Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an-chiallmhar ar fad utterly sensible
" " Tá Cummiskey den tuairim go bhfuil an méid atá ráite ag an Mhéara Bloomberg an-chiallmhar ar fad.
moltaí ciallmhara sensible recommendations
" Pléann sé fadhbanna cur chun cinn na hiomána agus tugann moltaí ciallmhara uaidh.
an-chiallmhar very sensible
" "Creidim go bhfuil polasaí an rialtais anseo faoi láthair an-chiallmhar.
ciallmhar sensible
" An chúis is minicí a thugann baill an CLG le cur i gcoinne Pháirc an Chrócaigh a chur ar fáil ná nach bhfuil sé ciallmhar go mbeadh an CLG ag cabhrú le heagraíochtaí spóirt eile a bhfuil siad in iomaíocht leo.
Infheistíocht an-chiallmhar very sensible investment
" Infheistíocht an-chiallmhar a bheadh ann dá gcaithfí na billiúin euro ar fud na tíre ar áiseanna spóirt ar nós linnte snámha agus hallaí ina bhféadfaí gach saghas spóirt a chleachtadh.
straitéis chiallmhar sensible strategy
" É sin ráite, ní rud ró-ait é go bhfuil nósanna agus gnó an Iarthair ag bogadh isteach sa tSín - straitéis chiallmhar é don ghnó atá i gceist.
go ciallmhar sensibly
" Labhair sí go stuama is go ciallmhar agus is léir ó na miontuairiscí gur suim léi ábhair níos leithne ná ceisteanna oileánda amháin.
ionchur ciallmhar sensible input
" Marc: C- Maigh Eo ======= *Ian Mac Aindriú (FG)* Oibrí crua agus ionchur ciallmhar go maith aige sna díospóireachtaí.
daoine ciallmhara sensible people
" Tá líon mór daoine ciallmhara ann nach bhfuil ag iarraidh ach a gcuid eolais a roinnt le daoine eile.
ciallmhar sensible
" An cheist ná cé tá i gceannas? Dar le daoine áirithe, is praiseach é an córas smachta i láthair na huaire agus ní mór don chumann gníomhú go tapa agus go ciallmhar sula mbíonn smacht caillte uilig.
gníomhú go tapa agus go ciallmhar to act quickly and sensibly
" An cheist ná cé tá i gceannas? Dar le daoine áirithe, is praiseach é an córas smachta i láthair na huaire agus ní mór don chumann gníomhú go tapa agus go ciallmhar sula mbíonn smacht caillte uilig.
beagáinín níos ciallmhaire a little bit more sensible
" Tá ceannaire Fhine Gael, agus duine a d’fhéadfadh bheith ina Thaoiseach ar an tír lá éigin, ag moladh gurb é an tslí is fearr leis an Ghaeilge ar chur chun cinn ná an rogha a thabhairt do dhaltaí scoile gan í a fhoghlaim! Bheadh sé beagáinín níos ciallmhaire dó a mholadh go dtabharfaí na deiseanna agus acmhainní nua-aimseartha cuí do scoileanna agus do mhúinteoirí le cur ar a gcumas múineadh na Gaeilge a dhéanamh éifeachtach agus taitneamhach.
ciallmhar sensible
ar bhealach ciallmhar in a sensible way
" Pléann Mac Uistín le gnéithe éagsúla shaol an Phiarsaigh ar bhealach ciallmhar agus caibidlí ar nós: “Tús an Róid”; “Eagarthóir Neamheaglach”; “An tOideachasóir”; “An Scríbhneoir”, srl, le fáil ann.
díospóireacht chiallmhar sensible debate
" Más fiú reifreann a rith in aon chor, is fiú díospóireacht chiallmhar a reáchtáil faoi.
ciallmhar sensible
" Cén duine ciallmhar a bheadh ag iarraidh a bheith ina bhainisteoir ar fhoireann peile nó iománaíochta nó a leithéid ar na saolta seo? Cén cineál duine nár mhiste leis dá ndéanfaí mionanailís agus plé ar a raibh déanta aige gach seachtain sna meáin chumarsáide – na saineolaithe ar an bpainéal, na hiománaithe ar an gclaí, blagodóirí na ríomhairí glúine agus téacsóirí an domhain mhóir ag caint faoi? Amadán, b’fhéidir, nó fealsamh nó fanaiceach, nó gnáthdhuine, seans, ar mian leis a bheith páirteach i gcúrsaí spóirt i ndiaidh dá sheal imeartha féin teacht chun críche.
ciallmhar sensible
" ‘An dóigh leat go bhfuil sé ciallmhar é seo a dhéanamh?’Ach ní fhaca duine ar bith fadhb leis.
gairm chiallmhar sensible career
" Rachaidh siad chun na hollscoile; bainfidh siad céimeanna amach; rachaidh siad le gairm chiallmhar inphinsin.
plean ciallmhar soiléir sensible clear plan
" Má tá plean ciallmhar soiléir acu, níor chuala mise faoi.
ciallmhar sensible
" Tá rud ’inteacht le bheith ráite mar sin féin, fá dtaobh de a bheith ciallmhar nuair atá rud éigin de dhíobháil ort a bhfuil fiúntas ann i do shaol, agus do chuid obair baile a dhéanamh sa dóigh agus deal a fháil má bhíonn ceann a gha’il.
chiallmhaire go mór a lot more sensible
" Fós féin, bhí an Ghaeilge ar an chloch is mó ar a phaidrín le linn na tréimhse úd: “Cé bhéarfas deimhin dúinn go mbeidh deis againn ar ball ar an rud sin a dhéanamh gur leasg linn tabhairt faoi san am i láthair? Measaim féin gur chiallmhaire go mór d’Éireannaigh a ndícheall do dhéanamh chun an méid is féidir dá gcruadh-bhearta do réiteach gan mhoill.
ciallmhara sensible
" Is mar fhreagra ar chás géarchéime agus mar mholtaí ciallmhara agus stuama ‘san aeráid eacnamúil atá ann faoi láthair’ a chuirfí chun tosaigh iad.
ciallmhar sensible
" org/wiki/War_of_the_Triple_Alliance) Teacht Aniar, Dul ar gCúl In ainneoin an bhuille a bhuail Cogadh an Chomhaontais Triaraigh ar Phobal Chambacuá, théarnaigh siad slán agus cuireadh siúl faoi chúrsaí talmhaíochta arís, rud a bhí ciallmhar agus margadh mór Asunción chomh gar sin.
ní ba chiallmhara more sensible
" Is cinnte go mbeadh sé ní ba chiallmhara i bhfad suíochán chéad ghrád a cheannach dó ar eitleán tráchtála amach as Londain agus oíche nó dhó in óstán cúig réalt dá mba ghá.
chiallmhara sensible
" Tuigim dóibh ach feicimse deis iontach anseo, le beartais chiallmhara mhealltacha dhearfacha a chur ina áit ar a mbeidh torthaí fónta amach anseo.
an beart ciallmhar the sensible thing
" Dein an beart ciallmhar, agus ceannaigh *‘Let the Right One In’*, an leagan Súlainneach, ar DVD nó ar Blu Ray, in ionad bacaint leis an gceann eile.
ciallmhara sensible
" Rinneadh magadh agus bithéamh ar na daoine ciallmhara sin a d’éiligh Údarás Calafoirt do Chuan Bheantraí le smacht a choinneáil ar theacht is ar imeacht na n-ollsoithí ola.
cuma chiallmhar the sensible appearance
" D’ainneoin cuma chiallmhar na comhairle, is léir don té atá eolach ar stair na ‘muirthéachtaí datha’ (Féach ‘Cogadh sa tSeoirsia,’ Beo! Meán Fómhair 2008) go bhfuil rud éigin le gnothú ag an mbainisteoir ciste fálaithe is saibhre ar domhan é féin as athrú réimis san Éigipt.
ciallmhar sensible
" Deineadh moladh ciallmhar sa tuarascáil a chuir Fiontar (DCU) le chéile don Rialtas maidir leis an Straitéis, ’sé sin, gur gá ‘gníomh cothromúcháin chun a chinntiú go mbeidh líon dóthaineach foirne sa tseirbhís phoiblí atá inniúil ar an nGaeilge’ agus chuige sin go mba cheart ‘scéim earcaíochta a cheapadh a bheadh i bhfábhar daoine inniúla dátheangacha’.
nodanna ciallmhara clever hints
" com/patterns/library/grandma-tree) Nuair atá na maisiúcháin crochta suas agat, gan amhras beidh fonn ort grianghraf a tharraingt leis an gceamara digiteach a fuair tú tar éis m’alt iontach (!) ar cheamaraí le linn 2011? Tá cúnamh in aice láimhe ansin freisin: gheobhaidh tú nodanna ciallmhara ar an suíomh seo faoi conas na grianghraif is deise a tharraingt de shoilse Nollag.
moltaí ciallmhara sensible recommendations
" Bhí moltaí ciallmhara déanta ansin ag saineolaithe coinsiasacha maidir le rangú a dhéanamh ar na ceantair Ghaeltachta de réir critéir theangeolaíocha.
teorainn chiallmhar a sensible limit
" Nuair a cuireadh ceist ar an Taoiseach in Ollscoil Harvard faoin ábhar seo ar na mallaibh, faoi an raibh sé i gceist ag an rialtas reatha aon athrú a dhéanamh ar an stádas vótála, thug sé freagra séimh seachantach agus é ag maíomh nach bhféadfaí é seo a dhéanamh i gcás na hÉireann leis an 70m gael a bhí thar sáile! Dar ndóigh, tuigeann an Taoiseach go rímhaith nach raibh sé sin i gceist ariamh, in aon fheachtas ar an cheist seo; níor moladh ariamh go dtabharfaí an vóta do gach uile imirceach a d’imigh as an tír ó thus ama ach go gcuirfidh teorainn chiallmhar de bhlianta leis, mar chúig nó deich mbliana a luadh leis.
ciallmhar sensible
" Dúirt sé go dtuigtear níos fearr ó thuaidh ná ó dheas go bhfuil an deighilt costasach agus nach bhfuil sé ciallmhar dhá chineál bonneagair éagsúla ar oileán beag le daonra sé mhilliún.
Nár chiallmhar mar sin so wouldn’t it be sensible
" Nár chiallmhar mar sin pobal daoine sa Pholainn a mbeadh roinnt díobh acmhainneach ar obair a thabhairt chun rialtachta? Tabhairt chun Rialtachta in Éirinn ============== Déarfá nach bhféadfaí áitiú eacnamaíochta a dhéanamh in Éirinn ar son scéim a thabharfadh inimircigh lasmuigh den dlí chun rialtachta ach tá feachtas ar siúl ag Ionad Chearta na nInimirceach in Éirinn (MRCI) a mhaíonn go bhféadfadh an stát suas le 100 milliún euro a thuilleamh ó cháin a d’íocfadh inimircigh a thabharfaí chun rialtachta agus a bhfostóirí araon.
seasmhach, ionraic, ciallmhar constant, honest, sensible
" Tchítear do dhaoine nach bhfuil cothrom na Féinne á fháil acu agus nach bhfuil an córas pleanála seasmhach, ionraic, ciallmhar.
mbeadh beartas ciallmhar straitéiseach there’d be a sensible, strategic policy
" Bhíos dóchasach go mbeadh beartas ciallmhar straitéiseach le fógairt ag Dinny Mc Ginley, bunaithe ar an dtaighde agus ar na moltaí a bhí déanta ag na saineolaithe.
smaointí iontacha ciallmhara wonderful sensible thoughts
" Bhíos féin ag ceann acu sna Forbacha: tháinig smaointí iontacha ciallmhara ó na tuismitheoirí óga Gaeltachta a bhí i láthair ach níor tugadh aird ar bith ar na moltaí sin sa gClár Tacaíochta Teaghlaigh.
go ciallmhar sensibly
" Is beag duine nach síleann gur chóir don rialtas an caiteachas poiblí a stiúradh go ciallmhar.
an cur chuige a bheith ciallmhar dá réir the approach being accordingly sensible
" Ach an t-eolas ceart, ciall agus an cur chuige a bheith ciallmhar dá réir, thiocfadh le daoine an t-ainscéal a leigheas.
lipéidí ciallmhara do sensible labels for
" Ar a suíomh fá choinne forbróirí feidhmchláiríní Android, tugtar an chomhairle seo a leanas chun cinntiú go bhfuil feidhmchláiríní inrochtana lámh ar láimh leis an gcóras *TalkBack*: ● Déan nascleanúint iomasach ● Bain úsáid as tomhaisí molta do thargaid ● Tabhair lipéidí ciallmhara do ghnéithe an CU (comhéadán úsáideora) ● Tabhair rogha ar ghnéithe idirgníomhacha ar a ritheann am istigh ● Bain úsáid as rialtáin chreatlaigh chaighdeánacha nó cumasaigh TalkBack do rialtáin chustaim ● Bain triall as tú féin.
ag iarraidh rud éigin ciallmhar a chur ann trying to put something sensible in it
" Mar sin, bhí Comhairle na Cathrach ag iarraidh rud éigin ciallmhar a chur ann, agus le Manchester United agus City ag mealladh na mílte cuairteoirí chun na cathrach gach seachtain, nach mbeadh a lán custaiméirí ann d'iarsmalann sacair? Bhí an ceart acu.
Iarrachtaí ealaíonta ciallmhara sensible artistic efforts
" Iarrachtaí ealaíonta ciallmhara na gcláracha go léir, dathanna ilghnéitheacha ré Victoria a dhearadh le samhlaíocht agus le daonnacht.
cinnidh chiallmhara sensible decisions
" An cheist dheireanach a chur mé air ná an raibh moltaí ar bith aige d’éinne atá go maith ag gnóthaí pócair agus seo an freagra a thug sé ar mo cheist: “Tá plean mór eile agam agus seo rud iontach tábhachtach fá choinne éinne atá i mbun pócair; sin ó thaobh do ‘rolla banc’ nó bankroll mar a thugtar air, chun míniú simplí a chur air—sin é do bhainc phearsanta ina choimeádann tú d’airgead ann- ach an rud is tábhachtaí ná chun é a bhainistiú i gceart agus cinnidh chiallmhara a dhéanamh leis.
na guthanna ciallmhara the voices of reason
" Ar ndóigh ní bhfuair na guthanna ciallmhara an chluas éisteachta chéanna le linn na raice seo.
tré leasuithe ciallmhaire a mholadh by advising sensible amendments
" Bhí an Seanadóir Joe Mc Hugh ar a mhíle dícheall ag iarraidh an Bille a fheabhsú, tré leasuithe ciallmhaire a mholadh.
Léiriú smachta thar aon ní ciallmhar nó feidhmiúil a display of control more so than anything sensible or practical
" Léiriú smachta thar aon ní ciallmhar nó feidhmiúil is ea iompar stáit ár linne i gcoinne na hinimirce.
níos ciallmhara more sensible
" Tá dearcadh níos bunúsaí agus níos ciallmhara ag daoine sna tíortha neamhfhorbartha ná mar atá abhus i leith socrú deacrachtaí dar le Robert McMillen.