Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
seachas é a dhaoradh chun báis instead of comdemning him to death
" Díbirt ======= Nuair a stop an troid, gealladh do Dwyer go gcuirfí i gcéin go Meiriceá é, seachas é a dhaoradh chun báis, rud a bhí i ndán do mhórán eile de réabhlóidithe na linne.
á gcur chun báis being executed
" Gearradh téarma príosúin seachtaine air agus é ansin de bharr gur labhair sé amach i gcoinne rialtas na Nigéire agus chonaic sé go leor uafás, daoine á gcur chun báis go poiblí mar shampla, agus é ag cur faoi sa tír.
scréacha na ndaoine a bhí á gcur chun báis. the screams of the people being put to death.
" Cuireadh ceol ar siúl le nach gcloisfí na meaisínghunnaí agus scréacha na ndaoine a bhí á gcur chun báis.
chun na mílte a chur chun báis. to kill thousands of people.
" Níl mórán ag teastáil chun na mílte a chur chun báis.
a chur chun báis to put to death
" Ach tá Auschwitz agus Birkenau éagsúil ón áit sin; tógadh iad – Birkenau (nó Auschwitz II) ach go háirithe – d’fhonn an oiread daoine neamhurchóideacha agus ab fhéidir a chur chun báis chomh sciobtha agus ab fhéidir.
dhaoradh chun báis to condemn to death
" Rachaidh níos mó daoine ar ais ag urnaí agus ag an Aifreann! Níl ceann ar bith de na hábhair thuasluaite chun muid a dhaoradh chun báis agus ní bheidh sa bhrú, ach athrú ón chaighdeán beatha an-ard go ceann a bheas compordach fós i gcomparáid le go leor de mhuintir eile an domhain.
chun báis execute(d)
" In aon lá amháin, de réir an chuntais chéanna, cuireadh cúigear saighdiúirí Éireannach chun báis i St Germain toisc go bhfuarthas ciontach iad i ngoid agus i marú (féach freisin ‘The Stuart Court in Exile and the Jacobites’, curtha in eagar ag Eveline Cruickshanks agus ag Edward Corp).
chur chun báis put to death
" Tá Balor an-bhuartha faoinar bhain dá seanchara, agus níos buarthaí fós nár tharla an lascadh céanna do chuid mhór de na daoine a bhí ina suí i Seomra Mór na Dála ag éisteacht lena chur chun báis os comhair an domhain.
daoradh chun báis was condemned to death
" (Thréig a athair - a daoradh chun báis as Droichead Mhala a phléascadh i 1922 - thréig sé an chlann nuair a bhí Michael D ina pháiste i Luimneach.
daoradh seo chun báis sentence of death
" “Agus tarlóidh in earrach na bliana céanna nach mbeidh muintir na hÉireann sásta leis an daoradh seo chun báis; agus teacht am na Cásca tosóidh an pobal a bhí faoi chois le fada ag ullmhú le haghaidh Éirí Amach eile um Cháisc.
Daoradh an chéad triúr a cuireadh ar a dtriail chun báis the first three were condemned to death at their trial
" Daoradh an chéad triúr a cuireadh ar a dtriail chun báis agus ar chomhairle ó shagart áitiúil, phléadáil an cúigear eile ciontach as an choir leis an chrochadóir a sheachaint.
chun báis to death
" Tógadh go Melbourne é, ciontaíodh as dúnmharú é agus dhaor an breitheamh, an Ridire Redmond Barry – Éireannach eile dar ndóigh – chun báis é.
modhanna éagsúla a gcuirtí mairtírigh chun báis various ways martyrs were killed
" Léiríonn na 34 freascó atá thart timpeall ar bhallaí na heaglaise na modhanna éagsúla a gcuirtí mairtírigh chun báis – ceann amháin níos measa ná an ceann eile ó thaobh brúidiúlachta agus uafáis de.
daoradh chun báis iad were condemned to death
" Ciontaíodh ceithre fhear déag, an Rianach san áireamh, as an gcoir agus daoradh chun báis iad.
gur féidir páiste a chur chun báis that a child can be killed
" Nílim sásta gur féidir páiste a chur chun báis ar bhunús bagairt ó dhuine eile lámh a chur ina bás féin, bíodh gur cás an-tubaisteach, an-deacair atá anseo.
cuireadh chun báis é ar chrois mhór he was executed on a large cross
" Ghlac Martin D’Aughton le ról Íosa agus cuireadh chun báis é ar chrois mhór ag barr Chnoc Phádraig i mBell’s Field.
chun a chuid gaolta a chur chun báis to kill their relations
" Ní deir siad rud ar bith faoina chumas le gunna; ach nach cuma, nuair atá daoine eile aige chun a chuid gaolta a chur chun báis.
dreamanna nár cuireadh chun báis groups who weren't executed
" Sa lá atá inniu ann, baineann cuid mhór de na conspóidí sin le ceisteanna freagrachta agus leis an méid cabhrach a thug dreamanna nár cuireadh chun báis do dhaoine eile.
taibhsí na ndaoine a cuireadh chun báis the ghosts of the people put to death
" Ba thráthúil an mhaise dó é agus taibhsí na ndaoine a cuireadh chun báis fós le haithint ar fud na sráideanna.
a daoradh chun báis who was condemned to death
" D’fhéadfá a mhaíomh go raibh sé de cheart aige na gnéithe sin d’Ioslám atá uafásach i súile gach duine eile seachas bunchreidmhigh Mhoslamacha a cháineadh - cás Meriam Ibrahim, a daoradh chun báis i ndiaidh dá leanbh theacht ar an saol i gcarcair agus í ceangailte le slabhra cionn is gur iompaigh sí ina Críostaí mar shampla, cé go bhfuil sé fógartha go scaoilfear saor í roimh i bhfad.
a cuireadh chun báis who were executed
" D’éirigh leis na stáit na rialacha sin a mhaolú tar éis 1976, agus más ea, méadaíodh líon na ndaoine a cuireadh chun báis, rud a ghoill go mór ar Stevens.
daortha chun báis sentenced to death
" Níl mórán trua ag formhór na nAstrálach do Nguyen Tuong Van, an fear óg atá daortha chun báis i Singapore, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.