Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
phríomhfheidhmeannach chief executive
" " Bhí an tSiúr Stanislaus mar phríomhfheidhmeannach ar FI roimhe seo; tá sí anois ina hUachtarán ar an eagraíocht agus bíonn sí ag traenáil fhoireann FI maidir leis an bhfís a bhí aici ón tús don eagraíocht.
phríomhfheidhmeannach chief executive
" Ansin, ghlac mé le post mar phríomhfheidhmeannach i mí na Nollag 1999.
Phríomhfheidhmeannach Chief Executive
" Tá aithne níos fearr ag léitheoirí *Beo!* air mar Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge.
príomhfheidhmeannach chief executive
" Is minic a labhair muid le chéile le cúpla mí anuas, mise ar mo dhícheall ag iarraidh coinne a dhéanamh le príomhfheidhmeannach an chomhlachta.
Phríomhfheidhmeannach chief executive
" De réir Phríomhfheidhmeannach Chumann Easpórtálaithe na hÉireann, John Whelan, tá an cogadh ag cothú fadhbanna cheana féin do chomhlachtaí atá ag trádáil leis an taobh seo den domhan.
phríomhfheidhmeannach chief executive
" Is mise a bhunaigh Bard in Aibreán 1999, agus táim fós mar phríomhfheidhmeannach ar an gcomhlacht.
príomhfheidhmeannach chief executive
" Le gairid sheol rúnaí ginearálta an cheardchumainn, Blair Horan, litir chuig príomhfheidhmeannach an Údaráis um Shábháilteacht Bia, an Dr Patrick Wall.
phríomhfheidhmeannach chief executive
" Bhí mé i mo phríomhfheidhmeannach ar DIGRM idir 2001 agus 2002 agus d'eagraigh muid "Gaelfest Frankfurt", an scoil samhraidh ba mhór riamh dá chineál áit ar bith sa Ghearmáin.
príomhfheidhmeannach chief executive
" Dúirt Roger Davey, príomhfheidhmeannach an chomhlachta EnviroMission, go ndéanfar cinneadh faoi Mheán Fómhair na bliana seo an dtógfar an túr.
Príomhfheidhmeannach Chief Executive
" Cén ról atá agat féin i nGael Linn agus cén fhad atá tú sa phost? Is mise Príomhfheidhmeannach Gael Linn agus tá mé sa phost le bliain anuas.
Príomhfheidhmeannach Chief Executive
" I ndiaidh blianta de shíorghearán ón "talamh ard morálta" fá nósanna mídhleathacha Shinn Féin sa phróiseas toghchánaíochta, dar leo, ag deireadh mhí Iúil ghabh an PSNI Alastair Patterson, Príomhfheidhmeannach an UUP as "coireanna tromchúiseacha" a bhain leis an tréimhse a bhí sé ag obair san Oifig Toghchánaíochta ó thuaidh.
príomhfheidhmeannaigh chief executives
" Sa nead beag suáilcis seo, i bhfad ón daoscarshlua, i bhfad ó na hairí agus ó na príomhfheidhmeannaigh, i bhfad ón "*Wild Rover*" agus ó "*Brennan on the Moor*", bhí blaiseadh beag de na flaithis le fáil: na fíorGhaeil fhíorGhaelacha ina suí thart ag ceol agus ag ól agus ag bladar astu go fíorGhaelach, na fíorGhaeil Mheiriceánacha faoi dhraíocht acu agus ag freastal orthu le deochanna saor in aisce.
phríomhfheidhmeannach chief executive
" "Ní cúis iontais ar bith é go bhfuil Huw Jones anois ina phríomhfheidhmeannach ar S4C agus go bhfuil Dafydd Iwan, ar cheoltóir é a raibh an-tóir air ar feadh na mblianta, ina chathaoirleach ar Phlaid Cymru," arsa Aled.
príomhurlabhraí chief spokesman
" " Is é Ridge príomhurlabhraí rialtas na Stát Aontaithe ar cheisteanna a bhaineann le hinimirce.
Príomhfheidhmeannach Chief Executive
" Beidh na daoine go léir a bhfuil cumhacht acu cinntí a dhéanamh maidir leis an nGaeilge i láthair aige - an tAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív; Seosamh Mac Donncha, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge; Pádraig Ó hAoláin, Údarás na Gaeltachta; agus an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, má cheaptar é in am.
Príomhfheidhmeannach Chief Executive
" Labhair **Antaine Ó Faracháin** le hAntoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Ghael Linn, faoin tionscadal eisceachtúil, stairiúil seo.
príomhfheidhmeannach chief executive
" Cén ról atá agat féin in Port Láirge le Gaoluinn (PLleG) agus cén fhad atá tú ina bhun? Is mise an cúntóir teicniúil agus "fear na láimhe deise" (an dioscaire, más maith leat) aige Traolach Ó Braoin, an príomhfheidhmeannach.
braitheann pá agus bónais na bpríomhfheidhmeannach go mór the pay and bonuses of the chief executives depend greatly on
" Sa timpeallacht ghéariomaíochta ina bhfuil siad ag feidhmiú, braitheann pá agus bónais na bpríomhfheidhmeannach go mór ar luach na scaireanna.
phríomhdhéantóirí arm chief arms manufacturers
" Is billiúnaí é an bailitheoir ealaíne Freidrich Christian Flick, agus garmhac agus oidhre Friedrich Flick (1883-1972), duine de phríomhdhéantóirí arm na Naitsithe, ar gearradh téarma príosúnachta seacht mbliana air i 1947 as coireanna éagsúla a dhéanamh, ina measc sclábhaithe a úsáid ina chuid monarchana, agus seilbh a ghlacadh ar mhaoin Ghiúdach.
Príomhoifigeach Oibriúcháin Chief Operations Officer
" Na laethanta seo caitheann Marlin cúpla lá sa tseachtain taobh amuigh de Nua-Eabhrac de bhrí go bhfuil sé ina Chathaoirleach agus Príomhoifigeach Oibriúcháin ar an Philadelphia Trust Company.
cúraimí an Phríomhfheidhmeannaigh the responsibilities of the Chief Executive
" Is léir go bhfuil meas ag an mbainistíocht ar Ray chomh maith toisc gur iarr an bord bainistíochta air glacadh le cúraimí an Phríomhfheidhmeannaigh (le cois na gcúraimí mar Stiúrthóir Ealaíon a bhí air cheana féin) mí Iúil seo caite.
Phríomhfheidhmeannach Chief Executive
" Cén ról atá agat féin sa Chomhairle agus cén fhad atá tú sa phost? Chuaigh mé i mbun dualgais mar Phríomhfheidhmeannach i mí Dheireadh Fómhair 2002.
Phríomhfheidhmeanach Chief Executive
" Dúshlán nach beag don Phríomhfheidhmeanach úr, shílfeá.
chomh-phríomhfheidhmeannaigh joint chief executives
" Éamon Ó Caoimhnis agus Bertie Ahem atá mar chomh-phríomhfheidhmeannaigh ar an chomhlacht seo, cuideachta a bhfuil sé mar chuspóir acu tithe, scoileanna agus láithreacha oibre na tíre a théamh leis an aer te a ghineann an bheirt acu gach uair a ligeann siad orthu go bhfuil siad ag freagairt ceiste.
príomhfheidmeannach nua-cheaptha newly-appointed chief executive
" Samhlaigh gur tusa príomhfheidmeannach nua-cheaptha Aerfort an Bhaile Bhig, agus go bhfuil tú ag iarraidh seirbhís aerlíne a mhealladh.
beirt Ard-Cheannfort two Chief Superintendents
" Thug an tuarascáil le fios go raibh go leor d’oifigigh na nGardaí sa chontae faillíoch ina gcuid dualgas agus go raibh cuid acu neamhinniúil (beirt Ard-Cheannfort ina measc).
Ard-Cheannfort Chief Superintendent
" Nuair a shuigh sé isteach sa ghluaisteán cuireadh in aithne é d’Ard-Cheannfort de chuid an RUC agus ball sinsearach de chuid an Gharda Síochána.
Phríomhfheidhmeannach Chief Executive
" Is aisteach an chomhtharlúint é gur as an gcontae sin triúr de na fir is gníomhaí i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i nGaillimh ó na seachtóidí ar aghaidh: Pól Ó Foighil a bhásaigh le gairid, Pádraig Ó hAoláin atá ina Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta agus Donncha féin.
beirt Ard-Cheannfort two Chief Superintendents
" Thug an tuarascáil le fios go raibh go leor d’oifigigh na nGardaí sa chontae faillíoch ina gcuid dualgas agus go raibh cuid acu neamhinniúil (beirt Ard-Cheannfort ina measc).
príomhfheidhmeannach chief executive
" Roimhe sin, d’oibrigh sé mar Uachtarán agus príomhfheidhmeannach ar an *New York City Partnership*, eagraíocht ardiomrá gnó agus pobail.
ceannasaí iompair transport chief
" Mar atá a fhios ag duine ar bith a léigh an cuntas beatha mar gheall air san iris an *New Yorker *an bhliain seo caite, is pearsa thábhachtach i gcúrsaí polaitíochta i Londain é ceannasaí iompair na cathrach Bob Kiley.
an tArd-Cheannfort Kevin Donohoe Chief Superintendent Kevin Donohoe
" Deir an tArd-Cheannfort Kevin Donohoe ó Phreasoifig an Gharda Síochána nach bhfuil ar a gcumas aon rud a rá faoi chás Bhrian Rossiter toisc go bhfuil cás cúirte áirithe le bheith ann san am atá romhainn.
Príomhfheidhmeannach Chief Executive
" Táimid an-bhuíoch freisin de Dermot McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Temple Bar Properties; murach eisean, is beag seans go n-éireodh linn spás a fháil i mBarra an Teampaill.
an tArd-Cheannfort Kevin Donohoe Chief Superintendent Kevin Donohoe
" Deir an tArd-Cheannfort Kevin Donohoe ó Phreasoifig an Gharda Síochána nach bhfuil ar a gcumas aon rud a rá faoi chás Bhrian Rossiter toisc go bhfuil cás cúirte áirithe le bheith ann san am atá romhainn.
Príomhfheidhmeannach Chief Executive
" Táimid an-bhuíoch freisin de Dermot McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Temple Bar Properties; murach eisean, is beag seans go n-éireodh linn spás a fháil i mBarra an Teampaill.
Príomhfheidhmeannach Chief Executive
" Ansin tabharfaidh Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, forléargas ar staid na Gaeilge sa chóras oideachais.
Phríomhfheidhmeannach Chief Executive
" Dúirt an tAire go raibh sé de dhualgas air an pobal a chur ar an eolas faoi ghníomh coiriúil a chuirtear i leith duine atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe ó tharla go raibh an té a bhí i gceist ina Phríomhfheidhmeannach ar eagraíocht a cuireadh ar bun le hiniúchadh a dhéanamh ar ábhair spairne poiblí.
Príomhfheidhmeannach Chief Executive
" Ansin tabharfaidh Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, forléargas ar staid na Gaeilge sa chóras oideachais.
Príomhfheidhmeannach Chief Executive
" Ansin tabharfaidh Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, forléargas ar staid na Gaeilge sa chóras oideachais.
mar Phríomhfheidhmeannach as Chief Executive
" ” An-tógtha leis an obair Baineann Ó hAoláin an-sásamh as a ról mar Phríomhfheidhmeannach ar an Údarás.
Leas-Príomhfheidhmeannach Deputy Chief Executive
" Ceapadh é mar Leas-Príomhfheidhmeannach ansin, agus bhí sé freagrach as forbairt réigiúnach, agus an réimse leathan a chlúdaíonn an teideal sin: na hoifigí réigiúnacha, cúrsaí traenála, cúrsaí teanga agus cultúir, cúrsaí an Aontais Eorpaigh agus na comharchumainn.
ceaptha mar Phríomhfheidhmeannach appointed as Chief Executive
" “Cé hé an Fear Dia Mac an Ali seo?” a d’fhiafraigh mé de Bhalor an Scolardach Scolártha, i ndiaidh dom léamh i bpreasráiteas ó Fhoraois na Gaeilge go raibh an fear sin ceaptha mar Phríomhfheidhmeannach i gcomharbacht ar an fhíor-Joe MacDonagh.
príomhfheidhmeannach chief executive
" Tús úr atá ann don Fhoras, mar thig le príomhfheidhmeannach nua dul i bhfeidhm go cruthaitheach ar eagras agus a fhoireann, agus clár oibre éifeachtach a leagan amach don am atá le teacht.
chomh-phríomhfheidhmeannach joint chief executive
" Ansin, tugadh le fios go raibh Noel Forgeard, an Francach a bhí mar chomh-phríomhfheidhmeannach ar EADS, tar éis mórán scaireanna a dhíol cúpla seachtain sular fógraíodh an mhoill seo.
Príomhfheidhmeannach Chief Executive
"Príomhfheidhmeannach eagraíocht lucht Leaba agus Bricfeasta, Town and Country Homes, tar éis straitéis nua a fhorbairt a bhfuil sé mar aidhm aici an earnáil sin a shábháil, agus tá súil ag go leor daoine go n-éireoidh léi mar straitéis.
príomhfheidhmeannaigh na n-eagraíochtaí Gaeilge the chief executives of the Irish language organisations
" Ní raibh ann ach cur síos ar bhrionglóid a bhí agam, brionglóid álainn inar chaith Éamonn Ó Doornail liomsa mar a chaitheann gnátheagarthóirí na n-irisí agus na nuachtán agus na dtréimhseachán Gaeilge le tuairisceoirí a dhéanann iarracht mhacánta; mar a chaitheann príomhfheidhmeannaigh na n-eagraíochtaí Gaeilge le hoifigigh nach gcuireann isteach orthu barraíocht i rith na bliana; mar a chaitheann airí stáit le státseirbhísigh a thugann ómós cuí dóibh ó cheann ceann na bliana – is é atá i gceist agam, i mbeagán focal: an mhórluaíocht; an féirín; an beagchúiteamh saothair – an turas go Féile na nGael i Milwaukee.
ríomhfheidhmeannach. chief executive.
" Is eagraíocht an-bheag í – níl ach triúr oifigeach fostaithe ag Colmcille agus príomhfheidhmeannach.
Príomh-Chonstábla an PSNI the Chief Constable of the PSNI
" Dúirt Sir Hugh Orde, Príomh-Chonstábla an PSNI – a bhuailfidh le Gerry Adams roimh i bhfad – go gcaithfeadh ról a bheith ag MI5 mar, “National security is about international terrorism and, if people think the island of Ireland is immune from international terrorism, then they need to wise up.
Cathaoirleach agus Príomhfheidhmeannach Chairman and Chief Executive
" ”* Barry Meyer, Cathaoirleach agus Príomhfheidhmeannach Warner Bros Spreagadh go leor cuimhní geanúla ar na mallaibh nuair a fógraíodh go raibh an nuálaí cartúin Joseph Barbera i ndiaidh bás a fháil sa bhaile i Los Angeles.
príomhfheidhmeannach chief executive
" Is é Doug Humann príomhfheidhmeannach Bush Heritage.
príomhfheidhmeannach chief executive officer
" Ní sin mar a shamhlaíonn Michael O’Leary, príomhfheidhmeannach Ryanair, seirbhís chianaistir ar chostas íseal, áfach.
Príomhfheidhmeannach Chief Executive
" Ba chás le Riobard an tsiamsaíocht ach go háirithe agus bhí baint mhór aige le hAmhaclann an Damer, Cabaret Gael Linn, Amharc Éireann agus leis na scannáin *Mise Éire *agus* Saoirse?* Ag labhairt dó ar bhás Riobaird, dúirt Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin: San iliomad slite nuálacha d’éirigh le Riobard Mac Góráin an Ghaeilge a chur chun tosaigh i saol cultúrtha na hÉireann.
De réir an ardchonstábla chúnta, according to the assistant chief constable,
" De réir an ardchonstábla chúnta, Simon Byrne, tá 31 ball sa Croxteth Crew, agus iad ar fad idir sé bliana déag agus 50 bliain d’aois.
ardcheannasaí ar fhórsaí cosanta commander-in-chief of the defence forces
" Tugann sé aontú na banríona ar reachtaíocht úr (sin é, dearbhaíonn sé go bhfuil an bhanríon sásta le pé reachtaíocht is mian leis an rialtas a rith), socraíonn sé na ceapacháin is sinsearaí sna príomhúdaráis náisiúnta agus feidhmíonn sé mar ardcheannasaí ar fhórsaí cosanta na hAstráile.
ardcheannasaí na bhfórsaí cosanta, the commander-in-chief of the defence forces,
" Oilithreacht mhíleata a bhí ann, agus cionn is gurb ise ardcheannasaí na bhfórsaí cosanta, chuaigh sí in éineacht leo – le súil a choinneáil orthu, mar a déarfadh sí féin.
Ardchonstábla Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart na hÉireann, Chief Constable of the PSNI,
" Bhí alt thar a bheith suimiúil sa *Guardian *ag deireadh mhí na Bealtaine inar nocht Sir Hugh Orde, Ardchonstábla Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart na hÉireann, a bharúlacha mar gheall ar an sceimhlitheoireacht.
príomhfheidhmeannach chief executive
" Dúirt Nicky Lidbetter, príomhfheidhmeannach Anxiety UK, go ndearnadh an taispeántas seo gan beann ar mhothúcháin an ghrúpa mhóir daoine a bhfuil eagla orthu roimh dhamháin alla.
Cheann Foirne Chief of Staff
" Thug an chéad uachtarán eile ar na Stáit Aontaithe le fios gan mhoill, áfach, nach mbeadh aon athrú ar dhúnghaois Mheiriceá i leith Iosrael lena chéad cheapachán mar Cheann Foirne an Tí Bháin - Rahm Emanuel.
ceann foirne chief of staff
" Fiche bliain ina dhiaidh sin, agus é ar ais sna Stáit Aontaithe mar fhorúnaí stáit um ghnóthaí polaitiúla, chas Grossman le ceann foirne an ISI, an Ginearál Mahmoud Ahmad, díreach roimh 9/11.
phríomhchomhairleoir geilleagair chief financial adviser
" Cuireann sé i gcuimhne dom an meamram inmheánach a scríobh phríomhchomhairleoir geilleagair do rialtas Obama, Lawrence Summers, i 1991 nuair a bhí sé mar phríomheacnamaí an Bhainc Dhomhanda: “*I think the economic logic behind dumping a load of toxic waste in the lowest wage country is impeccable.
taoiseach chief(s)
" Gabhadh Saro-Wiwa féin in éineacht le grúpa dá chomhthírigh i 1994 is cuireadh ina leith go raibh lámh acu i ndúnmharú ceathrar taoiseach Ogoni a bhí in iomaíocht le Saro-Wiwa maidir le ceannaireacht an phobail.
Cheannfort Commander in Chief
" Coláiste na Máinlianna ======== I Seachtain na Cásca 1916, cheap Connolly Michael Mallin mar Cheannfort i mbun Óglaigh na hÉireann i gColáiste na Máinlianna.
Cinn Foirne Chiefs of Staff
" Mar a chuir na Cinn Foirne go neamhbhalb é, *“All stages of this program are equally sacred to the fanatical concepts of Jewish leaders.
n-aoirí chief whips
" Smacht nach nDéanann Leas ============== Tá gné thábhachtach de chleachtadh daonlathach na tíre, áfach, nach bhfuil pléite ag aon pháirtí go dtí seo, mar atá, córas na n-aoirí.
príomhoifigeach chief officer
" Nocht Weir chomh maith go bhfuil daoine muinteartha san arm Iosraelach ag go leor iriseoirí atá ag tuairisciú ar an gcoimhlint—príomhoifigeach biúró an *New York Times* ina measc, a bhfuil a mhac san arm Iosraelach.
phríomhfheidhmeannach chief executive
" - Agus ag caint ar fhoireann *Quora*: tá an feidhmchlár idirlín seo cruthaithe ag meitheal innealtóirí, iar-Facebook ina measc, Adam d’Angelo an chéad phríomhfheidhmeannach teicneolaíochta ar *Facebook*.
Príomh-Aoire chief whip
" Poist Eile === Príomh-Aoire an Rialtais: Alan Shatter ================= Post é seo a thugtar go hiondúil do Theachta ón ardchathair de bharr an mhéid ama a bhíonn le caitheamh thart fá Theach Laighean.
Chas mé leis an taoiseach I met the chief
" Chas mé leis an taoiseach agus chuir sé fáilte mhór romham.
príomh-abhchóid na Meiriceánach the American chief counsel
" Jackson, príomh-abhchóid na Meiriceánach ag trialacha Nuremberg agus fás mall réidh na Naitsíoch á scagadh aige trí chuimhní brónacha a mháthar.
ardrúnaí an cheardchumainn the trade union chief secretary
" Ba é Len Mc Cluskey, ardrúnaí an cheardchumainn is mó sa tír, *UNITE*, an príomhchainteoir ag oscailt taispeántas grianghraf faoin Bhriogáid Idirnáisiúnta sa Casa Club i Learpholl i mí Mheán Fómhair.
Ceann Foirne Chief of Staff
" San am seo bhí an t-eolas céanna ag Ceann Foirne Arm na Rúise, an Ginearál Mikhail Kolesnikov, agus chuir sé scairt láithreach ar Yeltsin ag fiosrú céard ba chóir dó déanamh.
ceannaire chief bottle washer
" ‘Is olc an ghaoth nach séideann leas duine éigin,’ a dúirt ceannaire Uisce Éireann.
aitheanta mar cheanneagraíocht recognised as a chief organization
" **CMacS: Cad iad príomhthosaíochtaí Ghael Linn ar na saolta seo?** AÓC: An príomhrud i láthair na huaire ná go bhfuil Gael Linn aitheanta mar cheanneagraíocht faoin gcóras nua maoinithe ag Foras na Gaeilge.
Príomhfheidhmeannach Gníomhach acting chief executive
" An Trédhearcacht ======= Dar le Loretta Dignam, Príomhfheidhmeannach Gníomhach le Fundraising Ireland, “is ábhar buartha é titim na síntiús, tráth go bhfuil níos mó éilimh ar sheirbhísí ann.
Ceapfar príomhfheidhmeannach nua a new chief executive will be appointed
" Ceapfar príomhfheidhmeannach nua ar Fhoras na Gaeilge go luath.
phríomhfheidhmeannach chief executive
" Is fear é a dtaitníonn dúshlán leis agus is cinnte go bhfuil an-dúshlán ag baint lena phost nua mar phríomhfheidhmeannach ar an an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród, an eagraíocht atá i gceannas ar thionscadal Luas Bhaile Átha Cliath.
Phríomhfheidhmeannach Chief Executive
" Tá sé bliain anois ó ceapadh Dermot McLaughlin, an ceoltóir as Doire, mar Phríomhfheidhmeannach ar Mhaoin Bharra an Teampaill.
mar Phríomhfheidhmeannach as Chief Executive
" Níl Pádraig Ó hAoláin ag feidhmiú mar Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta ach le bliain anuas ach tá go leor pleananna curtha le chéile aige cheana féin chun dul i ngleic le meath na Gaeilge sa Ghaeltacht.
príomhfheidhmeannach chief executive
" Beidh deis ag príomhfheidhmeannach nua Fhoras na Gaeilge, Ferdia Mac an Fhailigh, rian dearfach a fhágáil ar an eagraíocht sna blianta atá romhainn.
Príomhfheidhmeannach Chief Executive
" Tugann Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, eolas anseo faoi ábhar an scannáin, atá á eisiúint ar DVD an mhí seo den chéad uair.
iar-Phríomhfheidhmeannach former Chief Executive
" Cailleadh iar-Phríomhfheidhmeannach Gael Linn, Riobard Mac Góráin, ar an 30 Lúnasa.
Cheann Foirne Chief of Staff
" Chaith Maidhc Ó Cathail súil ghéar ar cheapachán Rahm Emanuel ina Cheann Foirne ar an Teach Bán i Washington agus ar an mbaint a bhí aige le teacht chun cinn Barack Obama le linn an toghcháin Uachtarántachta.
sé cheanneagras six chief organization(s)
" Chas Colm Mac Séalaigh le hAntoine Ó Coileáin, ceannaire Gael Linn, eagras atá ag múnlú bealaí nuála leis an nGaeilge a chur chun cinn le breis is glúin anuas agus atá áirithe anois ar na sé cheanneagras faoin gcóras nua maoinithe.