Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
phearsa chonspóideach controversial figure
" Tá Príomhaire na hIodáile, Silvio Berlusconi (65), tar éis a bheith ina phearsa chonspóideach i gcúrsaí polaitíochta idirnáisiúnta ó d'éirigh lena pháirtí lárnach deasach, Forza Italia, teacht i gcumhacht arís i mí na Bealtaine anuraidh.
chonspóideach controversial
" Sa lá atá inniu ann, ar ndóigh, ní ceist chonspóideach í sin.
an-chonspóideach very controversial
" Deich mbliana ó shin, bhí an smaoineamh go mbeadh ganntanas ola ann go luath an-chonspóideach fós.
an-chonspóideach very controversial
" ) Cé go raibh na muirir seo an-chonspóideach, caitheadh roinnt mhaith den airgead a bailíodh ar bhusanna agus traenacha nua, agus níorbh fhada go raibh na buntáistí le feiceáil.
tréimhse chorrach chonspóideach an uneasy controversial period
" Bhí tréimhse chorrach chonspóideach ag an Údarás le linn na ré nua seo.
roimh mháirseáil chonspóideach before a controversial march
" Ní thig leo dul rófhada chun tosaigh ar a lucht leanúna, dar leo, ach tharla eachtra iontach an mhí seo caite nuair a thug urlabhraí an pháirtí ar chúrsaí póilíneachta, an t-iarchime Gerry Kelly, le fios go raibh cainteanna díreacha idir é féin agus baill shinsearacha de chuid an PSNI roimh mháirseáil chonspóideach de chuid an Oird Oráistigh i dtuaisceart Bhéal Feirste ar an 12 Iúil, mórshiúl a mbíodh racáin lena linn le blianta beaga anuas.
i bhforbairt chonspóideach in a controversial development
" Níor mhiste a chuimhneamh fosta go bhfuil díospóireacht ar siúl faoin choinníoll teanga i gCiarraí ó rialaigh an Bord Pleanála in Aibreán 2005 go mbeadh ar Southbound Properties 75% de na haonaid i bhforbairt chonspóideach i mBaile an Fheirtéaraigh a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.
tréimhse neamh-chonspóideach an uncontroversial period
" Go raibh tréimhse neamh-chonspóideach anseo in Éirinn ag Trapattoni! Is iarmhúinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
an-chonspóideach very controversial
" Rinne Avery Brundage (cé eile?) cinneadh a bhí an-chonspóideach ag an am – go leanfaí ar aghaidh leis na cluichí, d’ainneoin an tsléachta.
beirt bhall chonspóideach two controversial members
" Ghlac beirt bhall chonspóideacha de rítheaghlaigh na hEorpa páirt lárnach i bhforbairt na himpireachta nua seo.
chonspóideach controversy
" Bhí an seicteachas i réim i bhfad sular cuireadh cosc ar an Ord Bhuí siúl ar an bhealach chonspóideach sin.
chonspóideach controversial
" Tá a lán léaráidí de Claude Chevasse sa leabhar Cesca’s Diary- nach mbeadh sé oiriúnach cóip de cheann acu a chur ar an bhalla san Institiúid i gcuimhne Ian McKeane agus chun cothrom na Féine a thabhairt do gach géag ginealaigh mhuintir Chvasse? Cúnamh Meyer leis an Chéasar ============= Is ceist chonspóideach, ealaín agus Éire in Ollscoil Learphoill.
ceist chonspóideach controversial matter
" Tá fréamhacha na faidhbe chomh fite fuaite le ceist chonspóideach úinéireacht na talún sa tír, áfach, gur dóichí ná a mhalairt gur de réir a chéile a rachfar i mbun leigheas an scéil.
iarracht chonspóideach controversial attempt
" Tá ceist na pokies agus na gcearrbhach anó go mór i mbéal an phobail faoi láthair mar gheall ar thuarascáil de chuid an Productivity Commission ar Chearrbhachas, agus ar iarracht chonspóideach atá faoi chaibidil ag an rialtas cónaidhme córas nua náisiúnta a chur i bhfeidhm le gealltóireacht ar na meaisíní a riaradh.
chonspóideach controversial
" Ní reachtaíocht chonspóideach é de ghnáth agus tá dlíthe cosúil leis i bhfeidhm i dtíortha áirithe eile.
chonspóideach controversial
" Nach raibh tagairt déanta sa litir chonspóideach a sheol sé ag an mbreitheamh sa gcúirt in Iosrael go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh sé ina uachtarán ar Éirinn uair éicint! Más amhlaidh a bhí, cén fáth nár chaith sé beagán dúthrachta leis an nGaeilge a fhoghlaim? Tá an chuma ar an scéal go bhfuil Eabhrais aige, más fíor dhó féin.
mhórcheist chonspóideach íogaire one of the major delicate controversies
" Tá dúnghaois inimirce na hAstráile ar mhórcheist chonspóideach íogaire abhus le fada an lá, fearacht tíortha go leor eile sa Chéad Domhain.
ceist chonspóideach an tsean-nóis the controversial matter of s.n.
" ” Sceitheadh ==== Uair an chloig ina dhiaidh sin tá ceist chonspóideach an tsean-nóis fós ina cnámh spairne eadrainn, ach tá an clog ag breith orainn.
Gné lárnach chonspóideach a controversial central aspect
" Gné lárnach chonspóideach den chóras leasaithe seo ná an chóir is ceart a chur ar na 11 milliún inimirceach atá sna Stáit go neamhdhleathach, ar Laidin-Mheiriceánaigh iad a bhformhór.
an reachtaíocht chonspóideach the controversial legislation
" Tugadh neart ama an mhí seo caite sa Dáil agus sa Seanad leis an gceist chasta faoin nginmhilleadh a phlé ach níor tugadh aon deis leasaithe a chur ar an reachtaíocht chonspóideach a tháinig ón Rialtas.
Ceist chonspóideach a controversial question
" Cá bhfuil príomhchathair an tsacair i Sasana? Learpholl, Manchain, Londain ? Ceist chonspóideach atá ann, gan amhras, agus is dócha go raibh Preston, Lancashire, ina ‘suíomh neodrach’ nuair a roghnaíodh é mar láthair do Iarsmalann Náisiúnta an tSacair i 2001.
chonspóideach controversy
" Cé leis iad? Cén áit is ceart na hoibreacha ealaíne ón ré Naitsíoch a choinneáil nó an ceart iad a chaomhnú nó a thaispeáint go poiblí ar chor ar bith? Ar ndóigh, is ceist chonspóideach eile í an bunús a bhí le saothar ealaíne áirithe agus cé leo anois iad – go mór mór i gcás na míreanna sin a goideadh ó na Giúdaigh agus ó mhionlaigh eile agus atá i seilbh daoine eile anois.
ceist chonspóideach a controversial matter
" ” Agus an saibhreas seo Gaeilge thart uirthi, an t-eolas ata aici ar an tSean-Ghaeilge, idir theanga agus litríocht - an gcuireann sé éadóchas uirthi nuair chluineann sí Gaeilge an lae inniu agus í chomh truaillithe is atá sí (má chreideann sí go bhfuil sí truaillithe)? “Sin ceist chonspóideach!” a fhreagraíonn sí ag gáire.
ceist chonspóideach a controversial matter
" ie, ceist chonspóideach atá ag cruthú deacrachta san Astráil chomh maith le háiteanna eile ar domhan.