Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cheartlár the heart
" Ba iad Claude Monet, Pierre-Auguste Renoir, Alfred Sisley agus Camille Pissaro na healaíontóirí a bhí mar cheartlár na gluaiseachta agus is é a saothar siúd atá le feiceáil den chuid is mó sa taispeántas seo i mBaile Átha Cliath.
i gceartlár an cheantair iománaíochta in the heart of the hurling area
" Luimnigh a rugadh Mícheál i 1948, agus is ann a tógadh é i gceartlár an cheantair iománaíochta sa chontae sin.
i gceartlár na Gaeltachta in the heart of the Gaeltacht
" " Ar na laigí a mheasaim féin atá sa staidéar seo - agus sílim go bhfuil cuid mhaith laigí ann - tá an bhuncheist seo, nár freagraíodh: céard a tharlaíonn nuair a chuireann tú grúpa, ina bhfuil an ceathrú cuid ina gcainteoirí Béarla, ina gcónaí le chéile ar eastát tithíochta leis féin? An gcruthaíonn tú "oileán an Bhéarla" i gceartlár na Gaeltachta, oileán a imríonn tionchar ar an bpobal thart timpeall air? Sin a tharla, deirtear, i gcás an eastáit eile ar an gCeathrú Rua.
ina cheartlár right in the middle of it
" Agus bheadh an léitheoir ag déanamh nach mbeidh comhréiteach ar bith idir an dá shaol, go dtarlóidh scliúchas ag an rince agus go mbeidh Bullaí Mhártain ina cheartlár.
i gceartlár right in the middle of
" Bhí seisean ag siúl thart fá na ceantair seo i rith ama sin, bhí sé ina chónaí i gceartlár Bhaile Andarsan.
gceartlár slap bang in
" Más i Londain Shasana a bhí ‘Kino’ d’eagrán na míosa seo d’imigh tharainn, is i gceartlár Fhéile Scannáin Sydney na hAstráile atáimid an dul seo.
gceartlár middle
" Agus nuair a chuirim an cupán le mo bhéal chun suimín a bhaint as, mothaím boladh an deataigh ar mo lámh! Bíonn ábhar dóchais de dhíth orainn i gceartlár an gheimhridh.
i gceartlár ré órga in the midst of its golden age
" Bhí seans liomsa leis mar nuair a bhíosa seacht nó ocht de bhlianta, bhí Ciarraí i gceartlár ré órga idir 1975 agus 1986 agus níor ghá dúinn dul rófhada chun laochra a fháilt.
suite i gceartlár set slap-bang in the centre
" Reáchtáladh cuid mhaith de na ceolchoirmeacha i speigeltent (puball na scáthán), puball ollmhór déanta d’adhmad agus anairt maisithe go gleoite ar an taobh istigh le scátháin, soilse agus gloine dhaite agus suite i gceartlár chearnóg na cathrach, rud a chuir cuma aduain, beagnach allúrach, ar an áit agus a thug le fios go raibh rud éigin iontach ar leith á thairiscint ann.