Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chomh folláin le breac as healthy as a trout
" Chuir siad masc thar mo bhéal agus dúirt liom teacht ar ais i gceann coicíse - dá mbeinn fós beo! Anois ní scaoilfidh siad mise ná mo mhasc isteach sa bheár i dTeach Laighean, ná isteach sa bhialann, ná fiú isteach sa *jacks*! Cad é a dhéanfaidh mé? An cuma le duine ar bith? An bhfuil an (blíp) sin, Charlie McCreepy, sásta an t-airgead a thabhairt do na dochtúirí le hiad a mhealladh ar ais ag obair? Níl, ná baol air! Tá sé féin agus Bertie an (blíp-ing) bodach chomh folláin le breac i bpoll brandaí agus is cuma sa tsioc leis na (blíp-ing) clabhstair fúmsa bocht breoite.