Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
céim chun tosaigh one step ahead
" Bíonn a fhios ag lucht gnó go dtarlóidh an patrún seo; an cleas ná do straitéis a athrú sula n-athraíonn na hiomaitheoirí í, agus a bheith céim chun tosaigh i gcónaí.
céim chun tosaigh ar a step ahead of
" Beidh orthu a bheith céim chun tosaigh ar *wits* Bhaile Átha Cliath atá ar a ndícheall cheana féin ag cumadh leasainmneacha don Spíce, leithéidí "The Stiletto in the Ghetto" agus "The Needle at the Cathedral"! *Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.
an dóigh chun tosaigh the way forward
" Tá mé ag déanamh an dóigh chun tosaigh ná iad a mhealladh chomh maith is a thig linn.
ach tá céim chun tosaigh tugtha againn anois but we've taken a step forward now
" Tá staid na tíre ag cur ráiteas ciniciúil i gcuimhne dom: "Bhíomar ar bhruach aille inné, ach tá céim chun tosaigh tugtha againn anois.
rúid chun tosaigh dash/sprint forward
" Ach sin ráite thug an carr gorm rúid chun tosaigh agus ann ach gurbh éigean d'Ivan an bealach a fhágáil lena ligean thart.
céim amháin chun tosaigh one step ahead
" Ní raibh mise ach céim amháin chun tosaigh ar na daltaí eile.
aon chúilín chun tosaigh one point ahead
" Ghlacadar le gach ar chaith Corcaigh ina dtreo maidir le scil, croí agus paisean agus, in ainneoin go ndeachaigh na Corcaígh aon chúilín chun tosaigh, choinnigh báireoirí chois Feoire guaim orthu féin agus d'aimsíodar cúl cinniúnach in éadan threo na himeartha chun forlámhas a fháil in athuair ar a gcéile comhraic.
céim dhearfach chun tosaigh a positive step forward
" Is céim dhearfach chun tosaigh don Ghaeilge é go bhfuil ionadaithe tagtha le chéile ó réimse leathan eagraíochtaí agus go bhfuil tacaíocht á cur ar fáil don fheachtas chomh maith ag go leor daoine aonair.
chuir sé chun tosaigh he proposed
" Agus nuair a bhí deireadh dúile bainte dó, is léir gur bhuail tallann inteacht é agus chuir sé chun tosaigh béile Síneach uirthi don Aoine seo.
chun tosaigh air in front of him
" Bhí sé ag meabhrú fá Isibéal a bhí ina suí ceithre shuíochán chun tosaigh air.
chun tosaigh forward
" " Má ghlactar leis go forleathan anois, níorbh amhlaidh nuair a chéadmhol Whitaker gurb é sin an t-aon bhealach chun tosaigh.
Céim mhór chun tosaigh a big step forward
" Céim mhór chun tosaigh a bhí sa cháin 15 cent ar mhálaí plaisteacha, mar shampla.
á brú chun tosaigh pushing her forward
" Ar ndóigh, d'fhéadfadh Rodgers fanacht sa bhaile agus gan baint a bheith aici leis an pholaitíocht níos mó ach bhí rud éigin á brú chun tosaigh.
chun tosaigh ar ahead of
" Gan amhras, bhí siad go mór chun tosaigh ar na stáisiúin raidió eile san Eoraip.
a bhíodh chun tosaigh sa chantaireacht who used to lead the singing
" Is eaglais Phreispitéireach í Eaglais na hAlban, mar sin níl altóir ann, ach tá puilpid mhaorga ann don mhinistir, agus deasc le fáil faoi don réamhchantóir, a bhíodh chun tosaigh sa chantaireacht.
chun tosaigh forward
" An caitheamh aimsire í an teanga sa tír seo nó cuid den ghluaiseacht teanga dhomhanda? Céim eile chun tosaigh ba chóir dúinn a thógáil más féidir é, i mo thuairimse, ná ranganna a chur ar fáil sna hollscoileanna do na fochéimithe sa Léann Éireannach/Ceilteach, rud nach bhfuil ar fáil ar chor ar bith san Astráil faoi láthair.
tháinig daoine chun tosaigh people came forward
" De réir an bhainisteora, tá tuairim is míle uair an chloig de cheol nach bhfuil curtha ar ríomhaire go fóill agus níl iarracht ar bith déanta ábhar a bhailiú go dtí seo! Agus aidhm an tionscadail i mbéal an phobail, tháinig daoine chun tosaigh le taifeadtaí s’acu féin a bhronnadh ar an Cheartlann.
tháinig daoine chun tosaigh people came forward
" De réir an bhainisteora, tá tuairim is míle uair an chloig de cheol nach bhfuil curtha ar ríomhaire go fóill agus níl iarracht ar bith déanta ábhar a bhailiú go dtí seo! Agus aidhm an tionscadail i mbéal an phobail, tháinig daoine chun tosaigh le taifeadtaí s’acu féin a bhronnadh ar an Cheartlann.
go mór chun tosaigh way ahead
" Seo a leanas mórshonraí an chomórtais roimh 2006: An Bhrasaíl: buaiteoirí i 1958, 1962, 1970, 1994, 2002; neasóirí i 1950 agus 1998; an tríú háit i 1938 agus 1978 An Iodáil: buaiteoirí i 1934, 1938 agus 1982; neasóirí i 1970 agus 1994; an 3ú háit i 1990 An Ghearmáin: buaiteoirí i 1954, 1974 agus 1990; neasóirí i 1966, 1982, 1986, 2002; an 3ú háit i 1934 agus 1970 Uragua: buaiteoirí i 1930 agus 1950 An Airgintín: buaiteoirí i 1978 agus 1986; neasóirí i 1930 agus 1990 Sasana: buaiteoirí i 1966 An Fhrainc: buaiteoirí i 1998 Tá sé le tabhairt faoi deara go bhfuil grúpa beag tíortha (an Bhrasaíl, an Iodáil, an Ghearmáin agus an Airgintín) go mór chun tosaigh ar an gcuid eile den domhan.
chun tosaigh to the fore
" Bhí mé ar an pharáid Lá Fhéile Pádraig i Learpholl i mbliana nuair a bhí an JLRFB chun tosaigh, agus mar is ghnáth, bhí drochaoibh ar na póilíní.
chun tosaigh to the fore
" Rinneadh cuimhneachán ar an tubaiste i Márta 1995 nuair a chuaigh grúpa daoine, agus an sagart paróiste chun tosaigh, suas Cró na Rad ó na Cealla Beaga agus dúradh paidreacha ar an suíomh.
chun tosaigh ón tús ahead from the beginning
" Bhuaigh siad gach gné den chomórtas agus bhíodar chun tosaigh ón tús.
céim mhór chun tosaigh a big step forward
" Measann Ó Ciardha gur céim mhór chun tosaigh é seo.
níos faide chun tosaigh further ahead
" Níor mhór dóibh amharc níos faide chun tosaigh ná an chéad olltoghchán eile.
chun tosaigh in the lead
" Bhí gach duine acu chun tosaigh ag am éigin le linn na bpoll deireanach sin.
céim nó dhó chun tosaigh ar náibhíocht. one or two steps ahead of navying.
" Murar den chéim chéanna iad le sagairt agus dochtúirí, bhí an obair céim nó dhó chun tosaigh ar náibhíocht.
Céim mhór chun tosaigh a big step forward
" Céim mhór chun tosaigh é dom.
i bhfad chun tosaigh way ahead
" Is tír í an Astráil atá an-tógtha le cúrsaí spóirt, agus ó thaobh lucht leanúna de, caithfear a rá go bhfuil muintir Melbourne i bhfad chun tosaigh ar áit ar bith eile sa tír.
a chur chun tosaigh to promote
" Ba chás le Riobard an tsiamsaíocht ach go háirithe agus bhí baint mhór aige le hAmhaclann an Damer, Cabaret Gael Linn, Amharc Éireann agus leis na scannáin *Mise Éire *agus* Saoirse?* Ag labhairt dó ar bhás Riobaird, dúirt Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin: San iliomad slite nuálacha d’éirigh le Riobard Mac Góráin an Ghaeilge a chur chun tosaigh i saol cultúrtha na hÉireann.
cúpla sraith suíochán chun tosaigh orm. a few rows of seats ahead of me.
" Ní raibh ach beirt eile i láthair, cúpla sraith suíochán chun tosaigh orm.
gluaiseacht deich slat chun tosaigh, to move 10 yards forward,
" Is dócha gurbh iad na rudaí nua ba shuntasaí ná an *down*, ceann de cheithre iarracht ag an bhfoireann ionsaitheach gluaiseacht deich slat chun tosaigh, agus an líne clíbirte a thrasnú.
seifteanna le gluaiseacht chun tosaigh leis an liathróid. devices to move forward with the ball.
" Cluiche reatha ab ea an pheil seo, mar sin, seachas an cluiche caite atá ann anois, agus mar gheall air seo, chruthaigh na foirne seifteanna le gluaiseacht chun tosaigh leis an liathróid.
chun tosaigh orthu. ahead of them.
" Is iad an dara agus an tríú grúdaire is mó faoi seach i Meiriceá - níl ach Budweiser, “rí na mbeoracha” féin, chun tosaigh orthu.
Céimeanna móra chun tosaigh big steps forward
" Céimeanna móra chun tosaigh ar son chearta na mban atá i gceist le Julia Gillard a bheith ceaptha ina leasphríomh-aire agus líon na mban sa chomh-aireacht nua a bheith dulta i méadaíocht.
chun tosaigh. to the fore, to light
" I dtreo dheireadh na bliana a tháinig scéalta uafáis faoin chóicín chun tosaigh.
chun tosaigh forward
" Mí thábhachtach i bhfeachtas na huachtaránachta sna Stáit Aontaithe is ea an mhí seo mar go bhfaighidh muid leideanna i dtaobh na ndaoine a chuirfidh na páirtithe polaitíochta chun tosaigh mar iarrthóirí toghchánaíochta.
chun é féin a chur chun tosaigh to promote himself
" I gcaolthoghcháin, mar an ceann seo, má bhuann iarrthóir imeallach an vóta, is féidir leis an fuinneamh sin a úsáid chun é féin a chur chun tosaigh mar iarrthóir réalaíoch i stáit eile.
a bhí chun tosaigh which were at the front
" Dúirt sí leis an slua a bhí i láthair nach mbeadh sí sásta leanúint ar aghaidh lena cuid seanma mura dtabharfaí cead dá tuismitheoirí teacht ar ais go dtí a gcéad rogha suíochán – a bhí chun tosaigh – i ndiaidh gur tugadh a suíocháin do dhaoine geala.
céim mhór chun tosaigh a big step forward
" Is céim mhór chun tosaigh sa phróiseas athmhuintearais é leithscéal oifigiúil a bheith gafa ag Kevin Rudd le Bundúchasaigh na tíre as ucht ar tharla dóibh.
nuair a thosaigh na líomhaintí ag teacht chun cinn. when the allegations started to come out
" Ní mó ná sásta a bhí mé nuair a thosaigh na líomhaintí ag teacht chun cinn.
céim chun tosaigh a step forward
" Cé go bhfuil an bille easnamhach, táthar ag maíomh gur céim chun tosaigh atá ann.
chun tosaigh ar an stáitse to the front of the stage
" Agus Rossa chun tosaigh ar an stáitse – a fheadóg ina lámh aige, é réidh lena mhéara a dhíriú ar “Her Royal Waggeldy Toes” – chonaic mé duine de na cailíní ón mbanna scoile sa slua.
chun tosaigh ahead
" Tá Google chun tosaigh ón taobh seo de freisin: cuireann siad ríomhchlár beag ar fáil a chabhraíonn leat teacht ar sheirbhísí atá in aice leat.
rud beag chun tosaigh orm féin a little bit ahead of myself
" Rogha cairrCeart go leor, tá mé rud beag chun tosaigh orm féin.
céim radacach agus réabhlóideach chun tosaigh radical and revoluntionary step forward
" " Agus anois, agus comóradh cúig bliana déag na seirbhíse á cheiliúradh, céard iad na príomhrudaí atá bainte amach ó bunaíodh an stáisiún? “Ghlac Raidió na Life céim radacach agus réabhlóideach chun tosaigh i mbliana nuair a chuir muid go suntasach lenár n-uaireanta craolta – ó cúig huaire déag in aghaidh an lae go fiche uair in aghaidh an lae, agus ceithre huaire is fiche in aghaidh an lae ag an deireadh seachtaine.
chun tosaigh. to the front
" Bhí banna ceoil ag seinm ag é ag dul timpeall – dáréag ceoltóirí, iad uilig ard san aer ar chliabháin mhóra ag bogadh ar aghaidh chun tosaigh.
chun tosaigh ahead of
" Níl aon chathair ar leith chun tosaigh orthu go léir, deir sí.
chun tosaigh leading
" Ní raibh ach dhá chúilín idir na foirne, Cill Chainnigh chun tosaigh ar éigean.
glúin chun tosaigh a generation ahead
" Tá siad glúin chun tosaigh san athrú teanga i ndáiríre.
chun tosaigh to the fore
" com>* Tá naisc de leataobh an ailt seo a threoróidh thú ar an eolas faoin amaidí go léir a cheadaigh an tUasal Bille Clinton agus a lig an bhradaíl dleathach chun tosaigh i saol na margaíochta nach raibh chomh scaoilte ón am ar thit an tóin as Sráid an Bhalla cheana, 1929, agus as geilleagar an domhain dá réir.
ag amharc chun tosaigh looking forward
" Bhí sé de bhua ag Janus go raibh an dá aghaidh ar a chloigeann: ceann ag amharc chun tosaigh agus an ceann eile ag amharc siar.
chun tosaigh to the fore
" Feictear dom go bhfuil sé fíoríorónta gur roghnaíodh an meafar seo de bharr gur foilsíodh roinnt tuarascálacha le blianta beaga anuas a léiríonn go bhfuil an Astráil chun tosaigh ar beagnach gach tír eile i ngné áirithe amháin a bhaineann le meáchan, ach ní hábhar bróid ná ceiliúrtha é.
chun tosaigh to the fore
" Is saoithiúil ar bhealach gur i dtaobh tíre a raibh muintir Laoire go láidir ann tráth den saol gur tháinig muintir Calvert chun tosaigh ar ball.
Is céim chun tosaigh é it’s a step ahead
" Is céim chun tosaigh é agus tá *QuickGuide™ Irish Grammar* níos cuimsithí ná na cártaí gramadaí eile atá ar fáil faoi láthair.
tagtha chun tosaigh has come to the fore
" Uirlis atá tagtha chun tosaigh sa Bhreatain le bliain nó dhó anuas ná an ‘sárurghaire’ a chuireann cosc ar nuachtáin eolas a chur i gcló faoi chaidrimh ghnéis sheachphósta a bhíonn ag daoine cáiliúla áirithe.
Ba chéim mhór chun tosaigh it was a great step forward
" Ba chéim mhór chun tosaigh san athmhuintearas í, mar sin, nuair a ghabh Kevin Rudd, a ceapadh ina phríomhaire i gcomharbacht ar Howard, leithscéal oifigiúil leis an mhuintir dhúchais as ucht a saíocht a bheith scriosta ag muintir eile na tíre (Eagrán 83, Márta 2008).
cromadh chun tosaigh lean forward
" Is ‘suí siar’ é in ionad a bheith mar ‘cromadh chun tosaigh’, rud a ligeann don úsáideoir brabhsáil gan an iomarca tiomantais ach fós féin a bheith, fágaim, mar chuid de phobal daoine gur spéis leo cúirtíní áille.
gluais chun tosaigh move forward
" Ach gluais chun tosaigh ceithre bliana go leith agus tá sé le feiceáil nach bhfuil an scéim a chuir an Oifig le chéile aontaithe go fóill.
an scéal seo a bhogadh chun tosaigh making progress in this matter
" Go fóill féin agus an t-alt seo á léamh agat, níl aon iomrá ar an Roinn an scéal seo a bhogadh chun tosaigh.
chun an scéal a bhogadh chun tosaigh in order to move matters forward
" Chas feidhmeannaigh ón dá eagraíocht le chéile ar Lá Bríde agus leagadh amach spriocanna áirithe chun an scéal a bhogadh chun tosaigh.
chun tosaigh i bhfeachtas to the fore in the campaign
" ’* Bhí ceol na hÉireann go deas fóirsteanach, mar nach amháin go raibh neart íobartach de bhunadh na hÉireann i measc an 96 a fuair bás sa tubaiste ar 15 Aibreán 1989, ach bhí siadsan chun tosaigh i bhfeachtas an *Hillsborough Justice Campaign* chun an fhírinne faoin ár a aimsiú.
Brúnn siad na teorainneacha chun tosaigh they push the limits forward
" Brúnn siad na teorainneacha chun tosaigh agus cuireann siad féidireachtaí nua ar fáil.
críochnú chun tosaigh ar finishing ahead of
" Ba iad na rábálaithe Afra-Mheiriceánacha, Tommie Smith agus John Carlos, comhroghanna na coitiantachta sa rás, ach d’éirigh le Norman críochnú chun tosaigh ar Carlos.
ag brú chun tosaigh pressing ahead
" Nuair a bhíonn sé i measc foirne, bíonn sé i gcónaí ag brú chun tosaigh dar leis.
chéim chun tosaigh step forward
" Nó an é “*land grab of Android*” atá ar siúl ag Facebook mar a scríobh Walt Mossberg an *NY Times*? Bhí sé ar intinn agam scríobh faoin chéim chun tosaigh a bhí i gceist le Google Glass, uirlis a ligeann duit do lámha a scaoileadh ó thiorántacht an ghutháin ach nach scaoileann do lámha go hiomlán go fóillín.
beagán chun tosaigh ag deireadh an lae a little ahead at the end of the day
" Ach an straitéis seo a leanacht go coinsiasach do gach ceann de na cluichí, bím beagán chun tosaigh ag deireadh an lae de ghnáth.
chun tosaigh in an-chuid eagraíochtaí éagsúla to the fore in a lot of various organizations
" Na blianta siar, is iad na mic léinn a bhíodh chun tosaigh in an-chuid eagraíochtaí éagsúla a bhíodh ag ceistiú an tsaoil in ionad a bheith ag ceistiú a staid airgeadais féin.
cuireann siad an locht ar an gcnáimhín súgartha chun tosaigh they blame the frontal wishbone
" Agus mura mbíonn úinéirí in ann foinse na gliogarnaí a aimsiú, cuireann siad an locht ar an gcnáimhín súgartha chun tosaigh.
trom ar na boinn chun tosaigh heavy on the front tyres
" Is féidir leis an 159 a bheith trom ar na boinn chun tosaigh.
chomh maith le céim chun tosaigh as well as a step forward
" Is mór an t-aitheantas a thugann an gradam seo d’ealaíontoirí óga chomh maith le céim chun tosaigh ina slí bheatha.
ab óige, chun tosaigh youngest came forward
" Aithníonn Gaeilgeoir Gaeilgeoir Eile =============== Tháinig an duine ab óige, chun tosaigh agus tharraing sé an chomhla ar fhoscailt dóibh.
an leagan Béarla den stair atá chun tosaigh the English version of history to the fore
" ie (eagráin 93, 94 agus 98), tuigim gur teanga mhionlaithe atá inti agus mar sin, is é an leagan Béarla den stair atá chun tosaigh agus tá leabhar amháin go háirithe go mór faoi thrácht sa chathair: *Irish, Catholic and Scouse: The History of the Liverpool-Irish 1800-1939* le John Belcham (LUP 2007).
an freasúra i bhfad chun tosaigh the opposition well ahead
" Léirigh na pobalbhreitheanna le cúpla bliain roimh an olltoghchán go raibh an freasúra i bhfad chun tosaigh ar rialtas Julia Gillard, an chéad phríomhaire ban san Astráil.
céim eile chun tosaigh another step ahead
" ) Teastaíonn gníomhartha misniúla den chineál sin leis na Gaeil a thabhairt céim eile chun tosaigh.
a gcainteoirí gaibhte céime eile chun tosaigh its speakers shall have progressed another step forward
" Mura maraíonn siad sinn, beidh an teanga seo agus a gcainteoirí gaibhte céime eile chun tosaigh.
Coiscéim chun tosaigh one step ahead
"Coiscéim chun tosaigh agus péire ar gcúl’ a thug an Coimisinéir Teanga ar an ghníomh.
an deis iad féin a chur chun tosaigh the opportunity to progress
" Ba mhór an feall é nach bhfuair muintir na Seanchille an deis iad féin a chur chun tosaigh ar bhonn aicme den lucht oibre ag uaigh Tone.
amuigh chun tosaigh out in front
" Tá na céadta ann roimhe, agus amuigh chun tosaigh ar na céadta sin tá Vladimir Putin na Rúise.
chun tosaigh i leith to the fore as regards
" Dála na chéad scannáin ghrianghrafadóireachta a cruthaíodh, bhí na Francaigh chun tosaigh i leith forbairtí nua maidir leis an fantasmagorie agus cathair Versailles ina lár-ionad ag na turgnaimh chéanna.
chun tosaigh san fheachtas leading the campaign
" Is monarcaí amach is amach é, a bhí chun tosaigh san fheachtas in éadan an reifrinn le poblacht a bhunú san Astráil sa bhliain1999.
chun tosaigh ahead
" Nuair a thosaigh an t-aicsean, bhí Clarke chun tosaigh tar éis a bheith “faoi bhrú ó Pollock” níos luaithe sa chluiche.
coiscéim chun tosaigh a footstep ahead
" B’fhíor don iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a mhaígh nach chun sochair na teanga a rachfadh an socrú úr agus gur coiscéim chun tosaigh agus péire ar gcúl a bhí sa ghníomh.
chun tosaigh ar gach éinne eile ahead of everyone else
" Eascraíonn gach dochar is gach sochar (bíodh gur leis na hIosraelaigh amháin a bhaineann taobh an tsochair sa Phalaistín) as aon rud amháin: córas cinedheighilte an stáit, córas a chuireann éinne as áit ar bith ar domhan, chun tosaigh ar gach éinne eile má thig leis nó léi a chruthú go bhfuil aon chreideamh amháin aige nó aici.
atá chun tosaigh which is to the fore
" Mhol an Seanadóir Richard Di Natale an bille agus is ball den Pháirtí Glas é an seanadóir, páirtí atá chun tosaigh i dtaca le beartas sóisialta le blianta fada anuas.
Céim eile chun tosaigh another step forward
" Céim eile chun tosaigh sa réabhlóid dhigiteach is ea é, ach tá súil ag Colm Ó Snodaigh nach mbeidh deireadh iomlán choíche leis na siopaí beaga ceirníní i mBaile Átha Cliath.
chun tosaigh to the fore
" Is ait an mac an pholaitíocht; Martin McGuinness le labhairt ag Comhdháil na gCoimeádach? An DUP, na Tóraithe móide LibDem agus Sinn Féin, b’fhéidir, a deir Robert McMillen, gurb shin an meascán a bhéarfas an chaoinfhulaingt agus an fhíorpholaitíocht chun tosaigh.
chun tosaigh ahead
" Tá céim chun tosaigh Apple TV, tairiscint duit féin a léitheoir Bheo! chomh maith le Gradaim Ghréasáin i lár na míosa, go léir faoi thrácht ag Roseanne Smith ina halt thíos.
chun tosaigh le moltaí to the fore with opinions
" Creideann Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil airgead á chur amú ar an nGaeilge agus in áit a bheith dhá shéanadh go mba cheart do lucht na Gaeilge a bheith chun tosaigh le moltaí faoin mbealach a bhféadfaí airgead na Gaeilge a chaitheamh ar mhodh níos feidhmiúla sa gcaoi go mbeadh toradh níos fearr.
chun tosaithe foirne uile na Príomhshraithe leading all the premier league teams
" Dar le Colm Mac Séalaigh, ba é diongbháilteacht Mhic Fhearghusa an ghné a chinn go mbeadh blianta fada glórmhara ag Manchúin Aontaithe chun tosaithe foirne uile na Príomhshraithe.