Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dlíthe clúmhillte libel laws
" Cuireann sé díomá air go bhfuil dlíthe clúmhillte chomh docht sin i bhfeidhm sa tír seo.
nuair a chuirtear clúmhilleadh ina leith when they are accused of defamation
" I go leor tíortha eile, tá reachtaíocht ann chun iriseoirí agus foilsitheoirí a chosaint nuair a chuirtear clúmhilleadh ina leith ach iad a bheith ábalta a chruthú go raibh siad i ndáiríre ar thóir na fírinne agus go ndearna siad gach iarracht a chinntiú go raibh a bhfíricí cruinn.
chás clúmhillte libel case
" Ach faoi láthair, i ngach aon chás clúmhillte, ní haon chosaint é ag iriseoir a chruthú go ndearna sé gach a d'fhéadfadh sé le bheith cúramach.
cás clúmhillte libel case
" Tá sé i bhfad níos deacra, áfach, ag páirtí polaitiúil cás clúmhillte a thógáil.
dlíthe clúmhillte libel laws
" Go dtí seo tá úsáid freisin á baint as dlíthe clúmhillte na Breataine agus as an Acht Oifigiúil Rúndachta le foireann Stephens a chosc ó gach a bhfuil ar eolas acu faoin bhfear seo agus gníomhartha barbartha eile an FRU a nochtadh go poiblí.
Clúmhilleadh defamation
" ” “Ach,” arsa Willie Beag Breathnach, “an bhfuil sé fíor nach mbeidh eitiltí saora ag dul amach as Aerfort Bhaile Átha Cliath feasta ach chun na Róimhe, chuig Lourdes, Fatima, Medjugorje, agus an Tír Naofa?” “Clúmhilleadh! Bréag! Níl sé fíor!” a scairt Máirtín Magoo Ó Cuilinn.
an Bille um Chlúmhilleadh the Defamation Bill
" Má éiríonn leis an Bille um Chlúmhilleadh a achtú, bunófar Comhairle Preasa neamhspleách, nach mbeadh faoi choimirce an rialtais.
clúmhilleadh libel
" Bhí clúmhilleadh ar siúl ag cuid de na colúnaithe a bhí ag scríobh ina éadan.
clúmhillte defamed
" Ní dhéanfadh sé a dhath gnoithe dó ach a ghabháil fhad le Seáinín agus agallamh a chur air; agus seo daoibh, a léitheoirí dílse agallamh eisiach idir Balor na Súile Nimhe agus Seáinín bocht clúmhillte tírghrách spídithe Mac Giolla Phádraig.
Léig Frith-Clúmhilleadh Anti-Defamation League
" Oifigeach de chuid an Léig Frith-Clúmhilleadh (ADL) a bhí ann.
chlúmhilleadh defaming
" “Is léir go ndeachaigh Breivik faoi anáil ghluaiseacht idé-eolaíochta sna Stáit Aontaithe agus san Eoraip atá ag cothú eagla i measc an phobail tríd an gcreideamh Ioslamach a chlúmhilleadh,” a dúirt Foxman, gan tagairt ar bith a dhéanamh d’fhoinse na gluaiseachta sin.
dhlíthe clúmhillte defamation laws
" Tá athruithe móra á ndéanamh ar dhlíthe clúmhillte na tíre seo den chéad uair le daichead bliain anuas, ach, mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail, níl na hiriseoirí róshásta le cuid de na hathruithe atá á mbeartú.