Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dubh fána súile with black circles under the eyes
" "Bhí sé féin breá dubh fána súile agus bhí an oiread sin de chloigeann mhór air nach bhfuair muid focal i rith an lae.
dubh fána súile with black circles under the eyes
" "Bhí sé féin breá dubh fána súile agus bhí an oiread sin de chloigeann mhór air nach bhfuair muid focal i rith an lae.
Chiorcal Artach Arctic Circle
" Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orainn nuair a tháinig ríomhlitir ó bhean a bhí ina cónaí i sráidbhaile beag in Alasca, taobh istigh den Chiorcal Artach.
de chiorcal áirid of a certain circle
" Tá sé thar cionn go bhfuil an t-aitheantas sin le fáil ag daoine taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, taobh amuigh de chiorcal áirid.
fáinne fí vicious circle
leathfháinne half-circle
" Rinne na dochtúirí leathfháinne timpeall ar an gcarr ionas gur cheil siad a radharc air.
ag faoileáil thart ar circling around
" Ní hiad na gnáthfhuaimeanna a chloisfeá i mbaile cois farraige áit ar bith ar an domhan atá i gceist agam, macasamhail na mbád iascaireachta agus na bhfaoileán ag faoileáil thart ar na hiascairí, nó na peileacáin ag tumadh sna tonnta ar thóir bidh.
ciorcail acadúla academic circles
" Ní haon ionadh é, b'fhéidir, gur mhaígh an cumadóir Caitliceach James MacMillan ina dhiaidh sin go bhfuil "ár ngairmeacha, ionaid oibre, ciorcail acadúla agus forais spóirt lán le leithéidí Findlay".
ciorcail ghallán neoiliteacha neolithic stone circles
" Is breá liom dul ar thurais, agus is é an rud iontach faoin tseandálaíocht ná go mbíonn na láithreacha ársa amuigh faoin tuath de ghnáth, in áiteanna áille - tá cairn agus ciorcail ghallán neoiliteacha ar thaobh sléibhte, tá ráthanna de chuid na gCeilteach i measc páirceanna, tá mainistreacha ón ré luath-Chríostaí in aice le haibhneacha nó lochanna, agus tá caisleáin ar charraigeacha arda dubha in aice leis an fharraige.
ga an chiorcail the radius of the circle
" Luaim an figiúr seacht míle dhéag nó sin ga an chiorcail atá tarraingthe ag muintir Sheirbhís Rúnda Mheiriceá thart ar an chaisleán.
fáinne fí vicious circle
" Cineál fáinne fí atá i gceist, mar ní theastaíonn ó éinne fanacht níos faide sa scuaine ná mar a thógann sé orthu a ngnó a dhéanamh.
fháinne fí vicious circle
" Éist leis seo mar fháinne fí: Go dtí seo, d'éirigh le síceolaithe oideachais fadhbanna síceolaíochta agus riachtanais speisialta daltaí scoile a aithint agus a fháthmheas níos fearr agus níos luaithe.
iarsmaí de chiorcal bothán ón Chré-Umhaois traces of a Bronze Age hut circle
" Go díreach os cionn na páirce tá cnoc darb ainm Berryhill, ar a bhfuil iarsmaí de chiorcal bothán ón Chré-Umhaois agus imfhálú ón Aois Iarainn.
Fáinne fí vicious circle
" Fáinne fí a bheadh ann sa mhéid is go mbeadh ar othair, a scaoilfí saor ó na hotharlanna tar éis dóibh dul faoin scian, pilleadh ar a gcuid leapacha nuair a thógfaí faoi deara go raibh MRSA tolgtha acu.
Ag dúnadh an chiorcail Closing the circle
" ‘Ag dúnadh an chiorcail’ an t-ainm a bheas ar an turas sin.
Fáinne fí vicious circle
" Fáinne fí eile é seo do go leor daoine.
Fáinne fí vicious circle
" Cad chuige, mar sin, nach bhfuil líofacht bhunúsach sa teanga ach ag fíorbheagán díobh siúd a thagann tríd an chóras oideachais? Fáinne fí atá ann.
sa chiorcal adhartha in the circle of adoration
" ” Ach bhí a fhios ag Fíona go maith cad é a bhí ag cur ar Shorcha: bhí an stócach a raibh nóisean aici féin dó sa chiorcal adhartha a bhí ag an bhean úr.
tiomáint timpeall i gciorcal drive around in a circle
" Ní gá dóibh an bua a bheith acu i rás carranna – is féidir leo tiomáint timpeall i gciorcal má tá siad ag baint taitnimh as! Fuair daoine blaiseadh ar an saghas seo cur chuige leis an gcluiche Grand Theft Auto, agus tá rudaí tar éis fás agus forbairt ó shin i leith.
beag beann ar an gciorcal órga laistigh regardless of the golden circle inside
" Mar gur dhaoine le fíorairgead iad, bhíodar i gcónaí chun rachmas a chruinniú de dheasca na bpolasaithe airgeadais agus na bhforbairtí geilleagracha a bhrúigh Haughey chun cinn ar bhonn phrionsabal an mhargaidh, beag beann ar an gciorcal órga laistigh.
ciorcail chloiche stone circles
" Tá mé tar éis *McCarthy's Bar*, an leabhar móréilimh le Pete McCarthy, nach maireann, a léamh agus tá píosa mór ann faoi na deacrachtaí a bhí aige ciorcail chloiche a aimsiú i gCorcaigh.
i gciorcal mór in a big circle
" Bhí pubaill socraithe i gciorcal mór thart ar an fhéar, agus siúlbhealach clúdaithe in aice leo – smaoineamh an-mhaith mar go n-athraíonn an aimsir go tobann i nDún Éideann! Bhí daoine ina suí ar an fhéar, ag léamh nó ag caint nó ag ól dí, agus neart páistí ag súgradh thart orthu.
an ciorcailín soláthair raithní the hash supply circle
" Go luath tar éis dom bogadh isteach a chuireas an ciorcailín soláthair raithní ar bun.
i gciorcail ealaíne áirithe. in certain art circles.
" ” Tá an-tóir ar shaothar Anthony Gormley, rud nach mbíonn i gcónaí ina ábhar sásaimh i gciorcail ealaíne áirithe.
ciorcal ollmhór massive circle
" Ceanglaíonn na fáinní ar fad le chéile chun ciorcal ollmhór a dhéanamh a bhfuil trastomhas de 13.
i bhfáinne in a circle
" Chuaigh muid ag rothaíocht i bhfáinne ar deiseal ó Dhroichead George Washington in iarthuaisceart an oileáin, go ceantar Harlem atá díreach ó thuaidh ó Central Park, scamhóg Nua-Eabhrac.
ag dul timpeall i gciorcail. going around in circles.
" D’fhanamar ansin, ar nós daoine i bhfáinne sí, ar feadh uaire nó rud mar sin, ag dul timpeall i gciorcail.
liagchorcail, stone circles,
" Is féidir cuairt a thabhairt ar réimse mór áiteanna mar liagchorcail, brugha Pioctacha, caisleáin agus uaimheanna.
san fháinne fí in that vicious circle
" Maireann meáin chumarsáide chlóite na Gaeilge san fháinne fí sin go síoraí: gan dóthain léitheoirí, ní leor a dteacht isteach; gan dóthain teacht isteach, ní féidir feabhas a chur ar an gcaighdeán.
ciorcail circles
" Tá na daoine, nó na figiúirí, sna híomhánna comhdhéanta d’imlínte tiubha thart timpeall orthu agus tá ciorcail i gceist mar chloigeann.
ciorcal dubh a black circle
" Bíonn dathanna cothroma agus sonraí simplí i gceist ina chuid saothar – d’fhéadfadh sé, mar shampla, ciorcal dubh a úsáid le súil a léiriú.
fáinne fí vicious circle
" Is cuma, ar ndóigh, go mbeifeá in ann nuachtán a léamh agus néal codlata a bheith agat dá rachfá ar an traein! Mar a thuigfeá, fáinne fí atá ann.
ciorcal órga na droinge damanta sin the golden circle of that damned set
" Ní fearg agus fonn díoltais an phobail i leith na mbanc, na n-amhantraithe réadmhaoine, na forbarthóirí tógála, príomhstiúrthóirí na mbancanna, ciorcal órga na droinge damanta sin uilig a theilg sinn isteach i lár na bualtraí agus a tharraing an buiséad is déanaí seo ina sciúirse dubh aniar aduaidh orainn - ní sin an t-aon comhthéacs amháin do bhuiséad peannaideach Uí Lionnacháin.
lúib cheart right (social) circles
" Bhí ár n-aird ar thithe thar sáile, ar laethanta saoire agus cuireadh an bhéim ar fhanacht sa lúib cheart shóisialta.
Fáinne fí a vicious circle
thimthriail an tsaoil circle of life
" Imríonn an tEarrach, an Samhradh, agus an Fómhar ar shaol an duine ar bhealaigh éagsúla agus múineann siad a gceachtannaí féin dúinn faoi thimthriail an tsaoil, ach is é an geimhreadh a chuireann in iúl, go crua cinnte, nach dtugann rud ar bith ach a sheal.
fáinne fí a vicious circle
" Thiar sna caogaidí, thosaigh fáinne fí de ‘ligint do dhaoine a saol féin a chaitheamh’ a raibh fadhbanna móra teanga agus oideachais, agus dá bharr sin deiseanna oibre agus stádais, mar thoradh air.
Fáinne Fí (the) vicious circle
" Fáinne Fí an Éilimh agus na Nósmhaireachta ================ Argóint a deineadh in Éirinn nuair a bhí Acht Teanga á lorg ag lucht na Gaeilge, ná gur beag ráchairt a bheadh ar sheirbhisí dá gcuirfí ar fáil iad trí mheán na Gaeilge.
fáinne circle
" Ar éirigh leis fáinne a dhéanamh den gcearnóg sin? Fágaim sin fút féin le hoibriú amach gan ionchur ar bith uaimse.
timthriall na bochtaineachta poverty circle
" Níl sa turgnamh ach imirt bheag cearrbhachais ag fir uaisle, Higgins agus Pickering, ach ag Eliza is é a deis sa saol chun éalú as timthriall na bochtaineachta.
sara n-iomlánaítear an scannán before the film completes the circle
" Tugann deamhain Nawal go leaca fuara Ifrinn iad sara n-iomlánaítear an scannán.
a ciorcal caidrimh her circle of friends
" De réir mar a théann oíche na bainise ar aghaidh, feicimid Justine ag bá i ndúlagar nach bhfuil neart aici air - dúlagar atá chun gach éinne laistigh d’fhithis a ciorcal caidrimh a scrios.
i bhfáinne in a circle
" Is ann a bhí damhsa traidisiúnta timpeall i bhfáinne, le ceol ó timpeall 400 ceoltóirí.
an timpeall ar fad the full circle
" Faoin am a dtiocfaidh aon áit Ghalltachta amháin an timpeall ar fad (> iar-Ghaeltacht > réamh-Ghaeltacht > ath-Ghaeltacht), bheadh súil le Dia agam go mbeidh roinnt bailte fearainn misniúla fós san fhíor-Ghaeltacht in ann a mhaíomh go bhfuil an slabhra gan briseadh úd acu a shíneann siar na cianta.
Fáinne fí ceart a real vicious circle
" Fáinne fí ceart is ea seo, ar ndóigh.
An Fáinne Fí a Bhaineann le Comórtais the vicious circle which is part competitions
" com/watch?NR=1&v=muJ-yGzOSX4&feature=endscreen> An Fáinne Fí a Bhaineann le Comórtais =============== Agus é ag caint faoi dhúchas an cheoil thraidisiúnta agus nósanna na nGael, thosaigh muid ag caint faoin Oireachtas, chomh luath agus a luaigh mé an focal agus sular chuir mé aon cheist bhí tuairim láidir á nochtadh: “Is breá liom an tOireachtas agus téim beagnach chuile bhliain – ach sílim go bhfágann pobal na Gaeilge ualach na healaíne ar fad ar an tOireachtas chomh fada agus a bhaineann sé le cúrsaí sean-nóis, agallamh beirte, scéalaíochta 7rl.
mairfidh fáinne fí na mórshiúlta go deo na ndeor the vicious circle of marches shall continue forever
" Chuir Squinter, colúnaí leis an Andersonstown News ceist, cad chuige a raibh na haontachtaithe seo ag gearán faoin mhórshiúl phoblachtach nuair a bhí siad ag áitiú go mbrúfaí The Pride of Ardoyne fríd Ard Eoin, buíon cheoil a thugann ómós do thriúr ball den UVF, Billy McClure, Sam Rockett agus fear a luaíodh le buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin, Billy Hanna? Agus tacaíocht na bunaíochta aontachtaí acu agus spreagadh ó cheannairí pobail nach féidir leo páirt a ghlacadh i ndíospóireacht shibhialta, mairfidh fáinne fí na mórshiúlta go deo na ndeor.
chun cur leis an gcomhluadar sóisialta to add to the social circle
" Níor cheart go mbeadh an áis in ionad an ghnáthshaoil ar aon nós, ach go mbeadh sí mar rud breise ann chun cur leis an gcomhluadar sóisialta atá agat.
Fáinne fí atá ann it’s a vicious circle
" Fáinne fí atá ann! Tá siad an-dian maidir le guthán a cheannach, mar de réir dealraimh, rinneadh an t-ionsaí sceimhlitheoireachta i Maidrid sa bhliain 2004 a chomhordú le gutháin phóca.
fáinne a mharcáil ar léarscáil to mark a circle on a map
" Gné spéisiúil atá ag an gceann seo ná “*virtual lease*” a ligeann duit fáinne a mharcáil ar léarscáil ina bhfeidhmchláirín.
amach as an bhfáinne sin out of that circle
" Faigheann tú teachtaireacht agus eolas áite nuair a théann an peata nó an páiste amach as an bhfáinne sin.