Pota Focal Intergaelic
caw | chaw | clab | clad | clag
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
crúb claws
" Is ainmhí neamhurchóideach é go hiondúil ach, ach an oiread leis an mbroc, má bhíonn sé sáinnithe bíonn sé contúirteach agus is féidir leis an-dochar a dhéanamh lena chuid crúb.
chrúb claw
" "Inseoidh mé an scéal díreach mar a thagann sé isteach i mo chrúb, gan cur leis ná baint de!" Seo daoibh anois sliocht as dialann dobhartha, doilbhir, duairc an Aire Chráite, Chraiceáilte, Chonfaigh: (nóta ón eagarthóir: Feicfidh sibh leis na lúibíní thíos gurbh éigean dúinn cinsireacht a dhéanamh ar roinnt de na focail dána a tháinig chugainn díreach ón chrúb iomráiteach sin.
crúb claws
" Bhí cuid crúb Éamoinn dá shíorfháil i dtrioblóid i gcás ar bith, agus an sparán… B'éigean do dhuine inteacht aire a thabhairt dó, agus ós rud é gur mé féin a bhí ar an láthair, agus ós rud é gur mé féin a bheadh ag feidhmiú mar eagarthóir sealadach… mé féin a thug aire dó.
dhá chrobh an choiligh the cock's two claws
" Má tá coiscéim coiligh leis an lá idir an dá Nollaig, is áit inteacht i lár na coiscéime sin atá muid anois – san áit is contúirtí ar fad, b’fhéidir, nó cad é atá go díreach idir dhá chrobh an choiligh ach tóin an choiligh, Dia idir muid agus cac na héanlaithe! Agus muid ag caint ar chúrsaí éanlaithe, tá a bhfuil fós beo de thurcaithe na tíre ag rith thart sna cuibhrinn agus sna botháin ag gabháil buíochais le Dia na nDúl gur tháinig siad slán fríd ár lár an gheimhridh.
ó bharr a bhlagaide go bun a chrúibe from the top of his bald head to the bottom of his claws
" Ní raibh de cheist ag an Monsignor Denis air ach: ‘An bhfuil tú i do Ghobshiite Caitliceach nó i do Ghobshiite Protastúnach?’ Mhaígh Fear Dia os comhair an tsaoil gur Gobshiite Caitliceach a bhí ann ó bharr a bhlagaide go bun a chrúibe.
gloine ina chrobh a glass in his claw
" D’fhear an tUachtarán fáilte mhór Mheiriceánach roimh Bhalor agus chuir sé é ina shuí go sócúil le gloine ina chrobh agus Pall Mall ina bhéal, mar a bhí aige féin, agus chrom siad ar an chaint.
lena gcuid crúb bán with their white claws
" Iad chomh géar le scian, iad ag stróiceadh na spéire goirme lena gcuid crúb bán.
crúba claws
" Agus shín an slua ar an bpláta, crúba ag crúbaíl, súile faoi sceoin, málaí á líonadh go santach.