Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
oidhreacht an chine dhaonna the heritage of the human race
" Is saibhreas cultúrtha gach uile theanga agus ba chóir dúinn gan lipéid leibideacha a chur ar oidhreacht an chine dhaonna.
leas an chine dhaonna the welfare of the human race
" Fiú an córas daonlathach, is féidir go leor lochtanna a fháil air, ach is dóigh gur fearr é ná mórán córas eile maidir le leas an chine dhaonna a chur chun cinn.
anam an chine dhaonna the soul of humankind
" Deirim íoróin mar gurbh é príomhchuspóir an chuimhneacháin uafás an uileloiscthe a chur i gcuimhne na ndaoine, leis an dóchas nach ligfimid i ndearmad go deo scála na tubaiste sin ná an marc dorcha a d'fhág sé ar anam an chine dhaonna.
mórtais chine pride of race
" Ba bhreá liom bheith ag rith fríd mo cheantar dúchais, lán pasta agus mórtais chine, ach i mbliana Maratón Protastúnach do Phobal Protastúnach a bheas ann, dar le Sinn Féin agus an SDLP.
mionlaigh chine racial minorities
" 13,246 duine daonra Dingle anois, agus baineann 7% acu le mionlaigh chine.
don chine gorm for black people
" Ar mhaith an rud é páirtithe faoi leith a bheith ann i Meiriceá ag gníomhú thar ceann sainghrúpaí? Arbh fhearr páirtithe a bheith ann don chine gorm, d'fheirmeoirí, do na boicht, do lucht an tuaiscirt agus lucht an deiscirt? B'fhéidir nárbh fhearr, agus gur féidir leat ionadaíocht a aimsiú sa dá pháirtí atá ann cheana féin.
mhiotaseolaíocht an chine ar leis é the mythology of the race to which he belonged
" Sceimhlitheoir a “cheartódh maslaí na mblianta”, fíor agus samhlaithe, suite go domhain laistigh de mhiotaseolaíocht an chine ar leis é.
dhá chine two peoples
" Sa leabhar *Northern Ireland: The Origins of the Troubles*, ina gcosnaíonn Thomas Hennessey stát na sé chontae ó bunaíodh é 85 bliain ó shin, deir an t-údar: “Is é an dearcadh aontachtach é go bhfuil dhá chine in Éirinn agus dá n-aontódh gach duine gur mar sin atá - agus na haontachtaigh a fhágáil lena saol a chaitheamh - bheadh gach rud ina cheart.
slánú an chine dhaonna. saving the human race.
" Cad chuige a gcuirfeadh? Tar éis an tsaoil, ní raibh i gceist ach slánú an chine dhaonna.
a bhaineann leis an chine daonna i gcoitinne, to do with the human race in general,
" ” Deir Krauss go gcabhraíonn teangacha linn tuiscint a fháil, ní hamháin ar ár dtimpeallacht áitiúil féin, ach ar cheisteanna uilíocha agus fadhbanna a bhaineann leis an chine daonna i gcoitinne, de bhrí go bhfuil slite difriúla ag a gcainteoirí le féachaint ar spás, ar am agus ar an chaidreamh idir daoine.
den chine daonna. of humanity.
" Bhí sé ina mholtóir ar chomórtas litríochta de chuid an Oireachtais agus tá dhá thréith fhiúntacha de chuid na nGael ag baint leis: mórtas cine, ach meas ag an am chéanna ar an chuid eile den chine daonna.
don chine daonna, for humankind,
" Tá Bergman ina mháistir ar ghluaiseacht sin an chineama ina bhfuil Dia marbh don chine daonna, agus déanta na fírinne, *vice versa*.
soiscéalaí an chine ghoirm a black evangelist
" Fir agus mná den traidisiún Críostaí atá faoi chaibidil aige agus aithneoidh léitheoirí cuid de na hainmneacha: Dietrich Bonhoeffer, ministir Protastúnach a mharaigh na Naitsithe de bharr nach ngéillfeadh sé dóibh; Dorothy Day, bean thar a bheith spéisiúil a chomhbhunaigh an nuachtán an *Catholic Worker* agus Máirtín Liútar Cing, soiscéalaí an chine ghoirm sna Stáit Aontaithe a feallmharaíodh.
forlámhas an chine Airiasaigh supremacy of the Aryan Race
" Bhain Hitler leas as cluichí na bliana 1936 mar ghléas bolscaireachta do na Naitsithe agus mar ardán le forlámhas an chine Airiasaigh a léiriú (cé gur chruthaigh Jesse Owens a mhalairt!) Rinne an Éigipt, an Iaráic agus an Liobáin baghcat ar Chluichí Melbourne sa bhliain 1956 de bharr ionradh Iosrael ar Éigipt.
faoi fhréamhacha an chine Airígh about the roots of the Aryan race
" Chreid ceannaire an SS go bhfaighidís fianaise ansin faoi fhréamhacha an chine Airígh i measc uaisle na Tibéide.
den chine daonna of the human race
" Tá sé ríthábhachtach, dar liomsa, áiteanna mar Auschwitz a fheiceáil, chun léargas a fháil ar an taobh is dorcha den chine daonna agus chun foghlaim ó cheachtanna na staire.
stair an chine ghil abhus the white man's history here
" Mar a tharla go minic i stair an chine ghil abhus, bhí ganntanas oibrithe i gceist.
chine dhaonna human race
" Tá daoine den tuairim nach ball den chine dhaonna é Fritzl de dheasca na truaillíochta a bhí go smior ann, ach go deimhin, is é an fáth a gcuireann cás Friztl a oiread uafáis ar dhaoine ná go bhfuil sé ina bhall den chine dhaonna.
chine geal Caucasian
" Ní raibh cead ag inimircigh, nár den chine geal iad, faoin mbeartas seo, teacht chun na hAstráile.
mionlaigh chine minority of race
" Tá sé oscailte do dhuine ar bith atá ina chónaí sa Bhreatain agus ba mhaith leis an ealaíontóir go mbeadh meascán daoine le feiceáil iontu siúd a roghnófar, a bhéarfaidh léargas cothrom ar réigiúin éagsúla na Breataine agus a mbeidh cothroime ann ó thaobh mionlaigh chine agus inscne.
chine dhaonna human race
" Is féidir a rá go bhfuil an-chosúlacht idir an méid dochair atá déanta ar Oileán Mhic Guaire ag ainmhithe andúchasacha le céad go leith bliain anuas agus an dochar atá déanta don chomhshaol san Astráil ó theacht an chine dhaonna i dtír ann.
chine daonna human race
" Nuair a bhain Apollo 11 an ghealach amach ar an 20 Iúil, 1969 agus nuair a d’inis Neil Armstrong don domhan gur ‘céim bheag amháin d’fhear é ach gur léim ollmhór don chine daonna’ a bhí déanta aige, cuireadh idir ríméad agus iontas ar dhaoine gur éirigh leo a leithéid de rud a dhéanamh.
chine daonna human race
" Mar a thug scríbhneoir an bhlaig 3000 Versts of Loneliness faoi deara agus é ag scriobh fá bhaill an DUP: “Tá feachtas Ian McCrea ann le cosc a chur ar an Phápa theacht go Tuaisceart Éireann; ráitis lánfuatha Iris Robinson fá dhaoine aeracha; séanadh Sammy Wilson go bhfuil baint ag an chine daonna le hathrú aeráide; Edwin Poots agus a mhacasamhail a chreideann nach bhfuil an domhan ach 5000 bliana d’aois; Jim Wells atá in éadan wifi .
chine daonna human race
" com/watch/1587809-gerald-celente-the-greatest-depression-of-all-times-part-1-2) Le ciall a bhaint as an saol bunoscionn seo, caithfimid a thuiscint go bhfuil muid go léir faoi ionsaí ag an idé-eolaíocht is contúirtí don chine daonna.
chine ghil white people
" Meastar go raibh idir 300,000 agus 750,000 duine sa tír go díreach roimh theacht an chine ghil, agus creidtear go raibh idir 600-700 treibh éagsúla ann.
chine a race
" Agus é ag fás aníos i Sasana, amharctaí ar Éireannaigh mar chine a bhí ‘inherently inferior’: *“They were dismissively labelled ‘the bog Irish’, to be employed as a builder’s labourer but not in a bank.
muintir an chine ghil the White people
" Mar gheall ar a áit lárnach idir tuaisceart agus deisceart, d'fhás an chathair go tapa mar cheanncheathrú trádála agus tionscail, agus d'éirigh go seoigh leis go lár na haoise seo caite, nuair a bhog na mílte Gormach as stáit an deiscirt chuici, agus theith muintir an chine ghil amach.
éagsúlacht chine variety of race
"éagsúlacht chine, chreidimh agus saoil mar dhlúthchuid de shaol na ndaoine abhus.
an chine dúchais the Aboriginal people
" PB Scripsit, san aer ag 39,000 troigh, agus ar ball i Parramatta ins na Bruachbháilte Thiar, Sydney – fearann atá naofa ag An Burramatta - iascairí agus caomhnóiri na nEascann domhain in insint álainn an chine dúchais.
chine daonna human race
" - (iii) Tríú céim na foghlama is ea gáire a dhéanamh nuair a deir lucht bainc, airí airgeadais, baill rialtais, agus bíodh sé le rá, ball de mhóramh an chine daonna go bhfuil an ‘cúlú thart is go bhfuil ‘na margaí socair arís’.
croí an chine daonna the human heart
" Í féin sáite sna hamhráin ach chomh maith le sin tá croí an chine daonna i gceist insna hamhráin.
theacht an chine ghil the arrival of the whites
" Meastar go forleathan san Astráil fós nach mbíodh i muintir dhúchais na tíre roimh theacht an chine ghil ach sealgairí/cnuasaitheoirí diúide.
chine race
" Mhol an coiste freisin go gcuirfí ailt eile sa bhunreacht a dhearbhódh *“advancement”* don mhuintir dhúchais agus a chuirfeadh toirmeasc ar aon rialtas san Astráil leatrom a dhéanamh ar aon duine mar gheall ar a chine, ar a chneasdath nó ar a bhunadh eitneach nó náisiúin.
an chine dhaonna of the human race
" (London 1998 Vintage Books) Cíorann sé tosca éagsúla ba chúis le fás agus le forleathadh an chine dhaonna timpeall an domhain sa leabhar seo.
pianpháis an chine dhaonna the human race’s torment
" Cén fáth a mbeadh dúil ag daoine in íomhá chomh duairc sin? An é go bhfuil an pictiúr seo uathúil do dhaoine mar go léiríonn sé pianpháis an chine dhaonna ar dhóigh sothuigthe soiléir? Éamh an Eich ====== Deir an tOllamh David Jackson, Ollamh le Stair Ealaíne na Rúise agus Chríoch Lochlainn in Ollscoil Leeds, go bhfuil saothar suaite Munch purgóideach agus gur rud é seo a thuigeann an chuid is mó againn, mar go mbíonn tréimhsí dobhróin agus uaignis i saol achan duine againn.
céad teacht i dtír an chine ghil the first arrival of the Caucasians
" Níor cuireadh tús le lonnaíocht bhuan Eorpach ann go dtí 1835, beagnach caoga bliain tar éis céad teacht i dtír an chine ghil.
laoch spóirt agus laoch an chine dhaonna a sporting hero and a hero of mankind
" Thug Eoghan Ó Néill laoch spóirt agus laoch an chine dhaonna ar Norman san alt thuasluaite agus más mall is mithid go bhfuil sé aitheanta ina thír féin faoi dheireadh thiar thall.
i saol an chine dhaonna to the human race
" Bhí Balor i gcónaí den bharúil go raibh an dóchas thar a bheith tábhachtach i saol an chine dhaonna, agus go raibh dóchas i gcónaí ann, agus ar fáil, do gach duine i ngach cás.
ar son saoirse chine iomláin for entire racial freedom
" Ba théadchleasaí é Lincoln ar son saoirse chine iomláin.
ag tabhairt eolais faoin chine gorm giving information about the black people
" Bhí clár eolais sa tseanreilig i lár chathair Bhoston ag tabhairt eolais faoin chine gorm agus faoin gcaoi nach gcuirtí sa reilig sin iad mar bhí ceann dóibh féin i dtuaisceart an bhaile sa seanam.
faoi stair an chine ghoirm about the history of the Blacks
" Ghlaoigh sí láithreach ar a cara Hayden (nach bhfuil Gaeilge aige), a bhí trasna na reilige agus i mbarr a gutha ghlaoigh as Béarla "A Hayden - níl Gormaigh ar bith sa reilig seo!" Ní phléitear cine i Meiriceá go poiblí, agus is é an t-ábhar is conspóidí i Meiriceá go fóill é, déarfainn, ach bhí Ána agus a comhdhaltaí ag foghlaim faoi stair an chine ghoirm le déanaí ar scoil, óir is é Feabhra "Mí Stair an Chine Ghoirm" i Meiriceá.
gan tagairtí a dhéanamh do chine not to mention race
" Má bhí, ámh, tá sé foghlamtha ag na daoine fásta gan tagairtí a dhéanamh do chine go poiblí.
ba mise an t-aon duine den chine geal I was the only white person
" I measc 60 duine ar an mbus, ba mise an t-aon duine den chine geal.
dhaoine gorma mar fho-chine black people as an untermenschen
" Níor fada gur thosaigh daoine geala ag breathnú ar dhaoine gorma mar fho-chine.
is annamh daoine den chine geal white people seldom
" I stáit mar Nua-Gheirsí is annamh daoine den chine geal ag tógáil busanna ná ag siúl sráideanna cathracha mar Newark agus Paterson, ar fhaitíos go mbeidís timpeallaithe ag Gormaigh.
Talamh gan chine do chine gan talamh a land without people for a people without land
"Talamh gan chine do chine gan talamh’ an mana a chuirtear síos ar an fhís a bhí ag Síónaigh don Phalaistín.
ar an chine ghorm for black people
" Is ón tsean-Lochlannais míle bliain ó shin a thagann an téarmaíocht atá againn inniu ar an chine ghorm.
nár den chine gheal non-white race
" Luann Rolston na teagmhálacha a bhí idir Éireannaigh agus daoine eile nár den chine gheal iad, anseo in Éirinn, i dtíortha na himpireachta, i Meiriceá Thuaidh, an caidreamh acu difriúil, ag brath ar shiocracha áirithe na linne agus na háite.
an dá chine the two races
" Ní raibh coimhlint i gcónaí idir an dá chine ar ndóigh.
lucht an chine ghil white people
" Daoine saibhre agus lucht an chine ghil is mó a chónaíonn sna "Pobail Geataithe" seo, mar a thugtar orthu.
faoin chine ghorm about black people
" Is ó Ghana an t-ealaíontóir Lynette Yiadom-Boakye a dhéanann portráidí bunaithe ar dhaoine samhailte a spreagann ceisteanna faoin chine ghorm agus an léiriú atá déanta orthu sna míndána.
comhchónaithe an chine dhaonna le hoisrí agus le héanlaith humans living alongside oysters and (wild) fowl
" Tá páirt thábhachtach ag an dúlra sa scéal, a thugann léargas ar dheacrachtaí comhchónaithe an chine dhaonna le hoisrí agus le héanlaith.
a choinnigh é féin agus a chine faoi chois who kept himself and his people subjected
" An rud ba mhó a chuaigh i gcionn ar dhaoine ná an dóigh nár léirigh Mandela aon ghoimh ina dtaobh siúd a choinnigh é féin agus a chine faoi chois.
i measc an chine ghil amongst the whites
" Tá an céatadán de dhaoine óga a chríochnaíonn oideachas bunscoile ag dul in airde, cé go bhfuil a dhá n-oiread níos airde i measc an chine ghil is atá sé i measc an chine ghoirm.
i measc an chine ghoirm amongst the blacks
" Tá an céatadán de dhaoine óga a chríochnaíonn oideachas bunscoile ag dul in airde, cé go bhfuil a dhá n-oiread níos airde i measc an chine ghil is atá sé i measc an chine ghoirm.
ag cothú teannais idir an dá chine creating tension amongst the ‘races’
" Deirtear fosta go bhfuil fás an-mhór faoin chóiriúlacht i gcoinne daoine a bhfuil airgead acu sna bruachbhailte agus go bhfuil sé seo ag cothú teannais idir an dá chine.
saorfhear de chuid an chine ghoirm a free black man
" Claochlú an tSaoir ina Dhaor ========== I Nua-Eabhrach réamhchogaidh na bliana 1841 tá cónaí ar Solomon Northup – saorfhear de chuid an chine ghoirm, saor adhmaid snasta, bheidhlíní oilte clasacacha.
i bhfianaise fulaingthe an chine ghoirm in light of the what the Black people went through
" Agus creidim, i bhfianaise fulaingthe an chine ghoirm, mar a ríomhtar í i ’*12 Years a Slave*’, nár mise an t-aon chriticeoir saolta i Cineworld Shráid Pharnell go dtáinig na mothúcháin aniar aduaidh air.
ag achan chine eile every other race
" An bhfuil aon náisiún eile ar chlár na cruinne a bhíonn ciaptha de shíor ag smaoineamh faoina bhféiniúlacht? Bhí cnámh lom na fírinne á insint ag Brendan Behan nuair a mhaígh sé go bíonn síocóis náisiúnta ag an Éireannach san áit ina mbíonn féiniúlacht náisiúnta ag achan chine eile.
don chine daonna to the human race
" Is é sin go dtarlóidh an líon sin forbairtí teicneolaíochta, idir ríomhaireachta agus bithleighis, nach féidir tuiscint nó tuar céard a tharlóidh don chine daonna ina dhiaidh.
lucht an Chine Ghil White people
" Bánú agus Gormú Ceantar ============ Go híorónach, b'é teacht na ngluaisteán céanna a thug seans do lucht an Chine Ghil an pobal Gorm a fhágáil ina ndiaidh.
chine daonna human race
" Tugann sí “*deception epidemic*” ar mhéid an mhí-ionracais atá sa saol comhaimseartha, ach dá réir, is tréith inbheirthe é sa chine daonna atá againn ó aois an-óg.
fulaingt an chine dhaonna suffering(s) of the human race
" Thosaigh Giacometti ar an tsraith seo i 1946 nuair a bhí sé ina chónaí i bPáras, mar leacht cuimhniúcháin ar íobartaigh na Naitsithe agus fulaingt an chine dhaonna.
stát geal don chine gheal a white state for the white people
" Tá sé sin chomh contráilte agus chomh dochosanta is atá ‘stát Protastúnach do phobal Protastúnach’, nó ‘stát Caitliceach do phobal Caitliceach’, nó ‘stát geal don chine gheal’.
theacht an chine dhaonna the time of humans arriving
" Is iomaí ainmhí coimhthíoch atá scaoilte amach san Astráil ó theacht an chine dhaonna agus atá ina n-anachain don chomhshaol, mar a míníodh in Eagrán 98, Meitheamh 2009, den iris seo.