Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chun an riaráiste oibre a ghlanadh to clear the backlog
" Struchtúr níos éifeachtaí a bheith bunaithe agus foireann bhreise a bheith earcaithe agus oilte chun an riaráiste oibre a ghlanadh agus chun tionscadail nua a phleanáil agus a chur sa siúl.
díocas chun oibre eagerness to work
" Gan obair sa mbaile, ach le hoideachas nó scileanna maithe agus díocas chun oibre, thrasnaíodar an tAigéan Atlantach ar víosaí turasóireachta agus d'fhanadar, ag tógáil tithe i mBostún, ag tarraingt piontaí i Nua-Eabhrac, nó ag garraíodóireacht i Siceágó.
nuair a thagann a lá oibre chun críche, when his working day comes to a close
" Ach nuair a thagann a lá oibre chun críche, athraíonn Micheál go Michelle – mainicín álainn sna fichidí, a shaothraíonn airgead mór as gach taispeántas faisin a mbíonn sí páirteach ann.
ag cromadh chun oibre getting stuck into the work
" Cad é an rud a dhéanfadh lucht cúise agus lucht creidimh teanga de Bhéarlóirí na tíre, óir níl ár ndóthain gníomhairí, ar nós Mhic Sheáin, ag dréim, ag samhlú agus ag cromadh chun oibre? Tá an ghné sin i bhfolach áit éicint sna Béarlóirí gar don fhéinmhuinín, don mheasúlacht, do cheapadh ár gcinniúna féin.
ar fad réidh chun oibre all ready to operate
" Bhí focal folaigh ag Yeltsin a d’fhéadfadh sé a bhrú isteach ar na cnaipí agus a chuirfeadh an cogadh mór eithneach faoi lán tseoil, mar bhí a gcuid diúracán agus a gcuid fomhuireán féin ag na Rúisigh agus bhí siad seo ar fad réidh chun oibre.
Mar sin, chrom sé chun oibre so he set to work
" Mar sin, chrom sé chun oibre agus chuir sé litir chuig Oifig an Phoist i mBaile an Fheiritéaraigh, Corca Dhuibhne, ag lorg lóistín le teaghlach a mbeadh Gaelainn acu.
cromadh chun oibre to set to work
" Feidhmítear feidhmeannas nó cad é is fiú é? Tá Robert McMillen den bharúil gur mithid don Fheidhmeannas anois thar ariamh cheana cromadh chun oibre agus a fhiúntas a chruthú do na daoine atá ar easpa uisce le rófhada.
foireann tráchtairí a chur chun oibre to put a group commentators working
" Tá Colm Mac Séalaigh den bharúil gur mithid foireann tráchtairí a chur chun oibre ar dhea-urlabhraíocht na tráchtaireachta, mar chuideodh a saothar leis an dream óg aníos.