Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag cleachtadh practising
" Na huaireanta a chloig a chaitheamh i mbun báire, ag cleachtadh le comhghleacaithe, nó cluiche dian a imirt in aghaidh foirne eile, sin é an pléisiúr is mó ag an iománaí díograiseach.
cleachtaí gramadaí grammar exercises
" D'fhéadfaí seomraí cainte agus cleachtaí gramadaí a sholáthar - braithim go raibh airgead á chur amú roimhe seo.
ag cleachtadh practising
" Bhí muid ag déanamh, b'fhéidir, deich gig gach bliain agus ag cleachtadh dhá uair in aghaidh na míosa.
cleachtadh rehearsals
" AÓF: Má tá baill an bhanna ina gcónaí in áiteachaí difriúla conas a eagraíonn sibh an ceol agus an cleachtadh? Cé a dhéanann an cóiriú ar an gceol? DNíS: Roimh thuras a dhéanamh bailimid le chéile i Philadelphia chun cleachtadh a dhéanamh.
de shíor ag cleachtadh forever practising
" Ní mé cén míniú atá le feiniméan seo na ndeartháireacha, ach seans go mbaineann sé le deartháireacha a bheith de shíor ag cleachtadh agus ag iomaíocht le chéile amuigh sa gharraí nó ar chúl an tí.
bhínn ag cleachtadh I used to be practising
" Ag an am bhínn ag cleachtadh mo chuid Gaeilge le cara meánscoile de mo chuid as an Róimh ach thit sé i ngrá leis an mhúinteoir agus phós siad tar éis sé mhí, rud a chuir deireadh leis na ranganna! Níorbh fhéidir liom múinteoir eile a fháil ar chor ar bith, mar sin bhí mé sé bliana gan Gaeilge ar bith.
ag cleachtadh a óráide os ard practising his speech out loud
" Bhí mé ciaptha ag Éamon Ó Caoimhnis, Aire na Galltachta, a bhí ag dul thart ar chairrín gailf, stoc fógartha i láimh amháin aige agus bata draighin sa láimh eile, é ag croitheadh an bhata os a chionn agus ag cleachtadh a óráide os ard.
bhí orainn cleachtadh we had to practise
" Bhí muid i gComhaltas Ceoltóirí Éireann, mar sin bhí orainn cleachtadh gach seachtain agus an grúpa ceoil a dhéanamh agus rudaí mar sin.
ag cleachtadh practising
" AÓF: An mbíonn tú ag cleachtadh go leor roimh leithéid Chorn Uí Riada? ÉÓD: Ní dhéanaim aon chleachtadh do Chorn Uí Riada seachas díriú ar scéal an amhráin agus iarracht a dhéanamh an scéal sin a inseacht go héifeachtach leis an gceol.
ag cleachtadh practising
" An duine atá i gcónaí aclaí agus nach stopann ag traenáil agus ag cleachtadh.
cleachtadh practice/fun
" AÓF: Cén áit a ndéanann sibh cleachtadh mar sin, más as áiteachaí éagsúla sa tír sibh ar fad? MNA: Tagaimid le chéile, de ghnáth sa Rinn, agus tógaimid tigh ar cíos ar feadh cúpla seachtain agus bíonn cleachtadh den dá shórt againn ann! AÓF: Is tú an t-aon bhean atá sa ghrúpa, i measc scata fear.
cleachtadh practice
" Bhí cleachtadh maith déanta acu air, dúirt siad, ach seachas glacadh le mo chuireadh teacht isteach i dteach an cheoil séard a bhí uathu - airgead.
cleachtadh atá seanbhunaithe a long-established practice
" Tá siad míshásta go fóill fán dóigh a ngéilleann siad i gcónaí do mhianta na n-aontachtach má bhíonn rogha acu, cleachtadh atá seanbhunaithe.
cleachtadh scaoilte shooting practice
" "Sa Dara Cogadh Domhnanda," arsa David, "baineadh úsáid as na hoileáin i gcomhair cleachtadh scaoilte.
cleachtaí exercises
" Déantar an nuacht ó TG4 a thaifeadadh chuile Mháirt, agus ansin scríobhtar cleachtaí bunaithe ar an nuacht sin ar an Chéadaoin.
cleachtadh practice
" Cé go raibh mé tar éis freastal ar ranganna sna Stáit Aontaithe, agus go raibh beagán eolais agam ar an ghramadach agus ar fhocail, ní raibh cleachtadh ar bith agam ar bheith ag labhairt na Gaeilge ná bheith ag éisteacht léi.
cleachtadh practice
" Cé go raibh mé tar éis freastal ar ranganna sna Stáit Aontaithe, agus go raibh beagán eolais agam ar an ghramadach agus ar fhocail, ní raibh cleachtadh ar bith agam ar bheith ag labhairt na Gaeilge ná bheith ag éisteacht léi.
ar mhaithe le cleachtadh for the sake of practice
" Bainim triail as an nGaeilge a labhairt le daoine áirithe ar mhaithe le cleachtadh.
cleachtadh practice
" Tá sí níos troime ar na scamhóga freisin, mar sin ní féidir aistriú ón bhfeadóg stáin go dtí an fheadóg mhór d’aon gheábh amháin – tá cleachtadh agus foighid ag teastáil.
chun athrá agus cleachtadh a dhéanamh to repeat and practise
" Bíonn sé doiligh iad a spreagadh chun athrá agus cleachtadh a dhéanamh ar na frásaí a bhíonn á bplé againn ó lá go lá.
cleachtadh practice
" Agus mé ag freastal ar rang Polainnise cúpla bliain ó shin, bhí cleachtadh á dhéanamh againn ar dhátaí.
seachtain cleachtaidh a week of rehearsals
" Tháinig sé trasna agus rinneamar seachtain cleachtaidh leis.
ag cleachtadh practising
" Roghnaigh muid an t-ainm Líadan sa deireadh thiar thall agus ní raibh níos mó cainte ann faoi! AÓF: ***An mbíonn sibh ag seinm le chéile go minic? Cén chaoi a mbíonn sibh in ann a bheith ag cleachtadh má tá sibh ar fad in bhur gcónaí in áiteacha éagsúla sa tír?***SD: Déanann muid iarracht castáil le chéile chomh minic agus is féidir.
an cúpla lá cleachtaidh the few days of practice
" B’fhiú go mór an cúpla lá cleachtaidh a rinneamar léi i mBaile Átha Cliath an tseachtain sular thángamar amach anseo.
cleachtadh le chéile to practise together
" AÓF: An gcruthaíonn sin fadhbanna daoibh? Conas a bhíonn sibh in ann cleachtadh le chéile mar ghrúpa, mar shampla?CNicG: Is féidir linn teacht le chéile nuair a bhíonn féile ar siúl, ach de ghnáth ní bhíonn mórán cleachtaidh déanta ag na féilte sin.
Bíonn an chraic rómhaith le bheith ag cleachtadh! The crack's too good to be practising!
" Bíonn an chraic rómhaith le bheith ag cleachtadh!***AÓF: Conas a tháinig sibh ar an ainm Cruinniú don ghrúpa?***CNicG: Phiocamar Cruinniú mar ainm don ghrúpa toisc go bhfuilimid scaipthe timpeall na tíre.
de shíor ag cleachtadh forever practising
" Bíonn Seán Óg de shíor ag cleachtadh agus ag traenáil, cuir i gcás, ach ní hionann é agus saol an imreora ghairmiúil.
cleachtadh habit
" Ba é an cleachtadh a bhí aige go dtí sin ná pailéad dorcha gruama a úsáid agus é ag léiriú an tsaoil laethúil a bhí á scrúdú aige ina thír dhúchais, an Ísiltír.
ag cleachtadh roimh ré. practising in advance.
" Níl aon taithí ag Jamie ar bheith ag dreapadóireacht ar oighear agus bhí sé ag iarraidh bheith ag cleachtadh roimh ré.
ag cleachtadh le chéile arís practising together again
" Tá sí féin agus Tríona ag cleachtadh le chéile arís agus le cois a bheith le feiceáil ar an stáitse i Vicar Street beidh siad ag canadh ag ceolchoirm ina mbaile dúchais, Ceannanus, i mí Iúil agus ag Scoil Samhraidh Oideas Gael i nGleann Cholm Cille an mhí chéanna.
ag cleachtadh le chéile practising together
" Chaith siad bliain ag cleachtadh le chéile ar dtús agus is léir go bhfuil turas ar leith taistealta acu ó shin, go proifisiúnta agus fiú go pearsanta, ón lá cinniúnach sin i gCorcaigh.
cleachtadh targaide target practice
" D’iarr sé dhá raidhfil AS-80, ceithre philéarlann agus dhá phiostal Browning le cleachtadh targaide a fháil.
ionad cleachtaidh, rehearsal place,
" HQ an bhanna – ionad cleachtaidh, ionad cruinnithe, tearmann, spás cónaithe Rónáin.
ag cleachtadh a chuid poirtíní béil practising his lilts
" Bhí sé ag cleachtadh a chuid poirtíní béil agus é dom’ shíorcheistiú: ‘An bhfuil a fhios agat an ríl seo, a Bhaloir?’ nó ‘An bhfuil a fhios agat an port seo, a Bhaloir?’ agus é ag portaireacht isteach i mo chluas sa dóigh go raibh gach aon duine fá scread asail dínn ag amharc go hamhrasach orainn.
sa chéad chluiche cleachtaidh. in the first practice match.
" Toisc go raibh taithí agam ar pheil Ghaelach, cuireadh mé mar lántaca sa chéad chluiche cleachtaidh.
cleachtadh practice
" Bhí banna againn sa mheánscoil agus ba mhinic a rinne muid cleachtadh sa seomra suí mar bhí pianó álainn ansin.
an méid sin cleachtaidh that much practising
" com/watch?v=jisfIVapmMs), nuair a bhí uirthi féin agus Ronan Keating an clár a chur i láthair os comhair na céadta milliún duine? “Ní raibh mar bhíomar i ndiaidh an méid sin cleachtaidh a dhéanamh air go raibh mé ar bís le dul amach ansin agus an obair a dhéanamh.
ag cleachtadh practising
" “An t-albam a rinne muid a thaifeadadh, ‘an t-albam dubh’, bhí ceol air a bhí muid tar éis a bheith ag cleachtadh le bliain roimhe sin, mar sin ní raibh mórán athruithe le déanamh air.
le haghaidh cleachtaidh mhóir fhada for a big long practice
" Bhí Cór Chúil Aodha ar shiúl ‘na bhaile chun codladh na hoíche a fháil le hiad féin a réiteach le haghaidh cleachtaidh mhóir fhada an lá arna mhárach.
cleachtadh maith good practice experience
" Samhlaítear do Bhalor go mbeadh cleachtadh maith ag iomaitheoirí na hÉireann sa snámh in aghaidh easa, nó is é sin atá ar siúl againn le blianta fada.
cleachtadh practice
"cleachtadh agat ar an choinne mhór sin mar gur pléisiúrtha an choinne í, mar go bhfeiceann tú go bhfuil na páistí ag éirí aníos, go bhfuil cairde acu, go bhfuil siad sona.
cleachtadh practice
" ” An t-am a mbeidh Dervish sa bhaile, tharla gur dream ceoltóirí iad atá saor ar fad, gan aon cheangal comhlachta orthu, bíonn siad ag brath ar a chéile le sciar den obair agus den fhreagracht a ghlacadh ó thaobh cleachtadh, féilire ceolchoirmeacha agus turais a aontú, ó thaobh am taifeadta agus mar sin de.
cleachtadh to practise
" Níor ghá do dhreapadóirí geimhridh dul thar lear i mbliana chun ár gcaitheamh aimsire a cleachtadh.
cleachtaidh training
" Le linn cluiche cleachtaidh, thug an tAilpíneach idir shonc is speach do Cloke, rud a d’fhág gur chuir an club ar fionraí é ar feadh tamaill.
cleachtadh practice
" Leithscéal an Chreidimh Ní hamháin go gcuireann an tSín srian le cleachtadh an Ioslamachais, ach tá creideamh na bhUígireach á úsáid mar leithscéal chun na Uígir a chur faoi chois is chun tacaíocht a fháil don chur faoi chois sin.
cleachtadh practicing
" Tabharfaidh Caife Fáilte, atá le hoscailt gan mhoill, an deis do dhaoine a bheith ag caint le chéile agus a bheith ag cleachtadh a gcuid Gaeilge in atmaisféar cairdiúil, neamhfhoirmeálta.
as cleachtadh out of practice
" Bhí sí ina cónaí i gCiarraí nuair a bhí sí óg agus bhí sí líofa sa Ghaeilge deir sí, ach tá sí as cleachtadh anois.
cleachtadh practicing
" Díreach amach os ár gcomhair, bhí imreoirí *Man City* ag tógaint ciceanna in aghaidh fhear Dhún na nGall, Shay Given, a bhí ag seasamh idir na cuaillí os ár gcomhair amach, ag cleachtadh a chuid cúl báiríochta.
Cleachtadh Cainte practicing speech
" Cleachtadh Cainte ======== **SMM: Ar lagaigh do chumas ar na teangacha eile a Shéamais, KiSwahili agus araile, mar sin, as easpa cleachtaidh?** SÓD: Ó d’fhéadfainn labhairt in KiSwahili in am ar bith, agus déanaim sin.
cleachtadh practise
" Tá téacs comhthreomhar Béarla ag dul le gach scéal a chuideoidh leis an léitheoir cleachtadh agus forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna sa teanga gan a bheith ag síorthagairt don fhoclóir.
cleachtaí inmheánacha internal practices
" Tar éis reifreann na bliana 1997, chuir na páirtithe móra coiste ar bun chun cleachtaí inmheánacha an tionóil a réiteach.
cleachtadh lúthchleasa athletic training
" com, a ligeann duit taifead a choinneáil ded’ chuid cleachtadh lúthchleasa, bealach a leagan amach roimh ré, foireann sráide a chruthú agus ranganna áitiúla a aimsiú.
agus mé ag cleachtadh while I was practicing
" Tharla gur chuala duine acu an fhliúit agus mé ag cleachtadh san ionad cultúir i lár an bhaile.
cleachtadh practice
" Tá suim ar fud an domhain sna Beatles agus mheallann siad na mílte turasóirí go dtí Learpholl, cé gur scar siad i 1970 agus d’ainneoin beirt acu a bheith i measc na marbh! Ba cheoltóir é Jim McCartney (1902-1976) fosta agus cheannaigh sé pianó i siopa ceoil Harry Epstein ar Walton Road agus spreag sé Paul le cleachtadh air nuair a bhí sé ag fás anios.
ag cleachtadh practicing
" Le club leadóige Theach Mealóg a thosaigh Daithí féin agus chuaigh ar aghaidh uaidh sin go dtí club leadóige Mhic Liam nó Fitzwilliam (atá ar na clubanna is sine ar domhan agus a bunaíodh i 1887) agus is ansin a bhíonn Daithí ag cleachtadh nuair a bhíonn sé sa bhaile.
ag teacht anuas ag cleachtadh coming down training
" Agus is cuimhneach liom i mo shuí in Amharclann na Mainistreach agus bhí na suíochán thíos an staighre sa foyer agus is cuimhneach liom ag breathnú orthu ar fad ag teacht anuas ag cleachtadh agus chuas suas agus dúirt sé “bhuel tá folúntas agus tosóidh tú ar an Luain”.
cleachtadh seo this practice
" Is de réir an chor cainte cleachtadh seo na Spáinneach: “Del cerdo (se aprovechan) hasta los andares”, go dtí na crúibíní féin baintear úsáid as an muc.
cleachtadh sainiúil the definitive practice
" Cloíonn ainm na féile le cleachtadh sainiúil Corcaíoch, ’sé sin, go ngiorraítear príomhghné an ainm agus go gcuirtear an iarmhír 'a' leis mar chúiteamh.
an cleachtadh oibre céanna the same work practice
" Bhí an cleachtadh oibre céanna ar bonn le fiche bliain.
ag cleachtadh agus ag reacaireacht rehearsing and reciting
" Seachtain a chaith muid ar an láthair, ag cleachtadh agus ag reacaireacht.
ag cleachtadh nósanna na tíre sin living in that country’s manner
" Nuair a théann tú i dtaithí ar bhéascna tíre eile agus nuair a thosaíonn tú ag cleachtadh nósanna na tíre sin, athraíonn an tslat tomhais i d’intinn de réir a chéile, uaireanta i ngan fhios duit.
chloígh mé le cleachtadh rialta I stuck with regular training
" Chaith mé an drogall ar leataobh, cheannaíos éadaí agus bróga reatha maithe, chuas ar aiste bia, agus chloígh mé le cleachtadh rialta do mharatón.
nuair a bhíos ag cleachtadh when I was training
" Faraor anois nár thugas níos mó aird ar dheireadh an rása nuair a bhíos ag cleachtadh.
cleachtadh practicing
" Déanann Eoin oiliúint bhreise go haonarach, cleachtadh ar a chuid scileanna, sa chúirt iomána a tógadh le taobh an chlubthí cúpla bliain ó shin.
Bhíodh sé ag cleachtadh he used to rehearse
" Bhíodh sé ag cleachtadh drámaí sa teach i gcónaí.
cleachtadh a dhéanann máistreachta practice makes perfect
" cleachtadh a dhéanann máistreachta ar ndóigh!” a deir Clarke.
Is beag an cleachtadh little practice
" Is beag an cleachtadh a bhainfeadh an mheirg dá cuid Gaeilge áfach, nó is léir nár mheath a tuiscint ar an nGaeilg.
ag cleachtadh do chuid Fraincise practising your French
" Tá frustrachas an-mhór ag baint le bheith ag cleachtadh do chuid Fraincise sa Fhrainc, dar le Breandán de Gallaí.