Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cleachtaithe leis used to
" " Ach tá sise cleachtaithe leis an éalú intinne sin, agus níl mise.
cleachtaithe le used to
" " Deir Paul: "Tá bunadh na háite seo breá cleachtaithe le daoine ón taobh amuigh.
cluiche cleachtaithe practice match
" Deir muintir Aontroma agus araile má tá cluiche cleachtaithe uathu go mbíonn orthu taisteal i bhfad ó bhaile de ghnáth, toisc nach mbíonn fonn ar na contaetha ón deisceart dul an bealach ar fad go Béal Feirste, Doire is a leithéid.
cleachtaithe leis used to
" Seo rud nach bhfuil (poblachtánaigh) cleachtaithe leis.
cleachtaithe leis sin used to that
" Tá praghas na hola ag méadú, agus tá méadú ag teacht freisin ar líon na dtuairiscí sna nuachtáin ag rá gur cheart dúinn bheith cleachtaithe leis sin.
cleachtaithe le maoiniú trasteorann a fháil used to getting cross-border funding
" Tá muidne in Éirinn cleachtaithe le maoiniú trasteorann a fháil don iliomad tionscadal tábhachtach – feirmeoireacht, gnó, dealbha ag ceiliúradh na síochána, agus a leithéidí sin.
cleachtaithe ar used to
" Tar éis na míonna gnóthacha ar fad a chaith mé i mbun staidéir agus spóirt, agus ag coinneáil mo shaol sóisialta ag imeacht, ní raibh mé cleachtaithe ar rudaí a thógáil go réidh.
cleachtaithe accustomed to
" Thug Richard Walsh, urlabhraí Shinn Féin Poblachtach, a thuigeann smaointeoireacht na n-easaontóirí, (nach iontach na nathanna cainte ar éirigh muid cleachtaithe leo!) preasócáid le dearcadh a pháirtí a chur faoi bhráid an phobail.
bhí cleachtaithe le neamhaird a dhéanamh attuned to not heeding
" Daoine a bhí cleachtaithe le neamhaird a dhéanamh de na maslaí, den leatrom, den chos ar bolg, phléasc siad i racht ollmhór feirge.
ar shuarachas cleachtaithe an duine of the piteous practices of humanity
" Ach níl aon easpa tuisceana ar shuarachas cleachtaithe an duine ach oiread.
cleachtaithe ar an síneadh láimhe a mhealladh used to looking for tips
" Duine eile atá cleachtaithe ar an síneadh láimhe a mhealladh.