Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Tachtadh iad they choked
" Tachtadh iad nuair a shúigh na tinte an t-aer as an log staighre ina rabhadar.
ag iarraidh gan í féin a thachtadh ar a dea-mhéin trying not to choke on her own goodwill (i.e. it's not genuine)
" " "Tá an t-ádh oraibh mar sin," arsa Nell agus í ag iarraidh gan í féin a thachtadh ar a dea-mhéin.
á dtachtadh being choked
" Go mbeadh athrú bunúsach ar an gcuraclam meánscoile a ligfeadh do scoláirí an teanga a fhoghlaim seachas an cur i gcéill atá anois ann, go fiú leis na scoláirí is fearr agus iad á dtachtadh le cúrsaí a d'fheilfeadh sna hollscoileanna! Go mbeadh Bille Cearta na Gaeilge rite agus i bhfeidhm agus go bhféachfaí ar an bpobal Gaelach mar dhream ar chóir meas a bheith orthu ar an gcaoi chéanna le mionlach ar bith eile sa stát bréagliobarálach seo.
Tagann tocht goil ar Finucane Finucane gets choked up
" Tagann tocht goil ar Finucane nuair a chuimhníonn sé ar ghrianghraf de chara dá chuid, an Leifteanant Ray Murphy, ag siúl isteach sa smionagar agus sa toit, tar éis don chéad túr titim.
á thachtadh féin choking himself
" Le héifeacht an ghalúin go leith Red Bull a bhí ólta ag Rí an Oileáin chuaigh sé thart ag pógadh gach a raibh i láthair, idir fhir agus mhná, é á thachtadh féin le mórchúis agus le paisean na hócáide, agus an mhuintir bhocht a d'fhulaing na póga á dtachtadh féin le samhnas.
tachtaithe choked
" Bhí *Dubs *ag cur ceiste ar a chéile i nguth íseal, tachtaithe: an bhfuil sé fíor? An bhféadfadh sé a bheith fíor? Ag an am ba é Kevin Moran laoch óg scafánta fhoireann pheile na hArdchathrach a bhí i ndiaidh Craobh na hÉireann a bhuachaint i l976 agus l977, agus buachaint ar Chiarraí sa dá bhliain sin - a bhuíochas sin do Jimmy Keaveney, Brian Mullins, Bobby Doyle agus go speisialta don pheileadóir óg gaisciúil Caoimhín Ó Móráin.
ag tachtadh na príomhchathrach choking the capital city
" D'fhéadfaí athrú as cuimse a dhéanamh ar chuid de na fadhbanna móra struchtúrtha atá ag tachtadh na príomhchathrach agus ag bánú na tuaithe.
a thachtadh to choke
" Tá uisce an Yangtse trom le glár, agus deirtear go ndéanfaidh an glár seo innealra an damba a thachtadh.
ag tachtadh ar an logainm céanna choking on that same place-name
" “B’fhéidir, agus ní móide,” arsa Balor leis, “Ach ní gach duine a bheadh ag tachtadh ar an logainm céanna gach uair a rinne sé iarracht an focal a fhuaimniú.
na smugaí á thachtadh the snots choking him
" “Cogar, a chara,” arsa Balor go comhcheilgeach, “cad é scéal airgead na Chéad Chomaoineach?” “Arú, a Bhaloir,” arsa Séimí, agus na smugaí á thachtadh le teann meisce agus mioscaise, “sin é an t-am ar thosaigh an chraic seo uilig.
go dtachtaí sé thú may it choke you
" Agus cad é an teachtaireacht atá aige do Biffo? “Caith leat, a chlabaire, agus go dtachtaí sé thú,” a deir sé, amhail agus nach raibh Biffo á thachtadh féin cheana féin ag Sweet Afton agus ag binb, gangaid agus ag aiféala.
greim scrogaill a choke hold
" Le roinnt blianta anuas, bhí greim scrogaill agus scóige ag iománaithe Chill Chainnigh ar gach comórtas agus bhí cuid mhór de lucht leanúna na hiomána ag éirí tuirseach den urlámhas daingean a bhí acu ar chúrsaí iomána.
Tachtar an Teachtaire choke the messenger
" Aird ar Fhaillí, Tachtar an Teachtaire ================ Beidh an dream úd atá tiománta ar Bhéarla éigeantach a bhrú ar phobal na Gaeilge is na Gaeltachta sásta go maith leis an chinneadh seo fosta.
greim scóige a choke lock
" Ach é sin ráite, an bhfuil rud fiúntach ar bith ar domhan níos mó nach bhfuil greim scóige ag an airgeadas agus ag an margadh air? Is maith linn a cheapadh anseo in Éirinn go bhfuil an Cumann Lúthchleas Gael, cuir i gcás, ina eagraíocht dheonach atá neamhspleách ar chúrsaí tráchtála ach is í an fhírinne go bhfuil an CLG taobh le comhlachtaí tráchtála oiread is atá aon dream eile chomh fada is a bhaineann sé le maoiniú a chur ar fáil do dhul chun cinn na heagraíochta.
chríochnaigh le tachtadh mall agus cliseadh na scámhóg which finished with a slow choking an múinteoir líofa san úrscéal the polished teacher in novel
" Athchruthú na hEachtra ======= Chonaiceamar an t-allas ar leiceann D’Aughton mar aon le hualach na croise ar a dhroim, agus bhraith an lucht féachána go léir an phríomhimní a chur isteach go mór ar Chríostaithe an naoú aois déag: ar chóir creideamh uilíoch a chruthú ar dhúnmharú uafásach duine soineanta, dúnmharú a cuireadh i gcrích le linn cúpla uair, dúnmharú a thosnaigh le huirlisí cosúil le tairní agus sceanra agus a chríochnaigh le tachtadh mall agus cliseadh na scámhóg? B’shin an rud a bhí i gceist ag Julian Morrow, an múinteoir líofa san úrscéal The Secret History nuair a mhínigh sé dá rang: “ *‘The Roman genius, and perhaps the Roman flaw*’, he said, ‘*was an obsession with order….
an líofacht dhramadúil a thachtadh fé dheireadh would choke dramatic fluency eventually
" An ndéanfaidh an teilifís féin an líofacht dhramadúil a thachtadh fé dheireadh?