Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ceolfhoireann orchestra
" (Is ón Ghailís don phíobaire iontach Carlos Núnez a sheinneann go rialta leis na Chieftains agus a chuir tús lena shaol mar cheoltóir le Ceolfhoireann na Féile ag FIL 1985 agus gan é ach in aois a 13 bliana!).
ceolfhoirne orchestras
" Chas sé leis an Royal Philharmonic Orchestra agus le ceolfhoirne Pittsburgh, Mhoscó, Londain agus Bhúdapeist.
ceolfhoireann orchestra
" Tchím féin é le mo mhac 19 mí d'aois, Neil Óg; tá rian amháin a sheinnim dó san oíche, comhtharlú atá ann gur píobaí agus ceolfhoireann atá i gceist, agus tá a fhios agam go cinnte go gciúnaíonn sé síos é - níl a fhios aige cén dígh nó cén fáth ach téann sé isteach ann agus tá a shaol níos fearr dá bharr.
na cheolfhoirne móra. the big orchestras.
" Tá an oiread sin seod istigh ann gur doiligh do dhuine ar bith an áit a fhágáil i ndiaidh dó dul fríd na doirse Seoirseacha mar is ann atá croí an cheoil dhúchais ag preabadh, ó Horslips go Bridie Gallagher, ó Tony MacMahon go hEnya, ó na ceoltóirí taistil go dtí na cheolfhoirne móra.
ag seinm i gceolfhoireann. playing in an orchestra.
" ” Murar fhoghlaim sé Caidhpín an Chúil Aird agus na Ceithre Rince Beirte agus é scoite ó cheoltóirí traidisiúnta, d’fhoghlaim Martin an veidhlín agus é óg, ag seinm i gceolfhoireann.
ceolfhoireann bheag a small orchestra
" ’ “Ní raibh mé i bhfad san áit seo nuair a chonaic mé fógra mór ar bharr pubaill: '*Seo Puball na Gaeilge – Fáilte Roimh Phuball na Gaeilge chuig Puball na Gaeilge!'* Anonn liom gur casadh dom Meiriceánaigh ag díol foclóirí Béarla – Gaeilge, Meicsicigh ag díol foclóirí Gaeilge – Béarla agus ceolfhoireann bheag as Texas ag seinm cheol na Briotáine agus na hAlban.
ceolfhoireann orchestra
" Anois, má tá siad ag iarraidh dul le ceolfhoireann – bleaist de Beethoven nó Mozart a thabhairt – sin scéal eile.
ceoltóirí na gceolfhoirne musicians of the orchestras
" D’éistíodh muid le ceoltóirí na gceolfhoirne ag réamhchleachtadh – bhí Festival International d’Art Lyrique, ar féile thábhachtach cheoldrámaíochta í, ar siúl in Aix fad is a bhí muidne ansin.
Ceolfhoireann Fhiolarmónach Bheirlín Berlin Philharmonic Orchestra
" I gcomhpháirt le Ceolfhoireann Fhiolarmónach Bheirlín, léiríodh an saothar seo sna blianta 2006-08 agus léireofar arís é in 2009.
cheolfhoireann Uladh Ulster Orchestra
" Le cúpla bliain anuas, tá na Proms á gceiliúradh i mBéal Feirste agus, a bhuíochas don BBC, bíonn idir cheolfhoireann Uladh, cheoltóirí "n-oileáin seo" agus chraobhscaoileadh an *finale*, "Land of Hope and Glory" agus "Rule Britannia", le feiceáil ar scáileán ollmhór.
ceolfhoireann orchestra
" Mar sin, níos lú nó uair agus fiche bomaite de dhamhsa, gan buíon ná ceolfhoireann; dhá shos le deochanna agus giuirléidí a dhíol, rud a choinneoidh an amharclann sásta.
cheolfhoireann orchestra
" Mar aon leis na dioscaí, tá leabhar 40 leathanach le clúdach crua a dhéanann an t-ábhar a chíoradh: Faightear anseo an saothar is deise agus is cáiliúla dá chuid, idir cheol don cheolfhoireann agus do Cheoltóirí Chualann.
ceolfhoireann orcherstras
" Áit amháin, dhá thraidisiún (Mar a tharla i gcampaí géibhinn na Naitsithe, bhí na healaíona faoi bhláth agus rinne na braighdeanaigh pictiúir agus bunaíodh ceolfhoireann sa tréimhse sin.
scór ceolfhoirne an albaim air the album’s orchestral score on it
" Mar shampla, i ndiaidh di an t-albam pages a dhéanamh, chaith sí gúna déanta as páipéar ar a raibh scór ceolfhoirne an albaim air agus é ceangailte le chéile ag Sharon Costello Desmond, a bhain úsáid as 250 slat d'órshnáithe.