Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
clonscairt clash
" ** Ní ceadmhach clonscairt ná lúbadh camán, agus ní cóir na camáin a úsáid in aon slí ach amháin chun cosaint a thabhairt don imreoir agus chun an liathróid a stopadh, a bhualadh nó a iompar.
fós ag teacht salach ar clashing with
" Ansin chuaigh muid go dtí an deireadh seachtaine ina dhiaidh sin agus bhí muid fós ag teacht salach ar Fhleadh Bhaile Átha Cliath Chomhaltas Ceoltóirí Éireann.
ag dul in adharca a chéile clashing, fighting
" Níor chóir go mbeadh baill na heagraíochta ag dul in adharca a chéile mar gheall ar an sacar nó an rugbaí.
ag sáraíocht lena chéile clashing with each other
" Ar deireadh, cúpla mí ó shin, bhí na fíricí agus an ficsean ag sáraíocht lena chéile i gcás cúirte i Manhattan a raibh *mobsters *agus aisteoirí Éireannacha agus Iodálacha páirteach ann.
ag teacht salach ar an Straitéis Náisiúnta Spásúlachta clashing with the National Spatial Strategy
" Go deimhin, táthar ann a deir go bhfuil na hionaid a roghnaíodh ag teacht salach ar an Straitéis Náisiúnta Spásúlachta mar nár cloíodh leis na “lárionaid chónaithe” atá leagtha síos ann nuair a bhíothas ag dáileadh na bpostanna.
caismirtí clashes
" Ní raibh i marú lucht léirsithe sna caismirtí a bhí ar siúl le déanaí sa Tibéid ach sampla eile den mhaistíneacht agus den ansmacht atá ar bun ag an tSín ansin le fada, idir phríosúnú, chéasadh, chinsireacht, shárú saoirsí bunúsacha agus aimridiú ar mhná i gcoinne a dtola.
an tsáraíocht shíoraí eternal clashing
" Spreag an tsáraíocht shíoraí seo an t-amhrán cáiliúil Peter Gabriel, “Games Without Frontiers”.
de shíor in adharca a chéile eternally clashing with each other
" Bhí na sárchumachtaí de shíor in adharca a chéile.
in adharca a chéile. clashing with each other
" Bhí na sárchumachtaí de shíor in adharca a chéile.
caismirtí clashes, conflict
" Bhíodh caismirtí go minic idir Protastúnaigh agus Caitlicigh i Manhattan tráth, díreach mar a bhíonn na laethanta seo i dTuaisceart Éireann, mar a mhíníonn Tom Deignan .