Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Chiorcal Artach Arctic Circle
" Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orainn nuair a tháinig ríomhlitir ó bhean a bhí ina cónaí i sráidbhaile beag in Alasca, taobh istigh den Chiorcal Artach.
de chiorcal áirid of a certain circle
" Tá sé thar cionn go bhfuil an t-aitheantas sin le fáil ag daoine taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, taobh amuigh de chiorcal áirid.
ciorcail acadúla academic circles
" Ní haon ionadh é, b'fhéidir, gur mhaígh an cumadóir Caitliceach James MacMillan ina dhiaidh sin go bhfuil "ár ngairmeacha, ionaid oibre, ciorcail acadúla agus forais spóirt lán le leithéidí Findlay".
ciorcail ghallán neoiliteacha neolithic stone circles
" Is breá liom dul ar thurais, agus is é an rud iontach faoin tseandálaíocht ná go mbíonn na láithreacha ársa amuigh faoin tuath de ghnáth, in áiteanna áille - tá cairn agus ciorcail ghallán neoiliteacha ar thaobh sléibhte, tá ráthanna de chuid na gCeilteach i measc páirceanna, tá mainistreacha ón ré luath-Chríostaí in aice le haibhneacha nó lochanna, agus tá caisleáin ar charraigeacha arda dubha in aice leis an fharraige.
ga an chiorcail the radius of the circle
" Luaim an figiúr seacht míle dhéag nó sin ga an chiorcail atá tarraingthe ag muintir Sheirbhís Rúnda Mheiriceá thart ar an chaisleán.
iarsmaí de chiorcal bothán ón Chré-Umhaois traces of a Bronze Age hut circle
" Go díreach os cionn na páirce tá cnoc darb ainm Berryhill, ar a bhfuil iarsmaí de chiorcal bothán ón Chré-Umhaois agus imfhálú ón Aois Iarainn.
Ag dúnadh an chiorcail Closing the circle
" ‘Ag dúnadh an chiorcail’ an t-ainm a bheas ar an turas sin.
sa chiorcal adhartha in the circle of adoration
" ” Ach bhí a fhios ag Fíona go maith cad é a bhí ag cur ar Shorcha: bhí an stócach a raibh nóisean aici féin dó sa chiorcal adhartha a bhí ag an bhean úr.
ciorcal cearrbhachais gambling ring
" Ach tar éis do líomhaintí a bheith ann go raibh lámh ag bean chéile Gretzky i gciorcal cearrbhachais a chuireadh geallta mídhleathacha ar imeachtaí spóirt phroifisiúnta agus tar éis do Gretzky féin páirt stiúrtha a bheith aige san fhoireann mhírathúil Cheanadach nár thug an bonn cré-umha féin abhaile leo ó Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh in Torino na hIodáile, tá gaoth an fhocail eiriciúil le mothú den chéad uair: an féidir nach bhfuil i Gretzky ach dia bréige? Pele an tsacair agus Mohammed Ali na dornála.
tiomáint timpeall i gciorcal drive around in a circle
" Ní gá dóibh an bua a bheith acu i rás carranna – is féidir leo tiomáint timpeall i gciorcal má tá siad ag baint taitnimh as! Fuair daoine blaiseadh ar an saghas seo cur chuige leis an gcluiche Grand Theft Auto, agus tá rudaí tar éis fás agus forbairt ó shin i leith.
beag beann ar an gciorcal órga laistigh regardless of the golden circle inside
" Mar gur dhaoine le fíorairgead iad, bhíodar i gcónaí chun rachmas a chruinniú de dheasca na bpolasaithe airgeadais agus na bhforbairtí geilleagracha a bhrúigh Haughey chun cinn ar bhonn phrionsabal an mhargaidh, beag beann ar an gciorcal órga laistigh.
ciorcail chloiche stone circles
" Tá mé tar éis *McCarthy's Bar*, an leabhar móréilimh le Pete McCarthy, nach maireann, a léamh agus tá píosa mór ann faoi na deacrachtaí a bhí aige ciorcail chloiche a aimsiú i gCorcaigh.
i gciorcal mór in a big circle
" Bhí pubaill socraithe i gciorcal mór thart ar an fhéar, agus siúlbhealach clúdaithe in aice leo – smaoineamh an-mhaith mar go n-athraíonn an aimsir go tobann i nDún Éideann! Bhí daoine ina suí ar an fhéar, ag léamh nó ag caint nó ag ól dí, agus neart páistí ag súgradh thart orthu.
i gciorcail ealaíne áirithe. in certain art circles.
" ” Tá an-tóir ar shaothar Anthony Gormley, rud nach mbíonn i gcónaí ina ábhar sásaimh i gciorcail ealaíne áirithe.
ciorcal ollmhór massive circle
" Ceanglaíonn na fáinní ar fad le chéile chun ciorcal ollmhór a dhéanamh a bhfuil trastomhas de 13.
ag dul timpeall i gciorcail. going around in circles.
" D’fhanamar ansin, ar nós daoine i bhfáinne sí, ar feadh uaire nó rud mar sin, ag dul timpeall i gciorcail.
ciorcail circles
" Tá na daoine, nó na figiúirí, sna híomhánna comhdhéanta d’imlínte tiubha thart timpeall orthu agus tá ciorcail i gceist mar chloigeann.
ciorcal dubh a black circle
" Bíonn dathanna cothroma agus sonraí simplí i gceist ina chuid saothar – d’fhéadfadh sé, mar shampla, ciorcal dubh a úsáid le súil a léiriú.
ciorcal órga na droinge damanta sin the golden circle of that damned set
" Ní fearg agus fonn díoltais an phobail i leith na mbanc, na n-amhantraithe réadmhaoine, na forbarthóirí tógála, príomhstiúrthóirí na mbancanna, ciorcal órga na droinge damanta sin uilig a theilg sinn isteach i lár na bualtraí agus a tharraing an buiséad is déanaí seo ina sciúirse dubh aniar aduaidh orainn - ní sin an t-aon comhthéacs amháin do bhuiséad peannaideach Uí Lionnacháin.
a ciorcal caidrimh her circle of friends
" De réir mar a théann oíche na bainise ar aghaidh, feicimid Justine ag bá i ndúlagar nach bhfuil neart aici air - dúlagar atá chun gach éinne laistigh d’fhithis a ciorcal caidrimh a scrios.