abhaile leo ó Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh in Torino na hIodáile, tá gaoth an fhocail eiriciúil le mothú den chéad uair: an féidir nach bhfuil i Gretzky ach dia bréige? Pele an tsacair agus Mohammed Ali na dornála.
i mbun cearrbhachais mhídhleathaigh involved in illegal gambling
" In Eanáir 2006, mharaigh buíon SWAT in Virginia optaiméadraí darbh ainm Salvatore Culosi ar cuireadh ina leith go raibh sé i mbun cearrbhachais mhídhleathaigh ar an idirlíon! Tá díospóireacht ar siúl in Éirinn faoi láthair maidir le cé acu ar cheart do na Gardaí airm a bheith acu nó nár cheart.
Ní duine mór cearrbhachais mé I am not a big gambler
" Ní duine mór cearrbhachais mé, ach dá mbeinn, chuirfinn geall air.
duillín cearrbhachais gambling docket
" Ba cheart duillín cearrbhachais a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta le go bhféadfaidís a gcuid ciorruithe a chúiteamh trína mbuiséad bliantúil a chur ar chapall Sheán Creavan sa 3.
cearrbhachas gambling
" Agus is é an ghealltóireacht seo ba chúis le teip institiúdí móra airgeadais ar nós Fannie Mae, Freddie Mac agus Lehman Brothers, chomh maith le AIG, a chuir an cearrbhachas seo ar Wall Street faoi árachas.
chearrbhachas gambling
" Bhí sé tugtha don ól, don chearrbhachas, agus don ragairne.
cearrbhachais gambling
" Reáchtáiltear athaontú na seansaighdiúirí tar éis gach imeachta agus is gné lárnach gach athaontaithe an cluiche cearrbhachais ar a dtugtar ‘two-up’.
imirt bheag cearrbhachais a little touch of gambling
" Níl sa turgnamh ach imirt bheag cearrbhachais ag fir uaisle, Higgins agus Pickering, ach ag Eliza is é a deis sa saol chun éalú as timthriall na bochtaineachta.
cearrbhachas gambling
" Mar is léir, tagann drochthréithe an duine chun cinn sa spórt chomh maith le comhthéacs ar bith eile - ciníochas, falcaireacht, dópáil, maistíneacht, bréagadóireacht, troid, achrann ar pháirceanna, ionsaithe ar réiteoirí, alcólachas agus cearrbhachas (tá aitheantas tugtha ag CLG don fhadhb seo), drochíospairt leanaí agus daoine óga (dhearbhaigh an sárdhornálaí clúiteach Sugar Ray Leonard gur thug traenálaí drochíospairt dó agus é i mbun traenála do na cluichí Oilimpeacha mar shampla).
cearrbhachas gambling
" Is iomaí fáth leis sin: ragairne, cearrbhachas, ‘cairde’, drochchomhairle i dtaobh infheistiú, póstaí briste agus ailiúnas ina measc.
an cearrbhachas gambling
" Ní dhéanfadh sé rud ar bith a chuir sé i leith a uncail – an cearrbhachas, mar shampla.
le haghaidh scliúchais is cearrbhachais for ructions and gambling
" Chun na rógairí a choimeád as achrann a chuirtí imeachtaí mar sin sin ar siúl, de réir dealraimh, ócáidí le haghaidh scliúchais is cearrbhachais agus ‘giota de conas tá t’athair’ mar a deir an Gall.
cearrbhachais gambling
" Ní fear mór cearrbhachais é Brian Ó Broin ach bhain sé an-sult as sciuird a thug sé ar Atlantic City le deireanas.
chearrbhachais of gambling
" Tugann Bearnaí Ó Doibhlin cuntas ar cheist an chearrbhachais san Astráil, cearrbhachas a dhéanann dochar mór i saol an chearrbhaigh, saol an teaglaigh agus i saol mórán eile nach iad.