Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chlampair trouble, commotion
" Breis is fiche bliain tar éis an chlampair is féidir liom a rá go bhfuil an chathair seo níos fearr i dtaca leis an gcaoi a bhfuilimid ag maireachtáil le chéile.
clampar trouble, commotion
" B'in an seans do Ghascar féin agus thapaigh sé an deis críoch a chur le clampar an fhathaigh shalaigh; sháigh sé a chlaíomh go feirc ina cheann agus thit an Broím Soghluaiste marbh go doicheallach.
an oiread clampair fúthu as much commotion about them
" Táim ag trácht dar ndóigh ar na rialacha atá i bhfeidhm ó thús na bliana sna cluichí idirchontae sinsear, ach nach bhfuil in úsáid ag aon leibhéal eile! Nuair a scríobhas faoin ábhar seo cheana, sular thosaigh comórtais na hathbhliana, ba dheacair a shamhlú go mbeadh an oiread clampair fúthu is a bhí chomh luath sa tréimhse thrialach.
chlampar trouble, commotion
" Creidfidh *Love Ulster* gur ionsaí orthu féin a bhí in achan mhíghníomh a tharla an deireadh seachtaine seo caite, ach bhí i bhfad Éireann níos mó taobh thiar de chlampar an tSathairn seo caite, rud nár thuig na polaiteoirí agus, ach go háirithe, b’fhéidir, na Gardaí.
an oiread sin clampair so much commotion
" Nárbh é sin an t-imreoir céanna a raibh an oiread sin clampair faoin gcaoi ar caitheadh chun talaimh é go dleathach le linn cluiche a imríodh i gcoinne na hAstráile faoi rialacha idirnáisiúnta an fómhar seo caite? Fadhbanna leis an gcóras Ach is í an fhadhb is mó atá ag CLG ná seasamh na n-imreoirí, na mbainisteoirí agus na n-oifigeach i leith na rialacha agus an chórais smachta.
gan clampar na gceolchoirmeacha without the commotion of the concerts
" Ciúnas gan clampar na gceolchoirmeacha atá á lorg againn.
clampar commotion
" Ar 8 Feabhra na bliana sin, scríobh sé alt a tharraing clampar sna meáin chumarsáide agus i gcroí agus aigne mhuintir na tíre.
clampar commotion
" Mar bharr ar an donas, bhí clampar sna meáin chumarsáide an mhí seo caite – gan trácht ar anbhá i measc daoine nach bhfuil ach ceadúnas sealadach tiomána acu – nuair a d’fhógair an tAire Iompair, Noel Dempsey, nach mbeadh cead ag foghlaimeoirí a ngluaisteáin a thiomáint a thuilleadh ach amháin dá mbeadh tiománaí láncháilithe in aice leo.
clampar commotion
" Eachtra urghnách a bhí inti, a raibh clampar sna nuachtáin náisiúnta agus sna meáin chumarsáide i gcoitinne fúithi.
is baolach go mbeidh clampar i gceist there is a danger that there will be a commotion
" Ach mar is iondúil le beartais inimirce san Astráil, is baolach go mbeidh clampar i gceist sula gcuirfear an cur chuige nua i bhfeidhm.
gclampar commotion, rumpus
" Cuireadh tús leis an gclampar polaitiúil gan mhoill.
sos ón gclampar break from the tumult
" Gan trácht ar na cuairteoirí, tá 12,000 fostaithe sa tsiopalann, idir dhíol agus eile, agus níl sos ón gclampar ó oscailt na siopalainne ag a deich ar maidin go ham dúnta ag 9.
clampar disturbance
" Tá mealladh eile ann, áfach, agus is é sin go bhfuil seans i gcónaí ann go dtarlóidh clampar, cipeadráil nó spairníocht idir imreoirí ar an bpáirc rud a tharla go minic san am atá thart.
chlampar rumpus
" Scanraigh ceannaireacht Shasana áfach nuair a thosaigh Saor-Phreispitéirigh na Sé Chontae ar an chlampar agus ar stailc mhór na Loyalist Workers.
Thit an clampar amach the rumpus started
" Thit an clampar amach ar líne ó d'iarr an CBFA ar an suíomh gréasáin d'fhógraí rangaithe DoneDeal.
agus clampar a thógáil and raised a rumpus
" An comhartha é sin ar chomh lag is atá pobal na Gaeltachta? Má tá aon phobal rathúil Ghaeilge ann, tá sé thar am é féin a chur in iúl agus clampar a thógáil faoin gceist.
an clampar agus an chaismirt agus an challóid ar fad all the rumpus and furore
" **Agallamh Eisiach le hAire Úr na Gaeltachta** Nuair a chuala Balor an clampar agus an chaismirt agus an challóid ar fad a bhí ar siúl ag muintir na Gaeilge faoi cheapachán Aire nua na Gaeltachta, níor shamhlaigh sé go dtiocfadh leis an Aire Mac Guí a bheith chomh gann ar Ghaeilge agus a bhí daoine a rá.