Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
clann áirid a certain family
" Cuir i gcás go bhfuil páiste amháin as clann áirid i scoil amháin agus páiste eile ón gclann chéanna i scoil eile ag rang eile.
faoi chúinsí áirithe thar na bearta in certain extreme circumstances
" Tá sé deacair acu glacadh leis go bhféadfadh duine ar bith againn, faoi chúinsí áirithe thar na bearta, an rogha mhícheart a dhéanamh.
i gcás teaghlach áirithe in the case of certain families
" Go deimhin, tá deacrachtaí ag daoine de gach aois PC a úsáid agus i gcás teaghlach áirithe baintear úsáid i bhfad níos mó as ríomhairí atá dírithe go hiomlán ar an margadh baile ar nós an Sony PlayStation nó Microsoft Xbox.
éiginnteacht áirithe certain uncertainty/indecision
" Agus leis an tuiscint ghrinn ar Cheisteanna Móra an tSaoil is dual do bhuachaillí óga, feiceann Dara agus Cuán go bhfuil éiginnteacht áirithe orainn, agus baineann siad adhmad as.
meáchan áirithe a certain weight
" Cuirtear an milleán as chuile dhrochrud ar an teilifís, ar ndóigh, ach sa gcás seo tá meáchan áirithe leis an argóint: ní hamháin mar gheall ar na fógraí ach mar gheall go gcaitheann páistí an oiread sin ama suite os a comhair - am ar cheart dóibh bheith ag rith thart taobh amuigh.
fimíneacht áirithe a certain hypocrisy
" Agus tá fimíneacht áirithe ag baint le duine atá chomh buartha sin faoin mbia a itheann a pháistí nuair is gá dó féin cúpla punt a chailleadh .
tairbhe chinnte eacnamúil certain economic benefit
" tairbhe chinnte eacnamúil ======= Faoi dhlíthe idirnáisiúnta a bhaineann le cúrsaí núicléacha níl cead ag tír ar bith stáisiún núicléach a chur i mbun oibre más féidir a léiriú nach dtiocfaidh aon tairbhe chinnte eacnamúil as.
de chiorcal áirid of a certain circle
" Tá sé thar cionn go bhfuil an t-aitheantas sin le fáil ag daoine taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, taobh amuigh de chiorcal áirid.
srianta áirithe certain curbs
" Tá an cabhlach iascaireachta is mó san Eoraip ag na Spáinnigh, agus ba é an tuiscint a bhí ann an t-am sin ná gur chóir srianta áirithe a chur orthu, ar feadh roinnt blianta, chun deis a thabhairt do mhuintir na hÉireann an cabhlach s'acu féin a mhéadú sa chaoi is go mbeadh siad in ann dul in iomaíocht leis na Spáinnigh in am trátha.
beartais chaomhnaithe áirithe certain preservation policies
" Déanadh an pointe seo go láidir i dTuairim oifigiúil a chuir coiste tomhaltóirí sa bParlaimint Eorpach ar aghaidh chuig coiste iascaireachta na Parlaiminte maidir le beartais chaomhnaithe áirithe atá á bplé i láthair na huaire: "Gan éisc, ní bheidh aon iascairí ann, agus ní bheidh aon pholasaí iascaireachta ann.
buanna áirithe certain talents
"buanna áirithe ag gach duine agus tuigeann daoine céard iad na buanna sin.
mheas tráchtairí áirithe certain commentators thought
" Nuair a toghadh ina cheannaire ar Fhine Gael é, i ndiaidh thoghchán na tubaiste 2002, mheas tráchtairí áirithe nach raibh an taithí ná na scileanna ag Enda Kenny chun an páirtí a athbheochan.
le cruthú do dhaoine áirithe to prove to certain people
" Tá roinnt amhrán Béarla scríofa acu le tamall anuas, leithéidí "Dunnes Stores Girl" agus "The Song of Lies", agus deir de Paor gur thug sé faoi liricí a scríobh i mBéarla le cruthú do dhaoine áirithe nach bhfuil Gaeilge acu go bhfuil caighdeán ard ag baint lena shaothar.
ionann is cinnte nearly certain
" Thug Aontroim an-taispeántas i gcoinne Thiobraid Árann in 2002 agus is dóigh gurb iad a bhuafaidh Craobh Uladh arís i mbliana, cé go bhfuil sé ionann is cinnte go ndéanfaidh foirne Dhoire agus an Dúin an-iarracht stádas churaí Uladh a bhaint d'fhir na nGleannta.
d'fhéadfadh tionscail áirithe sa tír seo a bheith thíos leis go mór certain industries in this country could suffer greatly
" Ach má thagann siad féin ar an tuairim go bhfuil Éire ag cabhrú leis na comhghuaillithe i ndúnmharú mhuintir na hIaráice, d'fhéadfadh tionscail áirithe sa tír seo a bheith thíos leis go mór dá bharr.
tráchtairí polaitiúla áirithe certain political commentators
"tráchtairí polaitiúla áirithe den tuairim go n-íocfaidh sé as sa chéad olltoghchán eile, a bheidh ar siúl an bhliain seo chugainn.
lánchinnte absolutely certain
" Ní thugann figiúirí riamh an pictiúr ceart agus táim lánchinnte go n-aontódh an réim mhór Gaeilgeoirí atá i bhFánaid liom.
céatadán áirithe a certain percentage
" Níor cheart an locht a chur ar na foilseacháin féin - ní léann ach céatadán áirithe de phobal ar bith nuachtáin, bíodh an pobal sin beag nó mór.
tráchtairí áirid certain commentators
"tráchtairí áirid ag rá gur seo an t-am nuair a scoilteas an dá thaobh óna chéile.
chodanna áirithe certain parts
" Tagann siad isteach réasúnta óg agus caitheann siad tréimhsí éagsúla laistigh de chodanna áirithe den Bhanc Domhanda.
deimhneach de certain
" " Tochailt ======= Admhaíonn sé go bhfuil an tochailt go léir atá ar siúl i mBaile Átha Cliath chun 25 ciliméadar d'iarnród a leagan ag cur as do dhaoine ach tá sé deimhneach de go ndéarfaidh siad gurbh fhiú é nuair a bheas an córas ag feidhmiú an bhliain seo chugainn.
strus áirithe a certain amount of stress
" "Ní thagann an obair idir mé féin agus codladh na hoíche, caithfidh mé a rá, ach tá strus áirithe ag baint leis gan amhras.
lánchinnte certain
" Tá mé lánchinnte go ndeachaigh mo chuid Gaeilge i bhfeabhas gach am a thug mé cuairt ar Ghaoth Dobhair agus de ghnáth caithim cúpla lá ansin ag deireadh an tsamhraidh agus i rith Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy.
Mhaígh daoine áirithe certain people claimed
" An raibh an tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa as ordú nuair a tharraing sí anuas ceist na pótaireachta i measc na nÉireannach agus í ag tabhairt oráide ag an chomhdháil "Reimagining Ireland" i Charlottesville, NC na Stát Aontaithe an mhí seo caite? Mhaígh daoine áirithe go raibh treisiú á dhéanamh aici ar íomhá na nÉireannach mar dhream atá tugtha don deoch agus gurbh fhearr i bhfad dá n-éistfeadh sí a béal, go háirithe agus í thar lear.
meon áirithe a certain mentality
" Is dóigh go léiríonn sé meon áirithe i dtaobh cúrsaí spórt a deir gurb é an bua an rud is tábhachtaí agus mura mbíonn tú buacach is "*loser*" thú! Chloisfeá gasúir go fiú ag glaoch *loser *ar ghasúir eile uaireanta.
ghnéithe áithrid certain aspects
" Má ghlactar leis an stráitéis seo, beidh maolú ar an mbéim a bhí ar ghnéithe áithrid den turasóireacht - an cangarú, an cóála, an Sydney Opera House agus mar sin de.
ghnéithe áirithe certain aspects
" Tig le ballstát ar bith moill a chur ar ghnéithe áirithe den chur i bhfeidhm go dtí 2007.
cinnte dearfa absolutely certain
" Bhí an-eolas aici ar na Ceiltigh freisin, agus bhí sí cinnte dearfa gurbh iad na *Danaoi*, tuath na Sean-Ghréige, agus Tuatha De Danann na finscéalaíochta an dream ceannann céanna in anallód! Tuigeadh dom sa deireadh, blianta ina dhiaidh sin, le linn mo chéad chuairte ar Éirinn agus ar an Ghaeltacht (Samhradh 1998) go mb'fhéidir nár de shliocht *Danaoi *na Gréige iad na Gaeil ná na Tuatha Dé Danann; mar sin féin, chonacthas dom gur dream iontach ab ea na Gaeil, a raibh croí misniúil agus uasal acu, agus thuig mé go raibh a ndearcadh féin ar an saol acu.
ar feadh achair áirithe for a certain period of time
" Is dóigh go bhfuil tionchar aige ar imreoirí sa mhéid is go bhfuil siad féin as an gcluiche ar feadh achair áirithe agus, níos tábhachtaí ná sin, go bhfuil siad ag loic ar a gcomhimreoirí.
gné áirithe a certain aspect
" Uaillmhian agus fuath ======= Is é préamh na faidhbe dáiríre ná gné áirithe de chúltúr na gcluichí ag gach leibhéal, cultúr a chruthaíonn paisean agus uaillmhian agus fuath, uaireanta, in imreoirí agus i bhfoirne agus a théann thar fóir rómhinic.
tráchtairí áirithe certain commentators
" Nuair a cheannaigh Valentia agus a pháirtnéirí an comhlacht, thug tráchtairí áirithe rabhadh nach chun leasa na tíre é an comhlacht a bheith i seilbh na rachmasóirí móra sin.
eadar mi fhin agus tè shònraichte bho eilean Éireann between myself and a certain woman from the island of Ireland
" Tá an méid seo le rá ag Calum Mac Gill Eáin ina réamhrá don leabhar: "Dòmhsa dhe, thàinig seo uile à gaol mòr eadar mi fhin agus tè shònraichte bho eilean Éireann".
de tháirge áirithe of a certain product
" I ngnó ar bith ní oireann sé an iomarca de tháirge áirithe a chur ar an mhargadh ag aon am amháin, óir titfidh an praghas.
saoránaigh áirithe certain citizens
" Ina ionad sin is cosúil go mbreathnaíonn an stát air seo mar chaitheamh aimsire (caitheamh aimsire atá beagán beag ait freisin) atá ag saoránaigh áirithe, caitheamh aimsire atá ar an leibhéal céanna le babhláil féir nó damhsa salsa.
tá sé ionann agus a bheith cinnte it's more or less certain
" Bhuel, le bheith ionraice, tá níos mó ná baol ann, tá sé ionann agus a bheith cinnte go n-atfaidh sé.
in áiteacha áithrid in certain places
" Luadh teanga na hÉireann i lámhscríbhinní daoine tábhachtacha i Meiriceá, scríobhadh colúin Ghaeilge i bpáipéir nuachta in áiteacha áithrid, agus cuireadh ranganna ar fáil, fiú, sa chruth is go dtiocfadh le daoine í a fhoghlaim.
amhrán áithrid a certain song
" Nuair a bhím ag caint le duine ar amhráin agus molann duine amhrán áithrid, as feabhas a chuid filíochta nó an t-ábhar nó an fonn atá ag gabháil leis, téim ar thóir leagain den amhrán sin.
chúlbhinseoirí áirithe certain back-benchers
" Cheana féin tá na focail *El Fuhrer *le cloisint ó chúlbhinseoirí áirithe i bhFianna Fáil agus iad ag tagairt d'fhear an Pháirtí Dhaonlathaigh.
róchinnte faoi too certain about
" Creidtear ar an iomlán go mairfidh Bertie go dtí an chéad toghchán eile, sin dár ndóigh má mhaireann an comhrialtas, rud nach mbeinn féin róchinnte faoi an babhta seo.
rialacha áithrid certain rules
" Is cosúil, mar sin, go bhfuil dhá chineál sceimhlitheoireachta ann agus rialacha áithrid ag baint leo.
amanna áirithe certain times
" Ansin bhí orm an guthán a fhreagairt, agus bhí sé an-ghnóthach ag amanna áirithe den lá.
céatadán áirithe a certain percentage
" Creid é nó ná creid, tá airgead le déanamh as an turscar - tá céatadán áirithe daoine ann a fhreagraíonn na fógraí sin.
a chomórann gairmeacha áirithe which celebrate certain professions/occupations
" Chomh maith leis sin ar fad, bíonn laetha speisialta ann i rith na bliana a chomórann gairmeacha áirithe, ar nós lá na múinteoirí, lá na ndochtúirí nó lá na dtógálaithe.
chomhlachtaí áithrid certain companies
" Tá an scéal curtha i gcomparáid ag údaráis chearta daonna leis an sclábhaíocht a bhí ar siúl faoi réimeas na Naitsíoch do chomhlachtaí áithrid sa nGearmáin, ina measc BMW, Volkswagen agus Daimler-Benz.
airí áirithe certain ministers
" Ach tá an tuairim ann freisin go raibh Saor Éire á úsáid ag airí áirithe le drochchlú a tharraingt ar Shinn Féin, go raibh brathadóirí acu san eagraíocht agus gur b'in an fáth nár ciontaíodh riamh duine ar bith as dúnmharú an Gharda Fallon.
saoirse áirithe a certain freedom
" Bhí saoirse áirithe ag baint leis freisin mar nach raibh tuismitheoirí ansin ag faire ort agus, dá bhrí sin, b'fhéidir go raibh muid buille beag fiáin ag na ranganna.
ag moladh tiún áirithe dúinn recommending certain tunes to us
" Tháinig na tiúin ar fad atá ar an dlúthdhiosca seo as gníomhartha roinnte, daoine eile ag moladh tiún áirithe dúinn nó muid ag caitheamh tiún lena chéile.
tráthanna faoi leith certain periods
" Nuair a bhíonn tuismitheoir scartha ó phaistí, nuair nach bhfeiceann sé iad ach ag tráthanna faoi leith, bíonn sé deacair i gcónaí.
athruithe áirithe certain changes
" Fógraíodh roimh an Nollaig go raibh sé i gceist ag Cumann Lúthchleas Gael (CLG) athruithe áirithe ar rialacha na peile agus na hiomána a chur ar a dtriail agus é sin a dhéanamh le linn na gcomórtas luathbhliana ar nós Chorn Uí Bhroin agus na Sraithe Náisiúnta peile agus iomána.
céadatán áirithe a certain percentage
" Pobail eile timpeall na tíre ina bhfuil céadatán áirithe daoine a labhraíonn an Ghaeilge agus a chuireann a gcuid páistí chuig Gaelscoileanna.
Chuir sé olc ar dhaoine áirithe he offended certain people
" Chuir sé olc ar dhaoine áirithe nuair a bhí coinníollacha teanga sa chóras pleanála faoi chaibidil i mBaile an Fheirtéaraigh.
do pháirtithe faoi leith to certain parties
" ” Cé go gcaithfeadh Ó Muirí vóta dá mbeadh toghchán ar siúl, ní thuigeann sé an dílseacht chuimsitheach a bhíonn ag daoine do pháirtithe faoi leith.
I gcodanna áirithe den domhan in certain parts of the world
" I gcodanna áirithe den domhan, d’fhéadfadh sé go leor trioblóide a tharraingt ar dhuine dá bhfeicfí é ag caitheamh éadaí oráiste Lá Fhéile Pádraig.
as ar eascair ar uairibh comhoibriú áirithe from which a certain amount of co-operation sometimes grew
" Cé nach bhfuil aon amhras orm ach go bhfuil baill i gcoiteann ag an dá eagraíocht, rud a chothaíonn gaol ann féin, gaol as ar eascair ar uairibh comhoibriú áirithe, chreid mé agus creidim fós gur dhá eagraíocht atá go hiomlán neamhspleách iad Sinn Féin agus an IRA.
gur ghnách le daoine áirithe san eagraíocht that certain people in the organisation used to
" “Bhí an chosúlacht air gur ghnách le daoine áirithe san eagraíocht bheith ag dul thart agus gairis taifeadta ina bpócaí.
a líomhnaíonn dlíodóirí áirithe which certain lawyers allege
" An bhféadfadh sé go raibh sé ag déanamh tagairt chliathánach don chúléisteacht a líomhnaíonn dlíodóirí áirithe a rinneadh orthu nuair a bhí siad ag caint lena gcuid cliant i stáisiún na nGardaí? Ní chuirfeadh sé iontas ar éinne dá bhfíorófaí na líomhaintí sin mar, ar ndóigh, *Up here it’s different.
gur ghnách le daoine áirithe san eagraíocht that certain people in the organisation used to
" “Bhí an chosúlacht air gur ghnách le daoine áirithe san eagraíocht bheith ag dul thart agus gairis taifeadta ina bpócaí.
a líomhnaíonn dlíodóirí áirithe which certain lawyers allege
" An bhféadfadh sé go raibh sé ag déanamh tagairt chliathánach don chúléisteacht a líomhnaíonn dlíodóirí áirithe a rinneadh orthu nuair a bhí siad ag caint lena gcuid cliant i stáisiún na nGardaí? Ní chuirfeadh sé iontas ar éinne dá bhfíorófaí na líomhaintí sin mar, ar ndóigh, *Up here it’s different.
geallúintí bunúsacha áirithe certain fundamental commitments
"geallúintí bunúsacha áirithe ag baint leis an chóras daonlathach.
codanna áirithe certain parts
" “Tá fadhbanna agamsa le codanna áirithe de phobal na Gaeilge a bhfuil dlúthbhaint acu leis an bpoblachtánachas.
baill áirithe certain members
" B'fhéidir go bhfuil a gcuid gunnaí tugtha uathu ag an IRA, ach ní hamhlaidh atá i gcás dílseoirí paraimíliteacha ar chabhraigh baill áirithe de sheirbhísí rúnda na Breataine leo líon mór arm a thabhairt isteach sna hochtóidí.
ciall áirithe a certain meaning
" Deir sé go raibh sé *“involved”* – focal a bhfuil ciall áirithe leis in Éirinn – ag am amháin ach nár mhair sin i bhfad.
deimhin certain
" Is féidir a bheith deimhin de i gcónaí go mbeidh éan corr amháin agat i rang Gaeilge: má bhíonn leat, ní bheidh an t-ál iomlán suite os do chomhair, iad ag grágaíl d’aonghob.
ráflaí áirithe certain rumours
" Ach cinnte dearfach, bhí ráflaí áirithe ag dul timpeall na háite – níl aon dabht faoi sin.
céatadán áirithe a certain percentage
" Bhí sé fíor i gcónaí go raibh céatadán áirithe de ghasúir nach raibh cumas spóirt iontu, rud a luíonn le réasún, ach measaim go bhfuil níos mó daltaí anois ag teacht isteach atá go hiomlán mí-aclaí.
foinsí áirithe certain sources
" Is ar an ábhar sin a scaoil foinsí áirithe sa PSNI an scéal is déanaí maidir le buamáil na hÓmaí, ag súil dá mhéad droch-chlú a tharraingeofaí ar MI5 idir seo agus 2007 gur dheacra a bheadh sé an socrú nua a chur i bhfeidhm.
foinsí áirithe certain sources
" Is ar an ábhar sin a scaoil foinsí áirithe sa PSNI an scéal is déanaí maidir le buamáil na hÓmaí, ag súil dá mhéad droch-chlú a tharraingeofaí ar MI5 idir seo agus 2007 gur dheacra a bheadh sé an socrú nua a chur i bhfeidhm.
caighdeán áirithe a certain standard
" Nuair a shílim go bhfuil caighdeán áirithe sroichte agam, éistim leis seo le srian a choinneáil orm féin.
srianta áirithe certain curbs
" Ach ní gá go dtiocfadh forbairt agus caighdeán maireachtála salach ar a chéile ach srianta áirithe bheith i bhfeidhm.
i mbailte fearainn áirithe in certain townlands
" Dá bharr seo is líonmhaire i bhfad na tithe saoire i mbailte fearainn áirithe ná na tithe a bhfuil cónaí buan iontu i rith na bliana.
baill áirithe d'eite dheis certain members of the right wing
" Ba san am seo a thosaigh baill áirithe d'eite dheis an Pháirtí Phoblachtánaigh ag pleanáil don am a mbeidís ar ais i gcumhacht.
ar shlite áirithe in certain ways
" Measann sé go raibh an Ríordánach “ábhairín scáfar ar shlite áirithe”.
is deimhnitheach it is certain
" “Is é sin an cáineadh is mó a bheadh aige ar dhuine ach is deimhnitheach nach bhféadfadh aon duine a rá gur duine leamh ab ea é féin.
cinnte dearfach de totally certain
" Tá sí cinnte dearfach de go mbeidh sé ina Thaoiseach amach anseo.
craoltóir áirithe a certain broadcaster
" Níor cheap muid go brách go dtarlódh a leithéid! Deis iontach atá ann gan dabht agus, le cúnamh Dé, cuirfidh sé “ar an mapa” i Meiriceá muid!***AÓF: ******Bhí mé ag féachaint ar na grianghrafanna atá ar an suíomh gréasáin atá agaibh agus chuala mé craoltóir áirithe ag tabhairt “seisear spéirbhan” oraibh le déanaí.
táthar nach mór it is nearly certain
" Mar thoradh air seo, táthar nach mór cinnte go gcaillfidh Foley a shuíochán.
méid áirithe dá leictreachas a certain amount of their electricity
" Tá taisteal saor in aisce ag pinsinéirí, cuir i gcás, méid áirithe dá leictreachas saor in aisce, ní gá dóibh cíos a íoc ar a líne theileafóin nó ceadúnas teilifíse a bheith acu.
i dtaobh imreora áirithe regarding a certain player
" An chéad bhliain bhí conspóid ann i dtaobh imreora áirithe a raibh mioncháil air mar iománaí agus a bhí, dá bhrí sin, i bhfad rómhaith do ghrád s’againne.
amanna áirithe certain times
" Tuairiscítear, mar shampla, go bhfuil cinn i dTír Chonaill nach bhfuil ag oscailt anois ach ag amanna áirithe agus laethanta áirithe fiú.
treoracha agus srianta áirithe certain guidelines and curbs
" Is cinnte go bhfuil an earnáil turasóireachta iontach tábhachtach do gheilleagar na hAstráile, ach measaim gur cheart dóibh treoracha agus srianta áirithe a leagan síos do na ceantair seo nó beidh siad uilig millte, agus nuair a bheidh an damáiste déanta, beidh sé ródhéanach.
creathadh áirithe a certain vibration
"creathadh áirithe agus rithim bhríomhar inti.
méid áirithe iomaíochta a certain amount of competition
" I gcúrsaí iompair bus, tá comhlachtaí príobháideacha ag cur méid áirithe iomaíochta ar fáil do Bhus Éireann.
i gciorcail ealaíne áirithe. in certain art circles.
" ” Tá an-tóir ar shaothar Anthony Gormley, rud nach mbíonn i gcónaí ina ábhar sásaimh i gciorcail ealaíne áirithe.
comórtas áirithe a certain competition
" Bíonn lóistín ar leith le fáil ag lucht oilithreachta an chosáin – *albergue* – agus bíonn comórtas áirithe ann le leaba a fháil agus, níos tábhachtaí, cithfholcadh a fháil ag deireadh an lae.
ceoltóirí áirithe certain musicians
" AÓF: Cén fáth go leagann ceoltóirí áirithe an oiread sin béime ar bhogha maith a bheith acu? Nach é an veidhlín féin is tábhachtaí? NB: Tá an bogha ar a laghad chomh tábhachtach céanna leis an veidhlín.
trí pholasaithe ar leith a chur i bhfeidhm. by implementing certain policies.
" Deirtear gur éirigh le Ceanada agus an Fhionlainn an rannpháirtíocht a ardú trí pholasaithe ar leith a chur i bhfeidhm.
le haicmí áirithe daoine with certain classes of people
" I gcás sacair agus peile Gaelaí, mar shampla, samhlaítear go minic go mbaineann na cluichí sin le haicmí áirithe daoine atá ar ioncam íseal ach de réir na tuarascála tá ioncam níos airde ag tromlach de lucht imeartha an dá chluiche sin agus tá cáilíocht 3ú leibhéal ag 40% dá líon.
tráchtairí áirithe certain commentators
" Gearán eile atá agam ná an nós atá ag tráchtairí áirithe imirt gharbh a chosaint nó leithscéal a dhéanamh dó.
giotáraithe áirithe certain guitarists
" ” Ceoltóirí SasanachaLe linn do Mhaighread a bheith sa choláiste samhraidh i Rann na Feirste, thosaigh Mícheál ag éisteacht le grúpaí traidisiúnta as Sasana, leithéidí Pentangle agus Steeleye Span, agus chuaigh giotáraithe áirithe mar Bert Jansch agus John Redbourne go mór i bhfeidhm air.
i gcomhthéacs faoi leith. in a certain context.
" “Scríobhadh é sin i gcomhthéacs faoi leith.
imeachtaí áirithe certain events
" Spreag imeachtaí áirithe a tharla le déanaí ar pháirceanna Chumann Lúthchleas Gael (CLG) an cheist sin i m’intinn.
thuig dream áirithe a certain group understood
" ******* Le bunú an Stáit thuig dream áirithe go raibh an seansaol Gaelach ag imeacht.
meon áirithe a certain mentality
" Ach tá meon áirithe ag teastáil lena aghaidh.
fianaise áirithe certain evidence
" Léiríonn fianaise áirithe go raibh daoine anseo cúpla céad bliain roimhe sin, ach ní féidir a bheith cinnte cé acu ar fhan siad nó nár fhan.
teacht aniar áirithe a certain resilience
" Ach táthar ann a deir go mbeidh nuachtáin linn i gcónaí go dtí go gceapfar scáileán a thig a chrapadh faoi d’ascaill, sceallóga a bhurláil ann agus tine a lasadh leis! Bíodh sin mar atá, tá fianaise ann lena léiriú go bhfuil teacht aniar áirithe sna meáin fhadbhunaithe.
éilítear méid áirithe dea-iompair a certain amount of good behaviour is demanded
" Is i mbun comhrá a bhíonn lucht blagadóireachta agus cé go bhfuil cead ag gach mac máthar páirt a ghlacadh sa chomhrá sin, éilítear méid áirithe dea-iompair ar uairibh.
sonraí áirithe certain details
" Is nós leis an údar sonraí áirithe a thabhairt dúinn i dtaobh na gcarachtar nach gcuireann beag ná mór lenár n-aithne orthu.
ar chúiseanna éagsúla. for certain reasons.
" Ní thig leo asamhlú a dhéanamh agus ní thig leo na constaicí a shárú ar chúiseanna éagsúla.
méid áirithe daoine a certain amount of people
" Má tá *spin-off* do phobal na háite anso, go iontach! Ach ní éirím ar maidin ag rá liom féin ‘caithfidh mé a chinntiú go bhfuil méid áirithe daoine ag labhairt Gaoluinne sa Rinn inniu!' Ní gnó í an Ghaoluinn.
d'aois áirithe of a certain age
" Beidh cuimhne ag Éireannaigh d'aois áirithe ar am nach mbíodh ach trí bheoir - Guinness, Harp agus Smithwicks - ar fáil sa chuid is mó de thábhairní na tíre.