Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cineálacha éagsúla saoire different kinds of holidays
" Tá ócáidí mar An tOireachtas, an club Sult agus deirí seachtaine Dhaltaí na Gaeilge ag dul i líonmhaireacht agus deiseanna ag daoine cineálacha éagsúla saoire a bheith acu sa Ghaeltacht.
cineálacha éagsúla cúlra different backgrounds
" Deis iontach a bhí ann fáil amach cad é atá ar siúl sa chathair, agus bualadh le daoine as cineálacha éagsúla cúlra - daoine ón dá thaobh den teach, mar a déarfá, agus daoine i réimse leathan postanna, ó stiúrthóirí bainistíochta go hoibrithe monarchan.
cineálacha éagsúla cúlra different types of backgrounds
" “Bíonn cineálacha éagsúla cúlra ag na daoine ar an bhád.
cineálacha cláracha kinds of programmes
" Ach cad iad na cineálacha cláracha ba mhaith léi a chur ar fáil do lucht éisteachta an stáisiúin? “Ba mhaith linn cláracha maithe trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil ná sin an fáth ar bronnadh ceadúnas orainn.
cineálacha éagsúla clisteachta various types of cleverness
" “Má d’fhoghlaim mé tada agus mé ag obair i bhFianna Fáil d’fhoghlaim mé go bhfuil cineálacha éagsúla clisteachta ann.
cineálacha éagsúla ceoil various types of music
" Ar chruthaigh sin aon fhadhb daoibh agus sibh ag cur albaim le chéile?*** SD: Sílim go gcuidíonn sé go bhfuil tionchar ag cineálacha éagsúla ceoil orainn ar fad.
cineálacha éagsúla fuinnimh in-athnuaite, different kinds of renewable energy,
" Is cuimhin liom an lá a bhí mé féin agus mo chomhghleacaithe ag dearadh clúdaigh d'iris nua a bhí ag díriú ar scéalta ag baint le cineálacha éagsúla fuinnimh in-athnuaite, grianchumhacht, pumpaí teasa agus adhmad ina measc.
dul in iomaíocht le cineálacha eile spóirt to compete with other kinds of sports
" Tá ag teip ar CLG dul in iomaíocht le cineálacha eile spóirt sa lá atá inniu ann agus caithfear an fhadhb sin a réiteach.
na cineálacha éagsúla fíniúna. the various kinds of grapes.
" Leanamar treoraí ar thuras lae chun réimse deas fíonghort a fheiceáil, agus chun foghlaim faoi na cineálacha éagsúla fíniúna.
cineálacha éagsúla claonpháirteachais different types of collusion
" Dúirt Stevens ina thríú tuarascáil – tá milliún leathanach curtha i dtoll a chéile ag foireann Stevens ar chás Pat Finucane – go raibh cineálacha éagsúla claonpháirteachais ann.
na cineálacha éagsúla the various types
" Ar ndóigh, is teanga dhomhanda é an Béarla ach nach bhfuil Sasana anois mar shatailít chultúrtha de Mheiriceá, a fhiafraím den Ollamh Welch? Nach bhfuair cultúr na Stát Aontaithe greim ar an domhan trí na cineálacha éagsúla popcheoil? Ní aontaíonn An Dr Welch leis an dearcadh sin.
cineálacha rudaí types of things
" Cad é a choinnigh sé iontu? Mar a bheifeá ag súil leis ó dhuine nár chaith rud ar bith amach, is iad na cineálacha rudaí atá iontu ná nuachtáin, cuirí a fuair sé chuig oscailtí ealaíne agus clubanna oíche, greim ó bhéilí mar shlios de chíste lá breithe Caroline Kennedy a fuair sí agus í in aois a sé bliana déag.
ar na cineálacha daoine a gceadófar a saothar about the types of people whose work will be allowed
" Lena chois sin, má bhaintear saothar Uí Shearcaigh den siollabas, cén áit ar chóir dúinn an líne a tharraingt? An amhlaidh go mbeidh ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta polasaí ar leith a dhréachtú ina ndéanfar cur síos beacht ar na cineálacha daoine a gceadófar a saothar ar shiollabais? Cén chaoi a ndéanfaí na cinntí? An nglacfaí le saothar daoine a chuir in iúl roimhe seo go bhfuil, cuir i gcás, tuairimí míchuíosacha ciníocha acu? Ní dhéanfaí staidéar ar DNA i scoileanna na hÉireann sa chás sin – is ciníochaí mínáireach é James Watson, an fear a bhuaigh Duais Nobel as ucht DNA a bheith fionnta aige.
chuir sí cineálacha éagsúla cláracha i láthair she presented various kinds of programmes
" Rinneamar féin an tiomáint agus bhí muid inár *roadies* chomh maith!” Chaith Carrie cúig bliana, 1991 go 1996, le WLR FM agus chuir sí cineálacha éagsúla cláracha i láthair le linn na tréimhse sin, clár bricfeasta, clár ealaíon agus clár cúrsaí reatha ina measc.
na cineálacha éagsúla físe i leith thodhchaí na tíre the kinds of visions regarding the future of the country
" Mar a thugann an teideal le fios, bhain an plé a rinneadh lena linn leis na cineálacha éagsúla físe i leith thodhchaí na tíre ba mhian leo siúd a ghlac páirt sa chruinniu mullaigh a bheith bainte amach faoin mbliain 2020.
na cineálacha carachtar céanna the same types of characters
" **Aontas na Mac Léinn**Aaah, aontas na mac léinn, áit ar tháinig muid ar na cineálacha carachtar céanna a bhíodh ansin i rith mo linne féin – callánach, salach agus cuma orthu gur chodail said ina gcuid éadaí; iad ag iompar iad féin mar a bheadh siad *too cool for school *agus ag béiceadh lena chéile ionas go gcloisfeadh achan duine a gcuid gnó.
greadadh cineálacha plenty of types
" pdf) Le feancadh a bhaint as an seanfhocal, ‘an té a rinne an t-am, rinne sé greadadh cineálacha de’, mar ‘chineálacha ama’, thig linn a rá feasta.
cineálach generic
" Téarma cineálach do theaghlach ‘teangacha’ é Tamazight, áfach, mar nach canúintí amháin, ach teangacha éagsúla a bhíonn á labhairt ag roinnt de na pobail éagsúla, Shawia, Mzab, Aheggar.
cineálacha éin kinds of bird(s)
" Tá go leor cineálacha éin ar an oileán ach, ar nós gach oileáin bhig, níl mórán ainmhithe air.
cuirfear cineálacha áirid crann certain types of trees shall be planted
" Cén dochar má ghlactar leis nach mbainfear móin ar na portaigh sléibhe faoi cheann deich mbliana agus in ionad an mhóin a bhaint, go mbearrfar crainn le haghaidh Brosna? Chuige sin, cuirfear cineálacha áirid crann sna lagphortaigh sléibhe, sail dúchais, beith agus crann fearna is inmholta (ar luas a bhfáis & ar tháirgeadh nitrigín a gcuid duilliúir .
chineálacha éagsúla an ainmhí mhara of various types of the sea mammal
" Mhair an tionscal go dtí an bhliain 1978 nuair a dúnadh an stáisiún míolta móra deireanach abhus de bharr go raibh imní ann faoi mharthanacht chineálacha éagsúla an ainmhí mhara.
de chineálacha éagsúla of various types
" Teilgeadh íomhánna scanrúla de chnámharlaigh, dheamhain, agus de thaibhsí ar bhallaí, ar bhráillíní agus ar scáileáin de chineálacha éagsúla agus clúdaíodh le deatach iad go minic chun atmaisféar níos taibhsiúla fós a chruthú.
cineálacha species
" Tá an SPNF ina cuid den Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus is cuid de chúram na Seirbhíse raon gnáthóg agus cineálacha ainmhí agus feithide in Éirinn a chaomhnú.
na cineálacha éagsúla féir the various types of grass
" Mar shampla, molann achoimre suímh an LCS (cód 000190) na cineálacha éagsúla féir atá le fáil sa cheantar, mar shampla féar caorach agus luachair gabhair.
chineálacha eile breosla other kinds of fuel
" Tá seans gur féidir teacht ar chineálacha eile breosla le húsáid in áit an pheitril ach is gá mar sin féin, dar le Pádraig Mac Éamoinn, gearradh siar go mór ar an méid breosla a úsáidimid.
cineálacha éagsúla various types
" Ach tá difríocht ollmhór idir na cineálacha éagsúla cruicéid – ní hamháin ó thaobh na rialacha de, ach ó thaobh lucht leanúna fosta, a deir Bearnaí Ó Doibhlin.
nach lia náisiúntóirí ná cineálacha náisiúntachta there are as many types of nationalism as there are nationalists
" Is féidir a mhaíomh nach lia náisiúntóirí ná cineálacha náisiúntachta.