Pota Focal Intergaelic
cac | chic | cia | cin | cip
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cic saor free-kick
" Tugann sé sin buntáiste d'fhoireann amháin - cic saor gan aon bhac.
cic saor free-kick
" Glacann **Séamus Aldridge** cuid den fhreagracht as an gcúl is cáiliúla a scóráladh riamh sa pheil Ghaelach, cúl Mikey Sheehy do Chiarraí i gcoinne Átha Cliath i 1978 - is beag nach n-admhaíonn sé nár chóir dhó an cic saor a bhronnadh ar Chiarraí as ar scóráil Mikey Sheehy an cúl clúiteach úd.
ciceanna éirice penalties
" Sa sacar tá cúl órga agus ciceanna éirice in úsáid ach ní thaitníonn an córas sin le mórán.
fad an chic amach the length of the kick-out
" Seans go gcuirfeadh sé le fad an chic amach freisin.
le linn na gciceanna éirice during the penalty kicks
" Níor ardaigh aon duine an cheist nuair a bhí Jerzy Dudek ag geáitsíocht mar a bheadh muileann gaoithe ann os comhair Shevchenko ach rith ceisteanna fá chúrsaí cultúir, Éire aontaithe agus an chiall atá leo fríd m’intinn le linn na gciceanna éirice.
Cic sa bhéal a kick in the mouth
" "‘Fianna Fáil, the best of them all, Fine Gael, Cic sa bhéal’ a cheoladh muid aimsir na dtoghchán,” ar sí ag gáire, "ach i bhfírinne, ní raibh mórán polaitíochta páirtí sa teach againn.
cic mhíthrócaireach sna putóga dúinn hits us below the belt
" Súil ar Suarachas Saoil an Duine ============ Tugann ‘Amour’ cic mhíthrócaireach sna putóga dúinn.
tharraing sé cic ar an liathróid he drew a kick on the ball
" Is féidir glacadh leis nach raibh sé i gceist ag Ó Conaill a chéile comhraic a ghortú, ach ní mó ná cúramach a bhí sé nuair a tharraing sé cic ar an liathróid a bhí an-ghar do chloigeann an imreora a bhí ar an talamh ag an am.
bhfuil éacht curtha i gcrích ag CIC have done something remarkable
" Is cinnte go bhfuil éacht curtha i gcrích ag Cló Iar-Chonnacht le foilsiú an leabhair mhórthaibhsigh seo agus go háirithe ag eagarthóirí an leabhair – Mícheál Ó Conghaile, Lochlainn Ó Tuairisg agus Peadar Ó Ceannabháin.
a d'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht anuraidh which CIC published last year
" Tá Mícheál Ó hAodha an-tógtha le leabhar mór téagartha a d'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht anuraidh.