Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Maíonn foinsí sources claim
" Maíonn foinsí san SDLP gur thit vótaí Shinn Féin 17.
mé a mhaíomh claiming
" Níl mé a mhaíomh ar aon nós, gaol ná gaobhar aige le 'líomh, líomhadh, líofa', d'ainneoin litriú roinnt briathra Breatnaise mar a chéile leis.
Maítear it is claimed
" Maítear go bhfuil sé seo ag tarlú mar go bhfuil a fhios ag daoine anois na teorainneacha a bhaineann le WAP sna gléasanna reatha.
ag maíomh claiming
" Mar shampla, go dtí le déanaí bhí roinnt comhlachtaí ag maíomh gur leo siúd an cóipcheart ar aon eolas a scaipfí trína seirbhís.
Tá sé d'éileamh ar it is claimed that
" Cléire Chiaráin ======= Tá sé d'éileamh ar Chiarán naofa gur thug sé an Chríostaíocht go Cléire sarar tháinig Pádraig go hÉirinn.
maíte claimed
" Ní raibh siad furasta a úsáid nó níor oibir siad i gceart agus, ar an tséala sin, theip orthu cloí leis an ghealltanas a tugadh fán éifeachtúlacht costais a bhí maíte le haois an idirlín.
Mhaígh sí she claimed
" Mhaígh sí nach ndearna Harold Shipman dochar ar bith do dhuine ar bith ina shaol.
Maíonn sise She claims
" Maíonn sise gur cheart teorainn a chur leis an líon a cheadaítear agus an chuid eile a ruaigeadh ón tír.
ag maíomh claiming
" Tá an freasúra ag maíomh nár cheart go mbeadh aon reifreann ann, gur féidir na fadhbanna a réiteach le reachtaíocht Oireachtais.
a mhaíonn sé he claims
" Ar ndóigh chabhraigh sé go raibh beirt chuntasóirí mar stiúrthóirí ar an gcomhlacht!" Agus ar ndóigh chabhraigh sé freisin go bhfuil muinín aige as an gcomhlacht: "Is muidne an comhlacht soghluaiste idirlín is fearr ar domhan" a mhaíonn sé.
ag maíomh claiming
" Níl siad ag maíomh gur spreag ceol na Corrs iad le teacht (buíochas mór le Dia) ach chonaic siad an grúpa sin ar chlár teilifíse maidin amháin agus leag siad súil ar bhodhrán den chéad uair.
B'amaideach a mhaíomh it would be foolish to claim
" B'amaideach a mhaíomh, áfach, go n-íosfadh Sinn Féin Fianna Fáil don bhricfeasta - tá 81 suíochán Dála ag páirtí Bertie i gcomparáid leis na cúig cinn atá ag Sinn Féin.
ag maíomh claiming
" Tá an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, ag tógáil seasamh láidir i gcoinne an fheachtais seo agus é ag maíomh go bhfuil na bailte fearainn tuaithe ina gcóras traidisiúnta maireachtála, agus gur cheart leanúint leis mar pholasaí stáit tacú leo, in ainneoin thuairimí An Taisce.
a mhaíonn which claim
" Is dhá shuíomh snasta iad sin a mhaíonn go mbaineann siad le hollscoileanna in Éirinn - dhá ollscoil nach bhfuil tásc nó tuairisc orthu sa tír seo.
a mhaígh which claimed
" D'fhoilsigh an *New York Post *eagarfhocal a mhaígh gurb é Gerry Adams "Osama's Soul Brother" agus d'fhoilsigh scéalta fá bhuamaí IRA ar an Bhruach Thiar, mar dhea.
a mhaígh who claimed
" B'fhéidir go raibh sé fóirsteanach, agus muid ag tarraingt ar dheireadh na bliana 2002, go raibh na nuachtáin agus na meáin eile i Nua-Eabhrac agus sna Stáit Aontaithe ag díriú a n-airde ar scéal faoi ghrúpa eolaithe a mhaígh gur éirigh leo duine clónáilte a thabhairt ar an saol den chéad uair riamh.
a mhaígh who claimed
" Bhí lámh ag John Brutal ann agus cúpla lámh ag Micheál Ó Nóinín, fear a mhaígh go raibh easpa *charisma *ar an iar-cheannaire.
Mhaígh sé he claimed
" Mhaígh sé go raibh nasc idir Glór na nGael agus na Sealadaigh.
a mhaígh who claimed
" Bhí lámh ag John Brutal ann agus cúpla lámh ag Micheál Ó Nóinín, fear a mhaígh go raibh easpa *charisma *ar an iar-cheannaire.
mhaígh sé he stated/claimed
" Mar sin, bhí Aznar ar son ionsaí a dhéanamh ar an Iaráic, ach fós mhaígh sé nach raibh aon athrú feiceálach ar pholasaí Eorpach na Spáinne, nó ar an gcaidreamh le tíortha Mheiriceá Theas, le Meicsiceo, nó leis na tíortha Arabacha.
Mhaígh daoine áirithe certain people claimed
" An raibh an tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa as ordú nuair a tharraing sí anuas ceist na pótaireachta i measc na nÉireannach agus í ag tabhairt oráide ag an chomhdháil "Reimagining Ireland" i Charlottesville, NC na Stát Aontaithe an mhí seo caite? Mhaígh daoine áirithe go raibh treisiú á dhéanamh aici ar íomhá na nÉireannach mar dhream atá tugtha don deoch agus gurbh fhearr i bhfad dá n-éistfeadh sí a béal, go háirithe agus í thar lear.
Maíonn sé he claims
" Maíonn sé gur fá bhúir asail d'Oileán Mhanainn a bhí seisean ag an am ar polladh an Cabin Fever.
is a mhaíonn na meáin chumarsáide as the media claims
" Ach cad é a dhéanfas na Donaldsonistas? Measann daoine áirithe nach bhfuil Donaldson chomh láidir sin in éadan an Chomhaontaithe is a mhaíonn na meáin chumarsáide.
ag maíomh claiming
" Agus ag deireadh mhí Iúil, bhí áitritheoirí sa cheantar mór Éireannach, Rockaway, Queens, ag maíomh go raibh an dóigh ar ghearr na póilíní fíneáil orthu as a bheith ag ól go poiblí míchothrom.
Mhaígh sé nach raibh an darna suí sa bhuaile aige he claimed he had no choice
" Mhaígh sé nach raibh an darna suí sa bhuaile aige ach peann a chur le pár agus rabhadh a thabhairt do mhuintir na hÉireann faoina bhfuil i ndán dóibh mura mbíonn breith acu ar a n-aiféala.
ag maíomh claiming
" Tá an dlí céanna tar éis neart trioblóide agus conspóide a chothú i Meiriceá, go háirithe i Nua-Eabhrac, áit a bhfuil go leor úinéirí beár, óstán agus bialann ag maíomh go bhfuil líon na gcustaiméirí agus an brabús atá á dhéanamh acu tite go mór ó cuireadh tús leis an chosc ansin.
Maíonn poblachtánaigh republicans claim
" Toghchán an fómhar seo ======= Maíonn poblachtánaigh go bhfuil borradh faoi iarrachtaí toghchán a ghairm an fómhar seo.
ag maíomh claiming
" Is minic a bhíonn Albanaigh ag maíomh go bhfuil a dtír seicteach.
Maítear it is claimed
" Maítear go bhfuil pragmatachas ag baint leis an chuid is óige (agus is tallanaí) taobh istigh den DUP.
a mhaíonn who claims
" Ní mar mhagadh é seo do bhean a mhaíonn nach ndeir sí mórán.
go dtig libh a mhaíomh that you can claim/state
" Beidh sé mar shólás agaibh go dtig libh a mhaíomh go bhfuil sibh chomh dáiríre faoi agus go ndéanann sibh iarracht gach aon bhliain iad a choinneáil.
ag maíomh claiming
" Tá rialtas na hAstráile ag maíomh go laghdófar an buntáiste sin.
maíomh claim
" Ach, i ndiaidh don Phríomh-Chonstábla Hugh Orde maíomh go raibh Sealadaigh an IRA freagrach as an "fhuadach," thosaigh an *fallout* polaitiúil.
ag maíomh claiming
" Ach deirtear go bhfuil prionsabal i gceist, go bhfuil gach duine ag maíomh gur duine uasal é a sheasann lena fhocal i gcúrsaí gnó agus araile, agus go bhfuil masla tugtha ag an duine eile dó.
a mhaíonn who claim
" 5 milliún duine anois ann a mhaíonn go bhfuil an teanga acu.
éilimh claims
" In Éirinn, an ghnáth-ardíocaíocht in aghaidh an éilimh ná €19,000, i gcomórtas le €1,600 sa Ríocht Aontaithe.
minicíocht na n-éileamh frequency of claims
" Bíonn éilimh a dhéantar ar dhamáiste an-ard uaireanta agus tá minicíocht na n-éileamh ag ardú freisin.
Mhaígh sé he claimed
" Mhaígh sé gur caitheadh liathróidí gailf ar mhná Protastúnacha, agus gur tugadh gríosáil mhillteanach do Phrotastúnaigh ag an deireadh seachtaine.
ag maíomh claiming
" Níl mé ag maíomh go bhfuil aon tionchar ag *Beo! *i Learpholl, ach fógraíodh an feachtas seo go gairid tar éis m'ailt san iris (eagrán 33) faoin chosc ar an tobac i dtithe tábhairne in Éirinn.
ag maíomh boasting, claiming
" Samhlaigh fear ag caitheamh siar *tequila *agus ag maíomh gurb é an fear is fearr troda é, nó nach bhfuil buachaill bó inchurtha leis sa cheantar nó go raibh cúigear ban aige an oíche roimhe sin agus a bhean chéile sa bhaile leis na páistí.
maítear it is claimed
" Arís, de réir na bhfigiúirí oifigiúla, maítear gur chuir 45 saighdiúir lámh ina mbás féin, ach maíonn comhfhreagraí an NIVA go bhfuil eolas aige ar sheachtar a mharaigh iad féin taobh istigh de bhliain amháin agus go gcaithfidh go bhfuil an líon i bhfad níos mó ná cúig dhuine is daichead.
a mhaíomh stating, claiming
" Is é a bhí sí a mhaíomh, má thuig mé i gceart í agus más buan mo chuimhne, gur beag duine a mbíonn sé de phribhléid aige an draíocht chéanna a bheith air arís leis an léitheoireacht, ach ina áit sin gurb iad an teip agus an díomá is gnách a bheith i ndán don léitheoir fásta.
ag maíomh claiming
" Os a choinne sin, tá *Americans United for Separation of Church and State *(AU), eagraíocht a chuireann béim ar shaoirse reiligiúnda, ag maíomh gurb é an t-aon phrionsabal a chinnteoidh go mbeidh saoirse fhealsúnach agus reiligiúnda ag gach Meiriceánach ná scaradh na heaglaise agus an stáit.
ag maíomh claiming
" Tá na tábhairneoirí ag maíomh go bhfuil laghdú tagtha ar líon na gcuairteoirí agus á chur seo síos don chosc ar chaitheamh tobac san áit oibre a cuireadh i bhfeidhm i mí an Mhárta i mbliana.
á mhaíomh sin claiming that
" Bheadh uasal le híseal á dhéanamh agam ar mhuintir Bhaile Munna dá mbeinn á mhaíomh sin.
a mhaíomh to claim
" Ní bheadh sé fíor a mhaíomh gur íocadh go fial mé as bheith díomhaíon 95% den am, mar níor íocadh, ach ar a laghad d'fhoghlaim mé an t-uafás faoi bheith ag scimeáil ar an idirlíon.
a mhaígh who claimed
" Níl a fhios agam an bhfuil an tUachtarán Mhic Ghiolla Íosa ar na daoine sin a d'aontódh leis an Chairdinéal Tomás Ó Fiaich, nach maireann, a mhaígh gur tháinig 90 faoin chéad den seicteachas ó thuaidh ón phobal aontachtach.
Ag síormhaíomh forever claiming
" Ag síormhaíomh nach bhfuil Contae na Mí ag fáil sciar féin d'airgead an Údaráis.
ag maíomh claiming
" Is iomaí duine a d'fhágfadh mar sin é, ach tháinig deirfiúracha Robert chun tosaigh agus pobal iomlán na Trá Giorra ar a gcúl ag iarraidh cúitimh, ag maíomh go raibh Sinn Féin agus an IRA ag cosaint na ndaoine a mharaigh Robert.
a mhaíonn which claims
" Ag scríobh dó in *Daily Ireland*, páipéar a mhaíonn go dtugann sé guth ar bhonn laethúil do náisiúnaithe na Sé Chontae, scríobh Tom McGurk, fear a bhfuil cáilíochtaí maithe poblachtánacha aige: *"… all the bitching and complaining about enemies and securocrats and historical reference points is just so much hot air.
a mhaígh an tUasal Carty which Mr Carty claimed
" Beidh sé le feiceáil lena chois sin an mbeidh ciallachas níos tromhchúisí ag an “chultúr taifeadta” seo a mhaígh an tUasal Carty bheith le fáil go forleathan i measc na nGardaí i nDún na nGall.
Mhaígh an UFF the UFF claimed
" Mhaígh an UFF ag an am gurbh iad a bhí freagrach as an dúnmharú.
a mhaígh an tUasal Carty which Mr Carty claimed
" Beidh sé le feiceáil lena chois sin an mbeidh ciallachas níos tromhchúisí ag an “chultúr taifeadta” seo a mhaígh an tUasal Carty bheith le fáil go forleathan i measc na nGardaí i nDún na nGall.
éilimh bheaga bhréagacha small false claims
" Déanann roinnt mhaith daoine bochta éilimh bheaga bhréagacha, mar shampla ar dhamáiste sa teach.
Maíonn siad they claim
" Maíonn siad gur orthusan a thitfeadh an fhreagracht dá ngortófaí duine a bheadh ag spaisteoireacht ar a gcuid talún.
a mhaígh sé he claimed
" Ni bheadh aon bhaint ag na daoine a ghlacfadh rólanna Adams agus McGuinness le Sinn Féin, a mhaígh sé, sa dóigh is go mbeadh deighilt iomlán idir an páirtí agus an IRA.
ag maíomh claiming
" Rud eile, is beag ar fad an méid Gaeilge atá le feiceáil ar aon suíomh in aon chontae agus is cúis náire amach is amach é sin do Chumann Lúthchleas Gael, a bhíonn ag maíomh go minic nach eagraíocht spóirt amháin é ach eagraíocht chultúrtha a bhfuil cur chun cinn na Gaeilge i measc na n-aidhmeanna atá aici.
maítear it is claimed
" Ar ndóigh, maítear go bhfuil níos mó bá anois ag an Rialtas seo leis an fhear bheag ná le comhlachtaí móra idirnáisiúnta, a bhuíochas do dheireadh seachtaine a caitheadh in óstán in iarthar Chorcaí mí Mheán Fómhair seo caite.
Mhaígh seisean He claimed
" Mhaígh seisean go mbeadh sé baolach 650,000 méadar ciúbach de mhóin a aistriú go portach a bhí buailte leis an chríochfort agus go ndéanfadh sé díobháil do thimpeallacht agus d’áilleacht an cheantair.
a mhaíomh to claim
" Is féidir le Príomh-Aire na Breataine a mhaíomh – agus cuid mhór den cheart aige – nach mbeadh an ráiteas a fuair muid an tseachtain seo caite á fhógairt go poiblí ar an teilifís ag Séanna Walsh gan é.
gan a mhaíomh without claiming
" Rianaíonn sé an t-aistear ón mhona-adhradh atá i gceist sna deich n-aitheanta (adhradh an aon dé amháin gan a mhaíomh nach bhfuil ann ach an t-aon dia) ionsar an aondiachas atá i réim níos faide anonn sa Sean-Tiomna, agus a dhaingnítear sa chonradh scríofa san áirc.
a mhaíonn which claims
" Tháinig páipéar úr nuachta amach dar teideal an *Shankill Mirror *a mhaíonn go bhfuil “*Ulster at Crisis Point*”.
gan a mhaíomh without claiming
" Rianaíonn sé an t-aistear ón mhona-adhradh atá i gceist sna deich n-aitheanta (adhradh an aon dé amháin gan a mhaíomh nach bhfuil ann ach an t-aon dia) ionsar an aondiachas atá i réim níos faide anonn sa Sean-Tiomna, agus a dhaingnítear sa chonradh scríofa san áirc.
ag maíomh claiming
" Píosaí tábhachtacha fágtha ar lár ======= Níltear ag maíomh gur cnuasach cothrom nó cuimsitheach é *An Leabhar Mór.
a mhaíonn who claims
" Anois, cén t-ainm seo arís atá ar an tráchtaire sin atá chomh daingean ina bharúlacha a mhaíonn gurb eisean an t-aon duine sa lá atá inniu ann atá toilteanach fimíneacht agus ainbhearta a nochtadh? An duine sin, a mbíonn sé féin agus Clooney de shíor in adharca a chéile? Ó, sea, Bill O’Reilly ó Fox News.
ag maíomh claiming
" Níl mise ag maíomh go mbíonn príosúnaigh á n-iompar sna heitleáin seo.
Maíonn poblachtánaigh republicans claim
" Maíonn poblachtánaigh gur plota de chuid an Bhrainse Speisialta leis an Fheidhmeannas ó thuaidh a scrios a bhí sa ruathar ar oifigí Shinn Féin i mí Dheireadh Fómhair 2002 agus go leor fianaise acu, dar leo.
á maíomh being claimed
" Measann siad nach bhfuil na buntáistí tairgiúlachta a bhí á maíomh fíor ach is é an rud is mó atá ag cur as dóibh go ndéanfar an-dochar d’onnmhairiú bia as an Astráil má tá modhnú géiniteach de shaghas ar bith á dhéanamh ar bhia sa tír.
maíonn Meiriceánaigh Americans claim
" In ainneoin seo uilig, maíonn Meiriceánaigh go bhfuil córas láidir polaitíochta acu.
nuair a mhaíonn siad when they claim
" Nach raibh sé íorónta go raibh cuid de lucht an racáin ag caitheamh scaifeanna trídhathacha, a raibh dath bán na síochána idir an glas agus an t-oráiste orthu, agus iad i mbun círéibe? (Agus nach iontach an méid de na bithiúnaigh a raibh geansaí de chuid Celtic á gcaitheamh acu? Tionchar Roy Keane, b’fhéidir?) Tá dul amú ar aontachtaithe fosta nuair a mhaíonn siad nach bhfuil saoirse cainte acu ar an taobh ó dheas den teorainn.
a mhaítear that it is claimed
" Is mar sin gur minic a mhaítear go raibh lámh ag an bPápa i dtitim an chumannachais in oirthear na hEorpa.
a mhaíomh to claim
" Nasc leis an bPápa ======= Déanann daoine is áiteanna i ngach cearn den Pholainn nasc éigin le hEoin Pól II a mhaíomh, ní lú ná mar a dhéanann Ollscoil Chaitliceach Lublin (KUL) in oirthear na Polainne.
maítear it is claimed
" In alt ar *An Phoblacht*, maítear go ndeachaigh Naomh Pádraig ar stailc ocrais le brú a chur ar rí darbh ainm Trian caitheamh níos fearr lena chuid sclábhaithe.
a mhaítear that it is claimed
" Is mar sin gur minic a mhaítear go raibh lámh ag an bPápa i dtitim an chumannachais in oirthear na hEorpa.
a mhaíomh to claim
" Nasc leis an bPápa ======= Déanann daoine is áiteanna i ngach cearn den Pholainn nasc éigin le hEoin Pól II a mhaíomh, ní lú ná mar a dhéanann Ollscoil Chaitliceach Lublin (KUL) in oirthear na Polainne.
D’fhéadfaidís a mhaíomh they could claim
" D’fhéadfaidís a mhaíomh gur cuireadh cor leatromach ina gcinniúint ó tharla b’fhéidir nach bhfuair siad dóthain pointí le tabhairt faoina rogha cúrsa ollscoile, nach bhfuil siad sona sásta ina ngairm bheatha agus nach dtuilleann siad an oiread is a d’fhéadfaidís dá mba rud é gur bronnadh na marcanna orthu a bhí dlite dóibh.
a mhaíomh to claim
" Má éiríonn le Fine Gael bheith sa chéad rialtas eile, ní bheidh an bua acu de bharr a seasamh maidir leis an Ghaeilge ach beidh siad ábalta a mhaíomh go raibh sé ar a gclár oibre agus is cinnte go gcomhlíonfaidh siad a ngealltanas an Ghaeilge a imeallú.
de réir mar a mhaíonn sé féin as he claims himself
" Fear mór spóirt é ar scor ar bith, de réir mar a mhaíonn sé féin.
nach raibh cumhacht ná gustal mór le maíomh aici who couldn't claim power or great wealth
" Ba thír bheag í Éire riamh nach raibh cumhacht ná gustal mór le maíomh aici ach i rith an 16ú haois déag, mar shampla, bhí an Pholainn ar na tíortha ba mhó, ba chumhachtaí agus ba shaibhre san Eoraip.
a mhaíonn who claim
" Sasana Is cosúil gur thosaigh an daorchluiche i Sasana san 18ú haois (cé go raibh cluichí dá leithéid thart le fada, agus tá daoine ann a mhaíonn gur eascair an daorchluiche ón gcluiche corr, a eagraítear faoi scáth Chumann Lúthchleas Gael in Éirinn!).
a mhaíonn na déantóirí claim the makers
" Ach cé nach bhfuil ach an craoltóir Sky ag craoladh in HD thar satailít faoi láthair, tá go leor daoine ag ceannach teilifíseán mór leathan – teilifíseáin, a mhaíonn na déantóirí, atá “HD Ready”.
go maítear that it is claimed
" Dúnmharú eile I ráiteas a rinne Pat Rabbitte, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre ó dheas, sa Dáil ar an 25 Deireadh Fómhair 2005 dúirt sé go maítear gur earcaíodh Haddock i ndiaidh dó cailín óg Caitliceach a mharú le linn di bheith ar cuairt ag cara dá chuid i Mount Vernon i mí Eanáir 1993.
a mhaítear a bheith ag tarlú that it is claimed is occurring in them
" Cad é an tsaoirse ba cheart duit a thabhairt d’fhórsaí cosanta do thíre agus iad ag troid “in éadan na sceimhlitheoireachta”? Tá cur agus cúiteamh ann faoi láthair fá phríosúin rúnda na Meiriceánach ar fud na cruinne agus an céasadh a mhaítear a bheith ag tarlú iontu sa “troid in éadan sceimhle.
ag maíomh claiming
" Bhí go leor daoine i ndiaidh cur ina choinne go fíochmhar, go háirithe colúnaithe de chuid na nuachtán náisiúnta, ag maíomh gur airgead amú amach is amach a bhí ann.
Maíonn Frank Flannery Frank Flannery claims
" Corrlach Paddy Power: 4/1 Rialtas Bogha Cheatha Maíonn Frank Flannery go dtig le Fine Gael 30 suíochán úr a ghnóthú san olltoghchán má éiríonn leo 29% de sciar an vóta a bhaint amach.
ag maíomh claiming
" Sílim gurbh é sin a dúirt Peter i gcás ar bith, ach ní miste dom a admháil nach raibh mé ag tabhairt aire rómhaith, nó bhí m’aird ar dhoras an fhoscaidh agus ar mhaithe agus mhóruaisle shaol na Gaeilge a bhí ag iarraidh sleamhnú isteach is amach, iad ar fad ag maíomh gur shíl siad gur Stringfellows Pizza Joint a bhí ann, nó an RTÉ String Quartet Joint, nó an Stringalingalinga.
a mhaíomh claim
" ‘Cad é mar a thig le duine ar bith a mhaíomh gur baile Gaeltachta é Londondingle?’ a chluinim thú ag fiafraí.
go maíonn Mary that Mary claims
" "Ba chóir dom a rá go maíonn Mary gurbh é ba chúis léi titim ilaige ná an seomra cúirte bheith chomh múchta sin, seachas an mhiodógfhuilteach".
Mhaígh mo chol ceathracha my cousins claimed
" Mhaígh mo chol ceathracha go raibh botún déanta acu agus go raibh albam Manilow le dul chugainne agus albam na Rats le dul chucu siúd! Ní dhearnamar iad a bhabhtáil riamh agus níor baineadh albam Manilow bocht as an bpaicéad riamh! Agus ní raibh oraibhse léamh faoi mo ghrá do cheol Barry Manilow inniu!
á mhaíomh being claimed
" Tá sé á mhaíomh ag lucht an tobac sa nGearmáin go mbeadh a leithéid de chosc in aghaidh an bhunreachta, go mbeadh an rialtas ag cur isteach ar shaoirse shaoránaigh na tíre, go rachadh tithe tábhairne as gnó agus go gcaillfí na mílte post de dheasca an choisc.
ag maíomh anois claiming now
" Rinne siad soiléiriú ar an ráiteas ó shin agus iad ag maíomh anois gur cúiteamh do thábhairneoirí a chuireann córas taistil ar fáil dá gcustaiméirí a bhí i gceist.
Maíonn na heasaontóirí the dissidents claim
" Maíonn na heasaontóirí go bhfuil an poblachtánachas marbh, ar ndóigh, ach is cosúil go bhfuil an fhís agus an straitéis a chruthaigh Adams agus a gcomhghleacaithe agus iad i gCampa na Ceise Fada sna 1970í ag teacht i mbláth.
Mhaígh siad they claimed
" Mhaígh siad le linn an chruinnithe is déanaí den Chomhairle go bhféadfadh an Cumann a bheith ag spreagadh is ag léiriú tacaíochta don sceimhlitheoireacht trí ‘amhráin reibiliúnacha’ a cheol.
ag maíomh claiming
" Chuir an grúpa comhshaoil Natural England ina éadan chomh maith, ag maíomh go raibh na fir mhiotail seo ag cur isteach ar na héin aistreáin a thagann go dtí an trá seo ag lorg bia agus b’ionadh le lucht an gharda cósta nár maraíodh éinne nuair a bhí na figiúirí á lonnú ar an trá sa chéad áit.
mhaígh sé he claimed
" Dhá scór bliain ina dhiaidh sin, nuair a chuir mé an iasacht i gcuimhne dó oíche amháin i ndiaidh Bheannacht na Naomhshacraiminte sa Bhaisleac i gCnoc Mhuire, mhaígh sé gur síntiús polaitiúil a bhí ann, agus mheabhraigh sé dom nach mbíonn dul siar ar a leithéid nó teacht aniar as ach oiread.
cé go n-éilíonn sí go tréan although she strongly claims
" Bhí Clinton chomh mór sin ar son an chogaidh nuair a thosaigh sé in 2003 gur deacair di anois dul ar mhalairt treo, cé go n-éilíonn sí go tréan nach vótálfadh sí don chogadh dá mbeadh a fhios aici ansin a bhfuil ar eolas aici anois.
ag éileamh claiming
" Tá ollfheirm Kiwi360 anois ag éileamh na dtorthaí milse seo.
Mhaígh Barrett Barrett claimed
" Mhaígh Barrett le linn a thrialach go raibh a fhios ag na húdaráis cad é bhí ar bun aige mar gur cuireadh na ceamaraí slándála as le linn dó bheith sa bheairic.
mhaígh siad they claimed
" Agus forais achomhairc á lua ag a lucht cosanta, mhaígh siad nár tugadh triail chothrom don chúigear mar gheall ar “thuairisciú dhochrach” na meán le linn na trialach.
mhaígh siad nár tugadh triail chothrom don chúigear they claimed that the five people did not receive a fair trial
" Agus forais achomhairc á lua ag a lucht cosanta, mhaígh siad nár tugadh triail chothrom don chúigear mar gheall ar “thuairisciú dhochrach” na meán le linn na trialach.