Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an chláirseach the harp
" Choinnigh sí an chláirseach ar thaobh amháin, rud a bhí le feiceáil ar na seanbhoinn.
cláirseach harp
" Cé go bhfuil taobh amháin de na hocht mbonn mar an gcéanna ar fud an 12 thír i limistéar an euro, tá an taobh eile difriúil ó thaobh dearaidh de i ngach tír - cláirseach a dhear Jarlath Hayes atá roghnaithe againne.
chláirseach harp
" **Antaine:** Cé hiad i mbliana? **Neansaí:** Ar an mbosca ceoil tá P J Ó hIarnáin, James Mac Giolla Chiaráin agus Nuala Ní Eithir; ar an bhfidil, Antóin Mac Gabhann, Áine Ní Raghallaigh agus Éanna Ó Catháin; ar na feadógaí, Máire Ní Ghrádaigh, Iarla Cartúir, Marcus Ó hIarnáin agus Adrian Ó Brádaigh; an consairtín, Micheál Ó Raghallaigh; an phíb uilleann, Micheál Ó Briain; an chláirseach, Freda Nic Giolla Chatháin; an amhránaíocht, Nan Mhaitiú, Mairéad Ní Cheallaigh agus Éamon Ó Donnchadha; an damhsa, Máirtín Chóil Neaine Pháidín Mac Donncha agus Máire Áine Ní Iarnáin; agus litríocht bhéil, Mairéad Ní Mhocháin.
chláirseach harp
" Bhí aithne níos fearr ag an phobal air mar an "fear beag leis an chláirseach" a chas leis na Chieftains.
ag maireachtáil ar an gcláirseach go hiomlán making a living entirely from the harp
" AÓF: An bhfuil tú ag maireachtáil ar an gcláirseach go hiomlán anois nó an bhfuil post eile agat, "post ceart"? CDeB: Bhí post agam sa teilifís.
chomórtas na cláirsí harp competition
" Tá duais €600 ag gabháil le chuile cheann acu! I gcás na píbe uilleann tá turas freisin chuig Féile Lorient! Ach i gcás chomórtas an veidhlín i mbliana níl ach trí iarratas ann! Níl ach trí iarratas ann do chomórtas na cláirsí! Tá an phíob uilleann agus ceol beirte thar barr agus beidh an-tráthnóna ceoil ann! Tá an caighdeán ann ceart go leor, ach níl an líon.
fuair mé cláirseach ar cíos I rented a harp
" Tar éis sin fuair mé cláirseach ar cíos ó Janet Harbison ar feadh bliana.
ar nós na cláirsí like the harp
" Cé hiad agus cén fáth a bhfuil siad ann? TM: Cumann atá ann do phíobairí uilleann, a bunaíodh i 1968 de bharr go raibh faitíos ar phíobairí na linne sin go raibh an phíb uilleann chun imeacht ar fad de dhroim an domhain, ar nós na cláirsí.
cláirseach harp
" Agus bhí aire gach duine acu dírithe ar eitleán ollmhór a raibh cláirseach ar a eireaball agus eochracha na Pápachta ar a chabhail.
chláirseach harp
" Is as Contae an Chláir a teaghlach uilig, mar sin ní raibh sé chomh mínádúrtha sin go mbeinn ag léimt trasna an urláir! AÓF: An seinneann tú aon uirlis cheoil eile seachas an fhidil? BNicG: D'fhoghlaim mé féin agus mo dheirfiúr an chláirseach nuair a bhíomar inár ndéagóirí.
an chláirseach the harp
" ***AÓF: ******Céard iad na huirlisí ceoil a sheinneann sibh?*** SD: Casaim féin an chláirseach agus casann Deirdre an cairdín pianó.
ar an chláirseach luath on the early harp
" Bhí grúpa darbh ainm The North Star Céilí Band ann agus daoine atá ansin go fóill, leithéidí Chuck agus Ann Heyman – tá Ann ina saineolaí ar an chláirseach luath – Lara McKenzie, mo dheartháir agus a bhean.
chláirseach harp
" Deirtear san iris Bretons gur tharla rud as an ngnáth thiar sna 1970í nuair a chuir Alan Stivell nasc aibhléise lena chláirseach.
cláirseacha slaters
" Itheann an cnádán drúchtíní, seilidí, seangáin, agus cláirseacha.
cláirseach the harp
" “Rinne muid cuid mhór pianó, bainseó, clairinéid, veidhlín, cláirseach, an phíb uilleann.
chun íoc as an gcíos ar chláirseach to pay for the rent on a harp
" Is ceoltóir í Helen Lyons a d'oibrigh go dian ag seachadadh nuachtán ó dhoras go doras chun íoc as an gcíos ar chláirseach, go dtí gur scanraigh mada na gcomharsan í! In aois 22 bhliain tá an bhean óg seo anois ag múineadh ceoil do pháistí Bhaile Átha Cliath agus, ag an am céanna, ag lorg feirmeora le pósadh! Labhair Antaine Ó Faracháin léi.